2 minute read
Oideas: Fajitas Síle Ní Chearbhaill
Fajitas
Síle Ní Chearbhaill
COMHÁBHAIR:
3 bhrollach sicín 1 oinniún dearg 1 piobar buí 1 piobar glas 1 piobar dearg 2 ionga gairleoige 1 tsp paiprice deataithe 1 tsp paiprice 1 tsp callóga sillí 1 tsp lus an choire Sú de 1 líomóid 1 tsp ola 200ml pasatta
LE RIARADH:
Tortilla Sailéad Salsa
MODH:
1. Gearr an sicín agus na glasraí ina slisíní. 2. Téigh an ola ar an bhfriochtán.
Frioch an sicín agus an ghairleog go mbíonn an sicín geal tríd. 3. Cuir na glasraí leis agus frioch an t-iomlán ar feadh 3 nóiméad. 4. Measc na spíosraí agus an sú tríd agus frioch ar feadh 2 nóiméad eile chun an blas a fh orbairt. 5. Doirt isteach an pasatta agus suanbhruith ar feadh 5 nóiméad. 6. Téigh na tortilla agus riar le sailéad agus salsa.
An Ofráil Laethúil
A Athair ró-ghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is gníomh, gach áthas is brón. Ófralaim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar intinn Chroí Íosa agus ar intinní an Phápa, mar atá ... (féach thíos) ... agus ar m’intinní féin. Deonaigh dom, trí spreagadh an Spioraid Naoimh agus le cabhair ó Chroí Mhuire gan Smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile. Amen.
Meán Fómhair
Soiscéalaíoch: Paróistí ag freastal ar an misean
Go raibh ár bparóistí ag gníomhú, i spiorad na misinéireachta, chun an creideamh a chraobhscaoileadh agus an charthanacht a thabhairt chun solais.
Deireadh Fómhair
Uilíoch: Cearta oibrithe agus na ndaoine atá dífh ostaithe
Go raibh meas ar gach uile oibrí agus go gcosnaítear a gcearta, agus go dtugtar deis do na daoine dífh ostaithe an leas coiteann a chur chun cinn. Samhain
Soiscéalaíoch: Fianaise a thabhairt ar an Soiscéal san Áise
Go dtuga Críostaithe na hÁise fi anaise ar an Soiscéal le briathar agus le gníomh, go gcuire siad chun cinn an chumarsáid, an tsíocháin, agus an chomhthuiscint, leo siúd ar chreideamh eile go háirithe.