An Timire - Fómhar 2017

Page 1

na hUr na

í

Aspalach t

FOILSEACHÁN ÍOSÁNACH FÓMHAR 2017 €5.00/Stg £3.75

Alan Mac Eochagáin SJ, Easpag Nua Ráth Bhoth Cúram dár Siúr, An Domhan Cearta na nOibrithe Tragóid Chois Fharraige, 1917

Timire 017

www.timire.ie

Comóradh 106 bliain a n Ti m ire 1 911– an Chroí Ró-naofa 2

Timire Autumn 2017.indd 1

27/07/2017 19:18


DÁILEADH: NÍOS MÓ NÁ

1,000 CÓIP Á SCAIPEADH SA RÁITHE

Eagarfhocal

An tSaint Nó Flaithiúlacht Dé?

‘I

s í an tsaint inneall an Mhargaidh agus is sa Mhargadh a chreideann gach duine anois. Ní féidir baint leis.’ Bhí mé ar saoire le gairid. Chaith mé airgead maith orm féin agus ar mo chuid cairde agus chaitheas, freisin, bruscar le bacaigh na sráide, nuair a leomhaigh mé iad a aithint! Ach nílimse santach. An tsaint, baineann sí le daoine eile. Níl rud ar bith cearr le hairgead a chaitheamh ort féin ná le brabach a dhéanamh … Cloisim go leor cainte ar na tithe go léir a thóg rialtais na Poblachta sna tríochaidí nuair nach raibh ach beagán airgid sa tír. Bímid ag fiafraí tuige nach féidir leis an rialtas tithe a thógáil arís anois agus teach thar acmhainn an ghnáthmhúinteora. Ach dá dtógfadh an stát 10,000 féin de thithe taobh istigh d’achar gairid, nach dtitfeadh an tóin as an margadh? Nach dtitfeadh luach ár dtithe féin? Cé a bheadh sásta an mhaoin atá aige a thabhairt uaidh, ar an gcaoi sin, don té atá níos measa as? Agus cé a bhainfeadh buntáiste as? Céard a tharlódh do na hinfheisteoirí, daoine dár

muintir féin, a chuir airgead i dtithe ag súil le brabach chun íoc as oideachas na bpáistí nó chun stór beag a chur i leataobh do lá na coise tinne. Tá an creideamh i riail an mhargaidh fréamhaithe go domhain ionainn ar fad, cheapfainn – .i. go bhfuil sé de cheart againn ár gcuid pinginí féin a chaitheamh mar is áil linn, gan cur isteach ó éinne. Is mór idir sin, áfach, agus an dearcadh go mba bhronntanas ó Dhia gach a bhfuil againn agus é le riar, dá réir sin, ar ár gcomharsa. Agus cé hé féin, mo ‘chomharsa’? An duine a chaill a theach leis an gcúlú eacnamaíochta? An lánúin nach bhfuil in aontíos níos mó leis an mbrú a lean de? An chlann teanntaithe i mB&B? An bhfuil gá le hathrú creidimh? An bhfuil Dia ag glaoch orainne – ormsa – mar a ghlaoigh sé ar Mhaois dul síos i measc a phobail, iad a scaoileadh saor ón nGéibheann? Frainc Mac Brádaigh SJ

Féach: tearmann.com, apostolshipofprayer.org, apostoladodelaoracion.com nó prieraucoeurdumonde.fr

Nóta: Is mór againn tacaíocht ár léitheoirí. Braitheann An Timire oraibh. Níl aon tacaíocht stáit againn. Sin fáth na bhfógraí. Is oth linn nach leor an teacht isteach faoi láthair, in ainneoin na tacaíochta féile a fuair muid ó léitheoirí anuraidh. Is gá mar sin praghas An Timire a ardú go dtí €5.00 an chóip agus €20.00 do tháille na bliana. Mar bheagán cúitimh tá an lón léitheoireachta méadaithe go 48 leathanach.

Timire Autumn 2017.indd 2

27/07/2017 19:18


TIMIRE AN CHROÍ RÓ-NAOFA

Arna fhoilsiú ag na hÍosánaigh 4 6 8 10 12 13 16 19 21 23 26 28 31 36 38 42 45 46 47

An Creideamh agus an Charthanacht An tAth. Brian Ó Fearraigh Caifé Teagmhála Sylvia Bledow Gluaiseacht na Gaeilge Lorcán Mac Gabhann Cearta na nOibrithe Aideen McBride Aitheasc Aifrinn An tAth. Pádraig Standún Cúram dár Siúr, an Domhan Brian Grogan Alan Mac Eochagáin, Easpag Nua Ráth Bhoth Turas Bus sa Phacastáin An tAth. Tomás Mac Con Raoi Céad Bliain Fatima, Cuid II An Br. G.D. De Barra Mol na hÓige Oíche Shamhna! Cuardach Focal Cúinne an Cheoil Barra Ó Séaghdha Im Leabharlann Dom Leabhar na hAthghabhála Seán de Fréine Dún Chaoin, Oscail an Scoil Michael McCaughan Hugh Duffy, Íosánach Umhal An Mine a Mharaigh Naonúr i 1917 Donncha Ó hÉallaithe An tAiteann Dónall Ó Cnáimhsí Aiseolas ónár gCeistneoir Crosfhocal Oideas: Fajitas Síle Ní Chearbhaill

Ar Dheis Dé: Mairéad Ní Chinnéide, Danny Sheehy, An tArdeaspag Dónal Caird, Breandan Core, Seán Ó Conghaile Timire an Chroí Naofa 37 Sráid Líosain Íocht, Baile Átha Cliath 2, D02W938 Guthán: 01 7758502. www.timire.ie r-phost: antimire@gmail.com Eagarthóir Frainc Mac Brádaigh SJ Bord Eagarthóireachta Frainc Mac Brádaigh SJ Bláthnaid Ó Brádaigh An tSiúr Mairéad Ní Bhuachalla Dónall Ó Conaill Caitríona Uí Chatháin Martina Mhic an Phríora Tomás Ó Ceallaigh Fionnuala Mac Aodha An Br. Dónal Ó hÉalaithe Seán Ó Raghallaigh

Timire Autumn 2017.indd 3

Fáiltíonn an tEagarthóir roimh litreacha agus altanna ag an seoladh thuas. B’fhearr ábhar a sheoladh ar dhiosca nó de r-phost, más féidir Iris Oifigiúil Aspalacht na hUrnaí Bunaíodh sa bhliain 1911 Uimh. 468 ISSN: 1649-446 Le cead eaglasta: 14 Meán Fómhair 2017 Ní gá gurb ionann tuairimí ár scríbhneoirí agus tuairimí an bhoird eagarthóireachta Síntiúis Cóip amháin tríd an bpost: €5.00/ Stg£3.75

Go ceann bliana: €20/Stg£15 Seiceanna iníoctha leis An Timire Faoi chúrsaí gnó (síntiúis, Airgid, etc.) scríobh chuig: Timire an Chroí Naofa 37 Sráid Líosain Íocht, Baile Átha Cliath 2, D02W938 Guthán: 01 7758502. www.timire.ie r-phost: antimire@gmail.com Dearadh: Messenger Publications Design Department Clóbhualadh: Watermans Printers Limited

27/07/2017 19:18


4

An tAth. Brian Ó Fearraigh Paróiste Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall

An Creideamh agus an Charthanacht beo san Iarthuaisceart Ag machnamh ar spiorad na misinéireachta mar atá luaite in Intinn an Phápa, smaoiním ar an obair mhór mhaith a rinne agus atá á déanamh go fóill ag misinéirí idir chléir agus tuath. Iadsan a d’fhág cladaigh na hÉireann agus a thug aghaidh le díograis agus dóchas, láidreacht intinne agus aoibhneas croí, ar thíortha agus ar chiníocha coimhthíocha na cruinne le síolta an chreidimh a scaipeadh. Fís inspioráideach a thiomáint ar aghaidh iad ina gcuid oibre, fís preamhaithe i luachanna an tsoiscéil, ar obair agus ar theagasc Íosa Críost. Is obair na carthanachta agus an chreidimh a bhíonn idir lámha ag achan duine a ghlacann orthu féin Soiscéal Chríost a chraobhscaoileadh. Go díreach mar is deartháir den sac an mála, tá dlúthpháirtíocht agus ceangal buan idir creideamh agus carthanacht. Is duilleog agus craobh d’aon chrann amháin na Críostaíochta iad. Ar ndóigh, tá níos mó i gceist le creideamh ná carthanacht amháin, mar gur gealltanas agus muinín i nDia é chomh maith. Is ceart agus is cóir dúinn ár dtallann a úsáid go gníomhach, chan amháin san Eaglais ach ar son ár bpobail chomh maith leis an charthanacht a

Timire Autumn 2017.indd 4

thabhairt chun solais, mar a luann an Pápa. Ceatháin an chineáltais, chomh maith le dealáin geala na carthanachta a chuideoidh agus a choinneoidh an grá in uachtar i dtólamh inár bparóistí. Tá muid i gcroílár rúndiamhair Dé, nuair a mhachnaíonn muid ar an méid seo. Bíodh dóchas láidir agus muinín againn, mar go mbaineann an réalachas seo leis an chinnteacht, go bhfuil an Tiarna Dia, a ghlac nádúr daonna tráth, go fóill linn ar bhóithre an tsaoil seo agus go bhfeicimid a thoradh sin a fhad agus atá spiorad an tSoiscéil á chraobhscaoileadh againn i mbriathra ár mbéil agus i mbearta ár saoil. I mo pharóiste féin anseo i nGaeltacht gheal Ghaoth Dobhair, tá forbairt amháin maidir le cúrsaí ailse a thugann tógáil croí agus ardú meanman dom. Ó thus na bliana úire, i gcomharaíocht le heagraíochtaí eile, ghlac coiste bainistíochta Ionad Naomh Pádraig orthu féin, cúram ar scéim na n-eitilt d’othair le hailse. Is seirbhís é seo a chuireann eitiltí fóirdheonaithe ar fáil d’othair le hailse, ó Aerfort Dhún na nGall go hÁth Cliath, ionas go mbeadh ar chumas othar le hailse, cóir leighis a fháil in otharlanna na hardchathrach. Chan scéal úr ar bith

27/07/2017 19:18


5

‘I dtréimhse ghairid de cheithre mhí bailíodh breis agus €31,000 leis an tseirbhís fhíorthábhachtach seo a choinneáil sa siúl.’ é nach bhfuil infreastruchtúr bóithre thar mholadh beirte againn fan taobh seo, agus is mór an mhíchompord é d’othar feidhm a bheith orthu, suí ar bhus nó i gcarr ar bhóithre cúnga casta an iarthuaiscirt, agus suas le cúig uair an chloig taistil a dhéanamh a fhad le hotharlanna in Áth Cliath. Cuidíonn an tseirbhís eitilte seo go mór leo. Ní amháin atá suntasach faoin tseirbhís seo nó, ó thús na bliana go bhfuil breis agus céad go leith eitilt fillte cláraithe ag othair le hailse agus a bpáirtithe taistil. Léargas lom na figiúirí seo, ar líon na ndaoine atá ag streachailt le hailse inár bparóiste agus ins na ceantracha máguaird. Tá solas gléigeal an dóchais agus na carthanachta le feiceáil ag soilsiú go soiléir ins an scéal seo fosta, sa mhéid is gur pobal na bparóistí agus cairde dár gcuid a thugann tacaíocht agus a dhéanann airgeadú ar an

tseirbhís, tré fheachtais tiomsaithe airgid. I dtréimhse ghairid de cheithre mhí, bailíodh breis agus €31,000 leis an tseirbhís fhíorthábhachtach seo a choinneáil sa siúl. Is dea-sampla an méid seo ar obair bheo na carthanachta. Thiocfadh linn a rá gur fíorshampla a leithéid de chreideamh ag gníomhú go beo. Mar Chríostaithe aithníonn muid gur chuir Críost tús le hobair na carthanachta. Sular fhág Sé droim an tsaoil seo, thug Sé ordú do Shíomón Peadar aire agus cúram a thabhairt dá raibh grá aige, is é sin, a chuid caorach. Ar an bhonn sin is rannpháirtithe muid uilig i misean seo an ghrá, a d’fhág údar an ghrá É féin againn, sa mhéid is go bhfuil sé suas againn anois, lucht leanúna Chríost, bladhaire na carthanachta a choinneáil beo agus obair na carthanachta a thabhairt chun críche inár bparóistí ar son Chríost.

INTINN SHOISCÉALAÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ MHEÁN FÓMHAIR, 2017 Go raibh ár bparóistí ag gníomhú, i spiorad na misinéireachta, chun an creideamh a chraobhscaoileadh agus an charthanacht a thabhairt chun solais. Foclóirín: Rannpháirtí = duine a ghlacann páirt go gníomhach i mbeart éigin; i gcomharaíocht = daoine ag obair le chéile ar son cúise; ceathán = báisteach éadrom; dealán = tréimhse gheal; bladhaire = lasair.

