An Timire - Samhradh 2018

Page 4

4

Niall Ó Murchadha Iar-Phríomhoide, Scoil Iognáid, Gaillimh

Bealaí chun na Naofachta D’fhéadfadh sé tarlú sa mbliain 2018, agus an Pápa Proinsias ar cuairt ar Éirinn go mbeifear ag súil go dtabharfaidh sé breis aitheantais ar son na hEaglaise do bheirt Éireannach a thuill clú agus cáil i ngeall ar a naofacht agus a ndea-oibreacha le linn dóibh a bheith beo san aois seo caite: go bhfógrófar duine díobh a bheith ina ‘naomh’ agus an duine eile a bheith ‘beannaithe’. Is iad sin John Sullivan SJ agus Alfie Lambe. Leis na céadta bliain ní furasta an teideal ‘naomh’ a bhaint amach san Eaglais Chaitliceach. Le go n-ainmneofaí duine ina naomh is gá buanna naofachta as an gcoitiantacht a bheith follasach ina s(h)aol nó mairtíreacht a bheith fulaingthe ar son an chreidimh. Agus déanann coiste imscrúdú dian ar ghníomhartha iomlána an duine féachaint le cruthúnas ar a c(h)ráifeacht chomh maith le laigí suntasacha ar bith a aimsiú ina (h)iompraíocht más féidir. Tar éis d’easpag nó eaglaiseach eile an t-imscrúdú sin a thionscnamh (go hiondúil ar achainí ón bpobal mór), bíonn dhá chéim eile i gceist. Má bhítear sásta gur bhain cráifeacht neamhchoitianta leis an té sin, bronntar an teideal ‘beannaithe’ air. Le céim a dó den phróiseas a chomhlíonadh (an canónadh) éilítear míorúilt amháin ar a

Timire Summer 2018.indd 4

laghad a bheith leagtha ar idirghuí an ábhair naoimh. De bhrí gur próiseas casta agus fada de ghnáth é, gan trácht ar an gcostas a bhaineann leis, ní bhronntar an teideal ‘naomh’ ach go hannamh sa lá inniu. Ach ní mar sin a bhí an scéal i gcónaí in anallód, go háirithe in Éirinn: má cheap an pobal i gcoitinne duine a bheith an-naofa thug siad ‘naomh’ air nó uirthi beag beann ar easpag ná pápa agus tá ainmneacha an-chuid de na naoimh úd beo i stair na tíre. Is féidir saol John Sullivan a roinnt ina dhá leath agus tá an dá chuid i gcodarsnacht: an só agus an tsaoirse phearsanta i gcomórtas leis an gcúngú saoirse a bhaineann le feidhmiú laistigh den bheatha rialta. Rugadh é i mBaile Átha Cliath in 1861 do Bessie agus Eadbhard Sullivan, a bhí ina Ard-Seansailéir ar Éirinn ina dhiaidh sin. Bhain a athair leis an Eaglais Phrotastúnach agus ba Chaitliceach a mháthair. Tógadh é de réir thraidisiún Eaglais na hÉireann agus chuaigh sé ar Scoil Portora, Inis Ceithleann agus ina dhiaidh sin go dtí Coláiste na Tríonóide, áit a ndearna sé staidéar ar na Clasaicigh agus inar bhain sé na honóracha is airde amach. Dá éis sin rinne sé staidéar ar an dlí i Londain agus rinneadh abhcóide de. Ach ba bheag an gá dó an dlí a

25/04/2018 15:21


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.