4 minute read

Éire agus an Bheilg Cathal de Paor

Cathal de Paor

Éire agus an Bheilg: Ceangail Chultúrtha agus Oideachais

Is iomaí colún nuachta atá á líonadh na laethanta seo le tuairimíocht ar na himpleachtaí a bhainfi dh le himeacht na Ríochta Aontaithe ó Aontas na hEorpa. Cúram casta a bheidh san idirbheartaíocht dúinne in Éirinn, mar tá an méid sin den saol ar an dá oileán seo chomh fi te fuaite. Agus téann na ceangail siar i bhfad agus mairfi dh siad i bhfad. Ach más ea, is fi ú cuimhneamh chomh maith ar na ceangail idir Éire agus an tír atá i gceartlár na hEorpa, ar an dtaobh eile, mar atá, an Bheilg.

Níl eadrainn ach uair go leith nó mar sin de thuras ar eitleán sa lá atá inniu ann – fi ú má tá aga moille i gceist idir am Greenwich agus Lár na hEorpa. Déanann na mílte Éireannacha an turas sall is anall go rialta – gnó, tráchtáil, rialtas, siamsaíocht, laethanta saoire agus araile. Ach taispeánann an stair dúinn gur iomaí nasc a bhí idir an dá thír ag dul siar i bhfad – sular thuirling aon eitleán ar rúidbhealach.

Is é an ceangal Ceilteach an ceangal is sia siar a thagann chun cuimhne. Ar shlí, nárbh iad na Ceiltigh a thóg an chéad Eoraip, agus iad scaipthe fud fad na mórroinne roimh theacht na Rómhánach? Agus mé féin sa Bheilg tamall ó shin, bhí deis agam cuairt a thabhairt ar an músaem, Musée des Celtes i Libramont i gceantar Ardennes i ndeisceart na tíre. Tugann an taispeántas léiriú iontach ar oidhreacht Cheilteach na hEorpa sa taobh sin tíre, na nósanna beatha agus an cultúr a chleacht siad.

I measc grúpaí eile, ba iad na Belgae a lonnaigh san áit sin ina bhfuil an Bheilg suite anois. Glactar leis go raibh an ceart ag an scoláire T.F. O’Rahilly ina leabhar Early Irish History and Mythology nuair a d’áitigh sé go raibh treibheanna Ceilteacha in Éirinn a bhí síolraithe ó na Belgae – mar shampla, Érainn – agus go raibh gaol idir na Belgae agus na Fir Bolg, an dream sin a thit le Tuatha Dé Danann i gCath Magh Tuireadh. Maireann an oidhreacht chultúrtha seo i mBeilg an lae inniu i slite difriúla mar is léir ó leithéidí an chumainn léannta, Société Belge d’Etudes Celtiques.

Gluaiseacht eile a chuir leis an teagmháil idir an dá thír i gcúrsaí cultúrtha agus oideachais ab ea saothrú na manach Éireannach sa Bheilg i ré na Luath-Chríostaíochta. Fad is a bhí an Impire Rómhánach ag dul i léig, bhí cultúr liteartha faoi bhláth in Éirinn na Naomh agus na nOllamh. Go deimhin féin, bhí sé le rá ag Robert Schuman, duine de bhunaitheoirí Aontas na hEorpa san 1950í gurbh é Colambanus, an Naomh-Phátrún a bhí acu féin mar gur

39

‘Chuir Pádraig Mac Piarais spéis mhór san oideachas dátheangach sa Bheilg agus thug turas ann in 1905.’

© Pixelbliss / Shutterstock

tógáil na hEorpa a bhí ar siúl aigesean chomh maith i bhfad siar. Sampla den ghluaiseacht ab ea an turas a thug an bheirt deartháireacha, Naomh Foillan (Feuillen) agus Naomh Ultan chun na Beilge thart ar 650. Agus iad ag obair mar mhúinteoirí do mhná rialta i gclochar i Nivelle, Brabant, bhunaigh siad mainistir i mbaile in aice láimhe, Fosses-la-Ville, i ndeoise Liѐge, an Vallúin. Maireann an oidhreacht sin i slí neamhghnách inniu, sa mhéid is gur i mbaile beag áitiúil, Le Roeulx a bunaíodh grúdlann ar a dtugtar Brasserie St Feuillien in 1873, agus atá fós ag feidhmiú.

Rinneadh athneartú ar an gceangal idir an dá thír níos déanaí, tráth ar bunaíodh coláistí Éireannacha ar fud na hEorpa le linn réimse na banríona Éilís chun oideachas a chur ar Chaitlicigh. Mar shampla, i Lobháin na Beilge a bhunaigh Flaithrí Ó Maolchonaire ceann díobh seo in 1607, agus is ansin a chaith Iarlaí Thír Eoghan agus Thír Chonaill an geimhreadh tar éis dóibh teitheadh ó Éirinn ar a slí chun na Róimhe an bhliain chéanna. In 1983 a chuir na Proinsiasaigh an coláiste ar fáil mar ionad cultúrtha agus tá an Leuven Institute for Ireland in Europe lonnaithe ann ó shin.

Is féidir trácht chomh maith ar an spéis a léirigh Éireannaigh áirithe i gcóras oideachais na Beilge níos déanaí. Mar shampla, chuir Pádraig Mac Piarais spéis mhór san oideachas dátheangach sa Bheilg agus thug turas ann in 1905. Tharraing sé ar an taithí sin sna hailt a scríobh sé sa Chlaidheamh Soluis idir 1905 agus 1907, atá curtha le chéile ag Séamus Ó Buachalla sa leabhar An Piarsach sa Bheilg (1998).

Bhí gluaiseachtaí armtha ann chomh maith, ina measc, na Géanna Fiáine a lonnaigh i bhFlóndras sa seachtú haois déag. D’fh ill reisimintí Éireannacha ar an dtaobh sin tíre don chéad chogadh domhanda, agus tá trácht ar an iliomad cathanna ina raibh siad páirteach, Messines ina measc, a thosaigh ar 7 Meitheamh 1917 agus a ndearnadh comóradh le déanaí air.

Ag fi lleadh ar an mBreatimeacht lenar thosaíomar, pé ar bith faoina bhfuil i ndán do bhallraíocht an Aontais agus don Aontas féin, cuireann an gearrchuntas seo in iúl na ceangail stairiúla, chultúrtha agus mhuinteartha, a théann i bhfad siar, idir Éire agus an Bheilg. Is fi ú smaoineamh ar na ceangail seo go rialta mar tugann siad brí agus bunús don aontas atá chomh tábhachtach sin i saol an lae inniu.

Foclóirín: idirbheartaíocht = comhchainteanna; an Vallúin = Wallonia; grúdlann = brewery; Breatimeacht = Brexit.

This article is from: