4 minute read

Gairdíní na Seapáine Dónall Ó Cnáimhsí

Dónal Ó Cnáimhsí

Gairdíní na Seapáine

Tá stíl ar leith ag baint le dearadh agus leagan amach ghairdíní traidisiúnta na Seapáine.

Tá bunús fealsúnach ar chúl na stíle simplí garraíodóireachta seo, ina bhfuil an bhéim ar aithris a dhéanamh ar ghnéithe áirithe den tírdhreach nádúrtha. Baintear úsáid as crainn a bhfuil rian na haimsire orthu, a stoc agus a gcuid craobhacha casta. De ghnáth an mhailp, an tsail nó an crann silíní a bhíonn in úsáid. Baintear úsáid as clocha clúdaithe le crotal agus caonach, le tírdhreach ársa a chur in iúl. Stíl atá deartha, ní ag lámh duine ach ag síorghluaiseacht aimsire agus ama. Go minic bíonn lochán ciúin iontu, nó eas bheag chun go mbeidh bogcheol an uisce le cloistéail. Ní bhaintear úsáid as ceapa bláthanna nó línte díreacha, nó gné ar bith fh oirmeálta. Bíonn cuaranna le sonrú mar atá go nádúrtha i dtaobh tíre. Uaireanta bíonn cosán casta corrach a bhfuil sé deacair siúl air, lenár dturas corraithe féin tríd an tsaol seo a chur in iúl.

Tógann na dearthóirí is fearr inspioráid as saothar dearthóirí ársa ag bhí ag na huaisle fadó nó ag na manaigh sna teampaill.

Is gairdíní machnamhacha iad seo, ina mealltar daoine le suí go ciúin agus a n-intinn a ghlanadh ó bhuarthaí an tsaoil. Mealltar daoine lena súile a dhíriú ar ghnéithe agus ar leagan amach an ghairdín, leagan amach a chuireann in iúl nach bhfuil an cine daonna anseo ach tamall gearr agus mar sin gan an t-am a chur amú ar mhiondeacrachtaí an tsaoil nó ar charnadh maoine.

Bhí meas go traidisiúnta ag muintir na Seapáine ar bhláthanna, agus d’úsaidtí móitíf an bhlátha go minic ar éadach nó i ngnéithe den ailtireacht.

Sa scéal Genji ón aonú haois déag, déanann an laoch, an Prionsa Genji, gairdíní difriúla a dhearadh timpeall a pháláis ag brath ar shéasúir na bliana, Gairdín an Earraigh, le plandaí a bhláthíonn go luath, na silíní, asalea agus ‘lerria’. I nGairdín an tSamhraidh, bheadh rósanna agus toranna ‘Deutzia’ agus crainn oráistí agus plumaí. I nGairdín an Fhómhair is é dáth aoibhinn na gcrann a bheadh le sonrú agus an mhailp agus an cadsura chun tosaigh agus i nGairdín an Gheimhridh, bheadh línte de chrainn phéine chun a n-áilleacht a thaispeáint faoi bhrat sneachta.

Ón séú haois déag ar aghaidh, tháinig dearcadh lom machnamhach na mBúdach Zen chun tosaigh agus bhí tionchar an-mhór aige ar dhearadh gairdíní. Mheas siadsan go raibh bláthanna fánach. B’fh earr leosan plandaí síorghlasa agus

© riganmc / Shutterstock

‘Ní bhaintear úsáid as gnáthbhláthanna, mar go mbaineann siad le gáirsiúlacht agus daoine aineolacha.’

crainn, áille mharthanach seachas áille neamhbhuan nó ghearrshaolach. Is é adhradh an tírdhreacha nádúrtha a bhí tábhachtach dóibhsean.

D’imigh na criosantamaim agus na piaine as na gairdíní, d’úsáidtí as seo amach iad mar mhaisiúcháin sna tithe agus dá bharr seo tá an-mheas ar an ealaín ike-bana, a bhaineann le cóiriú bláthanna.

D’fh orbair stíl faoi leith thar na blianta atá aitheanta sa lá atá inniu ann mar stíl An Ghairdín Sheapánaigh. Tá an stíl seo bunaithe ar an ghairdín is iomráití sa tSeapáin, Gairdín Theampall Ise in Kyoto. As an ghairdín seo a thig an focal Seapánach do ghairdín, niwa, nó spás beannaithe.

Tá rialacha diana ag baint le dearadh gairdín mar seo, agus caithfear cloí go beacht leo le go mbeidh an gairdín aitheanta mar shampla de Ghairdín Seapánach. Ní cheadaítear ach plandaí áirithe agus bíonn an coibhneas agus an scála leagtha amach go cúramach. Cé go ndéanann siad aithris ar an tírdhreach nádúrtha, ní ligtear dá bplandaí fás go nádúrtha. Bíonn an-smacht ag an dearthóir agus an garraíodóir ar gach aon ghné den ghairdín. Ní bhaintear úsáid as gnáthbhláthanna, mar go mbaineann siad le gáirsiúlacht agus daoine aineolacha. Cuirtear an-smaoineamh isteach i ngach planda a úsáidtear agus sa spás lena gcur. Déantar plandaí a lomadh go crua chun cuma faoi leith a chur orthu. Bíonn siad lomtha go cruinn chun cuma cloiche a chur orthu nó chun rian na haimsire agus imeacht ama a léiriú. As an stíl seo d’fh orbair stíl eile níos loma agus níos smachtaithe fós, sin Gairdín Pharthais, nó an Shima. An fh ealsúnacht atá i gceist go bhfuil Parthas le fáil i dtrí oileán mara i bhfad i gcéin, Horai, Hojo agus Eishu. Oileáin bheannaithe iad seo agus tá teoiric faoi leith ag baint lena gcur i láthair sa ghairdín. Ins an ghairdín seo úsáidtear spás ina bhfuil gairbhéal agus déantar é a rácáil go cúramach chun farraige a chur in iúl.

Déantar trí chloch mhóra clúdaithe le caonach a shuí isteach ann go cúramach agus an spás ceart eatarthu, leis na hoileáin mhara mhistéaracha a chur in iúl. Is é an fh ealsúnacht atá i gceist go bhfuil spiorad an Bhúda le fáil i ngach aon rud agus go gcaithfi dh an duine a mhachnamh a dhéanamh le heagna agus tuigbheáil a fh áil.

Foclóirín: an mhailp = maple; an tsail = willow (sally); an crann silíní = cherry tree; crotal = lichen; caonach = moss; corrach = míchothrom; cuaranna = cuair; buarthaí = buairimh; carnadh = cnuasach, bailiú; toranna = toir; piaine = peony; coibhneas = proportions.

This article is from: