5 minute read

Cúram dár Siúr, an Domhan Brian Grogan

Phyllis Brady, an tSr Bernadette Deegan (Teaghlach Naofa Bordeaux), an tSr Helen Grealy (Cenacle), Brian Grogan (Na hÍosánaigh) agus Elaine O’Leary

Líonra Paidreoireachta agus Cúraim Dár Siúr, an Domhan

FÍS

Sa bhliain 2014 chuir grúpa beag bídeach tús le comhrá i dtaobh cad a bhí le déanamh chun cuidiú le fuinneamh úr a chur isteach san Eaglais in Éirinn. Rinne muid machnamh ar thagairt Newman d’oileáin an Tuaiscirt – an Bhreatain agus Éire – mar ‘stóras na haimsire atá caite agus ionad breithe na todhchaí’. Agus smaoinigh muid ar cad ba chiall dúinn é sin sa lá inniu. Thug Laudato Si i Meitheamh 2015 an léargas dúinn chun díriú ar an bhfuinneamh ceilte a bhaineann le hÁiteacha Beannaithe na hÉireann i dtaca leis na riachtanais ar a dtugann an Pápa ‘Ár mBaile Coiteann’. Is é atá inár nÁiteacha Beannaithe ná ‘seoid atá i bhfolach i ngort’ (Mt 13:44). Bhí caidreamh comhchuí ag na luathChríostaithe in Éirinn le domhan an dúlra: mheas siad go raibh an chruthaíocht líonta le fuinneamh Dé, ar ar thug siad Neart Dé. Labhair siad faoi ‘áiteacha tanaí’, áit a raibh an deighilt idir an dúlra agus an diagacht póiriúil agus an fuinneamh láidir ag fanacht le go mbainfí leas as. Mar sin ár gcuid Áiteacha Beannaithe líonmhara, go háirithe toibreacha beannaithe a bhféadfadh trí mhíle díobh sin amháin a bheith ann.

Is mar sin a cuireadh tús leis an tionscadal ‘Gean dár Siúr, an Domhan’. Is í a fís ná comhréiteach uilíoch. Agus a straitéis: líonra paidreoireachta agus cúraim a chruthú timpeall ar na hÁiteacha Beannaithe dár mBaile Coiteann agus dá chuid áitritheoirí go léir, go mór mór iad siúd faoi mhíbhuntáiste. Is freagairt Éireannach é sin atá fréamhaithe inár n-oidhreacht Chríostaí ar na dúshláin atá curtha i láthair in Laudato Si. Cuirfi dh ‘Gean dár Siúr, an Domhan’, tá súil againn, lenár mbraistint ar an gcuspóir agus ar an gcomhoibriú náisiúnta i dtaobh ábhar imní coiteann, agus bainfi dh leas as an dúil atá go forleathan istigh i ndaoine dea-thola an comhshaol a chosaint ina gceantar áitiúil féin.

ÁR gCUID ÁITEACHA BEANNAITHE

Baineann saibhreas ar leith d’Éirinn leis na hÁiteacha Beannaithe – toibreacha; oileáin; sléibhte; carraigeacha Aifrinn; cloigthithe; mainistreacha; ArdChroiseanna; clocháin choirceogacha; cosáin oilithrigh, agus tuilleadh: féach ár láithreán gréasáin www. lovingsisterearth.com, nó lean muid ar Facebook, Twitter nó YouTube. Le tacaíocht na nEaspag tá daoine

teagmhála á sainaithint againn lenar féidir linn ceangal a dhéanamh ionas go mbeidh gach paróiste in ann a gcuid Áiteacha Beannaithe féin a shainaithint, a chóiriú agus a chur chun cinn. Tig le Comhairlí Tréadacha Paróiste, staraithe áitiúla, leabharlannaithe agus scoileanna cuidiú sa ghnó seo. Ar ndóigh tá cuid mhaith ar siúl cheana féin chun scrínte áitiúla agus a gcuid naomh a aibhsiú, agus tá ábhar ollmhór ar an ngréasán.

MACHNAMH

In Áit Bheannaithe bíonn teangmháil againn leis an domhan ar bhealach atá simplí agus díreach: na clocha, an ghaoth, an féar, na crainn, bláthanna, éin, feithidí, solas, scamaill, báisteach, spéir, solas na gréine, scáileanna, fuaimeanna . . . Agus grá do na rudaí simplí sin ag méadú ionainn, tagann an fuinneamh chugainn is gá chun cúram a dhéanamh díobh, de bhrí go dtugann ár scrínte beannaithe fuinneamh spioradálta: foilsíonn siad an diagacht. Amhail Mhaois fadó, éirímid níos mórálaí: bainimid na cuaráin dár gcosa mar go mbraithimid gur talamh naofa í an áit ina bhfuilimid inár seasamh (féach Eacsadas 3:5).

GNÍOMHAÍOCHT ÁITIÚIL

Féadfaidh machnamh simplí den chineál sin a bheith ina threoir don ghníomhaíocht: déanaimid iarracht na rudaí a bhfuil grá againn dóibh a chosaint. Ar ndóigh is dúshlán é sin de bhrí go bhféadfadh sé éileamh gan choinne a dhéanamh. Tugaimid cuireadh do dhaoine iniúchadh a dhéanamh i gcomhar ar conas cúram a dhéanamh dá dtimpeallacht áitiúil agus dá gcuid bochtán, cibé acu le tacú le tionscnamh nó trí thabhairt faoi thionscnaimh nua.

Braitheann cibé rath a bheidh ar ‘Gean dár Siúr, an Domhan’ go huile is go hiomlán ar thionscnaimh áitiúla: is gluaiseacht don chosmhuintir í atá ag brath ar chumhacht daoine i gcomharsanacht agus ní ar an lár-rialú. Nuair a éiríonn le rudaí maithe is féidir leo siúd atá bainteach leo a rá go sásta, ‘Rinne muid féin é!’ Fógróidh ár láithreán gréasáin imeachtaí náisiúnta atá ag teacht agus cuirfidh acmhainní ar fáil ar féidir a chur in oiriúint go háitiúil. Mar shampla, tá Dé Domhnaigh 18 Meitheamh á chur chun cinn againn mar Lá Náisiúnta na dToibreacha Beannaithe, toisc gur labhair an Pápa Proinsias go minic faoi bhronntanas luachmhar an uisce agus faoin dúshlán a bhaineann len é a chur ar fáil don uile dhuine, go háirithe iad siúd is mó atá ina ghátar. Níos déanaí leagfaimid béim ar 1 Meán Fómhair, an dáta bliantúil atá socraithe ag an bPápa mar Lá Domhanda Paidreoireachta don Chruthaíocht. Foilseoimid moltaí, na rudaí ar éirigh leo agus na rudaí nár éirigh leo, de bhrí gur eachtra i gcomhroinnt atá in ‘Gean dár Siúr, an Domhan’, trí nasc a dhéanamh idir an t-am atá caite, an lá inniu agus an todhchaí.

SOLAS DO NA NÁISIÚIN

Táimid ag súil go mbeidh Éire ina ‘solas do na náisiúin’ trí cheisteanna reatha idirnáisiúnta a nascadh le hoidhreacht Chríostaí na hEorpa. Ina aitheasc do Chomhairle na hEorpa (Samhain 2014) labhraíonn an Pápa Proinsias faoin tasc a bhaineann leis an Eoraip a atógáil i spiorad na comhsheirbhíse trí leas a bhaint as a hatharthacht (oidhreacht) ársa chreidimh. Cuireann sé an Eoraip i gcomparáid le crann poibleoige, atá fréamhaithe go domhain, agus a chuid craobhacha ag síneadh i dtreo na spéire; ach má cheiltear bia ar na fréamhacha tosaíonn an crann go léir ag fáil bháis. Deir sé, ‘Ní mór na fréamhacha seo a lorg, a aimsiú agus a chothabháil le cleachtas laethúil cuimhne, de bhrí go seasann siad d’Atharthacht ghéiniteach na hEorpa’. Trínár gcásmhaireacht don chomhshaol a bhunú ar bhonn láidir eispéaras creidimh, tá súil againn go dtiocfaidh braistint ar

‘Agus grá do na rudaí simplí ag méadú ionainn, tagann an fuinneamh chugainn chun cúram a dhéanamh díobh, de bhrí go bhfoilsíonn ár scrínte beannaithe an diagacht.’

cad is rud beannaithe ar ais chuig an Eoraip i riocht chomhfh easa treisithe ar áilleacht agus mistéir Phláinéad an Domhain agus ar dhínit dhosháraithe an uile dhuine. I ndeireadh na dála is é sin bunúdar ‘Gean dár Siúr, an Domhan’.

Coinneoimid an Vatacáin ar an eolas trí mheán an Chairdinéal Peter Turkson, atá freagrach as Forbairt Dhaonna Chomhtháite a chur chun cinn. Chuir an grúpa seo tús lena gcuid oibre in Eanáir 2017. Agus iad ar a gcuairt ar an Róimh an mhí chéanna chuir Comhdháil Easpagóideach na hÉireann ár dtionscadal in iúl dó. Mar sin tá aithne orainn in ionaid mhór le rá! Tá súil againn nuair a thagann an Pápa Proinsias ar cuairt i Lúnasa 2018 go mbeidh sé sásta leis an tionscadal seo a dhéanann freagairt ar Laudato Si agus a chothaíonn fréamhacha na hEaglaise in Éirinn araon.

This article is from: