4 minute read

Ag Cur le Chéile sa Domhan Digiteach Pádraig Ó Maoldúin

Pádraig Ó Maoldúin Eagarthóir Teanga, tearmann.com

Ag Cur Le Chéile sa Domhan Digiteach

Gan amhras tá an t-idirlíon agus na teicneolaíochtaí digiteacha ag cur cruth nua ar an saol. Tá an réabhlóid dhigiteach ag athrú an mhodha mhaireachtála atá againn. Sa tsochaí nua-aimseartha tá sé chomh héasca eolas a rochtain ar an toirt, rud nach raibh indéanta sular cuireadh tús leis an Idirlíon fi che seacht bliain ó shin.

Glactar leis go bhfuil an tIdirlíon fíorthábhachtach i saol na linne seo. Idir fh óin chliste agus aipeanna is féidir le daoine teacht ar cibé eolas atá á iarraidh acu ar an toirt, agus tá go leor buntáistí dá réir sin. Faraor, níl aon amhras ann ach go bhfuil go leor iarmhairtí diúltacha ag an idirlíon chomh maith.

Iarrann an Pápa Proinsias orainn guí go n-oibreodh gréasáin shóisialta i dtreo na cuimsitheachta sin a mbíonn meas aici ar dhaoine eile cé go mbíonn easaontas ann eatarthu. Ina theachtaireacht do Lá Cumarsáide Domhanda 2016, dúirt sé gur féidir le ríomhphoist, téacstheachtaireachtaí, gréasáin shóisialta agus fóraim chomhrá, a bheith ina gcineálacha cumarsáide lán-daonna.

Tá an Pápa den bharúil gur féidir le gréasáin shóisialta caidrimh a éascú agus leas na sochaí a chur ar aghaidh, ach ag am céanna tá sé aitheanta aige go bhfuil iarmhairtí díobhálacha bainteach le husáid gréasáin shóisialta chomh maith, cosúil le polarú agus easaontas idir dhaoine aonair agus grupaí.

Tá an domhandú digiteach mar chearnóg phoiblí i dtuairim Phroinsias, áit cruinnithe inar féidir le daoine spreagadh a thabhairt dá chéile agus dul i dteagmháil le daoine eile i mbealach suntasach, ach ar an lámh eile tá an dainséar ann go rachaidh úsáideoirí gréasáin shóisialta i ngleic le hiompraíocht mhídhaonna nó uiríslithe agus ionsaithe éagóracha ar líne.

Tá an-chuid dochair á dhéanamh mar thoradh ar roinnt den inneachar atá sruthaithe ar an idirlíon, agus tá ríomhshábháilteacht sa tSochaí Faisnéise sa lá atá inniú ann fíorthábhachtach. Mar thoradh ar an méid ama a chaitheann daoine óga ar fh óin chliste tá go leor plé faoi shrianta a chur i bhfeidhm maidir leis an aois a mbíonn fóin chliste ceadaithe ag daoine óga. Chomh maith leis sin tá fadhb na cibearbhulaíochta ag éirí níos coitianta, agus tá go leor plé faoin aois toilithe dhigiteach in Eirinn – shocraigh an rialtas go mbeadh sé seo 13 bhliain déag i 2017.

Léiríonn torthaí suirbhé móibíleach ar thomhaltóirí ón gcomhlacht comhairleach Deloitte, foilsithe i 2016, go bhfuil fóin chliste (nó rochtain orthu)

‘Is mian leis an Phápa aitheantas a thabhairt do thairbhe an domhain dhigitigh.’

© Zynatis / Shutterstock

ag nócha faoin chéad de dhaoine san aoisghrúpa 18-75 i bPoblacht na hÉireann, nó thart ar thrí mhilliún duine. De réir an taighde seo bíonn daoine ag seiceáil ar a gcuid fón cliste caoga seacht n-uaire in aghaidh an lae ar meán.

Tá sé ráite ag an Phápa Proinsias go bhfuil freagracht ag usáideoirí an Idirlín chun grá na gcomharsan a léiriú. Caithfear meas a bheith againn do dhínit an duine lena gcasann muid ar líne, an duine gan fh eiceáil ach atá réadach, dar leis an Phápa. Tá Pronsias ag iarraidh go dtéimis i ngleic leis an domhan digiteach mar lucht leanúna Chríost.

Is féidir le Críostaithe na gréasáin shóisialta a úsáid i slí dhearfach ag cloí le prionsabail dea-chleachtais um ríomhshábháilteacht, agus ag tabhairt meas ar na húsáideoirí agus na peirspictíochtaí éagsúla a bhíonn acu. Is féidir le Críostaithe na gréasáin shóisialta a úsáid ar bhonn soiscéalaíochta chomh maith.

Tá teachtaireacht dhearfach ag an

gcreideamh Críostaí, teachtaireacht ghrámhar, thrócaireach agus dhóchasach, agus is féidir le Críostaithe an soiscéal a scaipeadh trí na gréasáin shóisialta. Tugann an tIdirlíon, agus na gréasáin shóisialta go háirithe, deis dúinn áthas an tsóiscéil a fh ógairt. Is áis iontach iad chun dul i dteagmháil le daoine cibé áit ina bhfuil siad, i lár an ghnáthshaoil. Is mian leis an Phápa aitheantas a thabhairt do thairbhe an domhain dhigitigh. Tá sé ráite aige gur féidir linn an tIdirlíon a úsáid chun sochaí shláintiúil a chruthú, atá oscailte do chomhroinnt tuairimí, agus sa tslí sin gur féidir linn a bheith inár saoránaigh níos fearr. Sa domhan briste polaraithe atá inniu ann, molann an Pápa cumarsáid a bheith againn lenár gcomharsain le trócaire. Sa tslí seo is féidir le gach éinne mar leanaí Dé, dlúthchumann sláintiúil agus bráithreachas a chruthú dá chéile – bráithre agus siúracha san aon teaghlach daonna amháin.

INTINN UILÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ AN MHEITHIMH, 2018 Go n-oibreodh gréasáin shóisialta i dtreo na cuimsitheachta sin a mbíonn meas aici ar dhaoine eile cé go mbíonn easaontas ann eatarthu.

Foclóirín: a rochtain = a aimsiú; fóin chliste = smartphones; aipeanna = apps, feidhmchláir; polarú = polarisation; gréasáin shóisialta = social networks; cibearbhulaíocht = cyber-bullying.

This article is from: