3 minute read
Cúinne an Cheoil Barra Ó Séaghdha
An Dr. Barra Ó Séaghdha Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
Ar Lorg na Laochra
Ní minic an phíb uilleann agus an chláirseach á seinm in éineacht lena chéile. Meastar, b’fh éidir, go scriosfadh scréachaíl na bpíob fuaim éadrom, ghalánta na cláirsí. Ó eisíodh céadchéirnín an Bothy Band i leith (agus ná dearmadaimis Moving Hearts), áfach, is léir go bhfuil sé ar chumas na bpíob lánpháirt a ghlacadh sa chineál sin ceoil a bhfuil tionchar an rac le cloisteáil air. Tá fi ántas iontach ag baint le stíleanna áirithe píobaireachta, dar ndóigh, ach éinne a d’éistfeadh leis an albam Ar Lorg na Laochra/On the Shoulders of Giants le Laoise Kelly agus Tiarnán Ó Duinnchinn, thuigfeadh sé uaidh go mbaineann an dara taobh leis an uirlis chéanna.
An í an éagsúlacht idir bunfh uaimeanna na n-uirlisí an chúis nach dtrasnaíonn siad ar a chéile ar chor ar bith, nó an í a mhalairt ar fad de scéal atá fíor? Mar is dual don chomhrá is fearr, is léir láithreach an meas agus an tuiscint atá ag Laoise Kelly agus Tiarnán Ó Duinnchinn ar a chéile; tuigeann siad chomh maith gur binn uirlis ina tost uaireanta, gur cuid thábhachtach den chomhrá an tost freisin. Ní mar sin i gcónaí. Is féidir sult a bhaint as an bpíobadóir agus an veidhleadóir i bpáirt agus iad i dteach tábhairne nó i gcúinne cistine, mar shampla, ach nuair a éisteann tú leis na ceoltóirí céanna ar an dlúthdhiosca, ba dheacair a mhaíomh gur suimiúla a gcomhcheol ná a gceol aonair.
A bhuí le stíl Uí Dhuinnchinn – stíl mhín, shéimh, sholúbtha ach í lán de mhothúcháin – ní deacair do Laoise Kelly gach gné dá healaíontacht féin a thabhairt chun solais. Is féidir léi gan amhras an fonn féin a chasadh ina aonar, é a chasadh in éineacht lena compánach, réthionlacan a dhéanamh air (ar nós an ghiotáir rithime), nó cuntraphointe saor a sholáthar. (Ba chóir focal buíochais a ghabháil leis an innealtóir fuaime Trevor Hutchinson agus le Tim Martin a thuig gur ceol aireagail é seo.) Níl réigiún nó tréimhse faoi leith á iníuchadh ar an albam seo. Leanann port ón naoú haois déag (The Humours of Killarney) máirseáil on séú haois déag, mar shampla. Tugtar ríleanna ó Chonamara, ó Thír Chonaill agus ó Shligeach le chéile ar thraic eile. I measc na bhfonn amhráin tá ‘Fáinne Geal an Lae’ – ní an leagan a chloistí sna céadta bunscoil ar fud na hÉireann (ár seanchara, ‘Raglan Road’) ach an leagan álainn a bhailigh an Canónach Séamus Goodman
CÚINNE AN CHEOIL
fadó i gCiarraí agus a chas Iarla Ó Lionáird (in éineacht le Steve Cooney) ag ceolchoirm a reáchtáladh i gcuimhne ar an gCanónach úd, sa Sciobairín, sa bhliain 2012. Is féidir teacht air sin ar Youtube agus tá go leor eolais faoi Goodman agus Corca Dhuibhne in Iris na hOidhreachta 2 (1990), curtha in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta.
Tagaimid ar Goodman arís (polca, an turas seo) ach i gcomhluadar a chuirfeadh ionadh air gan dabht: polca bunaithe ar ‘Ó Neillí, Neillí’, polca ón bhFionlainn a chuala Laoise agus Tiarnán in Alban dóibh; agus polca eile, ‘The New Roundabout’ a chum an Corcaíoch Dave Hennessy sna hochtóidí. Pé rud ann é, gach seans go mbainfeadh an Canónach sult as an gceol bríomhar seo agus go mbeadh áthas air go bhfuil éileamh ag ceoltóirí an lae inniu ar an méid a bhailigh sé fadó, roimh agus i ndiaidh an Ghorta.
B’fh éidir nach mbeadh fonn orm féin fi lleadh go rómhinic ar ghiota nó dhó den dlúthcheirnín anseo is ansiúd, agus, mar is gnách, ba bhreá liom go gcasfadh na sárcheoltóirí seo cúpla fonn mall (ar nós Catherine Ogie agus Méilte Cheann Dubhrann) ina n-áit siúd, ach ná bac le mo chlamhsán agus tabhair cluas éisteachta do Laoise Kelly agus do Thiarnán Ó Duinnchinn.
Foclóirín: réthionlacan = vamping; ceol aireagail = chamber music; comhcheol = harmony.