3 minute read

An Creideamh agus an Charthanacht An tAth. Brian Ó Fearraigh

An tAth. Brian Ó Fearraigh Paróiste Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall

An Creideamh agus an Charthanacht beo san Iarthuaisceart

Ag machnamh ar spiorad na misinéireachta mar atá luaite in Intinn an Phápa, smaoiním ar an obair mhór mhaith a rinne agus atá á déanamh go fóill ag misinéirí idir chléir agus tuath. Iadsan a d’fh ág cladaigh na hÉireann agus a thug aghaidh le díograis agus dóchas, láidreacht intinne agus aoibhneas croí, ar thíortha agus ar chiníocha coimhthíocha na cruinne le síolta an chreidimh a scaipeadh. Fís inspioráideach a thiomáint ar aghaidh iad ina gcuid oibre, fís preamhaithe i luachanna an tsoiscéil, ar obair agus ar theagasc Íosa Críost. Is obair na carthanachta agus an chreidimh a bhíonn idir lámha ag achan duine a ghlacann orthu féin Soiscéal Chríost a chraobhscaoileadh.

Go díreach mar is deartháir den sac an mála, tá dlúthpháirtíocht agus ceangal buan idir creideamh agus carthanacht. Is duilleog agus craobh d’aon chrann amháin na Críostaíochta iad. Ar ndóigh, tá níos mó i gceist le creideamh ná carthanacht amháin, mar gur gealltanas agus muinín i nDia é chomh maith.

Is ceart agus is cóir dúinn ár dtallann a úsáid go gníomhach, chan amháin san Eaglais ach ar son ár bpobail chomh maith leis an charthanacht a thabhairt chun solais, mar a luann an Pápa. Ceatháin an chineáltais, chomh maith le dealáin geala na carthanachta a chuideoidh agus a choinneoidh an grá in uachtar i dtólamh inár bparóistí. Tá muid i gcroílár rúndiamhair Dé, nuair a mhachnaíonn muid ar an méid seo. Bíodh dóchas láidir agus muinín againn, mar go mbaineann an réalachas seo leis an chinnteacht, go bhfuil an Tiarna Dia, a ghlac nádúr daonna tráth, go fóill linn ar bhóithre an tsaoil seo agus go bhfeicimid a thoradh sin a fh ad agus atá spiorad an tSoiscéil á chraobhscaoileadh againn i mbriathra ár mbéil agus i mbearta ár saoil.

I mo pharóiste féin anseo i nGaeltacht gheal Ghaoth Dobhair, tá forbairt amháin maidir le cúrsaí ailse a thugann tógáil croí agus ardú meanman dom. Ó thus na bliana úire, i gcomharaíocht le heagraíochtaí eile, ghlac coiste bainistíochta Ionad Naomh Pádraig orthu féin, cúram ar scéim na n-eitilt d’othair le hailse. Is seirbhís é seo a chuireann eitiltí fóirdheonaithe ar fáil d’othair le hailse, ó Aerfort Dhún na nGall go hÁth Cliath, ionas go mbeadh ar chumas othar le hailse, cóir leighis a fh áil in otharlanna na hardchathrach. Chan scéal úr ar bith

‘I dtréimhse ghairid de cheithre mhí bailíodh breis agus €31,000 leis an tseirbhís fhíorthábhachtach seo a choinneáil sa siúl.’

é nach bhfuil infreastruchtúr bóithre thar mholadh beirte againn fan taobh seo, agus is mór an mhíchompord é d’othar feidhm a bheith orthu, suí ar bhus nó i gcarr ar bhóithre cúnga casta an iarthuaiscirt, agus suas le cúig uair an chloig taistil a dhéanamh a fh ad le hotharlanna in Áth Cliath. Cuidíonn an tseirbhís eitilte seo go mór leo. Ní amháin atá suntasach faoin tseirbhís seo nó, ó thús na bliana go bhfuil breis agus céad go leith eitilt fi llte cláraithe ag othair le hailse agus a bpáirtithe taistil. Léargas lom na fi giúirí seo, ar líon na ndaoine atá ag streachailt le hailse inár bparóiste agus ins na ceantracha máguaird.

Tá solas gléigeal an dóchais agus na carthanachta le feiceáil ag soilsiú go soiléir ins an scéal seo fosta, sa mhéid is gur pobal na bparóistí agus cairde dár gcuid a thugann tacaíocht agus a dhéanann airgeadú ar an tseirbhís, tré fh eachtais tiomsaithe airgid. I dtréimhse ghairid de cheithre mhí, bailíodh breis agus €31,000 leis an tseirbhís fh íorthábhachtach seo a choinneáil sa siúl. Is dea-sampla an méid seo ar obair bheo na carthanachta. Thiocfadh linn a rá gur fíorshampla a leithéid de chreideamh ag gníomhú go beo.

Mar Chríostaithe aithníonn muid gur chuir Críost tús le hobair na carthanachta. Sular fh ág Sé droim an tsaoil seo, thug Sé ordú do Shíomón Peadar aire agus cúram a thabhairt dá raibh grá aige, is é sin, a chuid caorach. Ar an bhonn sin is rannpháirtithe muid uilig i misean seo an ghrá, a d’fh ág údar an ghrá É féin againn, sa mhéid is go bhfuil sé suas againn anois, lucht leanúna Chríost, bladhaire na carthanachta a choinneáil beo agus obair na carthanachta a thabhairt chun críche inár bparóistí ar son Chríost.

INTINN SHOISCÉALAÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ MHEÁN FÓMHAIR, 2017 Go raibh ár bparóistí ag gníomhú, i spiorad na misinéireachta, chun an creideamh a chraobhscaoileadh agus an charthanacht a thabhairt chun solais.

Foclóirín: Rannpháirtí = duine a ghlacann páirt go gníomhach i mbeart éigin; i gcomharaíocht = daoine ag obair le chéile ar son cúise; ceathán = báisteach éadrom; dealán = tréimhse gheal; bladhaire = lasair.

This article is from: