
4 minute read
Bealaí chun na Naofachta Niall Ó Murchadha
Niall Ó Murchadha Iar-Phríomhoide, Scoil Iognáid, Gaillimh

Bealaí chun na Naofachta

D’fh éadfadh sé tarlú sa mbliain 2018, agus an Pápa Proinsias ar cuairt ar Éirinn go mbeifear ag súil go dtabharfaidh sé breis aitheantais ar son na hEaglaise do bheirt Éireannach a thuill clú agus cáil i ngeall ar a naofacht agus a ndea-oibreacha le linn dóibh a bheith beo san aois seo caite: go bhfógrófar duine díobh a bheith ina ‘naomh’ agus an duine eile a bheith ‘beannaithe’. Is iad sin John Sullivan SJ agus Alfi e Lambe.
Leis na céadta bliain ní furasta an teideal ‘naomh’ a bhaint amach san Eaglais Chaitliceach. Le go n-ainmneofaí duine ina naomh is gá buanna naofachta as an gcoitiantacht a bheith follasach ina s(h)aol nó mairtíreacht a bheith fulaingthe ar son an chreidimh. Agus déanann coiste imscrúdú dian ar ghníomhartha iomlána an duine féachaint le cruthúnas ar a c(h)ráifeacht chomh maith le laigí suntasacha ar bith a aimsiú ina (h)iompraíocht más féidir.
Tar éis d’easpag nó eaglaiseach eile an t-imscrúdú sin a thionscnamh (go hiondúil ar achainí ón bpobal mór), bíonn dhá chéim eile i gceist. Má bhítear sásta gur bhain cráifeacht neamhchoitianta leis an té sin, bronntar an teideal ‘beannaithe’ air. Le céim a dó den phróiseas a chomhlíonadh (an canónadh) éilítear míorúilt amháin ar a laghad a bheith leagtha ar idirghuí an ábhair naoimh. De bhrí gur próiseas casta agus fada de ghnáth é, gan trácht ar an gcostas a bhaineann leis, ní bhronntar an teideal ‘naomh’ ach go hannamh sa lá inniu. Ach ní mar sin a bhí an scéal i gcónaí in anallód, go háirithe in Éirinn: má cheap an pobal i gcoitinne duine a bheith an-naofa thug siad ‘naomh’ air nó uirthi beag beann ar easpag ná pápa agus tá ainmneacha an-chuid de na naoimh úd beo i stair na tíre.
Is féidir saol John Sullivan a roinnt ina dhá leath agus tá an dá chuid i gcodarsnacht: an só agus an tsaoirse phearsanta i gcomórtas leis an gcúngú saoirse a bhaineann le feidhmiú laistigh den bheatha rialta.
Rugadh é i mBaile Átha Cliath in 1861 do Bessie agus Eadbhard Sullivan, a bhí ina Ard-Seansailéir ar Éirinn ina dhiaidh sin. Bhain a athair leis an Eaglais Phrotastúnach agus ba Chaitliceach a mháthair. Tógadh é de réir thraidisiún Eaglais na hÉireann agus chuaigh sé ar Scoil Portora, Inis Ceithleann agus ina dhiaidh sin go dtí Coláiste na Tríonóide, áit a ndearna sé staidéar ar na Clasaicigh agus inar bhain sé na honóracha is airde amach. Dá éis sin rinne sé staidéar ar an dlí i Londain agus rinneadh abhcóide de.
Ach ba bheag an gá dó an dlí a






chleachtadh óir fágadh cuid mhaith airgid aige mar uacht, agus ba é saol an duine uasail a chaith sé agus an-tóir aige ar na héadaí b’fh aiseanta, clubanna lucht an rachmais, agus taisteal forleathan ar fud na hEorpa; go dtí, agus ní fi os céard a spreag é, go ndeachaigh sé isteach san Eaglais Chaitliceach i Londain agus é in aois 35 bliain.
Tháinig sé ar ais go Baile Átha Cliath agus láithreach bonn thug sé cúl leis an gcompord agus na pribhléidí a ghabhann leis an saibhreas agus thosaigh ar an saol simplí agus ar na gníomhartha carthannachta a chleacht sé go deireadh a ré. In ionad comhluadar lucht an airgid a thaithí a thuilleadh, is ar an dream dearóil ba mhó a thug sé aird, daoine a bhí tinn sna hospidéil, daoine a bhí ag sracadh leis an ngannchuid, leis an mbuairt agus leis an gcruatan.
Tamall gearr ina dhiaidh sin chuaigh sé isteach i gCumann Íosa, oirníodh ina shagart é agus ceapadh é ar fh oireann Choláiste Chluain Ghabhann. B’ann a cailleadh é in 1933.
Nuair a fógraíodh é a bheith ‘Beannaithe’ in 2017, b’aitheantas é ar chomaoin John Sullivan don dá eaglais inar oileadh é.
Níl ach trí scór bliain goite thart ó cailleadh Alfi e Lambe agus maireann cuimhne bheo ar na héachtaí a rinne sé le linn a shaoil ghairid. Rugadh é sa Tulach Mhór in 1932. Tar éis go mb’éigean d’Alfi e éirí as na Bráithre Críostaí de dheasca droch-shláinte, d’aimsigh sé gairm eile le Léigiún Mhuire, gairm a thug air teachtaireacht an Léigiúin a leathadh ar fud Mheiriceá Theas.
Ar feadh na sé bliana a chaith sé i mbun na hoibre sin, d’ainneoin cruatan den uile shórt, d’éirigh thar barr leis sna haidhmeanna a chuir sé roimhe. Agus bhí a ainm in airde ar fud Mheiriceá Theas i ngeall ar a chráifeacht agus a dhíograis nuair a cuireadh é i reilig na mBráithre Críostaí i mBuenos Aires in 1959, gan an seacht mbliana fi cheadh d’aois a bheith slánaithe go fóill aige: deoraí nár fh ill ar a thír dhúchais riamh. – Le caoinchead Feasta.
Foclóirín: follasach = thar a bheith soiléir; a thionscnamh = a chur sa tsiúl; an só = boige, suaimhneas; in anallód = sa tseanaimsir, fadó.