An Timire - Fómhar 2017

Page 28

28

An Dr. Barra Ó Séaghdha Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Ar Lorg na Laochra Ní minic an phíb uilleann agus an chláirseach á seinm in éineacht lena chéile. Meastar, b’fhéidir, go scriosfadh scréachaíl na bpíob fuaim éadrom, ghalánta na cláirsí. Ó eisíodh céadchéirnín an Bothy Band i leith (agus ná dearmadaimis Moving Hearts), áfach, is léir go bhfuil sé ar chumas na bpíob lánpháirt a ghlacadh sa chineál sin ceoil a bhfuil tionchar an rac le cloisteáil air. Tá fiántas iontach ag baint le stíleanna áirithe píobaireachta, dar ndóigh, ach éinne a d’éistfeadh leis an albam Ar Lorg na Laochra/On the Shoulders of Giants le Laoise Kelly agus Tiarnán Ó Duinnchinn, thuigfeadh sé uaidh go mbaineann an dara taobh leis an uirlis chéanna. An í an éagsúlacht idir bunfhuaimeanna na n-uirlisí an chúis nach dtrasnaíonn siad ar a chéile ar chor ar bith, nó an í a mhalairt ar fad de scéal atá fíor? Mar is dual don chomhrá is fearr, is léir láithreach an meas agus an tuiscint atá ag Laoise Kelly agus Tiarnán Ó Duinnchinn ar a chéile; tuigeann siad chomh maith gur binn uirlis ina tost uaireanta, gur cuid thábhachtach den chomhrá an tost freisin. Ní mar sin i gcónaí. Is féidir sult a bhaint as an bpíobadóir agus an veidhleadóir i bpáirt agus iad i dteach

Timire Autumn 2017.indd 28

tábhairne nó i gcúinne cistine, mar shampla, ach nuair a éisteann tú leis na ceoltóirí céanna ar an dlúthdhiosca, ba dheacair a mhaíomh gur suimiúla a gcomhcheol ná a gceol aonair. A bhuí le stíl Uí Dhuinnchinn – stíl mhín, shéimh, sholúbtha ach í lán de mhothúcháin – ní deacair do Laoise Kelly gach gné dá healaíontacht féin a thabhairt chun solais. Is féidir léi gan amhras an fonn féin a chasadh ina aonar, é a chasadh in éineacht lena compánach, réthionlacan a dhéanamh air (ar nós an ghiotáir rithime), nó cuntraphointe saor a sholáthar. (Ba chóir focal buíochais a ghabháil leis an innealtóir fuaime Trevor Hutchinson agus le Tim Martin a thuig gur ceol aireagail é seo.) Níl réigiún nó tréimhse faoi leith á iníuchadh ar an albam seo. Leanann port ón naoú haois déag (The Humours of Killarney) máirseáil on séú haois déag, mar shampla. Tugtar ríleanna ó Chonamara, ó Thír Chonaill agus ó Shligeach le chéile ar thraic eile. I measc na bhfonn amhráin tá ‘Fáinne Geal an Lae’ – ní an leagan a chloistí sna céadta bunscoil ar fud na hÉireann (ár seanchara, ‘Raglan Road’) ach an leagan álainn a bhailigh an Canónach Séamus Goodman

27/07/2017 19:20


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.