An Timire - Fómhar 2017

Page 38

38

Donncha Ó hÉallaithe Cathaoirleach Chumann Forbartha Chois Fharraige

An Mine a Phléasc ar an Lochán Beag Céad Bliain ó Shin Tús mhí an Mheithimh thug mé sciuird síos ar chladach an Locháin Bhig, go bhfeicfinn an obair a bhí déanta ar leac an mine ag meitheal deonach, a bhí ag obair faoi scáth Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí an obair déanta ag an meitheal le láthair na tubaiste a tharla céad bliain roimhe sin a réiteach don chuimhneachán a bhí beartaithe, ar an naonúr a maraíodh nuair a phléasc mianach mara, a tugadh isteach le cladach ag ceapadh gur raic luachmhar a bhí ann. Romham ar an gcladach ag breathnú ar an leac nuafheistithe bhí triúr ó Phortland Maine – beirt bhan agus fear thart ar dhá scór – agus iad ag iarraidh ciall a bhaint as an scríbhinn. ‘Cuir paidir lena n-anam seo a maraíodh ar an 15ú lá de Mheitheamh 1917’ a bhí scríofa sa sean-chló Gaelach ar an leac cuimhneacháin agus liosta ainmneacha an naonúir a bhásaigh go tubaisteach ar an Trá Shalach. Tar éis aithne a chur orthu fuaireas amach go raibh gaol ag an bhfear, James Hebert, le Seosamh Ó Flaithearta, a raibh a ainm greanta ar an leac. Bhí pictiúr aige dá shin-sheanmháthair, deirfiúr le Seosamh, a chuaigh go Portland Maine tar éis na tubaiste le saol níos fearr a aimsiú. Bhí lúcháir air a chloisteáil go raibh ocáidí cuimhneacháin speisialta beartaithe

Timire Autumn 2017.indd 38

don chéad deireadh seachtaine eile, ag Cumann Forbartha Chois Fharraige. Faraoir ní fhéadfadh sé fanacht mar bhí a eitilt fillte ag imeacht cúpla lá roimhe. Thosaigh an Cuimhneachán le mórshiúl de phobal na háite ag leanacht píobaire síos Bóithrín na Seáin chomh fada leis an gcladach. Bhí an aimsir gaofar agus baol báistí ann. Mar sin féin rinne an tAthair Stiofán Ó Donnchú, nó Sagart Staf mar a thugtar go háitiúil air, an tAifreann a cheiliúradh ar dhuirling an Locháin Bhig, gar don áit inar tharla an sléacht céad bliain roimhe sin go dtí an lá. Rugadh agus tógadh Sagart Staf i gcomhsanacht na ndaoine a maraíodh sa phléasc. Ina sheanmóir, tugtha uaidh i nGaeilge bhreá Chois Fharraige, dúirt sé gur daoine iad an naonúr a maraíodh nach raibh ag iarraidh go mbeadh a n-ainmneacha in airde, nach raibh ag iarraidh a bheith ina laochra ach gur daoine neamhurchóideacha iad a maraíodh le linn cogadh nár bhain leo. Rinne sé ceangailt idir an marú ar an Lochán Beag céad bliain ó shin agus an marú atá ag tarlú i gcónaí do dhaoine neamhurchóideacha le mianacha míleata atá fós ag pléascadh in Angóla agus sa Chambóid nó atá á marú de bharr sceimhlitheoireachta ar shráideanna Londan is Pháras.

27/07/2017 19:20


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.