An Timire - Fómhar 2017

Page 21

21

An Bráthair G.D. De Barra

Fatima 1917 – 2017 Cuid II Tá scéal Fatima fite fuaite leis na Pápaí le céad bliain anuas – dáiríre, tá tríú rún Fatima ceangailte le fulaingt an Phápa Eoin Pól II Naofa – baineann an dá rún eile le radharc ar ifreann agus le fáistine faoin gCogadh Mór a tugadh do na páistí. D’fhill an Pápa Eoin Pól II mar oilithreach ar an 13 Bealtaine 1991. Ar a thríú cuairt d’fhógair sé Jacinta agus Francisco mar Bheannaithe agus ar an altóir in éineacht leis, bhí an tSiúr Lucia – tharla sin sa bhliain 2000. D’éag Lucia ag aois 97 bliain sa bhliain 2005. Tá an triúr curtha anois i mBaisleac an Phaidrín RóNaofa, in aice na haltóra. Tháinig an Cairdinéal Roncalli mar oilithreach, Bealtaine 1956, rinneadh Pápa Eoin XXIII de sa bhliain 1958, fógraíodh ina naomh é i 2014. Nuair a chríochnaigh an tríú seisiúin den Chomhairle Éacúiméineach i 1964 bhronn an Pápa Pól VI beannaithe an Rós Órga ar Scrín Fatima. Bhí sé i láthair ag Iúbhaile Órga Fatima, Bealtaine 1967. Thug an Cairdinéal Luciani – Patrarc na Veinéise – cuairt ar Fatima i mí Iúil 1977. Toghadh é mar an Pápa Eoin Pól I, 26 Lúnasa 1978. I mbliana agus céad bliain Fatima dá chéiliúradh, rinne an Pápa Proinsias na

Timire Autumn 2017.indd 21

páistí Jacinta agus Francisco a ainmniú mar naoimh – na chéad pháistí i stair na hEaglaise – nach mairtírigh iad. Ní raibh siad ach naoi agus deich mbliana d’aois faoi seach, nuair a d’éag siad de dheasca ghalar an fhliú. D’fhonn iad a ainmniú mar naoimh glacadh le míorúilt faoi gharsúin cúig bliana d’aois a thit ó airde seacht méadair ó bhalcóin a thí. Gortaíodh go holc é, thit sé isteach i gcodladh an bháis agus níor chreid na dochtúirí in Ospidéal Campo Mouro, Parana, An Bhreasaíl go mairfeadh. Chuimhnigh a thuismitheoirí ar Jacinta agus Francisco beannaithe, fuair siad taisí na beirte ó Shiúracha Cairmíliteach i gCampo Marto agus trí urnaí agus idirghuí Jacinta agus Francisco, leigheasadh Lúcás. Tá sé naoi mbliana d’aois anois agus bhuail sé féin, a dheirfiúr Eduarda agus a thuismitheoirí leis an bPápa Proinsias nuair a deineadh an Canónú i Fatima an 13 Bealtaine 2017. Bhí breis is 600,000 i láthair. Le blianta anuas tagann breis is cúig mhilliún oilithreach gach bliain chuig Fatima. Bhronn Oilithrigh na hÉireann Oisteansóir órga álainn ar an scrín sa bhliain 1947. Tá an-struchtúir ar liotúirge agus ar ghníomhartha na háite, inniu, agus faoin

27/07/2017 19:19


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.