3 minute read

Gluaiseacht na Gaeilge Lorcán Mac Gabhann

Lorcán Mac Gabhann Ceannasaí Ghlór na nGael

Gluaiseacht na Gaeilge

I measc na dtréithe atá agam, is Gaeilgeoir mé. Labhraím Gaeilge san ionad oibre, i measc cairde agus i measc mo theaghlaigh. Glacaim gach deis í a fh orbairt mar theanga pobail agus í a chur chun cinn mar rogha theanga i measc na ndaoine a gcaithim am leo.

Is náisiúnaí mé freisin.Tá dílseacht agus grá agam don tír inar rugadh mé, inar tógadh mé agus a chothaigh mé mar dhuine.

Nuair a thosaigh mé ag plé fh orbairt na teanga, siar san Ré Dhorcha, bhí ann do ghluaiseacht Ghaeilge náisúnta. Is é an tuiscint a bhí agam ag an am, atá fós agam, ar Ghluaiseacht na Gaeilge ná gur aon chlann amháin a bhí ann. Ar nós clann ar bith eile, bhí sé scapthe ar fud na cruinne, ach go háirithe ar fud oileán na hÉireann. Is dócha gur chuidigh an ‘traenáil’ a fuair mé le Coláiste na bhFiann an dearcadh go bhféadfainn a bheith mar chuid d’iarracht náisiúnta a d’imreodh tionchar ar iompar teanga an náisiúin. Agus mé fós i mo ghasúr an-óg chuir mé aithne ar dhaoine óga eile ó, nach mór, chuile chontae sa tír. Is léir go ndeachaidh sin go mór i bhfeidhm orm agus gur thuig mé go luath go raibh luach dochreidte leis an teanga mar nasc cairdis.

Mar cheann de na chéad ‘mhisin’ gur thug mé faoi mar dhéagóir, bhí deireadh seachtaine in iarthar Bhéal Feirste. Níl mórán cuimhne agam air, ach go rabhamar ag múineadh Gaeilge do dhaoine fásta mar chuid de dhianchúrsa deireadh seachtaine sa Conway Mill agus gur fh anamar i dteach ar Bhóthar Seoighe.

Tagann ‘misin náisiúnta’ eile chun cuimhne, ina measc tréimhse a chaith mé ag taisteal na tíre le hÍte Ní Chionnaith (a bhí mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge ag an am) ag spreagadh spéis an phobail in Acht Teanga, nó a bheith gafa le cásanna dlí leithéidí Bhriain Uí Bhaoill agus Chiaráin Uí Fheinneadha a cuireadh sa phíosún toisc nár íoc siad a gceadúnas teilifíse; nó a bheith gafa le cás Bhríd Uí Dhomhnaill sa Sraith Salach a d’fh ualaing baghcat ar a seomra ranga toisc gur éiligh sí aifreann Gaeilge do phobal Gaeltachta.

San am sin, in am an ghátair, thainig Gluaiseacht na Gaeilge le chéile mar aon ghluaiseacht amháin agus le haon ghuth amháin nuair a bhí cuid den ‘chlann’ i dtrioblóid nó faoi bhagairt nó faoi bhrú nó ag lorg cúnamh faoi leith.

Is folláin í an Ghluaiseacht Ghaeilge sa bhliain 2017, cinnte, ach is gluaiseacht í atá éagsúl go hiomlán ó ghluaiseacht

‘Tá ag éirí le formhór na bpobal a gcuid éileamh a fhíorú ach tá roinnt pobail eile atá ró-lag leis an bpointe bua sin a bhaint amach.’

daichead bliain ó shin. Tá sí i bhfad Éireann níos áitiúla agus pobalbhunaithe. Tá fócas na gluaiseachta níos dírithe ar na pobail áitiúla agus is maith sin. Tá an ghluaiseacht reatha níos cosúla le bailiúcháin de ghluaiseachtaí teanga pobalfh réamhaithe agus go hiomlán dírithe ar a riachtanais féin. De réir eolaíocht na pleanála teanga tá an fócas féin-dírithe seo le moladh agus mar dhúshraith ríthábhachtach d’aon phobal atá chun tabhairt faoi fh orbairt úsáid na Gaeilge. Cé go bhfuil na gluaiseachtaí áitiúla teanga fud fad na tíre le moladh go hard, tá mé buartha nach bhfuil dóthan aird á léiriú acu d’fh adhbanna teanga lasmuigh dá gceantair féin. Tá feachtais éagsúla teanga faoi lán tseoil faoi láthair agus, lasmuigh de sháriarrachaí Chonradh na Gaeilge, tá siad á bhfobairt beag beann ar a chéile. Tá tacaíocht d’Acht na Gaeilge ag teacht d’fh ormhór ó phobal an Tuaiscirt. Bhí glór an éilimh do churaclam speisialta oideachais Ghaeltachta le cloisteáil go príomha sa Ghaeltacht. Tá éilimh d’fh orbairt na gaelscolaíochta i mBaile Átha Cliath aitheanta mar cheist do phobal na hardchathrach amháin. Tá éileamh ar oideachas iarbhunscoile do Shligeach/ Liatrom fágtha go príomha faoi phobal an dá chontae sin. Níl ansin ach samplaí agus tá na céadta eile cosúil leo. Tá, diaidh ar ndiaidh, ag éirí le formhór na bpobal a gcuid éileamh a fh íorú ach tá roinnt pobail eile atá ró-lag leis an bpointe bua sin a bhaint amach. Sna cásanna seo, braithim gur níos laige atá siad de bharr easpa gluaiseachta náisiúnta a thugann ‘aire’ dá chéile.

Ní cáineadh é an t-alt seo ar phobal ar bith atá láidir agus cumasach mar phleanálaithe teanga áitiúla. Tá sár-obair ar siúl agus seirbhísí den chéad scoth á gcur ar fáil ag grúpaí pobail Gaeilge dá bpobail, idir óg agus aosta. Ar nós míreanna mearaí atá i mbosca, is deise agus is áille é lasmuigh den bhosca agus mar aon phictúr amháin.

Foclóirín: míreanna mearaí = puzal i bpíosaí; dúshraith = bonn bunúsach.

This article is from: