An Timire - Fómhar 2017

Page 19

19

An tAth. Tomás Mac Con Raoi Columbánach a chaith tréimhse sa Phacaistán

Luach na nDaoine Thar a Chéile ar Thuras Bus Uair amháin bhí mé i mo shuí i mbus ag stad an bhus i mBadin, cathair i Sindh, i ndesisceart na Pacastáine. Ní raibh ach fíorbheagán daoine sa bhus; mar sin d’fhan an tiománaí agus fear na dticéad go dtí go dtiocfadh paisinéirí eile. Lá te brothallach a bhí ann; tháinig mangaire isteach sa bhus, crúiscín agus dhá ghloine á n-iompar aige, súil aige gan dabht deoch fuar a dhíol do na paisinéirí. Bhí mé den tuairim ón gcruth a bhí air gur Musalmach ó Sindh a bhí ann agus é ag iarraidh riachtanaisí na beatha a sholáthar dó féin is dá chlann. Suite sa suíochán os mo chomhair amach, bhí fear agus a iníon, ise timpeall seacht mbliana d’aois. Mheas mé gur bhain siad le ceann de na treibheanna ‘untouchable’ nach féidir aon chaidreamh nó baint a bheith ag aon duine leo. D’iarr an cailín ar a hathair deoch fuar a cheannach di. Leag an mangaire an dá ghloine a bhí aige ar shuíochán folamh agus amach as a phóca thóg sé timbléar déanta as alúmanam. Dhoirt sé an deoch fuar isteach ann agus thug don chailín é. Nuair a bhí sí críochnaithe d’ordaigh an t-athair deoch dó féin; úsáideadh an timbléar céanna. Nuair a bhí a shá ólta aige d’íoc an t-athair an mangaire.

Timire Autumn 2017.indd 19

Ba chomhartha an timbléar alúmanam de sheasamh íseal an athar agus an chailín i measc an phobail. Dá ligfeadh an mangaire do dhaoine ó cheast íseal deoch a ól as na gloiní ní úsáidfeadh na paisinéirí eile iad. Is cinnte go mbeadh an mangaire den tuairim go raibh stádas níos airde aige féin ná mar a bhí ag an bhfear agus ag an gcailín; ach mar sin féin ní raibh drogall ar bith air a gcuid airgid a ghlacadh uathu. Léiríonn an eachtra seo agus an-chuid eachtraí cosúil léi go bhfuil cumhacht nach beag ag an gcóras ceast fiú amháin sa lá atá inniu ann – é sin in ainneoin go bhfuil an creideamh Ioslamach go mór i gcoinne idirdhealú éagórach a chleachtadh idir dhaoine. Mheas an mangaire agus an fear go raibh ar tharla ‘nádúrtha’; bhí an cailín óg ag foghlaim conas mar a oibríonn an saol mór. Ó thús aimsire chuireadh an duine daonna a fhéiniúlacht in iúl trí bhéim a leagan ar an éagsúlacht idir é féin agus daoine eile. Ceann de na samplaí is measa den chlaonadh seo ná an córas ceast a d’eascair in ilchríoch na hIndia, na mílte bliain ó shin. Cé nach ndéantar mórán tagairt dó sa Phacastáin sa lá atá anois ann, is cinnte go bhfuil sé fós ina bheatha

27/07/2017 19:19


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.