3 minute read

Alan Mac Eochagáin, Easpag Nua Ráth Bhoth

Fearadh na Fáilte Roimh Easpag Nua Ráth Bhoth

Is é Alan Mac Eochagáin, sagart de chuid Chumann Íosa, atá ceaptha mar Easpag ar dheoise Ráth Bhoth i gcomharbacht ar an Easpag Philip Boyce. Orthu siúd a d’fh áiltigh roimh an gceapachán tá Leonard Maloney, Próibhinseal na nÍosánach in Éirinn, agus chuir sé guí agus dea-mhéin bhaill uile na Proibhinse le Alan. Ag fáiltiú roimh an gceapachán, thagair Ardeaspag Ard Mhacha agus Príomháidh na hÉireann uile, Éamonn Ó Máirtín, don taithí fh airsing agus do na buanna a bhéarfaidh an tAth. Mac Eochagáin chuig an mhinistreacht nua seo de bharr a thaithí i réimsí an oideachais agus na cumarsáide agus a sháite is a bhí sé le tamall anuas sa phleanáil agus sa bhforbairt do chúraimí pastúireacha ár linne i ndeoise an Dúin agus Choinnire.

Rugadh an tAth. Alan i Muileann na Cloiche i gCo. Aontrama sa bhliain 1953. Eisean an duine ab óige as seisear clainne agus tá beirt deartháireacha leis, Micheál agus Bearnard, ina sagairt i gCumann Íosa freisin. I ndiaidh tús scolaíochta i Muileann na Cloiche agus i gColáiste Mhic Nissi i dTúr an Ghearráin, rinne sé staidéar ar an nGaeilge agus ar an bhFealsúnacht Scolaíoch i gColáiste na Banríona i mBéal Feirste. Thug a luiteacht mhór le Gaeilge chuig Rann na Feirste é don chéad uair i 1968 agus tá sé ag triall ar Ghaeltacht Thír Chonaill ó shin i leith. Bhain sé amach céim i Laidin agus Spáinnis ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus céim mháistreachta in aistriúchán na Gaeilge ó Choláiste na Banríona.

Chuaigh sé isteach i gCumann Íosa i 1972 agus rinneadh sagart de i 1984. Ar chúrsa oiliúna na sagartóireachta rinne sé staidéar ar an bhFealsúnacht in Institiúid Bhaile an Mhuilinn i mBaile Átha Cliath agus ghnóthaigh céim mháistreachta agus Céim an Cheadúnaigh (‘STL’) sa Diagacht i gColáiste Diagachta Toronto. I ndiaidh a oirnithe i 1984, chaith sé ceithre bliana i gColáiste Choill Chluana Gabhann agus ansin thug sé leathbhliain don athnuachan spioradálta i ndeisceart na hIndia agus tamall ag fónamh i mbaile bocht i gCathair Quezon sna Filipínigh. Bhí baint aige le bunú an tSuímh Idirlín www.tearmann.com mar aon le catholicireland.net (Caitlicigh ar an nGréasán) agus Seirbhís Teilifíse na hEaglaise. Thug sé os cionn deich mbiana ina eagarthóir ar An Timire agus Foilseacháin Ábhar Spioradálta. Sa bhliain 2009 foilsíodh a leabhar féin, Scéal an

Oilithrigh, mar a bhfuil beatha Iognáid Loyola ina chuid focal féin agus é aistrithe ag Alan ón mbunleagan Spáinnise.

Le blianta beaga anuas bhí sé ag obair mar stiúrthóir agus mar áisitheoir ar an tionscnamh An Eaglais Bheo leis an gcléir agus tuataí i nDeoise an Dúin agus Choinnire agus bhí sé ina shéiplíneach ag a lán de Ghaelscoileanna na Deoise agus tamall in Ollscoil Chúil Raithin.

Creideann Alan go daingean i bpáirt le Naomh Iognáid gur deimhin go bhfuil tionchar ag an Spiorad Naomh i saol an duine aonair agus i saol an phobail ach a bheith sásta éisteacht go géarchúiseach agus déanamh dá réir go tuisceanach.

Seo cuid dá raibh le rá ag an Ath. Alan faoina cheapadh: ‘Tháinig mé chun na deoise seo agus an chontae seo den chéad uair i 1968 chun freastal ar Choláiste Bhríde i Rann na Feirste. Cuireadh síol ansin ag an am sin. Mhothaigh mé go raibh mé ar mo chompord i Rann na Feirste agus sa chontae seo trí chéile. Mar sin de tá mé ar mo shuaimhneas. Creidim ó chroí go mbeidh mé sa bhaile sa deoise seo.’

Thar ceann An Timire agus ár léitheoirí uile, guímid gach rath agus beannacht ó chroí ar an Athair Alan ina chúraimí nua mar Easpag.

Tomhas an Timire: 189

1 2 3 4 5 6 7 8 9

Foclóirín: xxx = xxx;

Leid: Paróiste nua an Easpaig Mhic Eochagáin. Tóg litir as gach focal chun an freagra a fh áil. OSCAILTE, BOTH, HATA, TEAS, TRÁTHNÓNA, ROTHAR, ARÁN, BEACH, PHÓS DUAIS: Dearbhán €20 nó ceithre leabhar a roghnú as catalóg FS ar Timire.ie (ach nóta a chur chugainn le d’iontráil.) Scríobh TOMHAS ar chlúdach do litreach, agus seol do réiteach, mar aon le d’ainm agus seoladh chuig An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 16 Deireadh Fómhair, 2017 Tomhais 188: Freagra: FATIMA Buaiteoir : Rós Uí Bhraonáin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe.

This article is from: