An Timire - Fómhar 2017

Page 8

8

Lorcán Mac Gabhann Ceannasaí Ghlór na nGael

Gluaiseacht na Gaeilge I measc na dtréithe atá agam, is Gaeilgeoir mé. Labhraím Gaeilge san ionad oibre, i measc cairde agus i measc mo theaghlaigh. Glacaim gach deis í a fhorbairt mar theanga pobail agus í a chur chun cinn mar rogha theanga i measc na ndaoine a gcaithim am leo. Is náisiúnaí mé freisin.Tá dílseacht agus grá agam don tír inar rugadh mé, inar tógadh mé agus a chothaigh mé mar dhuine. Nuair a thosaigh mé ag plé fhorbairt na teanga, siar san Ré Dhorcha, bhí ann do ghluaiseacht Ghaeilge náisúnta. Is é an tuiscint a bhí agam ag an am, atá fós agam, ar Ghluaiseacht na Gaeilge ná gur aon chlann amháin a bhí ann. Ar nós clann ar bith eile, bhí sé scapthe ar fud na cruinne, ach go háirithe ar fud oileán na hÉireann. Is dócha gur chuidigh an ‘traenáil’ a fuair mé le Coláiste na bhFiann an dearcadh go bhféadfainn a bheith mar chuid d’iarracht náisiúnta a d’imreodh tionchar ar iompar teanga an náisiúin. Agus mé fós i mo ghasúr an-óg chuir mé aithne ar dhaoine óga eile ó, nach mór, chuile chontae sa tír. Is léir go ndeachaidh sin go mór i bhfeidhm orm agus gur thuig mé go luath go raibh luach dochreidte leis an teanga mar nasc cairdis.

Timire Autumn 2017.indd 8

Mar cheann de na chéad ‘mhisin’ gur thug mé faoi mar dhéagóir, bhí deireadh seachtaine in iarthar Bhéal Feirste. Níl mórán cuimhne agam air, ach go rabhamar ag múineadh Gaeilge do dhaoine fásta mar chuid de dhianchúrsa deireadh seachtaine sa Conway Mill agus gur fhanamar i dteach ar Bhóthar Seoighe. Tagann ‘misin náisiúnta’ eile chun cuimhne, ina measc tréimhse a chaith mé ag taisteal na tíre le hÍte Ní Chionnaith (a bhí mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge ag an am) ag spreagadh spéis an phobail in Acht Teanga, nó a bheith gafa le cásanna dlí leithéidí Bhriain Uí Bhaoill agus Chiaráin Uí Fheinneadha a cuireadh sa phíosún toisc nár íoc siad a gceadúnas teilifíse; nó a bheith gafa le cás Bhríd Uí Dhomhnaill sa Sraith Salach a d’fhualaing baghcat ar a seomra ranga toisc gur éiligh sí aifreann Gaeilge do phobal Gaeltachta. San am sin, in am an ghátair, thainig Gluaiseacht na Gaeilge le chéile mar aon ghluaiseacht amháin agus le haon ghuth amháin nuair a bhí cuid den ‘chlann’ i dtrioblóid nó faoi bhagairt nó faoi bhrú nó ag lorg cúnamh faoi leith. Is folláin í an Ghluaiseacht Ghaeilge sa bhliain 2017, cinnte, ach is gluaiseacht í atá éagsúl go hiomlán ó ghluaiseacht

27/07/2017 19:18


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.