An Timire - Fómhar 2017

Page 13

13

Phyllis Brady, an tSr Bernadette Deegan (Teaghlach Naofa Bordeaux), an tSr Helen Grealy (Cenacle), Brian Grogan (Na hÍosánaigh) agus Elaine O’Leary

Líonra Paidreoireachta agus Cúraim Dár Siúr, an Domhan FÍS Sa bhliain 2014 chuir grúpa beag bídeach tús le comhrá i dtaobh cad a bhí le déanamh chun cuidiú le fuinneamh úr a chur isteach san Eaglais in Éirinn. Rinne muid machnamh ar thagairt Newman d’oileáin an Tuaiscirt – an Bhreatain agus Éire – mar ‘stóras na haimsire atá caite agus ionad breithe na todhchaí’. Agus smaoinigh muid ar cad ba chiall dúinn é sin sa lá inniu. Thug Laudato Si i Meitheamh 2015 an léargas dúinn chun díriú ar an bhfuinneamh ceilte a bhaineann le hÁiteacha Beannaithe na hÉireann i dtaca leis na riachtanais ar a dtugann an Pápa ‘Ár mBaile Coiteann’. Is é atá inár nÁiteacha Beannaithe ná ‘seoid atá i bhfolach i ngort’ (Mt 13:44). Bhí caidreamh comhchuí ag na luathChríostaithe in Éirinn le domhan an dúlra: mheas siad go raibh an chruthaíocht líonta le fuinneamh Dé, ar ar thug siad Neart Dé. Labhair siad faoi ‘áiteacha tanaí’, áit a raibh an deighilt idir an dúlra agus an diagacht póiriúil agus an fuinneamh láidir ag fanacht le go mbainfí leas as. Mar sin ár gcuid Áiteacha Beannaithe líonmhara, go háirithe toibreacha beannaithe a bhféadfadh trí mhíle díobh sin amháin a bheith ann.

Timire Autumn 2017.indd 13

Is mar sin a cuireadh tús leis an tionscadal ‘Gean dár Siúr, an Domhan’. Is í a fís ná comhréiteach uilíoch. Agus a straitéis: líonra paidreoireachta agus cúraim a chruthú timpeall ar na hÁiteacha Beannaithe dár mBaile Coiteann agus dá chuid áitritheoirí go léir, go mór mór iad siúd faoi mhíbhuntáiste. Is freagairt Éireannach é sin atá fréamhaithe inár n-oidhreacht Chríostaí ar na dúshláin atá curtha i láthair in Laudato Si. Cuirfidh ‘Gean dár Siúr, an Domhan’, tá súil againn, lenár mbraistint ar an gcuspóir agus ar an gcomhoibriú náisiúnta i dtaobh ábhar imní coiteann, agus bainfidh leas as an dúil atá go forleathan istigh i ndaoine dea-thola an comhshaol a chosaint ina gceantar áitiúil féin. ÁR gCUID ÁITEACHA BEANNAITHE Baineann saibhreas ar leith d’Éirinn leis na hÁiteacha Beannaithe – toibreacha; oileáin; sléibhte; carraigeacha Aifrinn; cloigthithe; mainistreacha; ArdChroiseanna; clocháin choirceogacha; cosáin oilithrigh, agus tuilleadh: féach ár láithreán gréasáin www. lovingsisterearth.com, nó lean muid ar Facebook, Twitter nó YouTube. Le tacaíocht na nEaspag tá daoine

27/07/2017 19:19


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.