An Timire - Fómhar 2017

Page 31

31

Im Leabharlann Dom

Leabhar na hAthghabhála/ Poems of Repossession Curtha in eagar ag Louis de Paor Bloodaxe Books i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht Praghas £15 Léirmheas le: Seán de Fréine

Ag deireadh gach céad bliain, agus ag deireadh mílaoise go háirithe, is dual féachaint siar ar shaothar an chéid atá thart agus ar a bhfuil bainte amach dá thoradh sin. Tá sin déanta go maith cheana féin i dtaca le saothrú na filíochta Gaeilge le linn an fichiú haois. Sa bhliain 2000 chuir Cló Iar-Chonnacht trí dhíolaim de shaothar liteartha na Gaeilge amach, idir phrós, dhrámaíocht agus fhilíocht

Timire Autumn 2017.indd 31

le linn na tréimhse sin. Gearóid Denvir a bhí ina eagarthóir ar Duanaire an Chéid, an díolaim filíochta. Ba é a chuspóir réimse leathan den ábhar fichiú-aoiseach nuachumtha a bhí ar láimh a chur ar fáil in imleabhar amháin. In 2005 chuir Cois Life Lón Anama os comhair an phobail. Cnuasach de dhánta crábhaidh é seo, agus bíodh is nár cumadh iad san aois seo caite, caitheadh dua mór lena bhailiú san aois sin agus lena chur in oiriúint do léitheoirí an lae inniu. Sa bhliain 2010 foilsíodh an cnuasach Béarla a roghnaigh Patrick Crotty, Penguin Book of Irish Poetry. Murab ionann le díolaimí eile dá shórt i mBéarla, sa chnuasach sin tugtar aitheantas fial ceart tuisceanach d’fhilíocht na Gaeilge ó gach aois, agus go háirithe ón bhfichiú haois: is fiú é a lua anseo ar an ábhar sin. Agus anois, mar dhlaoi mhullaigh ar na bailiúcháin éagsúla seo, tá an leabhar atá faoi chaibidil anseo. Is leabhar faoi leith é, leabhar tábhachtach le cuspóir soiléir luaite ag an eagarthóir i dtús an leabhair. Is cnuasach é d’fhilí ar foilsíodh saothar leo ins an fhichiú haois. Séard is cuspóir dó ná cnuasach dátheangach a chur ar fáil do (a) léitheoirí Béarla nach bhfuil teacht acu ar ábhar filíochta i nGaeilge cheal Gaeilge a bheith acu, agus (b) léitheoirí Gaeilge a mbeidh na leaganacha Béarla ina gcuidiú acu chun blas agus tuiscint níos iomláine a bhaint as na dánta

27/07/2017 19:20


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.