An Timire - Samhradh 2018

Page 42

42

Dónal Ó Cnáimhsí

Gairdíní na Seapáine Tá stíl ar leith ag baint le dearadh agus leagan amach ghairdíní traidisiúnta na Seapáine. Tá bunús fealsúnach ar chúl na stíle simplí garraíodóireachta seo, ina bhfuil an bhéim ar aithris a dhéanamh ar ghnéithe áirithe den tírdhreach nádúrtha. Baintear úsáid as crainn a bhfuil rian na haimsire orthu, a stoc agus a gcuid craobhacha casta. De ghnáth an mhailp, an tsail nó an crann silíní a bhíonn in úsáid. Baintear úsáid as clocha clúdaithe le crotal agus caonach, le tírdhreach ársa a chur in iúl. Stíl atá deartha, ní ag lámh duine ach ag síorghluaiseacht aimsire agus ama. Go minic bíonn lochán ciúin iontu, nó eas bheag chun go mbeidh bogcheol an uisce le cloistéail. Ní bhaintear úsáid as ceapa bláthanna nó línte díreacha, nó gné ar bith fhoirmeálta. Bíonn cuaranna le sonrú mar atá go nádúrtha i dtaobh tíre. Uaireanta bíonn cosán casta corrach a bhfuil sé deacair siúl air, lenár dturas corraithe féin tríd an tsaol seo a chur in iúl. Tógann na dearthóirí is fearr inspioráid as saothar dearthóirí ársa ag bhí ag na huaisle fadó nó ag na manaigh sna teampaill. Is gairdíní machnamhacha iad seo, ina mealltar daoine le suí go ciúin agus a n-intinn a ghlanadh ó bhuarthaí an

Timire Summer 2018.indd 42

tsaoil. Mealltar daoine lena súile a dhíriú ar ghnéithe agus ar leagan amach an ghairdín, leagan amach a chuireann in iúl nach bhfuil an cine daonna anseo ach tamall gearr agus mar sin gan an t-am a chur amú ar mhiondeacrachtaí an tsaoil nó ar charnadh maoine. Bhí meas go traidisiúnta ag muintir na Seapáine ar bhláthanna, agus d’úsaidtí móitíf an bhlátha go minic ar éadach nó i ngnéithe den ailtireacht. Sa scéal Genji ón aonú haois déag, déanann an laoch, an Prionsa Genji, gairdíní difriúla a dhearadh timpeall a pháláis ag brath ar shéasúir na bliana, Gairdín an Earraigh, le plandaí a bhláthíonn go luath, na silíní, asalea agus ‘lerria’. I nGairdín an tSamhraidh, bheadh rósanna agus toranna ‘Deutzia’ agus crainn oráistí agus plumaí. I nGairdín an Fhómhair is é dáth aoibhinn na gcrann a bheadh le sonrú agus an mhailp agus an cadsura chun tosaigh agus i nGairdín an Gheimhridh, bheadh línte de chrainn phéine chun a n-áilleacht a thaispeáint faoi bhrat sneachta. Ón séú haois déag ar aghaidh, tháinig dearcadh lom machnamhach na mBúdach Zen chun tosaigh agus bhí tionchar an-mhór aige ar dhearadh gairdíní. Mheas siadsan go raibh bláthanna fánach. B’fhearr leosan plandaí síorghlasa agus

25/04/2018 15:25


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.