An Timire - Samhradh 2018

Page 6

6

Pádraig Ó Maoldúin Eagarthóir Teanga, tearmann.com

Ag Cur Le Chéile sa Domhan Digiteach Gan amhras tá an t-idirlíon agus na teicneolaíochtaí digiteacha ag cur cruth nua ar an saol. Tá an réabhlóid dhigiteach ag athrú an mhodha mhaireachtála atá againn. Sa tsochaí nua-aimseartha tá sé chomh héasca eolas a rochtain ar an toirt, rud nach raibh indéanta sular cuireadh tús leis an Idirlíon fiche seacht bliain ó shin. Glactar leis go bhfuil an tIdirlíon fíorthábhachtach i saol na linne seo. Idir fhóin chliste agus aipeanna is féidir le daoine teacht ar cibé eolas atá á iarraidh acu ar an toirt, agus tá go leor buntáistí dá réir sin. Faraor, níl aon amhras ann ach go bhfuil go leor iarmhairtí diúltacha ag an idirlíon chomh maith. Iarrann an Pápa Proinsias orainn guí go n-oibreodh gréasáin shóisialta i dtreo na cuimsitheachta sin a mbíonn meas aici ar dhaoine eile cé go mbíonn easaontas ann eatarthu. Ina theachtaireacht do Lá Cumarsáide Domhanda 2016, dúirt sé gur féidir le ríomhphoist, téacstheachtaireachtaí, gréasáin shóisialta agus fóraim chomhrá, a bheith ina gcineálacha cumarsáide lán-daonna. Tá an Pápa den bharúil gur féidir le gréasáin shóisialta caidrimh a éascú agus leas na sochaí a chur ar aghaidh, ach ag am céanna tá sé aitheanta aige go bhfuil iarmhairtí díobhálacha bainteach

Timire Summer 2018.indd 6

le husáid gréasáin shóisialta chomh maith, cosúil le polarú agus easaontas idir dhaoine aonair agus grupaí. Tá an domhandú digiteach mar chearnóg phoiblí i dtuairim Phroinsias, áit cruinnithe inar féidir le daoine spreagadh a thabhairt dá chéile agus dul i dteagmháil le daoine eile i mbealach suntasach, ach ar an lámh eile tá an dainséar ann go rachaidh úsáideoirí gréasáin shóisialta i ngleic le hiompraíocht mhídhaonna nó uiríslithe agus ionsaithe éagóracha ar líne. Tá an-chuid dochair á dhéanamh mar thoradh ar roinnt den inneachar atá sruthaithe ar an idirlíon, agus tá ríomhshábháilteacht sa tSochaí Faisnéise sa lá atá inniú ann fíorthábhachtach. Mar thoradh ar an méid ama a chaitheann daoine óga ar fhóin chliste tá go leor plé faoi shrianta a chur i bhfeidhm maidir leis an aois a mbíonn fóin chliste ceadaithe ag daoine óga. Chomh maith leis sin tá fadhb na cibearbhulaíochta ag éirí níos coitianta, agus tá go leor plé faoin aois toilithe dhigiteach in Eirinn – shocraigh an rialtas go mbeadh sé seo 13 bhliain déag i 2017. Léiríonn torthaí suirbhé móibíleach ar thomhaltóirí ón gcomhlacht comhairleach Deloitte, foilsithe i 2016, go bhfuil fóin chliste (nó rochtain orthu)

25/04/2018 15:21


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.