An Timire - Fómhar 2017

Page 10

10

Aideen McBride Scéalaí

An Ceart Chun Oibre Bhronn Dia rud iontach orainn go léir nuair a chuir sé inár mbeatha sinn, agus is mó duine a thuigeann go dtagann cearta do gach duine leis an saol – cearta uisce, bia, oideachais is leighis. Cé go bhfuil an domhan seo trína chéile faoi láthair, tuigeann an chuid is mó dínn go bhfuilimid go léir freagrach as torthaí an domhain a thug Dia dúinn a roinnt go cothrom cruinn le gach duine, agus tá daoine ag obair go dian i ngach tír leis na boicht, na hocraigh is na heasláin. Leis an mbeatha a bhronn Dia orainn, bhronn sé na mílte buanna chomh maith. Níor thug sé dúinn iad go gcuirfimis i bhfolach iad mar a rinne an fear leis an talann amháin san fháthscéal, nó go gcoimeádaimis dúinn féin iad. Tá Dia flúirseach leis na buanna siúd mar iarrann sé orainn iad a úsáid, is go rachaidh siad i méid leis an úsáid. Mar is ionann le cearta daonna, is cinnte go bhfuil an ceart ag gach duine a bhuanna féin a úsáid. Más ceoltóirí iad – ceol a sheinnt, más ealaíontóirí iad – pictiúir a tharraingt, más treoraithe iad – bealach nua a thaispeáint, más eolaithe iad – staidéar a dhéanamh, dochtúirí ag tabhairt leighis agus banaltraí ag tabhairt aire. Bíonn Dia ag iarraidh a bheith i ngaol linn tríd an

Timire Autumn 2017.indd 10

obair a bhíonn á déanamh againn, bíodh sé á déanamh don táille nó don ghrá. Tá an t-ádh liom, is scéalaí mé agus is minic a bhíonn seans agam an bua a thug Dia dom a úsáid i scoileanna, i leabharlanna agus ag féilte timpeall na tíre. Tá an t-ádh liom chomh maith go bhfuil daoine ann agus tuigeann said an fiúntas atá leis an scéalaíocht. Bíonn seans agam chomh maith an bua a thug Dia dom a úsáid ar son Dia féin, ag insint scéalta ón mbíobla do pháistí i scoileanna. Tugann sé fuinneamh speisialta dom é sin a dhéanamh, tugann sé mothú an chomhlíonta dom agus is maith an t-airí dúinn go léir an mothú sin. Níl mé saibhir, níl mé ag iarraidh a bheith i mo mhilliúnaí. Mar scéalaí, mar atá sé leis an gcuid is mó den obair chruthaitheach, ní bhíonn a fhios agam cathain a bheidh an chéad phost eile, cathain a lorgóidh daoine scéalaí. Caithfidh mé muinín a bheith agam go dtiocfaidh an obair agus an t-airgead nuair a bheidh sé uaim. Le blianta anuas ní raibh aon seachtain nach raibh an cíos againn, nó nach raibh go leor le n-ithe againn. Ní raibh aon turas scoile a raibh orainn a rá lenár bpáistí ‘Ní féidir libh dul mar níl an t-airgead againn’, agus gach

27/07/2017 19:18


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.