4 minute read

An Damhsa Sorcha Ní Dhubháin

Sorcha Ní Dhubháin

An Damhsa

Táim im chónaí i Milan faoi láthair. Má théann tú thar lear bíonn tú ag cuimhneamh ar d’áit dhúchais. Má bhíonn tú sa bhaile ní féidir leat éalú ón áit tapaidh a dhóthain. Bhí mé ag smaoineamh ar rud a dúirt fear céile mo chara liom. Mhair an bheirt seo san Astráil ar feadh na mblianta. Bhí sé i gcónaí ag tagairt d’albam de chuid na Stereophonics: ‘You gotta go there to come back’. An bhrí a bhaineann leis seo ná go gcaithfi dh tú d’áit a fh ágaint chun na buntáistí a bhaineann leis a fh eiscint. Peirspicíocht a fh áil, is dócha. Nó an é nuair nach bhfuil tú ag maireachtaint ann, go gcuireann tú ort do chuid spéaclaí rómásúla? Táim tar éis an tír a fh ágaint. An é go bhfuil an pictiúr i m’aigne míchruinn toisc an spás, am agus farraige atá eadrainn? Is amhrán é ‘An baile tá lámh léi siúd’ a bhíonn ag plé le duine ag fágaint Chorca Dhuibhne. In san amhrán deireann an scríbhneoir: ‘Mar ní thiteann ann sneachta ná báisteach, Ar an mbaile tá láimh le siúd’. N’fh eadar cén scéal a bhí ag an duine a scrígh an t-amhrán seo! B’fh éidir, bhíodar tar éis tréimhse a chaitheamh thar lear, mar ní shin mar atá i gCorca Dhuibhne. B’fh éidir go raibh íomhá idéalach acu faoin áit. Gaoth nimhneach i gCiarraí Thiar, rachadh sé tríd do chorp ar nós scian! Bíonn an bháisteach i gcónaí ag titim ann! Agus mé ag scríobh anois, tá sé ag cur báistí!

Ar an dtaobh eile, chím leis, na nithe a dhéanann siad níos fearr san Iodáil ná sa bhaile. Gné dhearfach amháin ná: an aimsir. Fanann sé tirim i Milan. An mbíonn sé fuar? (Tá sé lonnaithe thuas in aice leis na hAlpa.) Bíonn. Fós, ní fh aigheann sé an oiread báistí agus gaoithe a thiteann is a shéideann in Éirinn. Uimhir a dó ar an liosta ná: bia. Is saghas creidimh eile é an bia san Iodáil. Tugtar an-chuid ómóis do bhia agus béiltí. Ní chíonn tú riamh duine ag siúl síos an tsráid le ‘mug for life’ lán do chaife acu. Is masla a bheadh ann don chaife do na hIodálaigh. Ar aon nós ní bheidís ag ól caife chomh mór groí san. Níl siad imithe chomh fi áin leis an oiread bia a itheann siad, ná mar atáimid sa bhaile. Táimid ag imeacht i dtreo Mheiriceá ó thaobh an méid bia a itear ag aon am amháin in Éirinn. Go ginearálta tá siad fíor-thanaí anseo i Milan. Is fíorannamh a chífeá duine ramhar.

Gné eile a bhaineann leis an gcathair seo ná go bhfuilid an-thógtha suas le cúrsaí íomhá. Ní haon ionadh; seo an tír a thug: Armani, Gucci, Dolce and Gabbana agus Valentino, don domhan. Fiú i gcomhthéacs Iodálaigh, is cathair í Milan atá dúghafa le híomhá. É sin ráite, mar atá ráite agam tá caidreamh fíorshláintiúil

‘Tá malartú eolais le fáil ó thréimhse a chaitheamh thar lear. Na gnéithe maithe ón dá chultúr, tógfaidh mé liom iad.’

© Boris Stroujko / Shutterstock

Ardeaglais Milan, Duomo di Milano, an Iodáil

acu le bia; baineann siad taitneamh as bia úr. Bíonn béim ar chaighdeán in ionad cainníochta. Tá saghas speisialtacht féin ag gach cuid den tír ó thaobh bia nó comhábhar. Ní itheann siad an oiread san bia próiseáilte. Bíonn sé deacair i roinnt ollmhargaí táirgí ó thíortha eile a fh áil. Bíonn tús áite tugtha do tháirgí Iodáileacha dúchasacha. Caithfear meas a bheith agat air sin. B’fh éidir ná beidh tú ábalta lámh a chuir ar curry paste glas ón Téalainn, ach beidh pasáiste iomlán san ollmhargadh de shaghasanna pasta difriúla, nó ola olóige. Níl aon dabht ach gur dream daoine bródúla iad.

Ó thaobh mo dhúthaigh féin, braithim uaim an spás, saoirseacht agus ciúnas atá go fl úirseach i gCorca Dhuibhne. Má threisíonn tréimhse thar lear an cion atá agat do d’áit dúchais; nach rud maith é sin? Is maith liom an saghas damhsa siar agus aniar atá ar siúl agam faoi láthair. Na gnéithe maithe ón dá chultúr, tógfaidh mé liom iad.

Tá malartú eolais le fáil ó thréimhse a chaitheamh thar lear. Nuair a bhuailim le duine nua anseo san Iodáil, ceann de na chéad cheisteanna a chuirtear orm ná cad as duit. Nuair a insím dóibh, i gcónaí cuirtear fáilte chroíúil roimh an bhfreagra gur Éireannach mé.

Bím i gcónaí bródúil chun eolas a roinnt leo faoi cén saghas áit í Éire agus Co. Chiarraí. Is ceantar álainn Ciarraí Thiar, agus pé taisteal a dhéanaim fanfaidh an fh íric seo go buan im chroí. Titeann sneachta agus báisteach uaireanta i gCorca Dhuibhne, ach ar na laethanta a thagann an ghrian amach, bíonn sé ar nós neimhe.

This article is from: