1 minute read

Aiseolas ónár gCeistneoir

Freagraí ar Cheistneoir an Timire Fómhar 2016

A Chairde,

Is mór againn inchur ár léitheoirí agus táimid fíorbhuíoch den líon mór agaibh a chomhlánaigh ár gceistneoir. Seo thíos blaiseadh de bhur dtuairimí:

Iris thábhachtach riachtanach in achan slí. Is maith liom í mar atá sí ach scríbhneoirí mar an tAth. Standún a bheith ann níos minicí.

Céard faoi altanna ó dhaoine cosúil le Gearóid Ó Tuathaigh, Alan Dukes, Mary Kennedy nó Easpag nua Chill Dá Lua – tá dea-Ghaeilge aige.

Lean leis an obair iontach le cúnamh Dé.

Cuma cineál trom ar an iris, tuilleadh picitiúirí de dhíth. Altanna cineál trom fosta. An bhfuil oscailteacht do dhaoine úra alt a scríobh. Crosfh ocal an-mhaith.

Stair áitiúil: Greann. Na cluichí Gaelacha agus oilithreachtaí in Éirinn. Ansmaoineamh an ceistneoir.

Iarrachtaí an-bhreá ar siúl agaibh agus cur i láthair deas, tarraingteach. Moladh: Stair na hEaglaise, Na Meáin Chumarsáide, Oideachas.

Ní thig liom ach píosa beag a léamh ag an am amháin, mar go bhfuil an cló ró-dhlúth – ach is fi ú an saothar é! Bail ó Dhia ar an obair.

Molaim an t-eagarfh ocal. Moladh: Filíocht.

Is maith linn na haltanna ó ghnáthdhaoine chomh maith leis an chléir.

An-ghnó á dhéanamh agaibh. Coinnigh oraibh.

Is maith liom an meascán d’altanna faoi nithe a bhaineann leis an tír seo agus le tíortha eile. Pobal Dé amháin muid ar deireadh.

Cad chuige a bhfuarthas réidh leis an phaidir ‘An Ofráil Laethúil’. Níl sé ann a thuilleadh ó bl 2013. Ba chóir go mbeadh an phaidir seo ann. Ní chóir go mbeadh cead ag daoine altanna a scríobh don Timire atá i gcoinne phrionsabail na Críostaíochta agus in éadan theagasc na hEaglaise Caitlicí. Cuir i gcás san eagrán reatha Joe Higgins (Fómhar) a thacaigh leis an nginmhilleadh agus leis an bpósadh aonghnéis – ar ndóigh thacaigh a phairtí polaitíochta leis an dá rud. Bhí alt ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh in eagrán Gheimhreadh 2014/2015. An rud céanna arís... Náireach. Ná bíodh an Timire mar ardán do dhaoine atá i gcoinne na Críostaíochta.

Bainim taitneamh as gach alt de ghnáth. Locht amháin – ní bhíonn faid ró-mhór ins na haltanna.

Cló (per se) ró-mhion – méadaigh an cló fi ú má bhíonn oraibh alt a fh ágaint ar lár.

This article is from: