5 minute read
An Imirce agus an Teaghlach Alan Hilliard
Alan Hilliard Sagart i nDeoise Bhaile Átha Cliath agus Séiplíneach in Insti ti úid Teicneolaíochta BhÁC
An Imirce agus an Teaghlach
Tráth dár thug an Pápa imircigh ar cuairt chuig an Vatacáin, ba theaghlaigh a bhí i gceist. Ba mhór an bheannacht do gach aon imirceach acu an beart simplí seo mar sa chéad áit bhí todhchaí á bronnadh ag an bPápa ar gach duine ar leith acu, agus sa dara háit bhí todhchaí i bhfochair a chéile á bronnadh aige orthu. Ní bhíonn a dhíol céanna den ádh ar an-chuid díobh siúd a theitheann as a dtíortha dúchais. Bíonn ar a lán acu fanacht i dteannta i gcampaí imirceach gan a fh ios acu cá bhfuil a dteaghlaigh ná cén bhail atá orthu. Baineann cuid acu stádas teifi gh amach i dtír éigin eile ach is in éagmais a dteaghlach a fh aigheann siad é.
Bhí an t-ádh ar Mohamed Sharbaji a bhí tráth ina Mhéara ar chathair Aleppo gur cuireadh fáilte roimhe i gCeanada ach ina dhiaidh sin féin tá a lán dá chlann mhac agus dá mhuintir sáinnithe i Damascus, san Éigipt agus san Libia. Is móide gurb é seo anois an gnáthrud sa saol, an norm níos mó agus níos mó. De bharr na himirce scartar, scriostar agus tarraingítear teaghlaigh as a chéile. Feicim é seo i gcás mo chuid mac léinn idirnáisiúnta – tá siad d’uireasa na ndaoine úd a sheasfadh leo go buan. Iad siúd nach bhfuil in éineacht leo feasta, is iadsan na daoine céanna a bheadh mar chrann taca ag na mic léinn sin agus a chuirfeadh ar gcúl aon scáth nó eagla a bhuailfeadh iad agus a chuirfeadh misneach iontu nuair ba ghá ach tá siad scartha agus i bhfad i gcéin óna chéile anois.
Tá a lán daoine de chuid na hEaglaise sa tír seo ag éirí tógtha de bharr Cruinniú Domhanda na dTeaghlach a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath i mí Lúnasa 2018. An tsamhail áirithe den teaghlach atá á cur chun cinn ag croílár na n-imeachtaí seo, is samhail í atá bunaithe ar theaghlach atá seasmhach agus gur féidir le baill an teaghlaigh sin suí, súgradh agus guí i bhfochair a chéile. Ach táthar ag streachailt freisin d’fh onn go mbeidh tréith uileghabhálach sa gcaint ar an gcruinniú agus tá an lucht ceannaireachta ag féachaint le hiad siúd atá lasmuigh de mhúnla an teaghlaigh núicléach a chur san áireamh. Go deimhin tá athruithe reachtaíochta a rinneadh le roinnt blianta i ndiaidh an-chuid comhráite a tharraingt maidir le struchtúir éagsúla na dteaghlach i sochaí an lae inniu. Is eol d’imircigh go maith an dóigh ina mbíonn an ‘teaghlach’ ar díobh iad faoi chaibidil agus á ath-shainmhíniú de shíor. Chuir mé aithne ar bhuachaillí agus ar chailíní nach raibh ach sna déaga ach iad mar athair agus mar mháthair ag a ndeartháireacha agus a ndeirfi úracha óga cheana féin.
© Fishman64 / Shutterstock
Tá cásanna ann ina dtógann daoine páistí de chúram orthu féin gan cheist agus a chaitheann leo mar a bheadh a gclann féin ann i ndiaidh tuismitheoir dá gcuid nó b’fh éidir beirt acu a fh eiceáil á scaoileadh marbh, á bhfuadach nó á bhfágáil ag saothrú an bháis. Uaireanta is é an mian bunúsach chun teacht slán is cúis le teaghlach a bhunú.
De bharr polasaithe imirce atá ar an bhfód, is fíor a rá gur ionsaí níos mó agus níos mó atá á dhéanamh ar theaghlaigh seachas tacú leo. San am atá caite, agus uaireanta ba mar thoradh díreach ar idirbheartaíocht na hEaglaise é, thug lucht déanta polasaí tacaíocht d’athaontú teaghlaigh. Ní móide gur amhlaidh an cás ar na saolta seo. Anchuid de na himircigh úd a thaistealaíonn thar an Mheánmhuir sa lá atá inniu ann, is mian leo bogadh ar aghaidh go dtí an Ghearmáin nó go dtí an tSualainn de bhrí gur i gceann de na tíortha sin atá a dteaghlaigh lonnaithe; agus cá háit eile arbh áil leo a dhul? Faoi mar a rinne a lán imirceach de chuid na tíre seo san am atá caite, téann siad chuig pé áit a bhfaighidh siad fáilte nó ‘tús’ maith. Is trua é ach feictear go fi ú go bhfuil an claonadh ag dul i dtreis i Stáit Aontaithe Mheiriceá, tuismitheoirí nach bhfuil doiciméid acu a dhíbirt gan beann ar stádas a bpáistí ná ar an ngá atá ag a bpáistí le tuismitheoirí. Tá an-chuid Éireannach ina measc siúd a dhéanann coimircí cúirte dá bpáistí ionas go bhféadfadh duine éigin eile aire a thabhairt dóibh dá mba i ndán is go ndíbreofaí iad féin.
Ritheann an mhian seasamh le chéile an-domhain sa duine ach go háirithe
ag uair na géarchéime. An mhian sin a bhíonn ag aithreacha agus ag máithreacha deiseanna a chruthú dá gclann, fágann sé go gcuireann siad suas le fulaingt dho-áirithe na héagmaise ar a son siúd ar grá leo iad. Airíonn siad uathu an baile lena ló ach ní orthu féin a smaoiníonn siad ach orthu siúd amháin atá de chúram orthu. Is iomaí duine ina measc siúd a chuaigh ar deoraíocht as an tír seo san am atá caite a rinne an t-uafás íobairtí ar son go mbeadh ar a gcumas airgead a sheoladh abhaile.
An beart simplí sin a rinne an Pápa Proinsias, ba dhúshlán é faoin gcuid sin de lucht déanta polasaithe a bhfuil institiúid bhunúsach ár sochaí á hionsaí acu. Ar fh illeadh dó ón nGréig in éineacht leis na teaghlaigh ar thug sé tearmann dóibh, labhair sé leis an slua i gCearnóg Pheadair á rá: ‘An lánúin dhúnta, an teaghlach dúnta, an grúpa dhúnta, an paróiste dúnta, an tír dúnta, is uainne a eascraíonn siad sin; níl baint ar bith acu le Dia.’ An sainmhíniú a dhéanfaí ar theaghlach Críostaí an lae inniu, b’fh éidir gur mó ná a líon agus a chineál a bheadh i gceist – b’fh éidir gurb éard a bheadh mar bhunús leis, é a bheith ina theaghlach atá dúnta nó oscailte i leith an tSoiscéil, agus i leith an ghairdis agus an ghrá atá ina chroílár.
Foclóirín: i bhfochair = i gcuideachta; bail = staid, caoi, cuma; samhail = siombal; géarchéim = éigeandáil.