4 minute read

Turas Bus sa Phacastáin An tAth. Tomás Mac Con Raoi

An tAth. Tomás Mac Con Raoi Columbánach a chaith tréimhse sa Phacaistán

Luach na nDaoine Thar a Chéile ar Thuras Bus

Uair amháin bhí mé i mo shuí i mbus ag stad an bhus i mBadin, cathair i Sindh, i ndesisceart na Pacastáine. Ní raibh ach fíorbheagán daoine sa bhus; mar sin d’fh an an tiománaí agus fear na dticéad go dtí go dtiocfadh paisinéirí eile. Lá te brothallach a bhí ann; tháinig mangaire isteach sa bhus, crúiscín agus dhá ghloine á n-iompar aige, súil aige gan dabht deoch fuar a dhíol do na paisinéirí. Bhí mé den tuairim ón gcruth a bhí air gur Musalmach ó Sindh a bhí ann agus é ag iarraidh riachtanaisí na beatha a sholáthar dó féin is dá chlann.

Suite sa suíochán os mo chomhair amach, bhí fear agus a iníon, ise timpeall seacht mbliana d’aois. Mheas mé gur bhain siad le ceann de na treibheanna ‘untouchable’ nach féidir aon chaidreamh nó baint a bheith ag aon duine leo. D’iarr an cailín ar a hathair deoch fuar a cheannach di. Leag an mangaire an dá ghloine a bhí aige ar shuíochán folamh agus amach as a phóca thóg sé timbléar déanta as alúmanam. Dhoirt sé an deoch fuar isteach ann agus thug don chailín é. Nuair a bhí sí críochnaithe d’ordaigh an t-athair deoch dó féin; úsáideadh an timbléar céanna. Nuair a bhí a shá ólta aige d’íoc an t-athair an mangaire.

Ba chomhartha an timbléar alúmanam de sheasamh íseal an athar agus an chailín i measc an phobail. Dá ligfeadh an mangaire do dhaoine ó cheast íseal deoch a ól as na gloiní ní úsáidfeadh na paisinéirí eile iad. Is cinnte go mbeadh an mangaire den tuairim go raibh stádas níos airde aige féin ná mar a bhí ag an bhfear agus ag an gcailín; ach mar sin féin ní raibh drogall ar bith air a gcuid airgid a ghlacadh uathu. Léiríonn an eachtra seo agus an-chuid eachtraí cosúil léi go bhfuil cumhacht nach beag ag an gcóras ceast fi ú amháin sa lá atá inniu ann – é sin in ainneoin go bhfuil an creideamh Ioslamach go mór i gcoinne idirdhealú éagórach a chleachtadh idir dhaoine. Mheas an mangaire agus an fear go raibh ar tharla ‘nádúrtha’; bhí an cailín óg ag foghlaim conas mar a oibríonn an saol mór. Ó thús aimsire chuireadh an duine daonna a fh éiniúlacht in iúl trí bhéim a leagan ar an éagsúlacht idir é féin agus daoine eile. Ceann de na samplaí is measa den chlaonadh seo ná an córas ceast a d’eascair in ilchríoch na hIndia, na mílte bliain ó shin. Cé nach ndéantar mórán tagairt dó sa Phacastáin sa lá atá anois ann, is cinnte go bhfuil sé fós ina bheatha

‘Bhí an mangaire den tuairim go raibh stádas níos airde aige ná an fear agus an cailín ach ní raibh drogall ar bith air a gcuid airgid a ghlacadh.’

agus go bhfuil an-drochthionchar ag an idirdhealú atá lárnach ann ar shaol anchuid daoine. Na Críostaithe sa Phacastáin, is de bhunadh íseal ceast iad. Déantar idirdhealú ina gcoinne toisc an saghas oibre a dhéanann siad; na sráideanna agus na bealaí séarachais a scuabadh, nó faoin tuath mar chosmhuintir gan fearann acu ach iad ar thailte tiarnaí talún feodacha. Fáth eile leis an idirdhealú ná difríocht creidimh agus eitnice. Meastar go coitianta go bhfuil sé ‘nádúrtha’ iad a choimeád amuigh ar imeall na sochaí. Is leis na daoine seo a mhaireann agus a oibríonn na Colambánaigh, ord rialta a bhfuil an Áis mar chúram speisialta acu. Slí amháin chun cur i gcoinne an idirdhealaithe ná an t-oideachas. Tóg mar shampla Ardscoil Naomh Pól i gcatheir Badin: comhoideasach, ó chiondarghairdín go Teastas Máithreánach, cúlra bochtanais ag na daltaí go léir, 45% díobh ina gCríostaithe, 30% ina Musalmaigh agus 25% ina Hiondúigh. Duine is fi che atá san fh oireann teagaisc: 15 Críostaí, 4 Mhusalmach agus 2 Hiondúch. Is le Deoise Hyderabad an Ardscoil, agus tá ról lárnach ag sagart paróiste na háite inti. Ach amháin daltaí agus máistrí a chur san áireamh, tá seacht bpobal eitneacha éagsúla san Ardscoil. Go dtí le déanaí ní bhíodh ach fíorbheagán comhluadair idir na pobail eitneacha dhifriúla; ní íosfaidis le chéile, mar shampla, ní phósfaidis a chéile. Is teist phraitiúil í an Ardscoil ar ar féidir a bhaint amach tríd an oideachas. Déanann an scoil na féilte sna creidimh éagsúla a chomóradh; mar sin tagann na daltaí ar thuiscint ar na rudaí atá tábhachtacht i saol a gcomharsana. Cosúil le gach áit eile ar domhan tarlaíonn rudaí gránna, ach faoin am seo, tá go leor dea-thola agus muinín ar fáil chun rudaí a chur ina gceart. Dar leis an Domhan Thiar nach bhfuil sa Phacastáin ach fanaiceacht ó thaobh creidimh de agus géarleanúint á déanamh ar gach aon saghas mionlaigh. Teist í Ardscoil Naomh Pól nach amhlaidh atá.

INTINN SHOISCÉALAÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ NA SAMHNA, 2017 Go dtuga Críostaithe na hÁise fi anaise ar an Soiscéal le briathar agus le gníomh, go gcuire siad chun cinn an chumarsáid, an tsíocháin, agus an chomhthuiscint, leo siúd ar chreideamh eile go háirithe.

Foclóirín: ciondarghairdín = naíscoil; fanaiceacht = fanaticism; feodacha = feudal; an córas ceast = the caste system.

This article is from: