An Timire - Fómhar 2017

Page 4

4

An tAth. Brian Ó Fearraigh Paróiste Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall

An Creideamh agus an Charthanacht beo san Iarthuaisceart Ag machnamh ar spiorad na misinéireachta mar atá luaite in Intinn an Phápa, smaoiním ar an obair mhór mhaith a rinne agus atá á déanamh go fóill ag misinéirí idir chléir agus tuath. Iadsan a d’fhág cladaigh na hÉireann agus a thug aghaidh le díograis agus dóchas, láidreacht intinne agus aoibhneas croí, ar thíortha agus ar chiníocha coimhthíocha na cruinne le síolta an chreidimh a scaipeadh. Fís inspioráideach a thiomáint ar aghaidh iad ina gcuid oibre, fís preamhaithe i luachanna an tsoiscéil, ar obair agus ar theagasc Íosa Críost. Is obair na carthanachta agus an chreidimh a bhíonn idir lámha ag achan duine a ghlacann orthu féin Soiscéal Chríost a chraobhscaoileadh. Go díreach mar is deartháir den sac an mála, tá dlúthpháirtíocht agus ceangal buan idir creideamh agus carthanacht. Is duilleog agus craobh d’aon chrann amháin na Críostaíochta iad. Ar ndóigh, tá níos mó i gceist le creideamh ná carthanacht amháin, mar gur gealltanas agus muinín i nDia é chomh maith. Is ceart agus is cóir dúinn ár dtallann a úsáid go gníomhach, chan amháin san Eaglais ach ar son ár bpobail chomh maith leis an charthanacht a

Timire Autumn 2017.indd 4

thabhairt chun solais, mar a luann an Pápa. Ceatháin an chineáltais, chomh maith le dealáin geala na carthanachta a chuideoidh agus a choinneoidh an grá in uachtar i dtólamh inár bparóistí. Tá muid i gcroílár rúndiamhair Dé, nuair a mhachnaíonn muid ar an méid seo. Bíodh dóchas láidir agus muinín againn, mar go mbaineann an réalachas seo leis an chinnteacht, go bhfuil an Tiarna Dia, a ghlac nádúr daonna tráth, go fóill linn ar bhóithre an tsaoil seo agus go bhfeicimid a thoradh sin a fhad agus atá spiorad an tSoiscéil á chraobhscaoileadh againn i mbriathra ár mbéil agus i mbearta ár saoil. I mo pharóiste féin anseo i nGaeltacht gheal Ghaoth Dobhair, tá forbairt amháin maidir le cúrsaí ailse a thugann tógáil croí agus ardú meanman dom. Ó thus na bliana úire, i gcomharaíocht le heagraíochtaí eile, ghlac coiste bainistíochta Ionad Naomh Pádraig orthu féin, cúram ar scéim na n-eitilt d’othair le hailse. Is seirbhís é seo a chuireann eitiltí fóirdheonaithe ar fáil d’othair le hailse, ó Aerfort Dhún na nGall go hÁth Cliath, ionas go mbeadh ar chumas othar le hailse, cóir leighis a fháil in otharlanna na hardchathrach. Chan scéal úr ar bith

27/07/2017 19:18


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.