Timire Autumn 2017.indd 5

27/07/2017 19:18


6

Sylvia Bledow Meiriceánach ó dhúchas atá ina cónaí sa Ghearmáin

Caifé Teagmhala – Comóradh 500 Bliain ar Théiseanna Mhártain Liútar i Wittenberg Cuirtear fógra tarraingteach amach i gclós na seanmhainistreach gach Céadaoin. Tá pictiúr cupán deas caifé agus gal ag teacht as le feiceáil air agus thart ar an phictiúr tá scríofa ‘Caifé Teagmhála – oscailte inniu idir 3 agus 5 pm. Fáilte roimh theifigh agus dhaoine áitiúla.’ Agus tú ag siúl isteach sa chlós seo i mbaile beag i ndeisceart na Gearmáine tá suaimhneas agus ciúnas i do thimpeall. Ní mhothaíonn tú rud ar bith den stair chorrach a bhí ann tráth. Tógadh an mhainistir seacht gcéad bliain ó shin. Le linn an Reifirméisin tháinig sí faoi smacht an dreama Liútaraigh. Ba chóir do na manaigh agus don phobal go léir glacadh leis an chreideamh nua. Dhiúltaigh siad. Mar phionós dódh an mhainistir agus an sráidbhaile go talamh. Trí bliana déag ina dhiaidh sin tógadh eaglais nua, eaglais Liútarach. Seachtó bliain níos déanaí bhí an lámh in uachtar ag Impire na hOstaire arís agus thug sé údarás na mainistreach ar ais don ab Caitliceach. Go dtí deireadh an chogaidh sa bhliain 1638 bhí coimhlint chumhachta ar siúl idir an tImpire Caitliceach agus Ard-Diúc Liútarach agus an pobal ag éirí ní ba bhoichte i gcónaí. Ansin d’éirigh an mhainistir agus an sráidbhaile Liútarach agus d’fhan mar sin

Timire Autumn 2017.indd 6

ar feadh tamaill fhada. Ar thaobh na heaglaise faoi scáth flaithiúil na gcrann teile, feiceann tú rud atá i mórchuid de bhailte sa Ghearmáin: leachtanna cuimhneacháin do na saighdiúirí a thit le linn an dá Chogadh Domhanda. Piléar ard bródúil é siúd don Chéad Chogadh. Tá focail thírghrácha, go háiféiseach tírghrácha dúinne, le léamh faoin iolar dochloíte atá ina shuí ar fhara ag barr an leachta. Ansin, ainmneacha na saighdiúirí. I bhfad níos simplí an leacht don Dara Cogadh. Níl ach ainmneacha agus dátaí na mbás air. Na sloinnte céanna le léamh arís is arís eile ar an dá leacht cuimhneacháin – clanna iomlána na nglúnta a maraíodh. Ach anois cloiseann tú cheana glórtha agus gáire na bpáistí atá ag súgradh os comhair an chaifé. ‘Hallo! Hallo!’ ar siad. ‘Wie geht’s?’ Tá an-saol sa chaifé, lasmuigh agus istigh. Siosarnach cainte, meascán Araibise, Gearmáinise agus canúna áitiúla. D’oscail bean chéile an mhinistir Liútaraigh an caifé i dtús na bliana 2016 agus an sráidbhaile á líonadh le teifigh as an tSiria, le deis a thabhairt dóibh teacht le chéile agus teagmháil a dhéanamh le daoine áitiúla. Déanann an bhean féin na cístí agus an caifé a bhíonn ar díol ar

27/07/2017 19:18


7

‘Tá cóipeanna dátheangacha den Tiomna Nua, in Araibis agus Gearmáinis, ar chúpla bord ach is iad an comhrá, an tuiscint agus an teacht le chéile is tábhachtaí.’ chaoga ceint. Cabhraíonn mná agus cailíní as an tSiria léi. Tá tae agus sú saor in aisce do na páistí. Roimh an Nollaig agus an margadh traidisiúnta San Nicholás ar siúl bhí seastáin le hearraí Nollag agus bia amuigh faoin aer sa chlós. Osclaíodh an Caifé Teagmhála fosta agus bhí tairiscint ar leith le fáil ar rogha bia blasta as an Neasoirthear: duilleoga fíonchaora, domplagáin as bulgar agus milseog as seasaman. Tá an paróiste Caitliceach gníomhach chomh maith. Má bhíonn ocáidí móra ann ag a bhfuil baint leis na teifigh, cruinnuithe nó bainiseacha, mar shampla, is féidir leo an halla mór a úsáid. Mhaolaigh an t-achrann idir an dá phríomhchreideamh anseo fada ó shin, den chuid is mó. Diomaite de na teifigh agus daoine ón ‘chiorcal cairdis’ a eagraíodh le tacaíocht a thabhairt dóibh, tagann dream eile go rialta chuig an Chaifé Teagmhála. Daoine dífhostaithe iad a bhíonn sásta cáca blasta

a ithe ar phraghas íseal in atmaisféar cairdiúil. Bíonn siad ag comhrá leis na teifigh agus á spreagadh le feabhas a chur ar a gcuid Gearmáinise. Meascán creidimh atá sa chaifé: Moslamaigh, Caitlicigh, Protastúnaigh, Iasaídigh, daoine gan chreideamh. Tá cóipeanna dátheangacha den Tiomna Nua, in Araibis agus Gearmáinis, ar chúpla bord ach is annamh a osclaítear iad. Is iad an comhrá, an tuiscint agus an teacht le chéile is tábhachtaí. Bíonn siad sona sásta agus iad ag fágáil slán i ndiaidh dhá uair an chloig. ‘Tschüss! Auf Wiedersehen! Ma’a as-salāmah!’ Sa bhliain 2017 déantar comóradh ar 500 bliain i ndiaidh do Mártan Liútar a chuid téiseanna a fhógradh i Wittenberg. Cuimhnítear ar an tionchar a bhí aige ar fud na cruinne. Nach údar ceiliúrtha é go bhfuil caifé éacúiméineach i gclós na mainistreach anois? Ceiliúradh éagsúlachta, dóchais agus daonnachta.

Foclóirín: Liútaraigh = dream Mhártan Liútar; leacht cuimhneacháin = monument; domplagáin = dumplings; Iasaídigh = Yezides, grúpa eitnea-reiligiúnach sa Neasoirthear a ndéanann an ‘Stát Ioslamach’ géarleanúint orthu.

Timire Autumn 2017.indd 7

27/07/2017 19:18


8

Lorcán Mac Gabhann Ceannasaí Ghlór na nGael

Gluaiseacht na Gaeilge I measc na dtréithe atá agam, is Gaeilgeoir mé. Labhraím Gaeilge san ionad oibre, i measc cairde agus i measc mo theaghlaigh. Glacaim gach deis í a fhorbairt mar theanga pobail agus í a chur chun cinn mar rogha theanga i measc na ndaoine a gcaithim am leo. Is náisiúnaí mé freisin.Tá dílseacht agus grá agam don tír inar rugadh mé, inar tógadh mé agus a chothaigh mé mar dhuine. Nuair a thosaigh mé ag plé fhorbairt na teanga, siar san Ré Dhorcha, bhí ann do ghluaiseacht Ghaeilge náisúnta. Is é an tuiscint a bhí agam ag an am, atá fós agam, ar Ghluaiseacht na Gaeilge ná gur aon chlann amháin a bhí ann. Ar nós clann ar bith eile, bhí sé scapthe ar fud na cruinne, ach go háirithe ar fud oileán na hÉireann. Is dócha gur chuidigh an ‘traenáil’ a fuair mé le Coláiste na bhFiann an dearcadh go bhféadfainn a bheith mar chuid d’iarracht náisiúnta a d’imreodh tionchar ar iompar teanga an náisiúin. Agus mé fós i mo ghasúr an-óg chuir mé aithne ar dhaoine óga eile ó, nach mór, chuile chontae sa tír. Is léir go ndeachaidh sin go mór i bhfeidhm orm agus gur thuig mé go luath go raibh luach dochreidte leis an teanga mar nasc cairdis.

Timire Autumn 2017.indd 8

Mar cheann de na chéad ‘mhisin’ gur thug mé faoi mar dhéagóir, bhí deireadh seachtaine in iarthar Bhéal Feirste. Níl mórán cuimhne agam air, ach go rabhamar ag múineadh Gaeilge do dhaoine fásta mar chuid de dhianchúrsa deireadh seachtaine sa Conway Mill agus gur fhanamar i dteach ar Bhóthar Seoighe. Tagann ‘misin náisiúnta’ eile chun cuimhne, ina measc tréimhse a chaith mé ag taisteal na tíre le hÍte Ní Chionnaith (a bhí mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge ag an am) ag spreagadh spéis an phobail in Acht Teanga, nó a bheith gafa le cásanna dlí leithéidí Bhriain Uí Bhaoill agus Chiaráin Uí Fheinneadha a cuireadh sa phíosún toisc nár íoc siad a gceadúnas teilifíse; nó a bheith gafa le cás Bhríd Uí Dhomhnaill sa Sraith Salach a d’fhualaing baghcat ar a seomra ranga toisc gur éiligh sí aifreann Gaeilge do phobal Gaeltachta. San am sin, in am an ghátair, thainig Gluaiseacht na Gaeilge le chéile mar aon ghluaiseacht amháin agus le haon ghuth amháin nuair a bhí cuid den ‘chlann’ i dtrioblóid nó faoi bhagairt nó faoi bhrú nó ag lorg cúnamh faoi leith. Is folláin í an Ghluaiseacht Ghaeilge sa bhliain 2017, cinnte, ach is gluaiseacht í atá éagsúl go hiomlán ó ghluaiseacht

27/07/2017 19:18


‘Tá ag éirí le formhór na bpobal a gcuid éileamh a fhíorú ach tá roinnt pobail eile atá ró-lag leis an bpointe bua sin a bhaint amach.’

daichead bliain ó shin. Tá sí i bhfad Éireann níos áitiúla agus pobalbhunaithe. Tá fócas na gluaiseachta níos dírithe ar na pobail áitiúla agus is maith sin. Tá an ghluaiseacht reatha níos cosúla le bailiúcháin de ghluaiseachtaí teanga pobalfhréamhaithe agus go hiomlán dírithe ar a riachtanais féin. De réir eolaíocht na pleanála teanga tá an fócas féin-dírithe seo le moladh agus mar dhúshraith ríthábhachtach d’aon phobal atá chun tabhairt faoi fhorbairt úsáid na Gaeilge. Cé go bhfuil na gluaiseachtaí áitiúla teanga fud fad na tíre le moladh go hard, tá mé buartha nach bhfuil dóthan aird á léiriú acu d’fhadhbanna teanga lasmuigh dá gceantair féin. Tá feachtais éagsúla teanga faoi lán tseoil faoi láthair agus, lasmuigh de sháriarrachaí Chonradh na Gaeilge, tá siad á bhfobairt beag beann ar a chéile. Tá tacaíocht d’Acht na Gaeilge ag teacht d’fhormhór ó phobal an Tuaiscirt. Bhí glór an éilimh do churaclam speisialta oideachais Ghaeltachta le cloisteáil

9

go príomha sa Ghaeltacht. Tá éilimh d’fhorbairt na gaelscolaíochta i mBaile Átha Cliath aitheanta mar cheist do phobal na hardchathrach amháin. Tá éileamh ar oideachas iarbhunscoile do Shligeach/ Liatrom fágtha go príomha faoi phobal an dá chontae sin. Níl ansin ach samplaí agus tá na céadta eile cosúil leo. Tá, diaidh ar ndiaidh, ag éirí le formhór na bpobal a gcuid éileamh a fhíorú ach tá roinnt pobail eile atá ró-lag leis an bpointe bua sin a bhaint amach. Sna cásanna seo, braithim gur níos laige atá siad de bharr easpa gluaiseachta náisiúnta a thugann ‘aire’ dá chéile. Ní cáineadh é an t-alt seo ar phobal ar bith atá láidir agus cumasach mar phleanálaithe teanga áitiúla. Tá sár-obair ar siúl agus seirbhísí den chéad scoth á gcur ar fáil ag grúpaí pobail Gaeilge dá bpobail, idir óg agus aosta. Ar nós míreanna mearaí atá i mbosca, is deise agus is áille é lasmuigh den bhosca agus mar aon phictúr amháin.

Foclóirín: míreanna mearaí = puzal i bpíosaí; dúshraith = bonn bunúsach.

Timire Autumn 2017.indd 9

27/07/2017 19:18


10

Aideen McBride Scéalaí

An Ceart Chun Oibre Bhronn Dia rud iontach orainn go léir nuair a chuir sé inár mbeatha sinn, agus is mó duine a thuigeann go dtagann cearta do gach duine leis an saol – cearta uisce, bia, oideachais is leighis. Cé go bhfuil an domhan seo trína chéile faoi láthair, tuigeann an chuid is mó dínn go bhfuilimid go léir freagrach as torthaí an domhain a thug Dia dúinn a roinnt go cothrom cruinn le gach duine, agus tá daoine ag obair go dian i ngach tír leis na boicht, na hocraigh is na heasláin. Leis an mbeatha a bhronn Dia orainn, bhronn sé na mílte buanna chomh maith. Níor thug sé dúinn iad go gcuirfimis i bhfolach iad mar a rinne an fear leis an talann amháin san fháthscéal, nó go gcoimeádaimis dúinn féin iad. Tá Dia flúirseach leis na buanna siúd mar iarrann sé orainn iad a úsáid, is go rachaidh siad i méid leis an úsáid. Mar is ionann le cearta daonna, is cinnte go bhfuil an ceart ag gach duine a bhuanna féin a úsáid. Más ceoltóirí iad – ceol a sheinnt, más ealaíontóirí iad – pictiúir a tharraingt, más treoraithe iad – bealach nua a thaispeáint, más eolaithe iad – staidéar a dhéanamh, dochtúirí ag tabhairt leighis agus banaltraí ag tabhairt aire. Bíonn Dia ag iarraidh a bheith i ngaol linn tríd an

Timire Autumn 2017.indd 10

obair a bhíonn á déanamh againn, bíodh sé á déanamh don táille nó don ghrá. Tá an t-ádh liom, is scéalaí mé agus is minic a bhíonn seans agam an bua a thug Dia dom a úsáid i scoileanna, i leabharlanna agus ag féilte timpeall na tíre. Tá an t-ádh liom chomh maith go bhfuil daoine ann agus tuigeann said an fiúntas atá leis an scéalaíocht. Bíonn seans agam chomh maith an bua a thug Dia dom a úsáid ar son Dia féin, ag insint scéalta ón mbíobla do pháistí i scoileanna. Tugann sé fuinneamh speisialta dom é sin a dhéanamh, tugann sé mothú an chomhlíonta dom agus is maith an t-airí dúinn go léir an mothú sin. Níl mé saibhir, níl mé ag iarraidh a bheith i mo mhilliúnaí. Mar scéalaí, mar atá sé leis an gcuid is mó den obair chruthaitheach, ní bhíonn a fhios agam cathain a bheidh an chéad phost eile, cathain a lorgóidh daoine scéalaí. Caithfidh mé muinín a bheith agam go dtiocfaidh an obair agus an t-airgead nuair a bheidh sé uaim. Le blianta anuas ní raibh aon seachtain nach raibh an cíos againn, nó nach raibh go leor le n-ithe againn. Ní raibh aon turas scoile a raibh orainn a rá lenár bpáistí ‘Ní féidir libh dul mar níl an t-airgead againn’, agus gach

27/07/2017 19:18


11

‘Chonaic mé daoine i rith an ama agus a spiorad ag meathlú mar gheall ar chosc ar a mbuanna a úsáid.’ lá a fhaighim obair tugaim glóir do Dhia, buíochas do Dhia agus foghlaimím níos mó faoin ngrá atá Aige dúinn go léir. D’oibrigh mé ar feadh tamaillín ag bailiú scéalta traidisiúnta ó roinnt dídeanaithe agus iarrthóirí tearmainn a bhí ina gcónaí sa tír ag an am. Bhí mé ag bailiú na scéalta traidisiúnta mar thionscnamh mar ní raibh cead ag na daoine a bhí ag fanacht ar phaipéir oifigiúla dul ag obair, nó dul ar chúrsaí fiú amháin. Ba fhada na laethanta a bhí le líonadh acu, gan ach €19 sa tseachtain acu. Bhí ar na dochtúirí, dlíodóirí is bainisteoirí sin a bheith ag an ionad

cúraim sealadach chun a mbéilí a fháil ag am áirithe. Chonaic mé daoine i rith an ama a raibh mo thionscnamh ar siúl agus a spiorad ag meathlú mar gheall ar chosc ar a mbuanna a úsáid. Fós tá sin ar siúl in Éirinn. Daoine a raibh orthu teitheadh ó chontúirt ag lorg áite ina mbeidis in ann a gcuid buanna a roinnt leis na daoine thart orthu, ag iarraidh ceol a sheinnt, pictiúir a tharraingt, scéalta a insint, leigheas a thabhairt, obair a dhéanamh agus ní thugann an tír seo cead dóibh. Tuigim an mothú comhlíonta a fhaighim ó bheith in ann mo chuid buanna a roinnt, ba chóir go mbeadh na cearta céanna ag gach duine.

INTINN UILÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ DHEIREADH FÓMHAIR, 2017 Go raibh meas ar gach uile oibrí agus go gcosnaítear a gcearta, agus go dtugtar deis do na daoine dífhostaithe an leas coiteann a chur chun cinn. Foclóirín: is maith an t-airí = tá sé tuillte go maith; ag meathlú = ag dul i ndísc, ag dul as.

Timire Autumn 2017.indd 11

27/07/2017 19:19


12

An tAth. Pádraig Standún Sagart Paróiste Charna, Co. na Gaillimhe

Aifreann do Mhuintir Chill Chiaráin agus Gaeilgeoirí eile – Sliocht as Aitheasc

An Ghaeltacht Craoltar an tAifreann seo beo ar Raidió na Gaeltachta in aitheantas agus in onóir na ndaoine óga atá ar chúrsaí Gaeilge sa gceantar, ní amháin i rith na míosa seo, ach i rith an tsamhraidh ar fad. Iarraimis beannacht Dé orthu agus ar mhuintir na háite chomh maith leo. Beannacht ar a gcuid múinteóirí, ar na mná agus fir tí a thugann aire dóibh, ar na tiománaithe bus a thugann ó ait go háit iad, agus ar na daoine atá ag éisteacht linn ar fud na tíre nó ar fud an domhain ar dheiseanna éagsúla. Is minic raite go mbíonn Gaeilgeoirí ag caoineadh ag teacht is ag imeacht dóibh, caoineadh i ndiaidh an bhaile nuair a thagann siad, agus ag caoineadh na gcairde agus na ndaoine ar thit siad i ngrá leo ag imeacht dóibh. Tá cúig bliana is dhá scór caite agamsa mar shagart i nGaeltachtaí na Gaillimhe agus Mhaigh Eo, agus is mar seo a bhreathnaím ar an nGaeltacht: Tá níos mó i gceist ná Gaeilge. Seo í an t-aon áit sa tír nár éirigh le fórsaí ón taobh amuigh na focla a thógáil amach

Timire Autumn 2017.indd 12

ó bhéil na ndaoine. D’éirigh le muintir na nGaeltachtaí a dteanga a choinneáil beo in ainneoin brú millteanach. Ní ag caitheamh anuas ar Bhéarla atá mé – is maith liom go bhfuil an lá tagtha go bhfuil Gaeilge agus Béarla ar a dtoil ag muintir na háite, ach go labhraíonn formhór na ndaoine Gaeilge i gcónaí. Seo í an tír nár ceansaíodh. Seo í an tír nár cuireadh faoi smacht, nár cuireadh faoi chois ariamh, an tír nár dearnadh coilíneacht uirthi. An bhfuil iontas ar bith gur chuig na Gaeltachtaí a tháinig roinnt mhaith de cheannairí Éirí Amach na Cásca 1916 len a n-ionspioráid chultúrtha agus teangan a fháil? Tá creideamh láidir le brath sna Gaeltachtaí, ach tá sórt saoirse chreidimh iontu freisin nach bhfuil le fáil i ngach áit, dearcadh níos oscailte agus níos leathanaigeantach ag daoine. Tabhair libh cuid de shaol agus de chultúr agus de shaoirse intinne na háite chomh maith leis an Ghaeilge. Le caoinchead Raidió na Gaeltachta, a chraol an tAifreann ar 10 Iúil 2016.

27/07/2017 19:19


13

Phyllis Brady, an tSr Bernadette Deegan (Teaghlach Naofa Bordeaux), an tSr Helen Grealy (Cenacle), Brian Grogan (Na hÍosánaigh) agus Elaine O’Leary

Líonra Paidreoireachta agus Cúraim Dár Siúr, an Domhan FÍS Sa bhliain 2014 chuir grúpa beag bídeach tús le comhrá i dtaobh cad a bhí le déanamh chun cuidiú le fuinneamh úr a chur isteach san Eaglais in Éirinn. Rinne muid machnamh ar thagairt Newman d’oileáin an Tuaiscirt – an Bhreatain agus Éire – mar ‘stóras na haimsire atá caite agus ionad breithe na todhchaí’. Agus smaoinigh muid ar cad ba chiall dúinn é sin sa lá inniu. Thug Laudato Si i Meitheamh 2015 an léargas dúinn chun díriú ar an bhfuinneamh ceilte a bhaineann le hÁiteacha Beannaithe na hÉireann i dtaca leis na riachtanais ar a dtugann an Pápa ‘Ár mBaile Coiteann’. Is é atá inár nÁiteacha Beannaithe ná ‘seoid atá i bhfolach i ngort’ (Mt 13:44). Bhí caidreamh comhchuí ag na luathChríostaithe in Éirinn le domhan an dúlra: mheas siad go raibh an chruthaíocht líonta le fuinneamh Dé, ar ar thug siad Neart Dé. Labhair siad faoi ‘áiteacha tanaí’, áit a raibh an deighilt idir an dúlra agus an diagacht póiriúil agus an fuinneamh láidir ag fanacht le go mbainfí leas as. Mar sin ár gcuid Áiteacha Beannaithe líonmhara, go háirithe toibreacha beannaithe a bhféadfadh trí mhíle díobh sin amháin a bheith ann.

Timire Autumn 2017.indd 13

Is mar sin a cuireadh tús leis an tionscadal ‘Gean dár Siúr, an Domhan’. Is í a fís ná comhréiteach uilíoch. Agus a straitéis: líonra paidreoireachta agus cúraim a chruthú timpeall ar na hÁiteacha Beannaithe dár mBaile Coiteann agus dá chuid áitritheoirí go léir, go mór mór iad siúd faoi mhíbhuntáiste. Is freagairt Éireannach é sin atá fréamhaithe inár n-oidhreacht Chríostaí ar na dúshláin atá curtha i láthair in Laudato Si. Cuirfidh ‘Gean dár Siúr, an Domhan’, tá súil againn, lenár mbraistint ar an gcuspóir agus ar an gcomhoibriú náisiúnta i dtaobh ábhar imní coiteann, agus bainfidh leas as an dúil atá go forleathan istigh i ndaoine dea-thola an comhshaol a chosaint ina gceantar áitiúil féin. ÁR gCUID ÁITEACHA BEANNAITHE Baineann saibhreas ar leith d’Éirinn leis na hÁiteacha Beannaithe – toibreacha; oileáin; sléibhte; carraigeacha Aifrinn; cloigthithe; mainistreacha; ArdChroiseanna; clocháin choirceogacha; cosáin oilithrigh, agus tuilleadh: féach ár láithreán gréasáin www. lovingsisterearth.com, nó lean muid ar Facebook, Twitter nó YouTube. Le tacaíocht na nEaspag tá daoine

27/07/2017 19:19


14 teagmhála á sainaithint againn lenar féidir linn ceangal a dhéanamh ionas go mbeidh gach paróiste in ann a gcuid Áiteacha Beannaithe féin a shainaithint, a chóiriú agus a chur chun cinn. Tig le Comhairlí Tréadacha Paróiste, staraithe áitiúla, leabharlannaithe agus scoileanna cuidiú sa ghnó seo. Ar ndóigh tá cuid mhaith ar siúl cheana féin chun scrínte áitiúla agus a gcuid naomh a aibhsiú, agus tá ábhar ollmhór ar an ngréasán. MACHNAMH In Áit Bheannaithe bíonn teangmháil againn leis an domhan ar bhealach atá simplí agus díreach: na clocha, an ghaoth, an féar, na crainn, bláthanna, éin, feithidí, solas, scamaill, báisteach, spéir, solas na gréine, scáileanna, fuaimeanna . . . Agus grá do na rudaí simplí sin ag méadú ionainn, tagann an fuinneamh chugainn is gá chun cúram a dhéanamh díobh, de bhrí go dtugann ár scrínte beannaithe fuinneamh spioradálta: foilsíonn siad an diagacht. Amhail Mhaois fadó, éirímid níos mórálaí: bainimid na cuaráin dár gcosa mar go mbraithimid gur talamh naofa í an áit ina bhfuilimid inár seasamh (féach Eacsadas 3:5). GNÍOMHAÍOCHT ÁITIÚIL Féadfaidh machnamh simplí den chineál sin a bheith ina threoir don ghníomhaíocht: déanaimid iarracht na rudaí a bhfuil grá againn dóibh a chosaint. Ar ndóigh is dúshlán é sin de bhrí go bhféadfadh sé éileamh gan choinne a dhéanamh. Tugaimid cuireadh do dhaoine iniúchadh a dhéanamh i gcomhar ar conas cúram a dhéanamh dá dtimpeallacht áitiúil agus dá gcuid bochtán, cibé acu le tacú le tionscnamh nó trí thabhairt faoi thionscnaimh nua. Braitheann cibé rath a bheidh ar ‘Gean dár Siúr, an Domhan’ go huile is go hiomlán ar thionscnaimh áitiúla: is gluaiseacht don chosmhuintir í atá ag brath ar chumhacht daoine i

Timire Autumn 2017.indd 14

gcomharsanacht agus ní ar an lár-rialú. Nuair a éiríonn le rudaí maithe is féidir leo siúd atá bainteach leo a rá go sásta, ‘Rinne muid féin é!’ Fógróidh ár láithreán gréasáin imeachtaí náisiúnta atá ag teacht agus cuirfidh acmhainní ar fáil ar féidir a chur in oiriúint go háitiúil. Mar shampla, tá Dé Domhnaigh 18 Meitheamh á chur chun cinn againn mar Lá Náisiúnta na dToibreacha Beannaithe, toisc gur labhair an Pápa Proinsias go minic faoi bhronntanas luachmhar an uisce agus faoin dúshlán a bhaineann len é a chur ar fáil don uile dhuine, go háirithe iad siúd is mó atá ina ghátar. Níos déanaí leagfaimid béim ar 1 Meán Fómhair, an dáta bliantúil atá socraithe ag an bPápa mar Lá Domhanda Paidreoireachta don Chruthaíocht. Foilseoimid moltaí, na rudaí ar éirigh leo agus na rudaí nár éirigh leo, de bhrí gur eachtra i gcomhroinnt atá in ‘Gean dár Siúr, an Domhan’, trí nasc a dhéanamh idir an t-am atá caite, an lá inniu agus an todhchaí. SOLAS DO NA NÁISIÚIN Táimid ag súil go mbeidh Éire ina ‘solas do na náisiúin’ trí cheisteanna reatha idirnáisiúnta a nascadh le hoidhreacht Chríostaí na hEorpa. Ina aitheasc do Chomhairle na hEorpa (Samhain 2014) labhraíonn an Pápa Proinsias faoin tasc a bhaineann leis an Eoraip a atógáil i spiorad na comhsheirbhíse trí leas a bhaint as a hatharthacht (oidhreacht) ársa chreidimh. Cuireann sé an Eoraip i gcomparáid le crann poibleoige, atá fréamhaithe go domhain, agus a chuid craobhacha ag síneadh i dtreo na spéire; ach má cheiltear bia ar na fréamhacha tosaíonn an crann go léir ag fáil bháis. Deir sé, ‘Ní mór na fréamhacha seo a lorg, a aimsiú agus a chothabháil le cleachtas laethúil cuimhne, de bhrí go seasann siad d’Atharthacht ghéiniteach na hEorpa’. Trínár gcásmhaireacht don chomhshaol a bhunú ar bhonn láidir eispéaras creidimh, tá súil againn go dtiocfaidh braistint ar

27/07/2017 19:19


15

‘Agus grá do na rudaí simplí ag méadú ionainn, tagann an fuinneamh chugainn chun cúram a dhéanamh díobh, de bhrí go bhfoilsíonn ár scrínte beannaithe an diagacht.’

cad is rud beannaithe ar ais chuig an Eoraip i riocht chomhfheasa treisithe ar áilleacht agus mistéir Phláinéad an Domhain agus ar dhínit dhosháraithe an uile dhuine. I ndeireadh na dála is é sin bunúdar ‘Gean dár Siúr, an Domhan’. Coinneoimid an Vatacáin ar an eolas trí mheán an Chairdinéal Peter Turkson, atá freagrach as Forbairt Dhaonna Chomhtháite a chur chun cinn. Chuir an grúpa seo tús lena gcuid oibre

Timire Autumn 2017.indd 15

in Eanáir 2017. Agus iad ar a gcuairt ar an Róimh an mhí chéanna chuir Comhdháil Easpagóideach na hÉireann ár dtionscadal in iúl dó. Mar sin tá aithne orainn in ionaid mhór le rá! Tá súil againn nuair a thagann an Pápa Proinsias ar cuairt i Lúnasa 2018 go mbeidh sé sásta leis an tionscadal seo a dhéanann freagairt ar Laudato Si agus a chothaíonn fréamhacha na hEaglaise in Éirinn araon.

27/07/2017 19:19


16

Fearadh na Fáilte Roimh Easpag Nua Ráth Bhoth Is é Alan Mac Eochagáin, sagart de chuid Chumann Íosa, atá ceaptha mar Easpag ar dheoise Ráth Bhoth i gcomharbacht ar an Easpag Philip Boyce. Orthu siúd a d’fháiltigh roimh an gceapachán tá Leonard Maloney, Próibhinseal na nÍosánach in Éirinn, agus chuir sé guí agus dea-mhéin bhaill uile na Proibhinse le Alan. Ag fáiltiú roimh an gceapachán, thagair Ardeaspag Ard Mhacha agus Príomháidh na hÉireann uile, Éamonn Ó Máirtín, don taithí fhairsing agus do na buanna a bhéarfaidh an tAth. Mac Eochagáin chuig an mhinistreacht nua seo de bharr a thaithí i réimsí an oideachais agus na cumarsáide agus a sháite is a bhí sé le tamall anuas sa phleanáil agus sa bhforbairt do chúraimí pastúireacha ár linne i ndeoise an Dúin agus Choinnire. Rugadh an tAth. Alan i Muileann na Cloiche i gCo. Aontrama sa bhliain 1953. Eisean an duine ab óige as seisear clainne agus tá beirt deartháireacha leis, Micheál agus Bearnard, ina sagairt i gCumann Íosa freisin. I ndiaidh tús scolaíochta i Muileann na Cloiche agus i gColáiste Mhic Nissi i dTúr an Ghearráin, rinne sé staidéar ar an nGaeilge agus ar an bhFealsúnacht Scolaíoch i gColáiste na Banríona i mBéal

Timire Autumn 2017.indd 16

Feirste. Thug a luiteacht mhór le Gaeilge chuig Rann na Feirste é don chéad uair i 1968 agus tá sé ag triall ar Ghaeltacht Thír Chonaill ó shin i leith. Bhain sé amach céim i Laidin agus Spáinnis ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus céim mháistreachta in aistriúchán na Gaeilge ó Choláiste na Banríona. Chuaigh sé isteach i gCumann Íosa i 1972 agus rinneadh sagart de i 1984. Ar chúrsa oiliúna na sagartóireachta rinne sé staidéar ar an bhFealsúnacht in Institiúid Bhaile an Mhuilinn i mBaile Átha Cliath agus ghnóthaigh céim mháistreachta agus Céim an Cheadúnaigh (‘STL’) sa Diagacht i gColáiste Diagachta Toronto. I ndiaidh a oirnithe i 1984, chaith sé ceithre bliana i gColáiste Choill Chluana Gabhann agus ansin thug sé leathbhliain don athnuachan spioradálta i ndeisceart na hIndia agus tamall ag fónamh i mbaile bocht i gCathair Quezon sna Filipínigh. Bhí baint aige le bunú an tSuímh Idirlín www.tearmann.com mar aon le catholicireland.net (Caitlicigh ar an nGréasán) agus Seirbhís Teilifíse na hEaglaise. Thug sé os cionn deich mbiana ina eagarthóir ar An Timire agus Foilseacháin Ábhar Spioradálta. Sa bhliain 2009 foilsíodh a leabhar féin, Scéal an

27/07/2017 19:19


17

agus déanamh dá réir go tuisceanach. Seo cuid dá raibh le rá ag an Ath. Alan faoina cheapadh: ‘Tháinig mé chun na deoise seo agus an chontae seo den chéad uair i 1968 chun freastal ar Choláiste Bhríde i Rann na Feirste. Cuireadh síol ansin ag an am sin. Mhothaigh mé go raibh mé ar mo chompord i Rann na Feirste agus sa chontae seo trí chéile. Mar sin de tá mé ar mo shuaimhneas. Creidim ó chroí go mbeidh mé sa bhaile sa deoise seo.’ Thar ceann An Timire agus ár léitheoirí uile, guímid gach rath agus beannacht ó chroí ar an Athair Alan ina chúraimí nua mar Easpag.

Oilithrigh, mar a bhfuil beatha Iognáid Loyola ina chuid focal féin agus é aistrithe ag Alan ón mbunleagan Spáinnise. Le blianta beaga anuas bhí sé ag obair mar stiúrthóir agus mar áisitheoir ar an tionscnamh An Eaglais Bheo leis an gcléir agus tuataí i nDeoise an Dúin agus Choinnire agus bhí sé ina shéiplíneach ag a lán de Ghaelscoileanna na Deoise agus tamall in Ollscoil Chúil Raithin. Creideann Alan go daingean i bpáirt le Naomh Iognáid gur deimhin go bhfuil tionchar ag an Spiorad Naomh i saol an duine aonair agus i saol an phobail ach a bheith sásta éisteacht go géarchúiseach

Tomhas an Timire: 189

1

2

3

4

5

6

7

8

9

Leid: Paróiste nua an Easpaig Mhic Eochagáin. Tóg litir as gach focal chun an freagra a fháil. OSCAILTE, BOTH, HATA, TEAS, TRÁTHNÓNA, ROTHAR, ARÁN, BEACH, PHÓS DUAIS: Dearbhán €20 nó ceithre leabhar a roghnú as catalóg FS ar Timire.ie (ach nóta a chur chugainn le d’iontráil.) Scríobh TOMHAS ar chlúdach do litreach, Foclóirín: xxx =agus xxx; seol do réiteach, mar aon le d’ainm agus seoladh chuig An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 16 Deireadh Fómhair, 2017 Tomhais 188: Freagra: FATIMA Buaiteoir : Rós Uí Bhraonáin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe.

Timire Autumn 2017.indd 17

27/07/2017 19:19


Timire Autumn 2017.indd 18

27/07/2017 19:19


19

An tAth. Tomás Mac Con Raoi Columbánach a chaith tréimhse sa Phacaistán

Luach na nDaoine Thar a Chéile ar Thuras Bus Uair amháin bhí mé i mo shuí i mbus ag stad an bhus i mBadin, cathair i Sindh, i ndesisceart na Pacastáine. Ní raibh ach fíorbheagán daoine sa bhus; mar sin d’fhan an tiománaí agus fear na dticéad go dtí go dtiocfadh paisinéirí eile. Lá te brothallach a bhí ann; tháinig mangaire isteach sa bhus, crúiscín agus dhá ghloine á n-iompar aige, súil aige gan dabht deoch fuar a dhíol do na paisinéirí. Bhí mé den tuairim ón gcruth a bhí air gur Musalmach ó Sindh a bhí ann agus é ag iarraidh riachtanaisí na beatha a sholáthar dó féin is dá chlann. Suite sa suíochán os mo chomhair amach, bhí fear agus a iníon, ise timpeall seacht mbliana d’aois. Mheas mé gur bhain siad le ceann de na treibheanna ‘untouchable’ nach féidir aon chaidreamh nó baint a bheith ag aon duine leo. D’iarr an cailín ar a hathair deoch fuar a cheannach di. Leag an mangaire an dá ghloine a bhí aige ar shuíochán folamh agus amach as a phóca thóg sé timbléar déanta as alúmanam. Dhoirt sé an deoch fuar isteach ann agus thug don chailín é. Nuair a bhí sí críochnaithe d’ordaigh an t-athair deoch dó féin; úsáideadh an timbléar céanna. Nuair a bhí a shá ólta aige d’íoc an t-athair an mangaire.

Timire Autumn 2017.indd 19

Ba chomhartha an timbléar alúmanam de sheasamh íseal an athar agus an chailín i measc an phobail. Dá ligfeadh an mangaire do dhaoine ó cheast íseal deoch a ól as na gloiní ní úsáidfeadh na paisinéirí eile iad. Is cinnte go mbeadh an mangaire den tuairim go raibh stádas níos airde aige féin ná mar a bhí ag an bhfear agus ag an gcailín; ach mar sin féin ní raibh drogall ar bith air a gcuid airgid a ghlacadh uathu. Léiríonn an eachtra seo agus an-chuid eachtraí cosúil léi go bhfuil cumhacht nach beag ag an gcóras ceast fiú amháin sa lá atá inniu ann – é sin in ainneoin go bhfuil an creideamh Ioslamach go mór i gcoinne idirdhealú éagórach a chleachtadh idir dhaoine. Mheas an mangaire agus an fear go raibh ar tharla ‘nádúrtha’; bhí an cailín óg ag foghlaim conas mar a oibríonn an saol mór. Ó thús aimsire chuireadh an duine daonna a fhéiniúlacht in iúl trí bhéim a leagan ar an éagsúlacht idir é féin agus daoine eile. Ceann de na samplaí is measa den chlaonadh seo ná an córas ceast a d’eascair in ilchríoch na hIndia, na mílte bliain ó shin. Cé nach ndéantar mórán tagairt dó sa Phacastáin sa lá atá anois ann, is cinnte go bhfuil sé fós ina bheatha

27/07/2017 19:19


20

‘Bhí an mangaire den tuairim go raibh stádas níos airde aige ná an fear agus an cailín ach ní raibh drogall ar bith air a gcuid airgid a ghlacadh.’ agus go bhfuil an-drochthionchar ag an idirdhealú atá lárnach ann ar shaol anchuid daoine. Na Críostaithe sa Phacastáin, is de bhunadh íseal ceast iad. Déantar idirdhealú ina gcoinne toisc an saghas oibre a dhéanann siad; na sráideanna agus na bealaí séarachais a scuabadh, nó faoin tuath mar chosmhuintir gan fearann acu ach iad ar thailte tiarnaí talún feodacha. Fáth eile leis an idirdhealú ná difríocht creidimh agus eitnice. Meastar go coitianta go bhfuil sé ‘nádúrtha’ iad a choimeád amuigh ar imeall na sochaí. Is leis na daoine seo a mhaireann agus a oibríonn na Colambánaigh, ord rialta a bhfuil an Áis mar chúram speisialta acu. Slí amháin chun cur i gcoinne an idirdhealaithe ná an t-oideachas. Tóg mar shampla Ardscoil Naomh Pól i gcatheir Badin: comhoideasach, ó chiondarghairdín go Teastas Máithreánach, cúlra bochtanais ag na daltaí go léir, 45% díobh ina gCríostaithe, 30% ina Musalmaigh agus 25% ina Hiondúigh. Duine is fiche atá

san fhoireann teagaisc: 15 Críostaí, 4 Mhusalmach agus 2 Hiondúch. Is le Deoise Hyderabad an Ardscoil, agus tá ról lárnach ag sagart paróiste na háite inti. Ach amháin daltaí agus máistrí a chur san áireamh, tá seacht bpobal eitneacha éagsúla san Ardscoil. Go dtí le déanaí ní bhíodh ach fíorbheagán comhluadair idir na pobail eitneacha dhifriúla; ní íosfaidis le chéile, mar shampla, ní phósfaidis a chéile. Is teist phraitiúil í an Ardscoil ar ar féidir a bhaint amach tríd an oideachas. Déanann an scoil na féilte sna creidimh éagsúla a chomóradh; mar sin tagann na daltaí ar thuiscint ar na rudaí atá tábhachtacht i saol a gcomharsana. Cosúil le gach áit eile ar domhan tarlaíonn rudaí gránna, ach faoin am seo, tá go leor dea-thola agus muinín ar fáil chun rudaí a chur ina gceart. Dar leis an Domhan Thiar nach bhfuil sa Phacastáin ach fanaiceacht ó thaobh creidimh de agus géarleanúint á déanamh ar gach aon saghas mionlaigh. Teist í Ardscoil Naomh Pól nach amhlaidh atá.

INTINN SHOISCÉALAÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ NA SAMHNA, 2017 Go dtuga Críostaithe na hÁise fianaise ar an Soiscéal le briathar agus le gníomh, go gcuire siad chun cinn an chumarsáid, an tsíocháin, agus an chomhthuiscint, leo siúd ar chreideamh eile go háirithe. Foclóirín: ciondarghairdín = naíscoil; fanaiceacht = fanaticism; feodacha = feudal; an córas ceast = the caste system.

Timire Autumn 2017.indd 20

27/07/2017 19:19


21

An Bráthair G.D. De Barra

Fatima 1917 – 2017 Cuid II Tá scéal Fatima fite fuaite leis na Pápaí le céad bliain anuas – dáiríre, tá tríú rún Fatima ceangailte le fulaingt an Phápa Eoin Pól II Naofa – baineann an dá rún eile le radharc ar ifreann agus le fáistine faoin gCogadh Mór a tugadh do na páistí. D’fhill an Pápa Eoin Pól II mar oilithreach ar an 13 Bealtaine 1991. Ar a thríú cuairt d’fhógair sé Jacinta agus Francisco mar Bheannaithe agus ar an altóir in éineacht leis, bhí an tSiúr Lucia – tharla sin sa bhliain 2000. D’éag Lucia ag aois 97 bliain sa bhliain 2005. Tá an triúr curtha anois i mBaisleac an Phaidrín RóNaofa, in aice na haltóra. Tháinig an Cairdinéal Roncalli mar oilithreach, Bealtaine 1956, rinneadh Pápa Eoin XXIII de sa bhliain 1958, fógraíodh ina naomh é i 2014. Nuair a chríochnaigh an tríú seisiúin den Chomhairle Éacúiméineach i 1964 bhronn an Pápa Pól VI beannaithe an Rós Órga ar Scrín Fatima. Bhí sé i láthair ag Iúbhaile Órga Fatima, Bealtaine 1967. Thug an Cairdinéal Luciani – Patrarc na Veinéise – cuairt ar Fatima i mí Iúil 1977. Toghadh é mar an Pápa Eoin Pól I, 26 Lúnasa 1978. I mbliana agus céad bliain Fatima dá chéiliúradh, rinne an Pápa Proinsias na

Timire Autumn 2017.indd 21

páistí Jacinta agus Francisco a ainmniú mar naoimh – na chéad pháistí i stair na hEaglaise – nach mairtírigh iad. Ní raibh siad ach naoi agus deich mbliana d’aois faoi seach, nuair a d’éag siad de dheasca ghalar an fhliú. D’fhonn iad a ainmniú mar naoimh glacadh le míorúilt faoi gharsúin cúig bliana d’aois a thit ó airde seacht méadair ó bhalcóin a thí. Gortaíodh go holc é, thit sé isteach i gcodladh an bháis agus níor chreid na dochtúirí in Ospidéal Campo Mouro, Parana, An Bhreasaíl go mairfeadh. Chuimhnigh a thuismitheoirí ar Jacinta agus Francisco beannaithe, fuair siad taisí na beirte ó Shiúracha Cairmíliteach i gCampo Marto agus trí urnaí agus idirghuí Jacinta agus Francisco, leigheasadh Lúcás. Tá sé naoi mbliana d’aois anois agus bhuail sé féin, a dheirfiúr Eduarda agus a thuismitheoirí leis an bPápa Proinsias nuair a deineadh an Canónú i Fatima an 13 Bealtaine 2017. Bhí breis is 600,000 i láthair. Le blianta anuas tagann breis is cúig mhilliún oilithreach gach bliain chuig Fatima. Bhronn Oilithrigh na hÉireann Oisteansóir órga álainn ar an scrín sa bhliain 1947. Tá an-struchtúir ar liotúirge agus ar ghníomhartha na háite, inniu, agus faoin

27/07/2017 19:19


22

‘Is iad Jacinta agus Francisco na chéad pháistí i stair na hEaglaise nach mairtírigh iad a ainmníodh mar naoimh.’

treoraí Carina bíonn muintir na hÉireann sona sásta. Ó 1917 go dtí inniu tá forbairt thar cuimse le sonrú i Fatima: tógadh an Capelinha i dtosach agus ansin Baisleac an Phaidrín; Cearnóg a thógann suas le milliúin duine; sa bhliain 2007 osclaíodh Eaglais mhór faoin teideal ‘An Tríonóid Ró-Naofa’ – seoid ailtireachta a shuíonn suas le naoi míle duine. Faoina bun tá Séipéal na Sacraiminte Ró-Naofa le ‘Adhradh’ ar siúl ann gach lá ón 7a.m. go dtí 6p.m., Séipéal Athmhuintearais, Músaem an tSolais agus Séipéal na hAiséirí. Tá cosán ó Shéipéal na Tríonóide ag barr na Cearnóige go dtí an Capelinha agus téann mórán oilithreach ar a nglúin faoin mbealach sin lena gcuid achainí agus buíochas a léiriú do Dhia is Muire. Ní féidir scríobh faoi Fatima gan trácht ar Aljustrel, mar atá tithe na bpáistí fós le feiscint, chomh maith le Séipéal an Pharóiste inar baisteadh na páistí. Dar ndóigh bhí aingeal tar éis labhairt leis an triúr ar thrí ócáid éagsúla i 1916 agus iad a ullmhú le cuairt ‘Mhuire an Phaidrín’ mar

a d'ainmnigh sí í féin. Léitear Ard-Aifreann gach Domhnach agus ar an 13ú lá (Bealtaine-Deireadh Fómhair) ar an altóir os comhair Bhaisleac an Phaidrín. Ag deireadh an Aifrinn tógtar dealbh na Maighdine ar ais go dtí a hionad san Capelinha, agus le linn iomainn Fatima dá gcanadh tarlaíonn an ‘Adeus’, is é sin croitear ciarsúir bhána. Feictear roinnt daoine ag sileadh na ndeor amhail is go raibh siad ag fágáil slán le Muire. I mbliana seo ‘Iúbhaile an Chéid’ faightear lánloghadh faoi na gnáthchoinníollacha agus guí ag geata na n-aspal, guí ag scrín na Maighdine sa Capelinha, i séipéal na Sacraiminte RóNaofa agus ag tuama na bpáistí. Is é teachtaireacht Fatima ná go n-iompódh daoine ar ais chun Dé trí dheabhóid do Naomhshacraimint na hEocairiste; urnaí, an Paidrín a ghuí agus leorghníomh a chleachtadh. Mhúin Muire an phaidir seo do na páistí: ‘A Íosa, maith dúinn ár bpeacaí, sábháil muid ó thinte Ifrinn, treoraigh gach anam go dtí Neamh, go háirithe iad siúd go bhfuil géarghá acu le do thrócaire.’

Foclóirín: Patrarc = Patriarch; i gcodladh an bháis = in a coma; lánloghadh = repentance; leorghníomh = atonement.

Timire Autumn 2017.indd 22

27/07/2017 19:19


23

MOL na HÓIGE Oíche Shamhna !

Má d’fhás tú aníos in Éirinn, nó go deimhin i gceann de go leor tíortha ar fud an domain, an Bhreatain Mhór, Meiriceá, Ceanada, an Astráil nó an Nua-Shéalainn san áireamh, táim cinnte go bhfuil taithí agat ar roinnt de na cleachtais agus na nósanna a bhíonn ar siúl gach bliain ar an 31 Deireadh Fómhair. ‘Bob nó bia’ a imirt, tinte cnámh a lasadh, puimcíní a shnoí, tumadh le haghaidh úll, gléasadh suas, scéalta taibhsí a insint agus go leor leor nósanna eile, tá siad tar éis a bheith ina gcuid de chomóradh na Samhna sa lá atá inniu ann. B’fhéidir go raibh tú páirteach sna cleachtais seo i do shaol agus tú ag fás aníos, ach b’fhéidir nár shuigh tú

Timire Autumn 2017.indd 23

siar riamh agus nár smaoinigh tú faoi conas a thosaigh siad uile, nó cén fáth go gceiliúraimid an fhéile neamhghnách seo inniu. Tabharfaidh tú faoi deara ag an am seo den bhliain go bhfuil na plandaí ag tosú ag fáil bháis, na laethe ag dul i ngiorracht agus an aimsir ag éirí níos fuaire. Ba mhar an gcéanna é seo na blianta ó shin, agus na daoine ag an am sin, a bhraith ar an talamh le haghaidh a gcuid bia agus a slí mhaireachtála, bhí orthu ullmhú don gheimhreadh dorcha rompu leis an stór barra, torthaí agus glasraí ón samhradh sin. Cén bhaint a bhí aige seo go léir leis an tSamhain, deir tú? Lean ort ag léamh chun a fháil amach!

27/07/2017 19:19


24

Cá as ar tháinig an tSamhain? Tagann an tSamhain as féile Cheilteach na Samhna (fuaimnítear Samhain mar ‘Sow ‘=an Béarla ar ‘chráin mhuice’ + ‘in’). n Cheiliúir na Ceiltigh, a mhair 2000 bliain ó shin ina lán tíortha, Éire san áireamh, cheiliúir siad an athbhliain ar an gcéad lá de mhí na Samhna. Ba chomhartha é an lá seo go raibh deireadh an tsamhraidh / an fhómhair agus tús an gheimhridh fhuair dhorcha ann, am den bhliain a bhain leis an mbás go minic. n An oíche roimh an athbhliain, chreid na Ceiltigh gur oscail an teorainn idir domhain na mbeo agus na marbh. n Cheiliúir siad Samhain oíche an 31 Deireadh Fómhair nuair a creideadh gur fhill taibhsí na marbh ar an domhan. n Chreid na Ceiltigh gur tharraing na spioraid trioblóid agus go ndearna siad díobháil do bharra, ach chomh maith leis sin chreid siad gur fhág na spioraid seo níos éasca do na draoithe (sagairt Cheilteacha) é, an todhchaí a thuar. n B’fhoinse thábhachtach chompoird agus treorach na tairngreachtaí seo ag an am sin don lucht feirmeoireachta i rith an gheimhridh dhorcha fhada. n Chun an imeacht a cheiliúradh, thóg draoithe tinte diaga ollmhóra cnámh, mar ar bhailigh daoine le chéile chun barra agus ainmhithe a dhó mar íobairtí do na déithe Ceilteacha (neacha osnádúrtha). n Go minic chaitheadh draoi-shagairt n

Timire Autumn 2017.indd 24

cnámha eallaigh isteach sna lasracha; dá bharr sin, rinneadh ‘tine chnámh’ de ‘cnámha tine’. n Le linn an cheiliúrtha, chaitheadh na Ceiltigh feistis, cinn agus craicinn ainmhithe de ghnáth, agus thabharfaidís faoi thairngreacht a dhéanamh dá raibh i ndán dá chéile. n B’fhéidir gur tháinig imirt ‘bob nó bia’ ón traidisiún ársa Ceilteach le rudaí speisialta agus bia a chur amach chun spioraid a ghabh thart um Shamhain a shuaimhniú. n Nuair a bhíodh an ceiliúradh thart, lasaidís an tine arís ina dtithe féin ón tine dhiaga chun iad féin a chosaint i rith an gheimhridh rompu. n Faoi A.D. 43, bhí an chuid is mó de chríocha na gCeilteach curtha faoi chois ag Impireacht na Róimhe. Le linn na gceithre chéad bliain a raibh siad i gceannas ar thailte na gCeilteach nascadh dhá fhéile a bhí Rómhánach ó bhunús le ceiliúradh traidisiúnta Ceilteach na Samhna. n An dara féile, comóradh é chun urraim a thabhairt do Pomona, bandia Rómhánach na dtorthaí agus na gcrann. Ba é Feralia an ceann deiridh, féile ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair nuair a rinne na Rómhánaigh comóradh ar na mairbh. n Is é an t-úll siombail Pomona agus is dócha gurb é comhshnaidhmeadh an chomórtha seo isteach i Samhain a mhíníonn an traidisiún a bhaineann le ‘bheith ag

27/07/2017 19:20


25

n

n

tumadh le haghaidh úll’ a chleachtaítear ar an aimsir seo faoi Oíche Shamhna. In A.D. 609, thiomnaigh an Pápa Boniface Teampall na nDéithe sa Róimh in onóir na mairtíreach Críostaí uile, agus bunaíodh an fhéile Chaitliceach, Lá na Mairtíreach Uile, san Eaglais Iartharach. Níos déanaí mhéadaigh an Pápa Gréagóir (731741) an fhéile chun na naoimh uile a bheith i measc na mairtíreach uile agus d’aistrigh sé an deasghnáth ón 13 Bealtaine go dtí an 1 Samhain. n Faoin 9ú haois bhí tionchar na Críostaíochta tar éis leathadh isteach sna críocha Ceilteacha inar chumaisc sí le gnásanna Ceilteacha a bhí níos sine ná í nó inar athraigh sí iad. n In A.D. 1000, rinne an Eaglais Lá na nAnamacha Uile den 2 Samhain, lá chun na mairbh a chomóradh. Ceiliúradh an lá seo mar a ceiliúradh Samhain le tinte móra cnámh, paráidí, agus gléasadh suas i bhfeistis mar naoimh, aingil agus diabhail. n An ceiliúradh ar Lá na Naomh Uile, tugadh All-hallows air nó All-hallowmas (ón Meán-Bhéarla Alholowmesse a chiallaíonn Aifreann na Naomh Uile) agus an oíche roimhe, oíche thraidisiúnta na Samhna i reiligiún na gCeilteach, tosaíodh ar All-hallows Eve a thabhairt uirthi agus, ar deireadh thiar, Halloween.

Fíricí Spraoi n n n

n

n n n

Bhí 1,502 punt sa phuimcín ba mhó a fásadh riamh. D’fhás Ron Wallace ó Green, Rhode Island é. An focal Samhain, is é an focal Gaeilge ar November é. An traidisiún a bhaineann le fáinne a fháil sa bhairín breac is comhartha é don fhaighteoir go mbeidh pósadh sona aige. Thug eisimircigh an Ghorta Mhóir nósanna na Samhna leo go Meiriceá sna 1840idí. Is ansin a thosaigh traidisiún puimpcíní a shnoí chun roinnt Sheán na Gealaí a dhéanamh, seachas tornaipí a shnoí arbh é an nós in Éirinn é. Ciallaíonn Samhainophobia eagla roimh an tSamhain. Fuair an draíodóir Harry Houdini bás oíche Shamhna. I Meicsiceo ceiliúrtar Laethanta na Marbh (Días de los Muertos) ar na laethanta saoire Críostaí, is é sin, ar Lá na Naomh Uile (1 Samhain) agus Lá na nAnamacha Uile (2 Samhain), in ionad ar Oíche Shamhna. Gléasann muintir an bhaile mhóir suas mar ghúil agus máirseálann siad síos an tsráid.

Foclóirín: Mol na hÓige = Youth Hub; Cleachtais = Gníomhartha a dhéantar de bharr creideamh; Aondiachas: Creideamh in aon dia amháin; Ildiachas = Creideamh i níos mó ná aon dia amháin. Bhíodh na Ceiltigh ildiach; Amanna suntasacha = Amanna speisialta do dhuine nó do ghrúpa, a tharlódh b’fhéidir gach bliain. Cuirtear iad ar leataobh i gcomhair aidhme nó ócáide faoi leith.

Timire Autumn 2017.indd 25

27/07/2017 19:20


26

AN FÓMHAR M B

D U

I

L

L

E

O G

A

D

Í

Í

M

I

A

S W M L

L

J

P

N

E

N

T

E

R

I

S

A

I

X

U Q H

I

N

S

Á

I

S

R

T M P

A W

M R

I

I

N

T

T

C

A

G

H

P

Q M M A

E

A

Á

F

R

E

A

S

U N

A

S

C

U H

A

H

B

Ó

A

A O

J

H

F

C

I

Í

A

S

D M H M

É

C

R

T

Y

H Ó Q N

T

E

H

Á

T

H

F

H

P

N M S

K

A

H N

N

C

C

B

I

T I

N

I

L

A

H

F

L

Á

A

C

Q

S

H

C

Ó

S

C

I

X

G

Í

M H

S

R

Z M É

A M R

N H

W L

I

O

C

S

N

K M V

O H

A

Z

U

V

R

N

C

O

C

A

F

É

I

R

A

L

Q

E

F

F

E

A

R

B

R

É

I

G

E

I

Z

K

U

L

L

I

A

P

A

C

Ó N

C

C

R

J

Y

E

BÁISTEACH CAOR PHÉINE CNÓ CAPAILL COCA FÉIR CRANN CNÓ CAPAILL DEIREADH FÓMHAIR

Timire Autumn 2017.indd 26

DUILLEOGA FEAR BRÉIGE FUAR FÉAR TIRIM HATA LÁMHAINNÍ MEÁN FÓMHAIR

OÍCHE SHAMHNA PUIMCÍN SAMHAIN SCAIRF SCOIL SCÁTH BÁISTÍ

27/07/2017 19:20


Timire Autumn 2017.indd 27

27/07/2017 19:20


28

An Dr. Barra Ó Séaghdha Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Ar Lorg na Laochra Ní minic an phíb uilleann agus an chláirseach á seinm in éineacht lena chéile. Meastar, b’fhéidir, go scriosfadh scréachaíl na bpíob fuaim éadrom, ghalánta na cláirsí. Ó eisíodh céadchéirnín an Bothy Band i leith (agus ná dearmadaimis Moving Hearts), áfach, is léir go bhfuil sé ar chumas na bpíob lánpháirt a ghlacadh sa chineál sin ceoil a bhfuil tionchar an rac le cloisteáil air. Tá fiántas iontach ag baint le stíleanna áirithe píobaireachta, dar ndóigh, ach éinne a d’éistfeadh leis an albam Ar Lorg na Laochra/On the Shoulders of Giants le Laoise Kelly agus Tiarnán Ó Duinnchinn, thuigfeadh sé uaidh go mbaineann an dara taobh leis an uirlis chéanna. An í an éagsúlacht idir bunfhuaimeanna na n-uirlisí an chúis nach dtrasnaíonn siad ar a chéile ar chor ar bith, nó an í a mhalairt ar fad de scéal atá fíor? Mar is dual don chomhrá is fearr, is léir láithreach an meas agus an tuiscint atá ag Laoise Kelly agus Tiarnán Ó Duinnchinn ar a chéile; tuigeann siad chomh maith gur binn uirlis ina tost uaireanta, gur cuid thábhachtach den chomhrá an tost freisin. Ní mar sin i gcónaí. Is féidir sult a bhaint as an bpíobadóir agus an veidhleadóir i bpáirt agus iad i dteach

Timire Autumn 2017.indd 28

tábhairne nó i gcúinne cistine, mar shampla, ach nuair a éisteann tú leis na ceoltóirí céanna ar an dlúthdhiosca, ba dheacair a mhaíomh gur suimiúla a gcomhcheol ná a gceol aonair. A bhuí le stíl Uí Dhuinnchinn – stíl mhín, shéimh, sholúbtha ach í lán de mhothúcháin – ní deacair do Laoise Kelly gach gné dá healaíontacht féin a thabhairt chun solais. Is féidir léi gan amhras an fonn féin a chasadh ina aonar, é a chasadh in éineacht lena compánach, réthionlacan a dhéanamh air (ar nós an ghiotáir rithime), nó cuntraphointe saor a sholáthar. (Ba chóir focal buíochais a ghabháil leis an innealtóir fuaime Trevor Hutchinson agus le Tim Martin a thuig gur ceol aireagail é seo.) Níl réigiún nó tréimhse faoi leith á iníuchadh ar an albam seo. Leanann port ón naoú haois déag (The Humours of Killarney) máirseáil on séú haois déag, mar shampla. Tugtar ríleanna ó Chonamara, ó Thír Chonaill agus ó Shligeach le chéile ar thraic eile. I measc na bhfonn amhráin tá ‘Fáinne Geal an Lae’ – ní an leagan a chloistí sna céadta bunscoil ar fud na hÉireann (ár seanchara, ‘Raglan Road’) ach an leagan álainn a bhailigh an Canónach Séamus Goodman

27/07/2017 19:20


29

CÚINNE AN CHEOIL

fadó i gCiarraí agus a chas Iarla Ó Lionáird (in éineacht le Steve Cooney) ag ceolchoirm a reáchtáladh i gcuimhne ar an gCanónach úd, sa Sciobairín, sa bhliain 2012. Is féidir teacht air sin ar Youtube agus tá go leor eolais faoi Goodman agus Corca Dhuibhne in Iris na hOidhreachta 2 (1990), curtha in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta. Tagaimid ar Goodman arís (polca, an turas seo) ach i gcomhluadar a chuirfeadh ionadh air gan dabht: polca bunaithe ar ‘Ó Neillí, Neillí’, polca ón bhFionlainn a chuala Laoise agus Tiarnán in Alban dóibh; agus polca eile, ‘The New Roundabout’ a chum an Corcaíoch Dave Hennessy sna

hochtóidí. Pé rud ann é, gach seans go mbainfeadh an Canónach sult as an gceol bríomhar seo agus go mbeadh áthas air go bhfuil éileamh ag ceoltóirí an lae inniu ar an méid a bhailigh sé fadó, roimh agus i ndiaidh an Ghorta. B’fhéidir nach mbeadh fonn orm féin filleadh go rómhinic ar ghiota nó dhó den dlúthcheirnín anseo is ansiúd, agus, mar is gnách, ba bhreá liom go gcasfadh na sárcheoltóirí seo cúpla fonn mall (ar nós Catherine Ogie agus Méilte Cheann Dubhrann) ina n-áit siúd, ach ná bac le mo chlamhsán agus tabhair cluas éisteachta do Laoise Kelly agus do Thiarnán Ó Duinnchinn.

Foclóirín: réthionlacan = vamping; ceol aireagail = chamber music; comhcheol = harmony.

Timire Autumn 2017.indd 29

27/07/2017 19:20


Timire Autumn 2017.indd 30

27/07/2017 19:20


31

Im Leabharlann Dom

Leabhar na hAthghabhála/ Poems of Repossession Curtha in eagar ag Louis de Paor Bloodaxe Books i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht Praghas £15 Léirmheas le: Seán de Fréine

Ag deireadh gach céad bliain, agus ag deireadh mílaoise go háirithe, is dual féachaint siar ar shaothar an chéid atá thart agus ar a bhfuil bainte amach dá thoradh sin. Tá sin déanta go maith cheana féin i dtaca le saothrú na filíochta Gaeilge le linn an fichiú haois. Sa bhliain 2000 chuir Cló Iar-Chonnacht trí dhíolaim de shaothar liteartha na Gaeilge amach, idir phrós, dhrámaíocht agus fhilíocht

Timire Autumn 2017.indd 31

le linn na tréimhse sin. Gearóid Denvir a bhí ina eagarthóir ar Duanaire an Chéid, an díolaim filíochta. Ba é a chuspóir réimse leathan den ábhar fichiú-aoiseach nuachumtha a bhí ar láimh a chur ar fáil in imleabhar amháin. In 2005 chuir Cois Life Lón Anama os comhair an phobail. Cnuasach de dhánta crábhaidh é seo, agus bíodh is nár cumadh iad san aois seo caite, caitheadh dua mór lena bhailiú san aois sin agus lena chur in oiriúint do léitheoirí an lae inniu. Sa bhliain 2010 foilsíodh an cnuasach Béarla a roghnaigh Patrick Crotty, Penguin Book of Irish Poetry. Murab ionann le díolaimí eile dá shórt i mBéarla, sa chnuasach sin tugtar aitheantas fial ceart tuisceanach d’fhilíocht na Gaeilge ó gach aois, agus go háirithe ón bhfichiú haois: is fiú é a lua anseo ar an ábhar sin. Agus anois, mar dhlaoi mhullaigh ar na bailiúcháin éagsúla seo, tá an leabhar atá faoi chaibidil anseo. Is leabhar faoi leith é, leabhar tábhachtach le cuspóir soiléir luaite ag an eagarthóir i dtús an leabhair. Is cnuasach é d’fhilí ar foilsíodh saothar leo ins an fhichiú haois. Séard is cuspóir dó ná cnuasach dátheangach a chur ar fáil do (a) léitheoirí Béarla nach bhfuil teacht acu ar ábhar filíochta i nGaeilge cheal Gaeilge a bheith acu, agus (b) léitheoirí Gaeilge a mbeidh na leaganacha Béarla ina gcuidiú acu chun blas agus tuiscint níos iomláine a bhaint as na dánta

27/07/2017 19:20


32 bunaidh Gaeilge. Tá gá lena leithéid ag ár bhformhór ar chúiseanna éagsúla. Ceann amháin acu ná go mbíonn focail cosúil le partagail fho-adamhacha: baineann éiginnteach na féidearthachta leo. Is é sin, faoi mar is féidir le partagal áirithe bheith áit ar bith sa chosmas gan suíomh cinnte aige go dtí go gceaptar é lena scrúdú, bíonn focail ag fálróid thart go teibí, áit éigin i gcúl na hintinne, le bríonna féideartha éagsúla acu, ach gan aon bhrí chinnte amháin acu go dtí go gceaptar iad i gcomhthéacs faoi leith. Is i gcomhthéacs an dáin mar sin a chuirtear ‘feoil’ ar an fhocal, is é sin, an bhrí fheiliúnach. Ach an té nár tógadh le Gaeilge, nó nach bhfuil eolas cuimseach aige uirthi, ní bhíonn aige go minic ach stór teoranta de na féidearthachtaí brí a bhaineann le focail chun an bhrí fheiliúnach a roghnú is fearr a oireann do chás ar leith. Déanann ha haistritheoirí sainchúram den ghnó áirithe seo oiread agus is féidir sa chnuasach seo. Scríbhneoirí aitheanta a fuair an t-eagarthóir chun páirt a ghlacadh sa tionscnamh aistriúcháin, filí Gaeilge agus Béarla ina measc. Phléigh an t-eagarthóir gach aistriúchán leis na haistritheoirí, agus i gcásanna dhein sé moltaí a raibh de rogha ag an aistritheoir glacadh leo nó gan. Lena chois sin, tá nótaí leis na haistritheoirí féin faoi conas mar a thug siad faoi obair an aistriúcháin agus faoi na filí a bhí idir lámha acu. Tá na nótaí seo (aistí gairide dáirire) anspeisiúil. Is é toradh na hoibre seo ná go bhfuil aistriúcháin den scoth againn anseo – ar leibhéal atá i bhfad níos airde ná mar a fhaightear go minic i leabhair dhátheangacha dá shórt. Is minic a thugtar ceird ar ghnó an aistriúcháin, ach anseo is féidir a rá nach ceird atá ann ach ealaín. Is pléisiúr faoi dhó é na bundánta a léamh agus ansin na haistriúcháin, nó vice versa. Dá mba rud é nach raibh na bundánta Gaeilge ann ar chor ar bith,

Timire Autumn 2017.indd 32

bheadh leabhar filíochta den scoth sna haistriúcháin seo iontu féin. Tá ceisteanna eile freisin le plé ag Louis de Paor a bhaineann le hábhar na filíochta. Ceann acu is ea úsáid na gcanúintí ag filí Gaeilge amhail Nuala Ní Dhomhnaill, Chathail Uí Shearcaigh, etc. Léiríonn sé go maith conas a bhraitheann a n-ionracas mar fhilí ar a ndílseacht dá n-oidhreacht agus dá ndúchas. Is féidir leis na canúintí litríocht na Gaeilge a shaibhriú faoi mar a mhaisíonn a canúintí liteartha litríocht agus urlabhra reatha na hIodáilise. Baineann an-chuid míthuiscintí le cás na gcanúintí abhus. Níl na canúintí ‘in iomaíocht’ lena chéile, ach ag feidhmiú i gcomhar le chéile. Tá an oiread sin i bpáirt acu gur féidir iad a thuiscint gan mórán dua ag an té atá sásta meas agus urraim a thabhairt do chaint a chomharsan cúigí in áit bheith ag iarraidh í a dhíspeagadh. Níl na canúintí ag bagairt ar a chéile. Níl ach an Béarla ag bagairt ar aon cheann acu. Agus ba bhoichtede muid go léir mura raibh ach an t-aon chineál Gaeilge amháin againn. D’fhéadfaí ceist a chur faoi rogha na bhfilí atá déanta ag an eagarthóir. Níl ach fiche cúig duine, as an slua mór atá ann, sa chnuasach seo. Ach is pribhléid d’eagarthóir ar bith a chinneadh féin a dhéanamh maidir le rudaí mar seo, fad agus atá sé nó sí cothrom agus cuimseach. Ní féidir an leabhar seo a lochtú ar na boinn sin. B’fhéidir go ndéarfaí nach bhfuil ach seisear ban as faoi bhun scór go leith d’fhilí sa chnuasach. Seachas Máire Mhac an tSaoi, baineann siad leis an dara leath den aois seo caite, agus ba bheag bean, seachas Máire féin, a bhí i mbun pinn mar fhile am ar bith sa chéad leath den chéad. Ní ritheann ach ainm amháin liom, agus ba bheag a saotharsa. Tá roghnú cothrom déanta sna cúinsí a bhaineann leis an stair agus an scéal.

27/07/2017 19:20


33 Cé is moite de na bundánta Gaeilge, is i mBéarla atá an leabhar seo ar fad, idir réamhrá agus eile. Is d’aon ghnó é seo, ‘...prompted or provoked by a sense of frustration that a considerable part of the achievement of modern and contemporary Irish language poetry remains invisible and inaudible in a literary market-place dominated by English.’ Is maith agus is mithid é seo a rá. Dála an scéil, is spéisiúil gurbh fhiú le Comhairle Ealaíon Shasana tacú leis an eagrán seo. An t-aon phraghas a luaitear leis an leabhar ná £15 sterling. Is mó a bheidh air in euro, ach is beag é sin dáiríre ar leabhar scolártha substaintiúil d’ardchaighdeán. Agus d’fhéadfá a rá go bhfuil trí leabhar agat sa mhargadh seo: dhá leabhar filíochta den scoth (ceann i nGaeilge agus ceann i mBéarla) agus leabhar próis i mBéarla faoi fhilíocht nua-aoiseach na Gaeilge agus faoi chúrsaí aistriúcháin. Leabhar luachmhar é. Is léir gur chuir an t-eagarthóir an-dua air féin chun é a chur ar fáil. Tá an-bhuíochas tuillte aige dá bharr.

Timire Autumn 2017.indd 33

Dún Chaoin, Oscail an Scoil Colm Ó Snodaigh Coiscéim Praghas €15 Léirmheas le: Michael McCaughan

Mí Iúil, 1970, na laethanta saoire tagtha ag Scoil Náisiúnta Naomh Ghobnait i nDún Chaoin, Co. Chiarraí. Tháinig an scéal aniar aduaidh ar gach éinne – bhí an scoil le dúnadh láithreach. Scaipeadh an scéal tríd an sagart paróiste, Mícheál Ó Ciosáin, bainisteoir na scoile, gan móran cainte faoi. ‘Ní bheadh páistí ina suí ar na binsí arís choíche … ná screadaíl áthais le clos lasmuigh sa chlós’ a scríobhann údar an leabhair, Colm Ó Snodaigh. Bhí polasaí nua faoi lán tseoil ag an rialtas – scoileanna beaga tuaithe a dhúnadh agus cónascadh a dhéanamh le scoileanna níos mó. An tráth úd, ba scoileanna aon oide an séú cuid den 4,800 bunscoil in Éirinn, múinteoir amháin ag iarraidh gach rang ó na naíonáin shóisir go dtí rang a sé a theagasc le chéile. De réir taighde a rinne an Roinn Oideachais bhí na daltaí a d’fhreastail ar scoileanna aon oide suas le dhá bhliain taobh thiar díobh siúd a d’fhreastail ar scoileanna níos mó. I bhformhór na gcásanna bhí na tuismitheoirí sách sásta glacadh leis an gcinneadh, lánchinnte go mbeadh oideachas níos fearr ar fáil dá bpáistí.

27/07/2017 19:20


34 Ní mar sin a tharla an scéal i gcás scoil Dhún Chaoin. Spreag dúnadh na scoile ‘lasc’ a chuir an pobal agus a chomhghuaillithe i mbun gnímh. Sin iad na heachtraí atá i gcroílár an leabhair chumhachtaigh seo, scríofa ag Colm Ó Snodaigh, le go leor griangraf, íomhánna a chuireann gné bhreise leis an eagrán galánta seo. Tá stíl bhríomhar ag Ó Snodaigh, ceoltóir den ghrúpa Kíla agus súil ghéar ar rithim agus ar luas an scéil chumasaigh seo, an-taighde déanta, lena n-áirítear breis is céad agallamh. Meascán neamhghnách – scoil Ghaelach, ceantar stairiúil, (An tOileánach, Peig Sayers, ‘Ryan’s Daughter’) agus áilleacht faoi leith a mheallann cuairteoirí mór le rá atá dílis do mhuintir na háite. Eagraíodh cruinnithe poiblí agus ceapadh Micheál Ó Dubhshláine, fear óg idéalaíoch mar mhúinteoir. Fuarthas cluas bhalbh ón rialtas agus ón Athair Ó Ciosáin ach lean

siad orthu ar feadh trí bliana, go dtí go raibh an bua bainte amach acu. Obair chrua a bhí ann, ag iarraidh an scoil reibiliúnach a choimeád oscailte, tréimhse fhada inar rinneadh gníomhaíochtaí tiomsaithe airgid chun íoc as na costais a bhaineann le feidhmiú bunscoile. Is iomaí cor agus casadh atá sa scéal ach is reacaire muiníneach é Ó Snodaigh, a láimhseálann na mionsonraí cosúil le bádóir maith i lár stoirme. Bhí mé chomh tógtha leis an leabhar go ndearna mé cuairt ar an scoil díreach tar éis dom é a chríochnú. Bhí 22 dalta ann, faoi stiúir Mháire Ní Mhaoileoin agus Maryann Ní Laoithe, le hatmaisféar deas bríomhar ann. Labhair na páistí liom faoin todhchaí atá rompu (imreoirí, ailtirí, iascairí srl) agus dúradh liom go mbeidh ochtar páiste ag tosnú ann an chéad séasúr eile, an fhianaise is láidre go mbeidh an scoil slán sábháilte don chéad ghlúin eile.

MUIRE NA mBARD Móradh na Maighdine

Michelle Ní Ríordáin a thiomsaigh

Ar fáil anois

€8

timire.ie

Timire Autumn 2017.indd 34

27/07/2017 19:20


Timire Autumn 2017.indd 35

27/07/2017 19:20


36

Hugh Duffy – Íosánach Uamhal Cailleadh an tAthair Hugh Duffy SJ in Ospidéal San Séamas, Baile Átha Cliath, Dé hAoine, 28 Aibreán 2017. Bhí ceithre scór bliain d’aois slánaithe aige. I mBaile Átha Cliath a tógadh an tAth. Duffy agus bhain sé bonn amach sa Chorn Rugbaí Sinsearach. Sa bhliain 1954, chuaigh sé isteach sna hÍosánaigh. Chaith sé tamall

Timire Autumn 2017.indd 36

de bhlianta ag obair ina mhúinteoir agus ina léachtóir i Luimneach. Bhain sé dochtúireacht amach sa Bhéarla i Meiriceá dó agus bhí sé seal ina Ollamh ar cuairt ann. Ba é an tAth. Brian Grogan SJ a thug an tseanmóir, lá na sochraide, sa séipéilín i mBaile an Mhuilinn, 3 Bealtaine. Arsa

27/07/2017 19:20


37 an tAth. Grogan faoina chomrádaí agus a chomhscoláire, ‘Ba dhuine ar leith an fear seo. Chuirfeadh sé draíocht an domhain ina luí ort.’ Labhair an tAth. Grogan ar a chuid mórbhuanna mar chara agus mar mhúinteoir. ‘Rinne Hugh gach iarracht ar a chuid mac léinn a threorú ar shiúl ó íomhánna diúltacha de Dhia. Bhí sé paiseanta mar gheall ar shaoirse smaointeoireachta an duine … Theastaigh uaidh go dtuigfeadh an pobal mór go bhfuil an-mheas agus an-chion ar gach aon duine faoi spéir.’ Thagair an tAth. Grogan do chrógacht a chara i láthair an bháis, freisin: ‘Ní ghéillfeadh sé don duairceas. Bhí sé umhal, foighneach, agus d’ofráil sé a mhórfhulaingt chun na heaglaise, chun Dé, agus chun an domhain mhóir. Ní raibh eagla ar Hugh roimh an mbás de bharr nach raibh eagla air roimh Dhia … Creidim go mbeidh an-spraoi agus an-gháire ann thuas agus é anois ar an gcóisir chosmach.’ Duine ildánach ba ea é. Tá píosa álainn sa Rúraíocht ina dtugann Cú Chulainn briathartheagasc dá dhalta Lughaidh Riabh nDearg: Ná tarraing deabhaidh dhian anuasal ort féin. Ná bí díscir doicheallach díomasach. Ná bí eaglach tobann ainmhianach. Ná bíodh ceann faoi ort trí eagla do chreachta le meisce. Ná bí i do dhreancaid mhillte coirme tigh ruire. Ná hiaigh iubhaile ar éagóir dlí. Téitear i gcomhairle lucht seanchuimhne i dtaobh comharbaí críche. Ceistítear seanchaithe na seanaimsire i d’fhianaise mar is fíor agus is fiú. Faightear breithiúna briathra is brugh. Leantar de na géaga ginealaigh de réir mar a ghintear na leanaí. Glaoitear daoine beo le chéile agus ar a mbriathrasan beoitear na háiteanna ina raibh na mairbh ag treabhadh. Tugtar saibhreas do chomharbaí mar is

Timire Autumn 2017.indd 37

dual de réir dlí. Téadh ainbhinte dá ndionna faoi choimirce an té atá láidir. Ná labhair go huaibhreach. Ná tabhair faisnéis go glórach. Ná déan magadh. Ná déan fonóid. Ná bí ag mealladh seanóirí. Ná smaoin go holc i dtaobh aon duine. Ná cuir geasa diana ar aon duine. Coinnigh dlí na haoise agus dlí an diúltaithe agus dlí an aisig. Bí umhal sa mhúineadh a thugtar duit ó dhaoine eagnaí. Bí cuimhneach ar an gcosc a chuirtear ort ó dhaoine is sine ná thú. Coimeád riail an tsinsir. Ná bí fuarchroíoch le cairde. Bí gusmhar le do naimhde. Ná bí dúilmhear i ndeabhaidh nuair a bhír i gcomhthionóil. Ná bí scéalach achasánach. Ná fáisc. Ná taisc an ní nach tairbheach. Ceartaítear de thromaíocht na drochdhaoine ina ngníomhartha. Ná bíodh dúil agat i gcuid na comharsan a ghabháil, ar eagla go mbeadh aithrí ort. Ná bí imreasach ar eagla go mbeadh mioscais chugat. Ná bíodh leisce ort ar eagla go mbeifeá meirbh. Ná bí ró-éasca ar eagla go gceapfaí gur dhuine den daoscarshlua thú. — Ní deacair roinnt de na línte thuas a shamhlú leis an Ath. Hugh Duffy féin: ‘Níor labhair sé go huaibhreach … níor thug faisnéis go glórach … níor smaoin go holc i dtaobh aon duine.’ Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.

27/07/2017 19:20


38

Donncha Ó hÉallaithe Cathaoirleach Chumann Forbartha Chois Fharraige

An Mine a Phléasc ar an Lochán Beag Céad Bliain ó Shin Tús mhí an Mheithimh thug mé sciuird síos ar chladach an Locháin Bhig, go bhfeicfinn an obair a bhí déanta ar leac an mine ag meitheal deonach, a bhí ag obair faoi scáth Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí an obair déanta ag an meitheal le láthair na tubaiste a tharla céad bliain roimhe sin a réiteach don chuimhneachán a bhí beartaithe, ar an naonúr a maraíodh nuair a phléasc mianach mara, a tugadh isteach le cladach ag ceapadh gur raic luachmhar a bhí ann. Romham ar an gcladach ag breathnú ar an leac nuafheistithe bhí triúr ó Phortland Maine – beirt bhan agus fear thart ar dhá scór – agus iad ag iarraidh ciall a bhaint as an scríbhinn. ‘Cuir paidir lena n-anam seo a maraíodh ar an 15ú lá de Mheitheamh 1917’ a bhí scríofa sa sean-chló Gaelach ar an leac cuimhneacháin agus liosta ainmneacha an naonúir a bhásaigh go tubaisteach ar an Trá Shalach. Tar éis aithne a chur orthu fuaireas amach go raibh gaol ag an bhfear, James Hebert, le Seosamh Ó Flaithearta, a raibh a ainm greanta ar an leac. Bhí pictiúr aige dá shin-sheanmháthair, deirfiúr le Seosamh, a chuaigh go Portland Maine tar éis na tubaiste le saol níos fearr a aimsiú. Bhí lúcháir air a chloisteáil go raibh ocáidí cuimhneacháin speisialta beartaithe

Timire Autumn 2017.indd 38

don chéad deireadh seachtaine eile, ag Cumann Forbartha Chois Fharraige. Faraoir ní fhéadfadh sé fanacht mar bhí a eitilt fillte ag imeacht cúpla lá roimhe. Thosaigh an Cuimhneachán le mórshiúl de phobal na háite ag leanacht píobaire síos Bóithrín na Seáin chomh fada leis an gcladach. Bhí an aimsir gaofar agus baol báistí ann. Mar sin féin rinne an tAthair Stiofán Ó Donnchú, nó Sagart Staf mar a thugtar go háitiúil air, an tAifreann a cheiliúradh ar dhuirling an Locháin Bhig, gar don áit inar tharla an sléacht céad bliain roimhe sin go dtí an lá. Rugadh agus tógadh Sagart Staf i gcomhsanacht na ndaoine a maraíodh sa phléasc. Ina sheanmóir, tugtha uaidh i nGaeilge bhreá Chois Fharraige, dúirt sé gur daoine iad an naonúr a maraíodh nach raibh ag iarraidh go mbeadh a n-ainmneacha in airde, nach raibh ag iarraidh a bheith ina laochra ach gur daoine neamhurchóideacha iad a maraíodh le linn cogadh nár bhain leo. Rinne sé ceangailt idir an marú ar an Lochán Beag céad bliain ó shin agus an marú atá ag tarlú i gcónaí do dhaoine neamhurchóideacha le mianacha míleata atá fós ag pléascadh in Angóla agus sa Chambóid nó atá á marú de bharr sceimhlitheoireachta ar shráideanna Londan is Pháras.

27/07/2017 19:20


39

‘Ba dhaoine iad an naonúr nach raib go mbeadh a n-ainmneacha in airde maraíodh le linn cogadh nár bhain le

An Cros nua a feistíodh agus an leac a athchóiríodh ag an Trá Shalach, An Lochán Beag, Cois Fharraige i gcuimhne an naonúir a maraíodh.

Duine amháin a tháinig beo as an sléacht: Seosamh Ó Fátharta nó Joe Hughie, mar ab fhearr aithne air, a chuaigh i bhfolach taobh thiar de charraig mhór díreach sular phléasc an mianach. Mhair sé leis an scéal a inseacht ar chlár a rinne Seán Ó Tuairisg do Raidió na Gaeltachta. Seo thíos cuid den chur síos a bhí aige ar a tharla an lá tubaisteach sin: Ba shin é an t-am a raibh an Cogadh Mór ar bun, 1917 agus bhí go leor leor rudaí ag tíocht isteach leis an taoille. Bhíodh plainceannaí ag tíocht isteach,

Timire Autumn 2017.indd 39

adhmad maith ... tancannaí peitril agus chuirtí i bhfolach iad sin, nó bhí seans iad a dhíol agus d’íocaidís go maith thú. Bhuel, lá bog báistí a bhí ann, níorbh fhéidir aon bhlas a dhéanamh ... Dúirt mé go n-imeodh muid síos ar an gcladach. Bhuail muid síos ... sheas muid agus chonaic muid é ón trá uainn amach ... Ní raibh aon chosúlacht air go dtiocfadh sé isteach. Cuireadh curach amach….. agus tharraingeodar isteach é píosa den bhealach ... b’éigean fanacht gur

27/07/2017 19:20


40

An tAthair Stiofán Ó Donnchú ag ceiliúradh Aifrinn i gcuimhne ar an naonúr a chaill a mbeatha nuair a phléasc an mianach mara ar dhuirling an Locháin Bhig.

thráigh sé amach, gur tháinig sé ar an tirime ar an trá. Ba mhó ná leathbhairille pórtair é, na seanbhairillí a bhí ann fadó ... chuaigh cúigear faoi ar ’chaon taobh dhó, is má chuaigh fhéin, ní raibh muid in ann é a chrochadh, mar go raibh meáchan ann. Ach chroch muid oiread na fríde dhó go ndeachaigh ceann de na cosa síos insa trá, ceann de na spikeaí agus lúb sé isteach rud beag ... Nuair a bhí muid

Timire Autumn 2017.indd 40

tamall ag breathnú air, dúirt muid go mba cheart é a dhíriú. Bhuel, dhírigh ... sin an t-am a phléasc sé. Bhí naonúr marbh ach níor aithníodh ach beirt, agus is cosúil gur cuireadh an bheirt sin. Tadhg Ó Céidigh agus Pádhraic Ó Laoi, i Reilig an Chnoic. Bhí smidiríní déanta de choirp an tseachtair eile. Cuireadh baill den RIC amach láithreach ó Ghaillimh ag bailiú píosaí de na coirp, sna garrantaí agus ar an gcladach. Cuireadh

27/07/2017 19:21


4141

‘Ba dhaoine iad an naonúr nach raibh ag iarraidh go mbeadh a n-ainmneacha in airde, ach a maraíodh le linn cogadh nár bhain leo.’

Ag seasamh taobh leis an leac cuimhneacháin nua a feistíodh sa reilig ar an mBóthair Mór i gcathair na Gaillimhe tar éis dóibh é a nochtadh, tá Frank Ned Ó Fátharta agus a dheirfiúr Nancy Turley, beirt chlainne le Joe Hughie Ó Fátharta, an fear a tháinig slán ón sléacht.

na taisí a bailíodh isteach i gcónra amháin. Níl aon tuairisc ann gur cuireadh tórramh orthu ná go raibh sochraid cheart acu ach tugadh isteach an cónra go Reilig an Bhóthair Mhóir, i gcathair na Gaillimhe agus cuireadh in uaigh gan aon mharc. Ní raibh a fhios ag a muintir cá raibh siad curtha, mar nár coinníodh tuairisc ar an spota i gclár na reilige, gan scríofa ann ach an méid seo: ‘Coffin full of unidentified fragments of persons killed in Mine Explosion at Loughanbeg.’ Mar chuid den chuimhneachán crochadh leac taobh istigh de gheata na reilige ar an mBóthar Mór, Gaillimh, le hinseacht do gach a théann ann go bhfuil taisí na

ndaoine a maraíodh curtha i Roinn A na reilige, áit a coinníodh do dhaoine bochta nach bhféadfadh íoc as uaigh. Frank Ned agus Nancy Ned, beirt clainne le Joe Hughie Ó Fátharta, an fear a tháinig slán leis an scéal a inseacht, a nocht an leac nua ar an mBóthar Mór. An lá a nochtaíodh an leacht i Reilig an Bhóthair Mhóir, dúradh naoi ndeichniúr den Choróin Mhuire, ceann le haghaidh gach duine den naonúr a maraíodh, ráite ag duine dá ngaolta. B’álainn an searmanas é. Faoi dheireadh bhí ómós agus aitheantas tugtha don naonúr neamhurchóideach ó Chois Fharraige, a maraíodh mar gheall ar chogadh nár bhain leo!

Foclóirín: raic = flotsam; sciuird = seáp, cuairt ghasta; duirling = trá chlochach.

Timire Autumn 2017.indd 41

27/07/2017 19:21


42

Dónall Ó Cnáimhsí

An tAiteann ‘An t-ór faoin aiteann, an t-airgead faoin luachair agus an gorta faoin bhfraoch’ Léiríonn an ráiteas sin an meas a bhí ag ár sinsear ar an tor choitianta seo. Talamh rathúil a bhí i dtalamh ina raibh aiteann ag fás. Ghearrtaí síos é go minic agus bhaintí úsáid as an athfhás bhog mar fhodar do na beithígh. Dhéanadís an t-adhmád a dhó agus an luachair a scaipeadh ar an talamh lena leasú. Bhaintí úsáid as na stocanna chomh maith ar chamáin agus mar bhataí troda agus mar bhataí siúil. Bhí tom aiteann an-úsáideach chun foscadh a thabhairt do na hainmhithe ó aimsir dhoineanta agus chun fál a dhéanamh le hiad a choinneáil gan imeacht ar strae. Bhaintí úsáid as na bláthanna buí agus na spíonagaí glasa chun eadach a dhathú agus ag an cháisc bhaintí úsáid as na bláthanna chun uibheacha a dhathú. An úsáid ba choitianta a bhaintí as nó i dtinte cnámh i mBealtaine agus ag Féil’ Eoin. Bhí nós ann ansin an t-eallach a thiomáint tríd an tine le hiad a choinneáil slán ón lucht sí. D’úsáidtí mar luibh é mar leigheas ar an mbuíochán, galar duán, galar croí agus casacht. Tá an dara cineál ann, aiteann gaelach, atá go fairsing in Éirinn fosta. Fásann sé seo níos ísle, agus tagann na

Timire Autumn 2017.indd 42

bláthanna air níos moille sa bhliain. Ulex europaeus an t-ainm atá ag na luibheolaithe air, as an phlandatheaghleach Fabaceae. Tá sé dúchasach trí mhór-roinn na Eorpa, ó Éirinn soir fhad leis an Pholainn agus ó dheas fhad leis an Phortaingéil. Tor fíorálainn is ea an t-aiteann le duilleoga lannacha is bláthanna buí cumhra i bhfoirm bláth piseanna. Fásann sé suas go dhá nó trí mhéadar ar airde. Tá sé iontach fairsing in Éirinn, é ag fás fud fad na tíre. Bláthaíonn an t-aiteann trí chuid mhaith den bhliain ach go áirithe san earrach. Tagann na síolta ar an phlanda i bpód a scoilteann leis an ghrian agus a thiteann go talamh agus is féidir leo maireachtáil ar feadh triocha bliain. Tá toim aitinneach léagúmach, is é sin le rá go gceapann siad nitrigín ón aer agus úsáideann siad é mar leas nádúrtha daofa féin. Cuidíonn sin leis an aiteann fás níos rábaí agus níos fearr ná beagnach planda ar bith eile ar chré atá níos boichte agus níos tirime. Bíonn tionchar ag aiteann mar féadann sé spréadh go tapaidh agus an chré a shaibhriú. Is planda iontach tábhachtach é an t-aiteann, fosta, dá lán speiceas éagsúla. Bheireann na bláthanna geala buí pailin agus neachtar do speicis

27/07/2017 19:21


43

‘Bhí nós ann an t-eallach a thiomáint tríd tine aitinn le hiad a choinneáil slán ón lucht sí.’

éagsúla beiche agus feithidí eile, go háirithe luath sa bhliain nuair nach bhfuil mórán eile le fáil. Tá an t-aiteann foirfe fá choinne éanacha éagsúla fraoigh, mar an caislín cloch, an ghleoiseach agus an bhuíóg. Tearmann tábhachtach do na héanacha seo i ndúlaíocht an gheimhridh is ea an tor tiubh craobhach seo a chuireann foscadh ar fáil.

Thug na hEorpaigh an planda leo go Meiriceá agus go dtí an Astráil, áit ina bhfuil sé ina chrá croí ag feirmeoirí ó shin i leith, mar go bhfásann sé go flúirseach agus go scaipeann ségo héasca. Tá iarrachtaí ar bun chun é a cheansú, ag baint feidhm as feithidí beaga a stopann an t-aiteann ó bhláthú agus na síolta a sholáthar.

Foclóirín: caislín cloch = stonechat; gleoiseach = linnet; buíóg = yellowhammer; léagúmach = leguminous; lannacha = mar a bheadh lann ann.

Timire Autumn 2017.indd 43

27/07/2017 19:21


Saor gach Céadaoin leis an LE FÁIL I MÍR NA GLUAISTEÁNAÍOCHTA (MOTOR SECTION)

Timire Autumn 2017.indd 44

27/07/2017 19:21


45

Freagraí ar Cheistneoir an Timire Fómhar 2016 A Chairde, Is mór againn inchur ár léitheoirí agus táimid fíorbhuíoch den líon mór agaibh a chomhlánaigh ár gceistneoir. Seo thíos blaiseadh de bhur dtuairimí: Iris thábhachtach riachtanach in achan slí. Is maith liom í mar atá sí ach scríbhneoirí mar an tAth. Standún a bheith ann níos minicí. Céard faoi altanna ó dhaoine cosúil le Gearóid Ó Tuathaigh, Alan Dukes, Mary Kennedy nó Easpag nua Chill Dá Lua – tá dea-Ghaeilge aige. Lean leis an obair iontach le cúnamh Dé. Cuma cineál trom ar an iris, tuilleadh picitiúirí de dhíth. Altanna cineál trom fosta. An bhfuil oscailteacht do dhaoine úra alt a scríobh. Crosfhocal an-mhaith. Stair áitiúil: Greann. Na cluichí Gaelacha agus oilithreachtaí in Éirinn. Ansmaoineamh an ceistneoir. Iarrachtaí an-bhreá ar siúl agaibh agus cur i láthair deas, tarraingteach. Moladh: Stair na hEaglaise, Na Meáin Chumarsáide, Oideachas. Ní thig liom ach píosa beag a léamh ag an am amháin, mar go bhfuil an cló ró-dhlúth – ach is fiú an saothar é! Bail ó Dhia ar an obair. Molaim an t-eagarfhocal. Moladh: Filíocht.

Timire Autumn 2017.indd 45

Is maith linn na haltanna ó ghnáthdhaoine chomh maith leis an chléir. An-ghnó á dhéanamh agaibh. Coinnigh oraibh. Is maith liom an meascán d’altanna faoi nithe a bhaineann leis an tír seo agus le tíortha eile. Pobal Dé amháin muid ar deireadh. Cad chuige a bhfuarthas réidh leis an phaidir ‘An Ofráil Laethúil’. Níl sé ann a thuilleadh ó bl 2013. Ba chóir go mbeadh an phaidir seo ann. Ní chóir go mbeadh cead ag daoine altanna a scríobh don Timire atá i gcoinne phrionsabail na Críostaíochta agus in éadan theagasc na hEaglaise Caitlicí. Cuir i gcás san eagrán reatha Joe Higgins (Fómhar) a thacaigh leis an nginmhilleadh agus leis an bpósadh aonghnéis – ar ndóigh thacaigh a phairtí polaitíochta leis an dá rud. Bhí alt ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh in eagrán Gheimhreadh 2014/2015. An rud céanna arís... Náireach. Ná bíodh an Timire mar ardán do dhaoine atá i gcoinne na Críostaíochta. Bainim taitneamh as gach alt de ghnáth. Locht amháin – ní bhíonn faid ró-mhór ins na haltanna. Cló (per se) ró-mhion – méadaigh an cló fiú má bhíonn oraibh alt a fhágaint ar lár.

27/07/2017 19:21


46 1

6

2

3

4

5

7 8

9

10 11

14

crosfhocal TRASNA 1. tugann sí uibheacha dúinn [5] 3. tír cheilteach [6] 6. bean chéile an rí [7] 8. scéal úr [6] 9. dhá sheachtain [6] 11. glór, torann [7] 14. uirlis le éadach a ghearradh [6] 15. aistear [5]

12

13

15

Duais €20 le buachaint ANUAS 1. cos bó nó capaill [4] 2. sconsa nó díog [4] 3. go dtí an taobh thall [5] 4. salach nó bréan [7] 5. cumhacht, láidreacht [5] 7. saibhreas [7] 9. coinníonn sé suas do bhrístí [5] 10. liathróid chruinn [5] 12. deatach [4] 13. urraim, cion [4]

FREAGRAÍ CROSFHOCAL AN tSAMHRAIDH: TRASNA 1. seoid 3. aimsir 6. taibhse 8. olagón 9. pingin 11. árthach 14. contae 15. docht ANUAS1. sórt 2. dubh 3. anseo 4. mullach 5. racán 7. bagairt 9. páirc 10. náire 12. téad 13. hart

SCRÍOBH ‘CROSFHOCAL’ AR CHLÚDACH DO LITREACH, AGUS SEOL FREAGRAÍ, MAR AON LE d’AINM AGUS SEOLADH CHUIG: AN TIMIRE, 37 SRÁID LÍOSAIN, BAILE ÁTHA CLIATH 2, ROIMH 20 DEIREADH FÓMHAIR, 2017 BUAITEOIR AN CHOMÓRTAIS DHEIREANAIGH: ÍTE Ní CHIONNAITH, INSE CHÓR, BAILE ÁTHA CLIATH 8.

Timire Autumn 2017.indd 46

27/07/2017 19:21


47

Fajitas

Síle Ní Chearbhaill COMHÁBHAIR: 3 bhrollach sicín 1 oinniún dearg 1 piobar buí 1 piobar glas 1 piobar dearg 2 ionga gairleoige 1 tsp paiprice deataithe 1 tsp paiprice 1 tsp callóga sillí 1 tsp lus an choire Sú de 1 líomóid 1 tsp ola 200ml pasatta LE RIARADH: Tortilla Sailéad Salsa

Timire Autumn 2017.indd 47

MODH: 1. Gearr an sicín agus na glasraí ina slisíní. 2. Téigh an ola ar an bhfriochtán. Frioch an sicín agus an ghairleog go mbíonn an sicín geal tríd. 3. Cuir na glasraí leis agus frioch an t-iomlán ar feadh 3 nóiméad. 4. Measc na spíosraí agus an sú tríd agus frioch ar feadh 2 nóiméad eile chun an blas a fhorbairt. 5. Doirt isteach an pasatta agus suanbhruith ar feadh 5 nóiméad. 6. Téigh na tortilla agus riar le sailéad agus salsa.

27/07/2017 19:21


An Ofráil Laethúil A Athair ró-ghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is gníomh, gach áthas is brón. Ófralaim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar intinn Chroí Íosa agus ar intinní an Phápa, mar atá ... (féach thíos) ... agus ar m’intinní féin. Deonaigh dom, trí spreagadh an Spioraid Naoimh agus le cabhair ó Chroí Mhuire gan Smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile. Amen.

Meán Fómhair

Soiscéalaíoch: Paróistí ag freastal ar an misean Go raibh ár bparóistí ag gníomhú, i spiorad na misinéireachta, chun an creideamh a chraobhscaoileadh agus an charthanacht a thabhairt chun solais.

Deireadh Fómhair

Uilíoch: Cearta oibrithe agus na ndaoine atá dífhostaithe Go raibh meas ar gach uile oibrí agus go gcosnaítear a gcearta, agus go dtugtar deis do na daoine dífhostaithe an leas coiteann a chur chun cinn.

Samhain

Soiscéalaíoch: Fianaise a thabhairt ar an Soiscéal san Áise Go dtuga Críostaithe na hÁise fianaise ar an Soiscéal le briathar agus le gníomh, go gcuire siad chun cinn an chumarsáid, an tsíocháin, agus an chomhthuiscint, leo siúd ar chreideamh eile go háirithe.

Timire an Chroí Ró-naofa

Timire Autumn 2017.indd 48

27/07/2017 19:22


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook

Articles inside

Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.