An Timire - Fómhar 2017

Page 6

6

Sylvia Bledow Meiriceánach ó dhúchas atá ina cónaí sa Ghearmáin

Caifé Teagmhala – Comóradh 500 Bliain ar Théiseanna Mhártain Liútar i Wittenberg Cuirtear fógra tarraingteach amach i gclós na seanmhainistreach gach Céadaoin. Tá pictiúr cupán deas caifé agus gal ag teacht as le feiceáil air agus thart ar an phictiúr tá scríofa ‘Caifé Teagmhála – oscailte inniu idir 3 agus 5 pm. Fáilte roimh theifigh agus dhaoine áitiúla.’ Agus tú ag siúl isteach sa chlós seo i mbaile beag i ndeisceart na Gearmáine tá suaimhneas agus ciúnas i do thimpeall. Ní mhothaíonn tú rud ar bith den stair chorrach a bhí ann tráth. Tógadh an mhainistir seacht gcéad bliain ó shin. Le linn an Reifirméisin tháinig sí faoi smacht an dreama Liútaraigh. Ba chóir do na manaigh agus don phobal go léir glacadh leis an chreideamh nua. Dhiúltaigh siad. Mar phionós dódh an mhainistir agus an sráidbhaile go talamh. Trí bliana déag ina dhiaidh sin tógadh eaglais nua, eaglais Liútarach. Seachtó bliain níos déanaí bhí an lámh in uachtar ag Impire na hOstaire arís agus thug sé údarás na mainistreach ar ais don ab Caitliceach. Go dtí deireadh an chogaidh sa bhliain 1638 bhí coimhlint chumhachta ar siúl idir an tImpire Caitliceach agus Ard-Diúc Liútarach agus an pobal ag éirí ní ba bhoichte i gcónaí. Ansin d’éirigh an mhainistir agus an sráidbhaile Liútarach agus d’fhan mar sin

Timire Autumn 2017.indd 6

ar feadh tamaill fhada. Ar thaobh na heaglaise faoi scáth flaithiúil na gcrann teile, feiceann tú rud atá i mórchuid de bhailte sa Ghearmáin: leachtanna cuimhneacháin do na saighdiúirí a thit le linn an dá Chogadh Domhanda. Piléar ard bródúil é siúd don Chéad Chogadh. Tá focail thírghrácha, go háiféiseach tírghrácha dúinne, le léamh faoin iolar dochloíte atá ina shuí ar fhara ag barr an leachta. Ansin, ainmneacha na saighdiúirí. I bhfad níos simplí an leacht don Dara Cogadh. Níl ach ainmneacha agus dátaí na mbás air. Na sloinnte céanna le léamh arís is arís eile ar an dá leacht cuimhneacháin – clanna iomlána na nglúnta a maraíodh. Ach anois cloiseann tú cheana glórtha agus gáire na bpáistí atá ag súgradh os comhair an chaifé. ‘Hallo! Hallo!’ ar siad. ‘Wie geht’s?’ Tá an-saol sa chaifé, lasmuigh agus istigh. Siosarnach cainte, meascán Araibise, Gearmáinise agus canúna áitiúla. D’oscail bean chéile an mhinistir Liútaraigh an caifé i dtús na bliana 2016 agus an sráidbhaile á líonadh le teifigh as an tSiria, le deis a thabhairt dóibh teacht le chéile agus teagmháil a dhéanamh le daoine áitiúla. Déanann an bhean féin na cístí agus an caifé a bhíonn ar díol ar

27/07/2017 19:18


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.