3 minute read

Caifé Teagmhála Sylvia Bledow

Sylvia Bledow Meiriceánach ó dhúchas atá ina cónaí sa Ghearmáin

Caifé Teagmhala – Comóradh 500 Bliain ar Théiseanna Mhártain Liútar i Wittenberg

Cuirtear fógra tarraingteach amach i gclós na seanmhainistreach gach Céadaoin. Tá pictiúr cupán deas caifé agus gal ag teacht as le feiceáil air agus thart ar an phictiúr tá scríofa ‘Caifé Teagmhála – oscailte inniu idir 3 agus 5 pm. Fáilte roimh theifi gh agus dhaoine áitiúla.’

Agus tú ag siúl isteach sa chlós seo i mbaile beag i ndeisceart na Gearmáine tá suaimhneas agus ciúnas i do thimpeall. Ní mhothaíonn tú rud ar bith den stair chorrach a bhí ann tráth. Tógadh an mhainistir seacht gcéad bliain ó shin. Le linn an Reifi rméisin tháinig sí faoi smacht an dreama Liútaraigh. Ba chóir do na manaigh agus don phobal go léir glacadh leis an chreideamh nua. Dhiúltaigh siad. Mar phionós dódh an mhainistir agus an sráidbhaile go talamh. Trí bliana déag ina dhiaidh sin tógadh eaglais nua, eaglais Liútarach. Seachtó bliain níos déanaí bhí an lámh in uachtar ag Impire na hOstaire arís agus thug sé údarás na mainistreach ar ais don ab Caitliceach. Go dtí deireadh an chogaidh sa bhliain 1638 bhí coimhlint chumhachta ar siúl idir an tImpire Caitliceach agus Ard-Diúc Liútarach agus an pobal ag éirí ní ba bhoichte i gcónaí. Ansin d’éirigh an mhainistir agus an sráidbhaile Liútarach agus d’fh an mar sin ar feadh tamaill fh ada.

Ar thaobh na heaglaise faoi scáth fl aithiúil na gcrann teile, feiceann tú rud atá i mórchuid de bhailte sa Ghearmáin: leachtanna cuimhneacháin do na saighdiúirí a thit le linn an dá Chogadh Domhanda. Piléar ard bródúil é siúd don Chéad Chogadh. Tá focail thírghrácha, go háiféiseach tírghrácha dúinne, le léamh faoin iolar dochloíte atá ina shuí ar fh ara ag barr an leachta. Ansin, ainmneacha na saighdiúirí. I bhfad níos simplí an leacht don Dara Cogadh. Níl ach ainmneacha agus dátaí na mbás air. Na sloinnte céanna le léamh arís is arís eile ar an dá leacht cuimhneacháin – clanna iomlána na nglúnta a maraíodh.

Ach anois cloiseann tú cheana glórtha agus gáire na bpáistí atá ag súgradh os comhair an chaifé. ‘Hallo! Hallo!’ ar siad. ‘Wie geht’s?’ Tá an-saol sa chaifé, lasmuigh agus istigh. Siosarnach cainte, meascán Araibise, Gearmáinise agus canúna áitiúla. D’oscail bean chéile an mhinistir Liútaraigh an caifé i dtús na bliana 2016 agus an sráidbhaile á líonadh le teifi gh as an tSiria, le deis a thabhairt dóibh teacht le chéile agus teagmháil a dhéanamh le daoine áitiúla. Déanann an bhean féin na cístí agus an caifé a bhíonn ar díol ar

‘Tá cóipeanna dátheangacha den Tiomna Nua, in Araibis agus Gearmáinis, ar chúpla bord ach is iad an comhrá, an tuiscint agus an teacht le chéile is tábhachtaí.’

chaoga ceint. Cabhraíonn mná agus cailíní as an tSiria léi. Tá tae agus sú saor in aisce do na páistí. Roimh an Nollaig agus an margadh traidisiúnta San Nicholás ar siúl bhí seastáin le hearraí Nollag agus bia amuigh faoin aer sa chlós. Osclaíodh an Caifé Teagmhála fosta agus bhí tairiscint ar leith le fáil ar rogha bia blasta as an Neasoirthear: duilleoga fíonchaora, domplagáin as bulgar agus milseog as seasaman.

Tá an paróiste Caitliceach gníomhach chomh maith. Má bhíonn ocáidí móra ann ag a bhfuil baint leis na teifi gh, cruinnuithe nó bainiseacha, mar shampla, is féidir leo an halla mór a úsáid. Mhaolaigh an t-achrann idir an dá phríomhchreideamh anseo fada ó shin, den chuid is mó.

Diomaite de na teifi gh agus daoine ón ‘chiorcal cairdis’ a eagraíodh le tacaíocht a thabhairt dóibh, tagann dream eile go rialta chuig an Chaifé Teagmhála. Daoine dífh ostaithe iad a bhíonn sásta cáca blasta a ithe ar phraghas íseal in atmaisféar cairdiúil. Bíonn siad ag comhrá leis na teifi gh agus á spreagadh le feabhas a chur ar a gcuid Gearmáinise. Meascán creidimh atá sa chaifé: Moslamaigh, Caitlicigh, Protastúnaigh, Iasaídigh, daoine gan chreideamh. Tá cóipeanna dátheangacha den Tiomna Nua, in Araibis agus Gearmáinis, ar chúpla bord ach is annamh a osclaítear iad. Is iad an comhrá, an tuiscint agus an teacht le chéile is tábhachtaí. Bíonn siad sona sásta agus iad ag fágáil slán i ndiaidh dhá uair an chloig. ‘Tschüss! Auf Wiedersehen! Ma’a as-salāmah!’

Sa bhliain 2017 déantar comóradh ar 500 bliain i ndiaidh do Mártan Liútar a chuid téiseanna a fh ógradh i Wittenberg. Cuimhnítear ar an tionchar a bhí aige ar fud na cruinne. Nach údar ceiliúrtha é go bhfuil caifé éacúiméineach i gclós na mainistreach anois? Ceiliúradh éagsúlachta, dóchais agus daonnachta.

Foclóirín: Liútaraigh = dream Mhártan Liútar; leacht cuimhneacháin = monument; domplagáin = dumplings; Iasaídigh = Yezides, grúpa eitnea-reiligiúnach sa Neasoirthear a ndéanann an ‘Stát Ioslamach’ géarleanúint orthu.

This article is from: