4 minute read

An tAth. Seosamh Ó Mealláin SJ 1913 – 2018 Frainc Mac Brádaigh SJ

An tAth. Seosamh Ó Mealláin SJ 1913–2018

A Athair Frainc a chara,

“Ba den chineáltas uait é an litir úd a chuir tu chugam go háirithe ó scríobh tu ar an 8adh lá de Bhealtaine é. Fíor buídheach mé.” Sin mar a thosaigh an tAth. Seosamh an chéad litir chugam ar an 21 Bealtaine 2015. Faraoir nár casadh orm riamh é ach sríobh muid chuig a chéile roinnt cupla uair ó shin.

Mar a deireann muintir Uí Mhealláin agus Uí Ici ins an ráiteas uathu tráth a bháis: “I gcaitheamh a shaoil, ba chumarsáidí thar cionn é an tAth. Seosamh agus ba scríbhneoir frasach litreacha é go díreach cosúil lena athair … níor theip riamh air freagra a sheoladh ar litir ó aon duine. Ba chuma cén duine a scríobh chuige gheobhaidís freagra smaointeach ar ais” agus b’amhlaidh liomsa é. Fuair muid ceithre litir uaidh agus bhí ríméad ar gach duine againn san oifi g seo nuair a thagadh litir uaidh. Is taisce luachmhar againn iad. Ní fearr a dhéanfadh muid ná cuid mhór de ráiteas a theaghlaigh a chur i gcló anseo in ómós don Athair Seosamh: "Ar son agus thar ceann Mhuintir Uí Mhealláin agus Uí Icí.

Ba mhór an díol brón go pearsanta dúinn scéala a fh áil ó Hong Kong maidin seo na Cásca go bhfuair an tAth. Seosamh Ó Mealláin SJ bás, agus sinn díreach ar tí cothrom 102ú bliain Éirí Amach na Cásca a chomóradh. Thuigeamar i gcónaí go raibh an lá seo gar do theacht ach ina dhiaidh sin féin bhain sé stangadh asainn a fh áil amach go bhfuil an tAth. Seosamh imithe faoi dhéin a luach saothair sna fl aithis. Nach tochtmhar an ní é gur ar an lá seo a tháinig a bheatha thalmhaí chun críche, agus is breá mar a chaith sé a shaol. Aireoimid uainn é. Solas na bhfl aitheas dó agus ar dheis Dé go raibh a anam dílis."

Rugadh Seosamh Micheál Ó Mealláin i Meán Fómhair 1913. Ba eisean an mac ab óige a bhí ag Agnes Hickey agus Micheál Ó Mealláin. B’iníon í a mháthair le Joseph Hickey, Fíníneach a díbríodh thar loch amach mar gheall ar a pháirt in Éirí Amach na bhFíníní in 1867, agus ba ghariníon í le John Francis Nugent a bhí ina bhall de na hÉireannaigh Aontaithe agus arbh clódóir agus foilsitheoir as an gCorr Chríochach, i gContae Thír Eoghain é. Rugadh Agnes i Learpholl le linn na díbeartha. Ní raibh Seosamh ach ina bhuachaill beag óg nuair a cuireadh chun báis i bPríosún Chill Mhaighneann i 1916 a athair, Micheál Ó Mealláin, Ceannfort agus Ceann Foirne Arm Cathartha na hÉireann.

Ba é an tAth. Seosamh Ó Mealláin SJ an

ball beo deiridh sa nasc leis an tréimhse sin dár stair. Fuair a dheartháireacha, Séamas agus an tAth. Seán, a dheirfi úracha, an tSiúr Agnes agus Maura Phillips, bás roimhe. Sheirbheáil sé le cois seachtó bliain mar mhisinéir agus mar oide ar mhórthír na Síne agus i Hong Kong in éineacht le comhluadar na nÍosánach ansin. Oirníodh sa bhliain 1946 é agus dhá bhliain ina dhiaidh sin seoladh chuig Misean na nÍosánach sa tSín é. D’oibrigh sé gan stad gan staonadh ar mhaithe leis na daoine ansiúd. B’ansa leis an comhluadar sin agus b’ansa leosan eisean agus is ansiúd a chuirfear i gcré na cille é. Bhí páirt shuntasach aige sa bhforbairt leanúnach a rinneadh i Scoil agus i gColáiste Wah Yan i Hong Kong agus i Kowloon, agus amhail le mórchuid oidí, ba mhinic a labhair sé go bródúil ar dhaltaí a hoileadh sa choláiste.

Ba fear an-spioradálta agus umhal é an tAth. Seosamh. Bhí creideamh domhain Críostaí aige agus dianghrá dá chomhdhaoine. Ba ar mhodh praiticiúil a chleachtaigh sé a chreideamh agus ceartas sóisialta agus cothromaíochta mar bhonn daingean leis, ar an dul céanna lena athair a shaothraigh mar ghníomhaí ceardchumainn ar son ceartais sóisialta agus cearta lucht oibre agus a thug a bheatha ar son na cúise sin. Mhair an tAth. Seosamh go dtí an 104. Bheadh a thuismitheoirí Micheál agus Agnes bródúil as ar chuir a mac i gcrích agus an dóigh ar chaith sé a shaol.

Bhí a chumas Gaeilge dochreidte ag cur san áireamh go raibh sé imithe as Éirinn ó 1948. Scríobh sé as Gaeilge – sa seanchló i gcónaí agus b’údar ríméid dó Gaeilge a labhairt le haon duine as Éirinn a thug cuairt air; fíor-Ghael gan dabht. B’údar bróid don Ath. Seosamh Ó Mealláin SJ gur tugadh Saoirse Cathrach Bhaile Átha Cliath dó le linn imeachtaí Chomóradh Céad Bliain 1916. Ba in onóir dá sheirbhís i leith an oideachais é sin agus dá cheangal teaghlaigh le hÉirí Amach 1916.

Ar cheann dá ghníomhartha oifi giúla deiridh bhí an mórshaothar staire a chuir sé ar fáil i gcuimhne ar a athair, an Ceannfort Micheál Ó Mealláin. Foilsíodh an scríbhinn seo anuraidh mar a gcuirtear i láthair léargais agus fíricí nua maidir le taifead na cúirte míleata a cuireadh ar a athair.

Tá an doiciméad seo ar fáil in aircíovlanna Mhúsaem Phríosún Chill Mhaighneann agus Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Ba é mian an Ath. Seosamh go mbeadh dul amach ag staraithe ar an saothar seo.

This article is from: