2 minute read

An tAiteann Dónall Ó Cnáimhsí

Dónall Ó Cnáimhsí

An tAiteann

‘An t-ór faoin aiteann, an t-airgead faoin luachair agus an gorta faoin bhfraoch’

Léiríonn an ráiteas sin an meas a bhí ag ár sinsear ar an tor choitianta seo. Talamh rathúil a bhí i dtalamh ina raibh aiteann ag fás. Ghearrtaí síos é go minic agus bhaintí úsáid as an athfh ás bhog mar fh odar do na beithígh. Dhéanadís an t-adhmád a dhó agus an luachair a scaipeadh ar an talamh lena leasú. Bhaintí úsáid as na stocanna chomh maith ar chamáin agus mar bhataí troda agus mar bhataí siúil. Bhí tom aiteann an-úsáideach chun foscadh a thabhairt do na hainmhithe ó aimsir dhoineanta agus chun fál a dhéanamh le hiad a choinneáil gan imeacht ar strae.

Bhaintí úsáid as na bláthanna buí agus na spíonagaí glasa chun eadach a dhathú agus ag an cháisc bhaintí úsáid as na bláthanna chun uibheacha a dhathú.

An úsáid ba choitianta a bhaintí as nó i dtinte cnámh i mBealtaine agus ag Féil’ Eoin. Bhí nós ann ansin an t-eallach a thiomáint tríd an tine le hiad a choinneáil slán ón lucht sí. D’úsáidtí mar luibh é mar leigheas ar an mbuíochán, galar duán, galar croí agus casacht. Tá an dara cineál ann, aiteann gaelach, atá go fairsing in Éirinn fosta. Fásann sé seo níos ísle, agus tagann na bláthanna air níos moille sa bhliain.

Ulex europaeus an t-ainm atá ag na luibheolaithe air, as an phlandatheaghleach Fabaceae.

Tá sé dúchasach trí mhór-roinn na Eorpa, ó Éirinn soir fh ad leis an Pholainn agus ó dheas fh ad leis an Phortaingéil.

Tor fíorálainn is ea an t-aiteann le duilleoga lannacha is bláthanna buí cumhra i bhfoirm bláth piseanna. Fásann sé suas go dhá nó trí mhéadar ar airde. Tá sé iontach fairsing in Éirinn, é ag fás fud fad na tíre.

Bláthaíonn an t-aiteann trí chuid mhaith den bhliain ach go áirithe san earrach.

Tagann na síolta ar an phlanda i bpód a scoilteann leis an ghrian agus a thiteann go talamh agus is féidir leo maireachtáil ar feadh triocha bliain.

Tá toim aitinneach léagúmach, is é sin le rá go gceapann siad nitrigín ón aer agus úsáideann siad é mar leas nádúrtha daofa féin. Cuidíonn sin leis an aiteann fás níos rábaí agus níos fearr ná beagnach planda ar bith eile ar chré atá níos boichte agus níos tirime. Bíonn tionchar ag aiteann mar féadann sé spréadh go tapaidh agus an chré a shaibhriú. Is planda iontach tábhachtach é an t-aiteann, fosta, dá lán speiceas éagsúla. Bheireann na bláthanna geala buí pailin agus neachtar do speicis

‘Bhí nós ann an t-eallach a thiomáint tríd tine aitinn le hiad a choinneáil slán ón lucht sí.’

éagsúla beiche agus feithidí eile, go háirithe luath sa bhliain nuair nach bhfuil mórán eile le fáil. Tá an t-aiteann foirfe fá choinne éanacha éagsúla fraoigh, mar an caislín cloch, an ghleoiseach agus an bhuíóg. Tearmann tábhachtach do na héanacha seo i ndúlaíocht an gheimhridh is ea an tor tiubh craobhach seo a chuireann foscadh ar fáil.

Thug na hEorpaigh an planda leo go Meiriceá agus go dtí an Astráil, áit ina bhfuil sé ina chrá croí ag feirmeoirí ó shin i leith, mar go bhfásann sé go fl úirseach agus go scaipeann ségo héasca.

Tá iarrachtaí ar bun chun é a cheansú, ag baint feidhm as feithidí beaga a stopann an t-aiteann ó bhláthú agus na síolta a sholáthar.

Foclóirín: caislín cloch = stonechat; gleoiseach = linnet; buíóg = yellowhammer; léagúmach = leguminous; lannacha = mar a bheadh lann ann.

This article is from: