14
Katie McGreal
Anna Heussaff faoi agallamh ag Katie McGreal Tá leabhar nua amuigh ag an scríbhneoir Anna Heussaff do léitheoirí óga. Sárú is teideal dó agus seo an tríú leabhar i sraith do léitheoirí óga atá scríofa ag Anna do dhaoine idir 11 bliain d’aois agus 15 bliana d’aois. Chuir muid aithne ar na carachtair Evan, Síofra agus Rio sna leabhair Hóng agus Vortex agus tá siad ar ais os ár gcomhair ag réiteach fadhbanna móra an tsaoil arís. Sa leabhar seo tá an triúr acu ag imirt cluiche ríomhaireachta ar uaireadóir cliste agus tríd an gcluiche sin tá orthu an domhan a shábháil! Tá cúpla téama ag Anna sa leabhar seo, téamaí nua-aimseartha ar nós truailliú plaisteach agus athrú aeráide. ‘Caithfidh tú cinnte a dhéanamh nach mbíonn an t-ábhar ró-nua-aimseartha ionas nach rachaidh sé as dáta go sciobtha,’ a deir Anna. Seo an darna sraith de leabhair atá scríofa ag Anna. Tá trí leabhar sa tsraith bhleachtaireachta do dhaoine fásta scríofa aici – Buille Marfach, Bás Tobann agus Scáil an Phríosúin. ‘Sílim go bhfuil easpa sraitheanna leabhar ann do dhaoine óga agus do dhaoine fásta sa Ghaeilge,’ a deir sí. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas í Anna agus tá sí ag scríobh i nGaeilge ó 2002. Ba mhaith léi a bheith ag scríobh dhá thrian
Timire Summer 2018.indd 14
dá cuid ama ach faoi láthair ní éiríonn léi sin a dhéanamh. ‘Caithfidh mé rudaí eile a dhéanamh le hairgead a thuilleamh,’ a deir sí. ‘Faighim roinnt airgid ón scríobh ach tá orm ranganna a mhúineadh, ceardlanna scoile a dhéanamh agus tabhairt faoi thionscadail thaighde freisin.’ Chríochnaigh sí Sárú i mí na Samhna seo caite agus chuir sí tús le taighde don chéad úrscéal eile cheana féin. Úrscéal bleachtaireachta eile a bheidh ann agus beidh sé dírithe ar dhaoine fásta. Tá Anna ag iarraidh go mbeidh foréigean baile mar cheann de na téamaí sa leabhar agus mar sin tá sí i mbun taighde ar an ábhar sin faoi láthair. Creideann Anna nach bhfuil go leor cainte ann faoi fhoréigean baile agus ba mhaith léi go mbeidh sé i mbéal an phobail níos mó. Chuir Anna leagan Béarla den leabhar Buille Marfach i gcló mar bhí comhlacht Béarla ag iarraidh an leabhar a dhíol. Bhí uirthi ainm cleite a úsáid mar bhí an comhlacht ag iarraidh é a dhíol in Sasana agus Meiriceá agus ní ainm Éireannach go leor é Heussaff. Roghnaigh sí an t-ainm Anna Sweeney agus Deadly Intent is teideal don leabhar i mBéarla. ‘Tá iomaíocht ghéar ann in earnáil na leabhar Béarla,’ a deir Anna. ‘D’fhoghlaim
25/04/2018 15:22