An Timire - Fómhar 2017

Page 16

16

Fearadh na Fáilte Roimh Easpag Nua Ráth Bhoth Is é Alan Mac Eochagáin, sagart de chuid Chumann Íosa, atá ceaptha mar Easpag ar dheoise Ráth Bhoth i gcomharbacht ar an Easpag Philip Boyce. Orthu siúd a d’fháiltigh roimh an gceapachán tá Leonard Maloney, Próibhinseal na nÍosánach in Éirinn, agus chuir sé guí agus dea-mhéin bhaill uile na Proibhinse le Alan. Ag fáiltiú roimh an gceapachán, thagair Ardeaspag Ard Mhacha agus Príomháidh na hÉireann uile, Éamonn Ó Máirtín, don taithí fhairsing agus do na buanna a bhéarfaidh an tAth. Mac Eochagáin chuig an mhinistreacht nua seo de bharr a thaithí i réimsí an oideachais agus na cumarsáide agus a sháite is a bhí sé le tamall anuas sa phleanáil agus sa bhforbairt do chúraimí pastúireacha ár linne i ndeoise an Dúin agus Choinnire. Rugadh an tAth. Alan i Muileann na Cloiche i gCo. Aontrama sa bhliain 1953. Eisean an duine ab óige as seisear clainne agus tá beirt deartháireacha leis, Micheál agus Bearnard, ina sagairt i gCumann Íosa freisin. I ndiaidh tús scolaíochta i Muileann na Cloiche agus i gColáiste Mhic Nissi i dTúr an Ghearráin, rinne sé staidéar ar an nGaeilge agus ar an bhFealsúnacht Scolaíoch i gColáiste na Banríona i mBéal

Timire Autumn 2017.indd 16

Feirste. Thug a luiteacht mhór le Gaeilge chuig Rann na Feirste é don chéad uair i 1968 agus tá sé ag triall ar Ghaeltacht Thír Chonaill ó shin i leith. Bhain sé amach céim i Laidin agus Spáinnis ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus céim mháistreachta in aistriúchán na Gaeilge ó Choláiste na Banríona. Chuaigh sé isteach i gCumann Íosa i 1972 agus rinneadh sagart de i 1984. Ar chúrsa oiliúna na sagartóireachta rinne sé staidéar ar an bhFealsúnacht in Institiúid Bhaile an Mhuilinn i mBaile Átha Cliath agus ghnóthaigh céim mháistreachta agus Céim an Cheadúnaigh (‘STL’) sa Diagacht i gColáiste Diagachta Toronto. I ndiaidh a oirnithe i 1984, chaith sé ceithre bliana i gColáiste Choill Chluana Gabhann agus ansin thug sé leathbhliain don athnuachan spioradálta i ndeisceart na hIndia agus tamall ag fónamh i mbaile bocht i gCathair Quezon sna Filipínigh. Bhí baint aige le bunú an tSuímh Idirlín www.tearmann.com mar aon le catholicireland.net (Caitlicigh ar an nGréasán) agus Seirbhís Teilifíse na hEaglaise. Thug sé os cionn deich mbiana ina eagarthóir ar An Timire agus Foilseacháin Ábhar Spioradálta. Sa bhliain 2009 foilsíodh a leabhar féin, Scéal an

27/07/2017 19:19


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.