3 minute read

Anna Heussaff faoi Agallamh Katie McGreal

Kati e McGreal

Anna Heussaff faoi agallamh ag Katie McGreal

Tá leabhar nua amuigh ag an scríbhneoir Anna Heussaff do léitheoirí óga. Sárú is teideal dó agus seo an tríú leabhar i sraith do léitheoirí óga atá scríofa ag Anna do dhaoine idir 11 bliain d’aois agus 15 bliana d’aois.

Chuir muid aithne ar na carachtair Evan, Síofra agus Rio sna leabhair Hóng agus Vortex agus tá siad ar ais os ár gcomhair ag réiteach fadhbanna móra an tsaoil arís. Sa leabhar seo tá an triúr acu ag imirt cluiche ríomhaireachta ar uaireadóir cliste agus tríd an gcluiche sin tá orthu an domhan a shábháil! Tá cúpla téama ag Anna sa leabhar seo, téamaí nua-aimseartha ar nós truailliú plaisteach agus athrú aeráide.

‘Caithfi dh tú cinnte a dhéanamh nach mbíonn an t-ábhar ró-nua-aimseartha ionas nach rachaidh sé as dáta go sciobtha,’ a deir Anna.

Seo an darna sraith de leabhair atá scríofa ag Anna. Tá trí leabhar sa tsraith bhleachtaireachta do dhaoine fásta scríofa aici – Buille Marfach, Bás Tobann agus Scáil an Phríosúin.

‘Sílim go bhfuil easpa sraitheanna leabhar ann do dhaoine óga agus do dhaoine fásta sa Ghaeilge,’ a deir sí.

Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas í Anna agus tá sí ag scríobh i nGaeilge ó 2002. Ba mhaith léi a bheith ag scríobh dhá thrian dá cuid ama ach faoi láthair ní éiríonn léi sin a dhéanamh.

‘Caithfi dh mé rudaí eile a dhéanamh le hairgead a thuilleamh,’ a deir sí. ‘Faighim roinnt airgid ón scríobh ach tá orm ranganna a mhúineadh, ceardlanna scoile a dhéanamh agus tabhairt faoi thionscadail thaighde freisin.’

Chríochnaigh sí Sárú i mí na Samhna seo caite agus chuir sí tús le taighde don chéad úrscéal eile cheana féin. Úrscéal bleachtaireachta eile a bheidh ann agus beidh sé dírithe ar dhaoine fásta.

Tá Anna ag iarraidh go mbeidh foréigean baile mar cheann de na téamaí sa leabhar agus mar sin tá sí i mbun taighde ar an ábhar sin faoi láthair. Creideann Anna nach bhfuil go leor cainte ann faoi fh oréigean baile agus ba mhaith léi go mbeidh sé i mbéal an phobail níos mó.

Chuir Anna leagan Béarla den leabhar Buille Marfach i gcló mar bhí comhlacht Béarla ag iarraidh an leabhar a dhíol. Bhí uirthi ainm cleite a úsáid mar bhí an comhlacht ag iarraidh é a dhíol in Sasana agus Meiriceá agus ní ainm Éireannach go leor é Heussaff . Roghnaigh sí an t-ainm Anna Sweeney agus Deadly Intent is teideal don leabhar i mBéarla.

‘Tá iomaíocht ghéar ann in earnáil na leabhar Béarla,’ a deir Anna. ‘D’fh oghlaim

‘Fuair mé amach le déanaí go bhfuil roinnt de mo chuid leabhar ar fáil sna leabharlanna freisin.’

mé neart as an eispéireas agus bhí sé suimiúil an t-aistriúchán a dhéanamh mé féin.’

Níor bhain Deadly Intent aon liostaí de dhíolachán ard amach ach níl díomá ar Anna go ndearna sí é. Fuair sí neart moltaí ón leabhar ó na léitheoirí freisin, rud atá i gcónaí deas.

D’éirigh go hiontach le leabhair Anna sna comórtais liteartha go dtí seo. Fuair gach úrscéal, ach amháin Sárú (go fóill) an chéad duais sna comórtais Oireachtais. Bhain an leabhar ón tsraith do léitheoirí óga Duais Speisialta na Moltóirí i gcomórtas Leabhair Pháistí Éireann.

Tá leabhar amháin eile, taobh amuigh de na sraitheanna sin, scríofa ag Anna. Úrscéal d’fh oghlaimeoirí fásta, Cúpla Focal.

Tá leabhair Anna ar fáil ó shuíomh na bhfoilsitheoirí, Cló Iar Chonnacht www. cic.ie agus Cois Life www.coislife.ie agus sna siopaí leabhar Gaeilge.

This article is from: