3 minute read
Cearta na nOibrithe Aideen McBride
Aideen McBride Scéalaí
An Ceart Chun Oibre
Bhronn Dia rud iontach orainn go léir nuair a chuir sé inár mbeatha sinn, agus is mó duine a thuigeann go dtagann cearta do gach duine leis an saol – cearta uisce, bia, oideachais is leighis. Cé go bhfuil an domhan seo trína chéile faoi láthair, tuigeann an chuid is mó dínn go bhfuilimid go léir freagrach as torthaí an domhain a thug Dia dúinn a roinnt go cothrom cruinn le gach duine, agus tá daoine ag obair go dian i ngach tír leis na boicht, na hocraigh is na heasláin.
Leis an mbeatha a bhronn Dia orainn, bhronn sé na mílte buanna chomh maith. Níor thug sé dúinn iad go gcuirfi mis i bhfolach iad mar a rinne an fear leis an talann amháin san fh áthscéal, nó go gcoimeádaimis dúinn féin iad. Tá Dia fl úirseach leis na buanna siúd mar iarrann sé orainn iad a úsáid, is go rachaidh siad i méid leis an úsáid. Mar is ionann le cearta daonna, is cinnte go bhfuil an ceart ag gach duine a bhuanna féin a úsáid. Más ceoltóirí iad – ceol a sheinnt, más ealaíontóirí iad – pictiúir a tharraingt, más treoraithe iad – bealach nua a thaispeáint, más eolaithe iad – staidéar a dhéanamh, dochtúirí ag tabhairt leighis agus banaltraí ag tabhairt aire. Bíonn Dia ag iarraidh a bheith i ngaol linn tríd an obair a bhíonn á déanamh againn, bíodh sé á déanamh don táille nó don ghrá.
Tá an t-ádh liom, is scéalaí mé agus is minic a bhíonn seans agam an bua a thug Dia dom a úsáid i scoileanna, i leabharlanna agus ag féilte timpeall na tíre. Tá an t-ádh liom chomh maith go bhfuil daoine ann agus tuigeann said an fi úntas atá leis an scéalaíocht. Bíonn seans agam chomh maith an bua a thug Dia dom a úsáid ar son Dia féin, ag insint scéalta ón mbíobla do pháistí i scoileanna. Tugann sé fuinneamh speisialta dom é sin a dhéanamh, tugann sé mothú an chomhlíonta dom agus is maith an t-airí dúinn go léir an mothú sin.
Níl mé saibhir, níl mé ag iarraidh a bheith i mo mhilliúnaí. Mar scéalaí, mar atá sé leis an gcuid is mó den obair chruthaitheach, ní bhíonn a fh ios agam cathain a bheidh an chéad phost eile, cathain a lorgóidh daoine scéalaí. Caithfi dh mé muinín a bheith agam go dtiocfaidh an obair agus an t-airgead nuair a bheidh sé uaim. Le blianta anuas ní raibh aon seachtain nach raibh an cíos againn, nó nach raibh go leor le n-ithe againn. Ní raibh aon turas scoile a raibh orainn a rá lenár bpáistí ‘Ní féidir libh dul mar níl an t-airgead againn’, agus gach
lá a fh aighim obair tugaim glóir do Dhia, buíochas do Dhia agus foghlaimím níos mó faoin ngrá atá Aige dúinn go léir.
D’oibrigh mé ar feadh tamaillín ag bailiú scéalta traidisiúnta ó roinnt dídeanaithe agus iarrthóirí tearmainn a bhí ina gcónaí sa tír ag an am. Bhí mé ag bailiú na scéalta traidisiúnta mar thionscnamh mar ní raibh cead ag na daoine a bhí ag fanacht ar phaipéir oifi giúla dul ag obair, nó dul ar chúrsaí fi ú amháin. Ba fh ada na laethanta a bhí le líonadh acu, gan ach €19 sa tseachtain acu. Bhí ar na dochtúirí, dlíodóirí is bainisteoirí sin a bheith ag an ionad cúraim sealadach chun a mbéilí a fh áil ag am áirithe. Chonaic mé daoine i rith an ama a raibh mo thionscnamh ar siúl agus a spiorad ag meathlú mar gheall ar chosc ar a mbuanna a úsáid. Fós tá sin ar siúl in Éirinn. Daoine a raibh orthu teitheadh ó chontúirt ag lorg áite ina mbeidis in ann a gcuid buanna a roinnt leis na daoine thart orthu, ag iarraidh ceol a sheinnt, pictiúir a tharraingt, scéalta a insint, leigheas a thabhairt, obair a dhéanamh agus ní thugann an tír seo cead dóibh. Tuigim an mothú comhlíonta a fh aighim ó bheith in ann mo chuid buanna a roinnt, ba chóir go mbeadh na cearta céanna ag gach duine.
INTINN UILÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ DHEIREADH FÓMHAIR, 2017 Go raibh meas ar gach uile oibrí agus go gcosnaítear a gcearta, agus go dtugtar deis do na daoine dífh ostaithe an leas coiteann a chur chun cinn.
Foclóirín: is maith an t-airí = tá sé tuillte go maith; ag meathlú = ag dul i ndísc, ag dul as.