2 minute read
Oideas: Curaí Sicín Síle Ní Chearbhaill
47 CURAÍ SICÍN
Síle Ní Chearbhaill
Taitníonn curaí sicín go mór liom ach is minic a dhéantar é leis an iomarca uachtair agus saille. Tá an t-oideas seo íseal ar saill ach an-bhlasta.
COMHÁBHAIR:
1 tsp ola glasraí 3 ionga gairleoige brúite 2 oinniún 1 piobar dearg 1 piobar glas 4 bhrollach sicín 400g trátaí stánaithe 200ml stoc sicín 2 tbsp púdar curaí (nó déan do cheann féin le 1 spúnóg tuirmiric, 1 tsp sillí, ½ tsp cúimín, ½ lus an choire, ½ tsp síolta fi néil, ½ tsp cainéal) Rís nó arán naan le riaradh Iógart nádúrtha le riaradh
MODH:
1. Nigh agus gearr na glasraí. 2. Téigh an ola ar an bhfriochtán.
Sautée an t-oinniún agus an ghairleog ar feadh 3 nóiméad. Cuir an sicín leis agus frioch ar feadh 5 nóiméad. 3. Cuir na glasraí leis an sicín agus frioch ar feadh 3 nóiméad. 4. Cuir an púdar curaí nó na spíosraí leis an sicín agus na glasraí agus frioch ar feadh 2 nóiméad chun an blas a fh orbairt. 5. Doirt isteach na trátaí agus an stoc.
Suanbhruith ar feadh 20 nóiméad leis an anlann a ramhrú. 6. Riar le rís, arán naan agus iógart nádúrtha.
© Margouillat Photo / Shutterstock
© Patryk Kosmider / Shutterstock