4 minute read

Ag Guí ar son Sagart An tArdeaspag Fiontán Ó Monacháin

+Fiontán Ó Monacháin Easpag Chill Dalua

Ag Guí ar son Sagart

Is maith leis an bPápa Proinsias sagairt a spreagadh. Is minic leis freisin, cosúil le hAthair Spioradálta ar bith, dúshlán a chaitheamh amach len iad a ghríosadh le saothrú níos déine i bhfíonghort an Tiarna.

An t-am seo bliana leis an samhradh linn tá sé de nós ag go leor sagart dul ar chúrsaí spioradálta ag iarraidh dlúthchaidreamh leis an Tiarna a threisiú agus cairdeas lena gcomhshagairt a athnuachan agus a dhaingniú. Cuimhníonn muid orthu ar fad inár bpaidreacha! Go bhfaighe siad faoiseamh, compord, misneach agus sásamh ón Tiarna leanacht lena gcuid oibre.

Is dúshlán mór i saol agus atmaisféar an lae inniu in Éirinn gairmeacha úra a mhealladh isteach sna sagairt nó sa bheatha rialta. Tá rabharta de thaoide inár n-aghaidh ach tá sé tábhachtach gan misneach a chailliúint agus a bheith foighdeach. Scríobh cara liom, múinteoir Gaeilge i gColáiste Iarfh latha i dTuaim dán roinnt blianta ó shin a chuireann feoil ar na smaointe seo: Meileann muilte Dé go mall ach Meileann siad go mion. Mílaois is mílaois aríst a mheil muilte Dé Teachtairí groíúla le hanamacha spreagúla. Casadh an rotha is scaipeadh scéil

Chríost Creideamh a ghaois i gcéin is i gcóngar. Tá meitheal de dhíth do rothaí an mhuilinn, Tríú mílaois, maidí an rotha ceal cúnaimh. Sín chugam Do lámha is glac leis an uain Muilte Dé a chasadh is d’anam a shásamh. Meileann muidne na muilte go mall ach go mion Meil linn, a chara cléibh.

An chéad bhliain a labhair an Pápa nua ar Dheardaoin Mhandála, lá speisialta do shagairt, mhol sé do shagairt go mbeadh ‘boladh (thréadach) na gcaorach uathu’! Ina chéad thréadlitir nó Aitheasc Aspalta ‘Gairdeas an tSoiscéil – Evangelli Gaudium’ mhol sé do shagairt a bheith amuigh i measc na ndaoine, a bheith gealgháireach, guí dháiríre a dhéanamh, an Soiscéal a chraobhscaoileadh le dúthracht agus díograis, gan a bheith ag sodar i ndiaidh shaibhreas agus ardmholadh an tsaoil seo agus sonas agus sólás an tSoiscéil a roinnt le chuile dhuine faoina chúram. Caighdeán ard aige! Caighdeán Íosa, na nAspal agus na gcéad deisceabail.

Is iomaí dúshlán agus deacracht a bhíonn ag sagairt sa saol atá inniu ann,

‘Tá rabharta de thaoide inár n-aghaidh ach tá sé tábhachtach gan misneach a chailliúint.’

© Artit Fongfung / Shutterstock

go háirithe nuair atá líon na ngairmeacha ag laghdú agus an mheánaois ag dul in airde chuile bhliain. Tá ualach na hoibre ag méadú chuile bhliain le rialacha agus dlíthe nua, airgeadas, páipéarachas, riarachán, cosaint sonraí, cosaint leanaí: dlíthe agus rialacha nua ar chuile thaobh. Amanta bíonn sagairt ag gearán go bhfuil siad ‘dóite amach’. Is minic nach mbíonn dóthain ama acu obair cheart thréadach a dhéanamh. D’fh éadfadh siad a bheith gruama faoi seo ó am go chéile agus is furasta é seo a thuiscint go maith.

Má thógann muid sampla Íosa sa Soiscéal, feiceann muid gur cuma cé chomh cruógach is a bhí sé – thóg sé am dó féin dul go háit chiúin uaigneach le guí a dhéanamh agus athnuachan a dhéanamh ar a Spiorad tré dhianchaidreamh lena Athair.

Nuair a bhí Íosa ag cur comhairle ar na hAspail mhol sé dóibh misean a dhéanamh ní leo féin, go haonaránach, ach a bheith ag obair mar fh oireann … ag dul amach ina mbeirteanna is ina mbeirteanna …. Tá sé tábhachtach go mbeadh am agus deiseanna ag sagairt bheith i dteannta a chéile, éisteacht lena chéile, spreagadh agus tacaíocht a thabhairt dá chéile, guí le chéile a dhéanamh, chomh maith le dúshláin a chaitheamh ag a chéile.

Ar an iomlán, i mo thuairimse tar éis

castáil le chuile shagart i nDeoise Chill Dalua leo féin faoi dhó – airím go bhfuil siad ar cheann de na grúpaí is sona dá bhfuil ann. Tuigeann siad gur pribhléid thar barr ar fad freastal ar Íosa Críost mar Alter Christus agus freastal ar an bpobal atá faoina gcúram, agus tá formhór acu fíorshásta é sin a dhéanamh. Téann briathra Lacordaire go smior nuair a deir sé faoin sagart: Le bheith i do chónaí i measc an domhain, Gan dúil a bheith agat i bpléisiúr an tsaoil seo; Le bheith i do bhall de chuile theallach, Ag an am céanna gan a bheith claonta i dtreo clainne ar bith; A bheith ag fulaingt in éindí le daoine; Feiceáil tré rúndiamhra; Gortuithe a leigheas; Filleadh ón chine daonna ag Dia; Maithiúnas agus dóchas a bhreith leat; Do chroí a bheith ar lasadh le carthanacht; Croí cré-umha ar son na geanmnaíochta; A bheith i do mhúinteoir agus pardún a thabhairt; Le sólás agus beannachtaí a thabhairt i gconaí; A Dhia, a leithéid de shaol; Agus is leatsa é, A shagairt d’Íosa Chríost. (‘An Sagart’ – Lacordaire)

INTINN SHOISCÉALAÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ IÚIL, 2018 Go bhfaighe sagairt, a mbíonn tuirse agus uaigneas orthu agus iad i mbun oibre tréadaí, go bhfaighe siad cabhair agus compord ina gcuid dlúthchaidreamh leis an Tiarna agus ina gcairdeas lena gcomhshagairt.

Foclóirín: faoiseamh = sólás; gealgháireacht = dea-ghiúmar; ag sodar = ag rith i ndiaidh; craobhscaoileadh = fógairt; Alter Christus = Críost eile; gruama = a bheith thíos.

This article is from: