4 minute read

Céad Bliain Fatima, Cuid II An Br. G.D. De Barra

An Bráthair G.D. De Barra

Fatima 1917 – 2017 Cuid II

Tá scéal Fatima fi te fuaite leis na Pápaí le céad bliain anuas – dáiríre, tá tríú rún Fatima ceangailte le fulaingt an Phápa Eoin Pól II Naofa – baineann an dá rún eile le radharc ar ifreann agus le fáistine faoin gCogadh Mór a tugadh do na páistí.

D’fh ill an Pápa Eoin Pól II mar oilithreach ar an 13 Bealtaine 1991. Ar a thríú cuairt d’fh ógair sé Jacinta agus Francisco mar Bheannaithe agus ar an altóir in éineacht leis, bhí an tSiúr Lucia – tharla sin sa bhliain 2000. D’éag Lucia ag aois 97 bliain sa bhliain 2005. Tá an triúr curtha anois i mBaisleac an Phaidrín RóNaofa, in aice na haltóra.

Tháinig an Cairdinéal Roncalli mar oilithreach, Bealtaine 1956, rinneadh Pápa Eoin XXIII de sa bhliain 1958, fógraíodh ina naomh é i 2014.

Nuair a chríochnaigh an tríú seisiúin den Chomhairle Éacúiméineach i 1964 bhronn an Pápa Pól VI beannaithe an Rós Órga ar Scrín Fatima. Bhí sé i láthair ag Iúbhaile Órga Fatima, Bealtaine 1967.

Thug an Cairdinéal Luciani – Patrarc na Veinéise – cuairt ar Fatima i mí Iúil 1977. Toghadh é mar an Pápa Eoin Pól I, 26 Lúnasa 1978.

I mbliana agus céad bliain Fatima dá chéiliúradh, rinne an Pápa Proinsias na páistí Jacinta agus Francisco a ainmniú mar naoimh – na chéad pháistí i stair na hEaglaise – nach mairtírigh iad. Ní raibh siad ach naoi agus deich mbliana d’aois faoi seach, nuair a d’éag siad de dheasca ghalar an fh liú. D’fh onn iad a ainmniú mar naoimh glacadh le míorúilt faoi gharsúin cúig bliana d’aois a thit ó airde seacht méadair ó bhalcóin a thí. Gortaíodh go holc é, thit sé isteach i gcodladh an bháis agus níor chreid na dochtúirí in Ospidéal Campo Mouro, Parana, An Bhreasaíl go mairfeadh. Chuimhnigh a thuismitheoirí ar Jacinta agus Francisco beannaithe, fuair siad taisí na beirte ó Shiúracha Cairmíliteach i gCampo Marto agus trí urnaí agus idirghuí Jacinta agus Francisco, leigheasadh Lúcás. Tá sé naoi mbliana d’aois anois agus bhuail sé féin, a dheirfi úr Eduarda agus a thuismitheoirí leis an bPápa Proinsias nuair a deineadh an Canónú i Fatima an 13 Bealtaine 2017. Bhí breis is 600,000 i láthair.

Le blianta anuas tagann breis is cúig mhilliún oilithreach gach bliain chuig Fatima. Bhronn Oilithrigh na hÉireann Oisteansóir órga álainn ar an scrín sa bhliain 1947.

Tá an-struchtúir ar liotúirge agus ar ghníomhartha na háite, inniu, agus faoin

‘Is iad Jacinta agus Francisco na chéad pháistí i stair na hEaglaise nach mairtírigh iad a ainmníodh mar naoimh.’

treoraí Carina bíonn muintir na hÉireann sona sásta.

Ó 1917 go dtí inniu tá forbairt thar cuimse le sonrú i Fatima: tógadh an Capelinha i dtosach agus ansin Baisleac an Phaidrín; Cearnóg a thógann suas le milliúin duine; sa bhliain 2007 osclaíodh Eaglais mhór faoin teideal ‘An Tríonóid Ró-Naofa’ – seoid ailtireachta a shuíonn suas le naoi míle duine. Faoina bun tá Séipéal na Sacraiminte Ró-Naofa le ‘Adhradh’ ar siúl ann gach lá ón 7a.m. go dtí 6p.m., Séipéal Athmhuintearais, Músaem an tSolais agus Séipéal na hAiséirí.

Tá cosán ó Shéipéal na Tríonóide ag barr na Cearnóige go dtí an Capelinha agus téann mórán oilithreach ar a nglúin faoin mbealach sin lena gcuid achainí agus buíochas a léiriú do Dhia is Muire.

Ní féidir scríobh faoi Fatima gan trácht ar Aljustrel, mar atá tithe na bpáistí fós le feiscint, chomh maith le Séipéal an Pharóiste inar baisteadh na páistí. Dar ndóigh bhí aingeal tar éis labhairt leis an triúr ar thrí ócáid éagsúla i 1916 agus iad a ullmhú le cuairt ‘Mhuire an Phaidrín’ mar a d'ainmnigh sí í féin.

Léitear Ard-Aifreann gach Domhnach agus ar an 13ú lá (Bealtaine-Deireadh Fómhair) ar an altóir os comhair Bhaisleac an Phaidrín. Ag deireadh an Aifrinn tógtar dealbh na Maighdine ar ais go dtí a hionad san Capelinha, agus le linn iomainn Fatima dá gcanadh tarlaíonn an ‘Adeus’, is é sin croitear ciarsúir bhána. Feictear roinnt daoine ag sileadh na ndeor amhail is go raibh siad ag fágáil slán le Muire.

I mbliana seo ‘Iúbhaile an Chéid’ faightear lánloghadh faoi na gnáthchoinníollacha agus guí ag geata na n-aspal, guí ag scrín na Maighdine sa Capelinha, i séipéal na Sacraiminte RóNaofa agus ag tuama na bpáistí.

Is é teachtaireacht Fatima ná go n-iompódh daoine ar ais chun Dé trí dheabhóid do Naomhshacraimint na hEocairiste; urnaí, an Paidrín a ghuí agus leorghníomh a chleachtadh.

Mhúin Muire an phaidir seo do na páistí: ‘A Íosa, maith dúinn ár bpeacaí, sábháil muid ó thinte Ifrinn, treoraigh gach anam go dtí Neamh, go háirithe iad siúd go bhfuil géarghá acu le do thrócaire.’

Foclóirín: Patrarc = Patriarch; i gcodladh an bháis = in a coma; lánloghadh = repentance; leorghníomh = atonement.

This article is from: