8 minute read

Im Leabharlann Dom

Leabhar na hAthghabhála/ Poems of Repossession

Curtha in eagar ag Louis de Paor Bloodaxe Books i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht Praghas £15 Léirmheas le: Seán de Fréine

Ag deireadh gach céad bliain, agus ag deireadh mílaoise go háirithe, is dual féachaint siar ar shaothar an chéid atá thart agus ar a bhfuil bainte amach dá thoradh sin. Tá sin déanta go maith cheana féin i dtaca le saothrú na fi líochta Gaeilge le linn an fi chiú haois. Sa bhliain 2000 chuir Cló Iar-Chonnacht trí dhíolaim de shaothar liteartha na Gaeilge amach, idir phrós, dhrámaíocht agus fh ilíocht le linn na tréimhse sin. Gearóid Denvir a bhí ina eagarthóir ar Duanaire an Chéid, an díolaim fi líochta. Ba é a chuspóir réimse leathan den ábhar fi chiú-aoiseach nuachumtha a bhí ar láimh a chur ar fáil in imleabhar amháin. In 2005 chuir Cois Life Lón Anama os comhair an phobail. Cnuasach de dhánta crábhaidh é seo, agus bíodh is nár cumadh iad san aois seo caite, caitheadh dua mór lena bhailiú san aois sin agus lena chur in oiriúint do léitheoirí an lae inniu. Sa bhliain 2010 foilsíodh an cnuasach Béarla a roghnaigh Patrick Crotty, Penguin Book of Irish Poetry. Murab ionann le díolaimí eile dá shórt i mBéarla, sa chnuasach sin tugtar aitheantas fi al ceart tuisceanach d’fh ilíocht na Gaeilge ó gach aois, agus go háirithe ón bhfi chiú haois: is fi ú é a lua anseo ar an ábhar sin. Agus anois, mar dhlaoi mhullaigh ar na bailiúcháin éagsúla seo, tá an leabhar atá faoi chaibidil anseo.

Is leabhar faoi leith é, leabhar tábhachtach le cuspóir soiléir luaite ag an eagarthóir i dtús an leabhair. Is cnuasach é d’fh ilí ar foilsíodh saothar leo ins an fh ichiú haois. Séard is cuspóir dó ná cnuasach dátheangach a chur ar fáil do (a) léitheoirí Béarla nach bhfuil teacht acu ar ábhar fi líochta i nGaeilge cheal Gaeilge a bheith acu, agus (b) léitheoirí Gaeilge a mbeidh na leaganacha Béarla ina gcuidiú acu chun blas agus tuiscint níos iomláine a bhaint as na dánta

bunaidh Gaeilge. Tá gá lena leithéid ag ár bhformhór ar chúiseanna éagsúla. Ceann amháin acu ná go mbíonn focail cosúil le partagail fho-adamhacha: baineann éiginnteach na féidearthachta leo. Is é sin, faoi mar is féidir le partagal áirithe bheith áit ar bith sa chosmas gan suíomh cinnte aige go dtí go gceaptar é lena scrúdú, bíonn focail ag fálróid thart go teibí, áit éigin i gcúl na hintinne, le bríonna féideartha éagsúla acu, ach gan aon bhrí chinnte amháin acu go dtí go gceaptar iad i gcomhthéacs faoi leith. Is i gcomhthéacs an dáin mar sin a chuirtear ‘feoil’ ar an fhocal, is é sin, an bhrí fheiliúnach. Ach an té nár tógadh le Gaeilge, nó nach bhfuil eolas cuimseach aige uirthi, ní bhíonn aige go minic ach stór teoranta de na féidearthachtaí brí a bhaineann le focail chun an bhrí fheiliúnach a roghnú is fearr a oireann do chás ar leith.

Déanann ha haistritheoirí sainchúram den ghnó áirithe seo oiread agus is féidir sa chnuasach seo. Scríbhneoirí aitheanta a fuair an t-eagarthóir chun páirt a ghlacadh sa tionscnamh aistriúcháin, filí Gaeilge agus Béarla ina measc. Phléigh an t-eagarthóir gach aistriúchán leis na haistritheoirí, agus i gcásanna dhein sé moltaí a raibh de rogha ag an aistritheoir glacadh leo nó gan. Lena chois sin, tá nótaí leis na haistritheoirí féin faoi conas mar a thug siad faoi obair an aistriúcháin agus faoi na filí a bhí idir lámha acu. Tá na nótaí seo (aistí gairide dáirire) anspeisiúil. Is é toradh na hoibre seo ná go bhfuil aistriúcháin den scoth againn anseo – ar leibhéal atá i bhfad níos airde ná mar a fhaightear go minic i leabhair dhátheangacha dá shórt. Is minic a thugtar ceird ar ghnó an aistriúcháin, ach anseo is féidir a rá nach ceird atá ann ach ealaín. Is pléisiúr faoi dhó é na bundánta a léamh agus ansin na haistriúcháin, nó vice versa. Dá mba rud é nach raibh na bundánta Gaeilge ann ar chor ar bith, bheadh leabhar filíochta den scoth sna haistriúcháin seo iontu féin.

Tá ceisteanna eile freisin le plé ag Louis de Paor a bhaineann le hábhar na filíochta. Ceann acu is ea úsáid na gcanúintí ag filí Gaeilge amhail Nuala Ní Dhomhnaill, Chathail Uí Shearcaigh, etc. Léiríonn sé go maith conas a bhraitheann a n-ionracas mar fhilí ar a ndílseacht dá n-oidhreacht agus dá ndúchas. Is féidir leis na canúintí litríocht na Gaeilge a shaibhriú faoi mar a mhaisíonn a canúintí liteartha litríocht agus urlabhra reatha na hIodáilise. Baineann an-chuid míthuiscintí le cás na gcanúintí abhus. Níl na canúintí ‘in iomaíocht’ lena chéile, ach ag feidhmiú i gcomhar le chéile. Tá an oiread sin i bpáirt acu gur féidir iad a thuiscint gan mórán dua ag an té atá sásta meas agus urraim a thabhairt do chaint a chomharsan cúigí in áit bheith ag iarraidh í a dhíspeagadh. Níl na canúintí ag bagairt ar a chéile. Níl ach an Béarla ag bagairt ar aon cheann acu. Agus ba bhoichtede muid go léir mura raibh ach an t-aon chineál Gaeilge amháin againn.

D’fhéadfaí ceist a chur faoi rogha na bhfilí atá déanta ag an eagarthóir. Níl ach fiche cúig duine, as an slua mór atá ann, sa chnuasach seo. Ach is pribhléid d’eagarthóir ar bith a chinneadh féin a dhéanamh maidir le rudaí mar seo, fad agus atá sé nó sí cothrom agus cuimseach. Ní féidir an leabhar seo a lochtú ar na boinn sin. B’fhéidir go ndéarfaí nach bhfuil ach seisear ban as faoi bhun scór go leith d’fhilí sa chnuasach. Seachas Máire Mhac an tSaoi, baineann siad leis an dara leath den aois seo caite, agus ba bheag bean, seachas Máire féin, a bhí i mbun pinn mar fhile am ar bith sa chéad leath den chéad. Ní ritheann ach ainm amháin liom, agus ba bheag a saotharsa. Tá roghnú cothrom déanta sna cúinsí a bhaineann leis an stair agus an scéal.

Cé is moite de na bundánta Gaeilge, is i mBéarla atá an leabhar seo ar fad, idir réamhrá agus eile. Is d’aon ghnó é seo, ‘...prompted or provoked by a sense of frustration that a considerable part of the achievement of modern and contemporary Irish language poetry remains invisible and inaudible in a literary market-place dominated by English.’ Is maith agus is mithid é seo a rá. Dála an scéil, is spéisiúil gurbh fhiú le Comhairle Ealaíon Shasana tacú leis an eagrán seo.

An t-aon phraghas a luaitear leis an leabhar ná £15 sterling. Is mó a bheidh air in euro, ach is beag é sin dáiríre ar leabhar scolártha substaintiúil d’ardchaighdeán. Agus d’fhéadfá a rá go bhfuil trí leabhar agat sa mhargadh seo: dhá leabhar filíochta den scoth (ceann i nGaeilge agus ceann i mBéarla) agus leabhar próis i mBéarla faoi fhilíocht nua-aoiseach na Gaeilge agus faoi chúrsaí aistriúcháin. Leabhar luachmhar é. Is léir gur chuir an t-eagarthóir an-dua air féin chun é a chur ar fáil. Tá an-bhuíochas tuillte aige dá bharr.

Dún Chaoin, Oscail an Scoil

Colm Ó Snodaigh Coiscéim Praghas €15 Léirmheas le: Michael McCaughan

Mí Iúil, 1970, na laethanta saoire tagtha ag Scoil Náisiúnta Naomh Ghobnait i nDún Chaoin, Co. Chiarraí. Tháinig an scéal aniar aduaidh ar gach éinne – bhí an scoil le dúnadh láithreach. Scaipeadh an scéal tríd an sagart paróiste, Mícheál Ó Ciosáin, bainisteoir na scoile, gan móran cainte faoi. ‘Ní bheadh páistí ina suí ar na binsí arís choíche … ná screadaíl áthais le clos lasmuigh sa chlós’ a scríobhann údar an leabhair, Colm Ó Snodaigh. Bhí polasaí nua faoi lán tseoil ag an rialtas – scoileanna beaga tuaithe a dhúnadh agus cónascadh a dhéanamh le scoileanna níos mó.

An tráth úd, ba scoileanna aon oide an séú cuid den 4,800 bunscoil in Éirinn, múinteoir amháin ag iarraidh gach rang ó na naíonáin shóisir go dtí rang a sé a theagasc le chéile. De réir taighde a rinne an Roinn Oideachais bhí na daltaí a d’fhreastail ar scoileanna aon oide suas le dhá bhliain taobh thiar díobh siúd a d’fhreastail ar scoileanna níos mó. I bhformhór na gcásanna bhí na tuismitheoirí sách sásta glacadh leis an gcinneadh, lánchinnte go mbeadh oideachas níos fearr ar fáil dá bpáistí.

Ní mar sin a tharla an scéal i gcás scoil Dhún Chaoin. Spreag dúnadh na scoile ‘lasc’ a chuir an pobal agus a chomhghuaillithe i mbun gnímh. Sin iad na heachtraí atá i gcroílár an leabhair chumhachtaigh seo, scríofa ag Colm Ó Snodaigh, le go leor griangraf, íomhánna a chuireann gné bhreise leis an eagrán galánta seo. Tá stíl bhríomhar ag Ó Snodaigh, ceoltóir den ghrúpa Kíla agus súil ghéar ar rithim agus ar luas an scéil chumasaigh seo, an-taighde déanta, lena n-áirítear breis is céad agallamh. Meascán neamhghnách – scoil Ghaelach, ceantar stairiúil, (An tOileánach, Peig Sayers, ‘Ryan’s Daughter’) agus áilleacht faoi leith a mheallann cuairteoirí mór le rá atá dílis do mhuintir na háite. Eagraíodh cruinnithe poiblí agus ceapadh Micheál Ó Dubhshláine, fear óg idéalaíoch mar mhúinteoir. Fuarthas cluas bhalbh ón rialtas agus ón Athair Ó Ciosáin ach lean siad orthu ar feadh trí bliana, go dtí go raibh an bua bainte amach acu. Obair chrua a bhí ann, ag iarraidh an scoil reibiliúnach a choimeád oscailte, tréimhse fh ada inar rinneadh gníomhaíochtaí tiomsaithe airgid chun íoc as na costais a bhaineann le feidhmiú bunscoile. Is iomaí cor agus casadh atá sa scéal ach is reacaire muiníneach é Ó Snodaigh, a láimhseálann na mionsonraí cosúil le bádóir maith i lár stoirme. Bhí mé chomh tógtha leis an leabhar go ndearna mé cuairt ar an scoil díreach tar éis dom é a chríochnú. Bhí 22 dalta ann, faoi stiúir Mháire Ní Mhaoileoin agus Maryann Ní Laoithe, le hatmaisféar deas bríomhar ann. Labhair na páistí liom faoin todhchaí atá rompu (imreoirí, ailtirí, iascairí srl) agus dúradh liom go mbeidh ochtar páiste ag tosnú ann an chéad séasúr eile, an fh ianaise is láidre go mbeidh an scoil slán sábháilte don chéad ghlúin eile.

MUIRE NA mBARD

Móradh na Maighdine Michelle Ní Ríordáin

a thiomsaigh

Ar fáil anois €8

ti mire.ie

This article is from: