3 minute read

Hugh Duff y, Íosánach Umhal

Next Article
Im Leabharlann Dom

Im Leabharlann Dom

Hugh Duff y – Íosánach Uamhal

Cailleadh an tAthair Hugh Duff y SJ in Ospidéal San Séamas, Baile Átha Cliath, Dé hAoine, 28 Aibreán 2017. Bhí ceithre scór bliain d’aois slánaithe aige. I mBaile Átha Cliath a tógadh an tAth. Duff y agus bhain sé bonn amach sa Chorn Rugbaí Sinsearach. Sa bhliain 1954, chuaigh sé isteach sna hÍosánaigh. Chaith sé tamall de bhlianta ag obair ina mhúinteoir agus ina léachtóir i Luimneach. Bhain sé dochtúireacht amach sa Bhéarla i Meiriceá dó agus bhí sé seal ina Ollamh ar cuairt ann.

Ba é an tAth. Brian Grogan SJ a thug an tseanmóir, lá na sochraide, sa séipéilín i mBaile an Mhuilinn, 3 Bealtaine. Arsa

an tAth. Grogan faoina chomrádaí agus a chomhscoláire, ‘Ba dhuine ar leith an fear seo. Chuirfeadh sé draíocht an domhain ina luí ort.’ Labhair an tAth. Grogan ar a chuid mórbhuanna mar chara agus mar mhúinteoir. ‘Rinne Hugh gach iarracht ar a chuid mac léinn a threorú ar shiúl ó íomhánna diúltacha de Dhia. Bhí sé paiseanta mar gheall ar shaoirse smaointeoireachta an duine … Theastaigh uaidh go dtuigfeadh an pobal mór go bhfuil an-mheas agus an-chion ar gach aon duine faoi spéir.’

Thagair an tAth. Grogan do chrógacht a chara i láthair an bháis, freisin: ‘Ní ghéillfeadh sé don duairceas. Bhí sé umhal, foighneach, agus d’ofráil sé a mhórfh ulaingt chun na heaglaise, chun Dé, agus chun an domhain mhóir. Ní raibh eagla ar Hugh roimh an mbás de bharr nach raibh eagla air roimh Dhia … Creidim go mbeidh an-spraoi agus an-gháire ann thuas agus é anois ar an gcóisir chosmach.’

Duine ildánach ba ea é. Tá píosa álainn sa Rúraíocht ina dtugann Cú Chulainn briathartheagasc dá dhalta Lughaidh Riabh nDearg:

Ná tarraing deabhaidh dhian anuasal ort féin. Ná bí díscir doicheallach díomasach. Ná bí eaglach tobann ainmhianach. Ná bíodh ceann faoi ort trí eagla do chreachta le meisce.

Ná bí i do dhreancaid mhillte coirme tigh ruire. Ná hiaigh iubhaile ar éagóir dlí. Téitear i gcomhairle lucht seanchuimhne i dtaobh comharbaí críche. Ceistítear seanchaithe na seanaimsire i d’fh ianaise mar is fíor agus is fi ú. Faightear breithiúna briathra is brugh. Leantar de na géaga ginealaigh de réir mar a ghintear na leanaí. Glaoitear daoine beo le chéile agus ar a mbriathrasan beoitear na háiteanna ina raibh na mairbh ag treabhadh. Tugtar saibhreas do chomharbaí mar is dual de réir dlí. Téadh ainbhinte dá ndionna faoi choimirce an té atá láidir. Ná labhair go huaibhreach. Ná tabhair faisnéis go glórach. Ná déan magadh. Ná déan fonóid. Ná bí ag mealladh seanóirí. Ná smaoin go holc i dtaobh aon duine. Ná cuir geasa diana ar aon duine. Coinnigh dlí na haoise agus dlí an diúltaithe agus dlí an aisig. Bí umhal sa mhúineadh a thugtar duit ó dhaoine eagnaí. Bí cuimhneach ar an gcosc a chuirtear ort ó dhaoine is sine ná thú. Coimeád riail an tsinsir. Ná bí fuarchroíoch le cairde. Bí gusmhar le do naimhde.

Ná bí dúilmhear i ndeabhaidh nuair a bhír i gcomhthionóil. Ná bí scéalach achasánach. Ná fáisc. Ná taisc an ní nach tairbheach. Ceartaítear de thromaíocht na drochdhaoine ina ngníomhartha. Ná bíodh dúil agat i gcuid na comharsan a ghabháil, ar eagla go mbeadh aithrí ort. Ná bí imreasach ar eagla go mbeadh mioscais chugat. Ná bíodh leisce ort ar eagla go mbeifeá meirbh. Ná bí ró-éasca ar eagla go gceapfaí gur dhuine den daoscarshlua thú. — Ní deacair roinnt de na línte thuas a shamhlú leis an Ath. Hugh Duff y féin: ‘Níor labhair sé go huaibhreach … níor thug faisnéis go glórach … níor smaoin go holc i dtaobh aon duine.’

Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.

This article is from: