An Timire - Samhradh 2018

Page 1

na hUr na

Aspalach t

FOILSEACHÁN ÍOSÁNACH SAMHRADH 2018 €5.00/STG£3.75

í

An tSr. Orla Tracey, Príomhoide Loreto sa tSúdáin Theas Seosamh Ó Mealláin ar Shlí na Fírinne An Imirce agus an Teaghlach Gairdíní na Seapáine

Timire Comóradh 107 bliain an

1911

-191

8

www.timire.ie

an Chroí Ró-naofa

Timir e

Timire Summer 2018.indd 1

25/04/2018 15:20


Dáileadh: Níos mó ná

1,000 cóip á scaipeadh sa ráithe

Eagarfhocal

é a chuirfidh fáilte roimhe? Fir, mná, páistí, déagóirí, daoine óga, meánaosta, sinsir, teaghlaigh? Teaghlaigh na mbocht? Teaghlaigh gan dídean? Teaghlaigh an tuiste aonair? Teaghlaigh an lucht siúil? Teaghlaigh phríosúnaigh? Teaghlaigh le tuistí aoninscne? Teaghlaigh le tuistí fear is bean? Teaghlaigh Phrotastúnacha, Chaitliceacha, Mhuslamacha? Teaghlaigh na n-imirceach? Teaghlaigh Áiseacha, Afraiceacha, Eorpacha, Éireanacha, Ghaelacha? Teaghlaigh shócúlacha, Teaghlaigh daoine a d’fhulaing míúsáid? Teaglaigh na dteifeagh is na ndídeanaithe, dleathacha nó mídhleathacha? Tá súil againn go mbeidh fáilte rompu uilig fáilte a chur roimhe. Tá súil againn nach mbeidh daoine ag tabhairt amach nó ag diúltú a bheith páirteach nó tacaíocht airgid nó eile a chur ar fáil don ócáid má tá fáilte roimh dhaoine ar imeall éigin nach réitíonn siad leis? Agus nach mbainfear pictiúir de dhaoine imeallacha de scáileán éigin má bhíonn grúpa láidir lárnach ag stocaireacht ar son na híomhá acu féin de theaghlach Dé? Céard a bheidh ag déanamh tinnis dó?

Go bhfuil muide, aos an lae atá inniu ann ag fágáil dríodar an tsaoil againne do gharpháistí ár ngarpháistí le glanadh? An mbeidh sé ag rá linn go bhfuil na cearta is an freagrachtaí céanna orainn ar fad mar theaghlach Dé? Gur faoin láidir aire a thabhairt don lag? Gur faoin láidir a chinntiú nach ag tochas ar cheirtlín na saibhir atá na córais a chuireann an láidir i bhfearas is a chothaíonn muid? An bhfaighfidh an Pápa éisteacht? Ní chaithfear éisteacht. Tig linn éisteacht don teachtaireacht is mian linn a chloisteáil agus neamhaird a dhéanamh d’aon rud eile. Deireann an Pápa Proinsias gurb é mian Chroí Íosa éisteacht le caoine na muintire. Gurb é mian Chroí Íosa go n-éistimis lena chéile, go háirithe leis an scairt chráite ar son an chirt, go n-éistimis leis ar a shon, agus go bhfreagraimis an scairt, nó ar a laghad go stopaimis fada go leor leis an uaill chaointe a chloisteáil. An méid sin aitheantais a thabhairt don duine nó don ghrúpa atá ag éagaoin. Is spás a fhágáil do chomhrá daonna eadrainn. Má éiríonn linn cuid de sin a dhéanamh ní beag an fháilte a chuirfear roimhe. Frainc Mac Brádaigh SJ

© Rob Marmion / Shutterstock

C

TÁ AN PÁPA AG TEACHT

Féach: tearmann.com, apostolshipofprayer.org, apostoladodelaoracion.com nó prieraucoeurdumonde.fr

Is mór an onóir don Timire go bhfuil an tEaspag Alan Mac Eochagáin agus Bláthnaid Ó Brádaigh sásta bheith ina bpátrúin ar an bhfoilseachán. Rath Dé ar a gcuid oibre.

Nóta: Is mór againn tacaíocht ár léitheoirí. Braitheann An Timire oraibh. Níl aon tacaíocht stáit againn. Sin fáth na bhfógraí. Is oth linn nach leor an teacht isteach faoi láthair, in ainneoin na tacaíochta féile a fuair muid ó léitheoirí anuraidh. Ba ghá mar sin praghas An Timire a ardú go dtí €5.00 an chóip agus €20.00 do tháille na bliana. Mar bheagán cúitimh tá an lón léitheoireachta méadaithe go 48 leathanach.

Timire Summer 2018.indd 2

25/04/2018 15:20


Íomhá Clúdaigh: An tSiúr Orla Treacy sa tSúdáin (le caoinchead Paul Jeffery / Misean Cara)

TIMIRE AN CHROÍ RÓ-NAOFA

Arna fhoilsiú ag na hÍosánaigh 4 6 8 10 12 14 16 19 20 23 26 28 32 34 38 40 42 46 47

Bealaí chun na Naofachta Niall Ó Murchadha Ag Cur le Chéile sa Domhan Digiteach Pádraig Ó Maoldúin Ag Cothú an Phobail in Am an Ghátair Máirtín Mac Gabhann Ag Guí ar son Sagart An tArdeaspag Fiontán Ó Monacháin An tAth. Seosamh Ó Mealláin SJ 1913 – 2018 Frainc Mac Brádaigh SJ Anna Heussaff faoi Agallamh Katie McGreal In Ainm an Athar! Trevor Ó Clochartaigh Hacksaw Ridge: Léirmheas Aileen Mhic Cionna An Damhsa Sorcha Ní Dhubháin An Imirce agus an Teaghlach Alan Hilliard Cuardach Focal Tearmann an Oideachais sa tSúdáin Theas Sorcha Pollak Im Leabharlann Dom Seal i Láthair Dé An tSr. Mairéad Ní Bhuachalla Nóivéine an Chroí Naofa leis an bPápa Proinsias Frainc Mac Brádaigh SJ Éire agus an Bheilg Cathal de Paor Glór na nGael – Rith 2018 Marcas Mac Ruairí Gairdíní na Seapáine Dónall Ó Cnáimhsí Crosfhocal Oideas: Curaí Sicín Síle Ní Chearbhaill

Ar Dheis Dé:

Sergio Benedetti, Seosamh Ó Mealláin SJ, An tSr. Áine le Muire Talbóid, An tSr. Caoimhín Ní Uallacháin, Úna Ní Rocháin, An tAth. Éanna Henderson ocso, Eithne Murphy, Nioclás Ó Murchú, Lúise Bean Uí Mhurchú, Máire Uasal Ní Rodain Timire an Chroí Naofa 37 Sráid Líosain Íocht, Baile Átha Cliath 2, D02W938 Guthán: 01 7758502. www.timire.ie r-phost: antimire@gmail.com Eagarthóir Frainc Mac Brádaigh SJ Bord Eagarthóireachta Frainc Mac Brádaigh SJ Bláthnaid Ó Brádaigh An tSiúr Mairéad Ní Bhuachalla Dónall Ó Conaill Caitríona Uí Chatháin Martina Mhic an Phríora Tomás Ó Ceallaigh Fionnuala Mac Aodha An Br. Dónal Ó hÉalaithe Seán Ó Raghallaigh Tony Mac Cárthaigh

Timire Summer 2018.indd 3

Fáiltíonn an tEagarthóir roimh litreacha agus altanna ag an seoladh thuas. B’fhearr ábhar a sheoladh ar r-phost, más féidir Iris Oifigiúil Aspalacht na hUrnaí Bunaíodh sa bhliain 1911 Uimh. 471 ISSN: 1649-446 Le cead eaglasta: 14 Meitheamh 2018 Ní gá gurb ionann tuairimí ár scríbhneoirí agus tuairimí an bhoird eagarthóireachta Síntiúis Cóip amháin tríd an bpost: €5.00/ Stg £3.75 Go ceann bliana: €20 / Stg£15

Seiceanna iníoctha leis An Timire Faoi chúrsaí gnó (síntiúis, airgid, etc.) scríobh chuig: Timire an Chroí Naofa 37 Sráid Líosain Íocht, Baile Átha Cliath 2, D02W938 Guthán: 01 7758502. www.timire.ie r-phost: antimire@gmail.com Dearadh: Messenger Publications Design Department Clóbhualadh: Watermans Printers Limited Pátrúin: Bláthnaid Ó Brádaigh, Alan Mac Eochagáin SJ

25/04/2018 15:21


4

Niall Ó Murchadha Iar-Phríomhoide, Scoil Iognáid, Gaillimh

Bealaí chun na Naofachta D’fhéadfadh sé tarlú sa mbliain 2018, agus an Pápa Proinsias ar cuairt ar Éirinn go mbeifear ag súil go dtabharfaidh sé breis aitheantais ar son na hEaglaise do bheirt Éireannach a thuill clú agus cáil i ngeall ar a naofacht agus a ndea-oibreacha le linn dóibh a bheith beo san aois seo caite: go bhfógrófar duine díobh a bheith ina ‘naomh’ agus an duine eile a bheith ‘beannaithe’. Is iad sin John Sullivan SJ agus Alfie Lambe. Leis na céadta bliain ní furasta an teideal ‘naomh’ a bhaint amach san Eaglais Chaitliceach. Le go n-ainmneofaí duine ina naomh is gá buanna naofachta as an gcoitiantacht a bheith follasach ina s(h)aol nó mairtíreacht a bheith fulaingthe ar son an chreidimh. Agus déanann coiste imscrúdú dian ar ghníomhartha iomlána an duine féachaint le cruthúnas ar a c(h)ráifeacht chomh maith le laigí suntasacha ar bith a aimsiú ina (h)iompraíocht más féidir. Tar éis d’easpag nó eaglaiseach eile an t-imscrúdú sin a thionscnamh (go hiondúil ar achainí ón bpobal mór), bíonn dhá chéim eile i gceist. Má bhítear sásta gur bhain cráifeacht neamhchoitianta leis an té sin, bronntar an teideal ‘beannaithe’ air. Le céim a dó den phróiseas a chomhlíonadh (an canónadh) éilítear míorúilt amháin ar a

Timire Summer 2018.indd 4

laghad a bheith leagtha ar idirghuí an ábhair naoimh. De bhrí gur próiseas casta agus fada de ghnáth é, gan trácht ar an gcostas a bhaineann leis, ní bhronntar an teideal ‘naomh’ ach go hannamh sa lá inniu. Ach ní mar sin a bhí an scéal i gcónaí in anallód, go háirithe in Éirinn: má cheap an pobal i gcoitinne duine a bheith an-naofa thug siad ‘naomh’ air nó uirthi beag beann ar easpag ná pápa agus tá ainmneacha an-chuid de na naoimh úd beo i stair na tíre. Is féidir saol John Sullivan a roinnt ina dhá leath agus tá an dá chuid i gcodarsnacht: an só agus an tsaoirse phearsanta i gcomórtas leis an gcúngú saoirse a bhaineann le feidhmiú laistigh den bheatha rialta. Rugadh é i mBaile Átha Cliath in 1861 do Bessie agus Eadbhard Sullivan, a bhí ina Ard-Seansailéir ar Éirinn ina dhiaidh sin. Bhain a athair leis an Eaglais Phrotastúnach agus ba Chaitliceach a mháthair. Tógadh é de réir thraidisiún Eaglais na hÉireann agus chuaigh sé ar Scoil Portora, Inis Ceithleann agus ina dhiaidh sin go dtí Coláiste na Tríonóide, áit a ndearna sé staidéar ar na Clasaicigh agus inar bhain sé na honóracha is airde amach. Dá éis sin rinne sé staidéar ar an dlí i Londain agus rinneadh abhcóide de. Ach ba bheag an gá dó an dlí a

25/04/2018 15:21


5

‘Ba é saol an duine uasail, an rachmais agus an taistil a chaith sé go ndeachaigh sé isteach san Eaglais Chaitliceach.’

chleachtadh óir fágadh cuid mhaith airgid aige mar uacht, agus ba é saol an duine uasail a chaith sé agus an-tóir aige ar na héadaí b’fhaiseanta, clubanna lucht an rachmais, agus taisteal forleathan ar fud na hEorpa; go dtí, agus ní fios céard a spreag é, go ndeachaigh sé isteach san Eaglais Chaitliceach i Londain agus é in aois 35 bliain. Tháinig sé ar ais go Baile Átha Cliath agus láithreach bonn thug sé cúl leis an gcompord agus na pribhléidí a ghabhann leis an saibhreas agus thosaigh ar an saol simplí agus ar na gníomhartha carthannachta a chleacht sé go deireadh a ré. In ionad comhluadar lucht an airgid a thaithí a thuilleadh, is ar an dream dearóil ba mhó a thug sé aird, daoine a bhí tinn sna hospidéil, daoine a bhí ag sracadh leis an ngannchuid, leis an mbuairt agus leis an gcruatan. Tamall gearr ina dhiaidh sin chuaigh sé isteach i gCumann Íosa, oirníodh ina shagart é agus ceapadh é ar fhoireann Choláiste Chluain Ghabhann. B’ann a cailleadh é in 1933.

Nuair a fógraíodh é a bheith ‘Beannaithe’ in 2017, b’aitheantas é ar chomaoin John Sullivan don dá eaglais inar oileadh é. Níl ach trí scór bliain goite thart ó cailleadh Alfie Lambe agus maireann cuimhne bheo ar na héachtaí a rinne sé le linn a shaoil ghairid. Rugadh é sa Tulach Mhór in 1932. Tar éis go mb’éigean d’Alfie éirí as na Bráithre Críostaí de dheasca droch-shláinte, d’aimsigh sé gairm eile le Léigiún Mhuire, gairm a thug air teachtaireacht an Léigiúin a leathadh ar fud Mheiriceá Theas. Ar feadh na sé bliana a chaith sé i mbun na hoibre sin, d’ainneoin cruatan den uile shórt, d’éirigh thar barr leis sna haidhmeanna a chuir sé roimhe. Agus bhí a ainm in airde ar fud Mheiriceá Theas i ngeall ar a chráifeacht agus a dhíograis nuair a cuireadh é i reilig na mBráithre Críostaí i mBuenos Aires in 1959, gan an seacht mbliana ficheadh d’aois a bheith slánaithe go fóill aige: deoraí nár fhill ar a thír dhúchais riamh. – Le caoinchead Feasta.

Foclóirín: follasach = thar a bheith soiléir; a thionscnamh = a chur sa tsiúl; an só = boige, suaimhneas; in anallód = sa tseanaimsir, fadó.

Timire Summer 2018.indd 5

25/04/2018 15:21


6

Pádraig Ó Maoldúin Eagarthóir Teanga, tearmann.com

Ag Cur Le Chéile sa Domhan Digiteach Gan amhras tá an t-idirlíon agus na teicneolaíochtaí digiteacha ag cur cruth nua ar an saol. Tá an réabhlóid dhigiteach ag athrú an mhodha mhaireachtála atá againn. Sa tsochaí nua-aimseartha tá sé chomh héasca eolas a rochtain ar an toirt, rud nach raibh indéanta sular cuireadh tús leis an Idirlíon fiche seacht bliain ó shin. Glactar leis go bhfuil an tIdirlíon fíorthábhachtach i saol na linne seo. Idir fhóin chliste agus aipeanna is féidir le daoine teacht ar cibé eolas atá á iarraidh acu ar an toirt, agus tá go leor buntáistí dá réir sin. Faraor, níl aon amhras ann ach go bhfuil go leor iarmhairtí diúltacha ag an idirlíon chomh maith. Iarrann an Pápa Proinsias orainn guí go n-oibreodh gréasáin shóisialta i dtreo na cuimsitheachta sin a mbíonn meas aici ar dhaoine eile cé go mbíonn easaontas ann eatarthu. Ina theachtaireacht do Lá Cumarsáide Domhanda 2016, dúirt sé gur féidir le ríomhphoist, téacstheachtaireachtaí, gréasáin shóisialta agus fóraim chomhrá, a bheith ina gcineálacha cumarsáide lán-daonna. Tá an Pápa den bharúil gur féidir le gréasáin shóisialta caidrimh a éascú agus leas na sochaí a chur ar aghaidh, ach ag am céanna tá sé aitheanta aige go bhfuil iarmhairtí díobhálacha bainteach

Timire Summer 2018.indd 6

le husáid gréasáin shóisialta chomh maith, cosúil le polarú agus easaontas idir dhaoine aonair agus grupaí. Tá an domhandú digiteach mar chearnóg phoiblí i dtuairim Phroinsias, áit cruinnithe inar féidir le daoine spreagadh a thabhairt dá chéile agus dul i dteagmháil le daoine eile i mbealach suntasach, ach ar an lámh eile tá an dainséar ann go rachaidh úsáideoirí gréasáin shóisialta i ngleic le hiompraíocht mhídhaonna nó uiríslithe agus ionsaithe éagóracha ar líne. Tá an-chuid dochair á dhéanamh mar thoradh ar roinnt den inneachar atá sruthaithe ar an idirlíon, agus tá ríomhshábháilteacht sa tSochaí Faisnéise sa lá atá inniú ann fíorthábhachtach. Mar thoradh ar an méid ama a chaitheann daoine óga ar fhóin chliste tá go leor plé faoi shrianta a chur i bhfeidhm maidir leis an aois a mbíonn fóin chliste ceadaithe ag daoine óga. Chomh maith leis sin tá fadhb na cibearbhulaíochta ag éirí níos coitianta, agus tá go leor plé faoin aois toilithe dhigiteach in Eirinn – shocraigh an rialtas go mbeadh sé seo 13 bhliain déag i 2017. Léiríonn torthaí suirbhé móibíleach ar thomhaltóirí ón gcomhlacht comhairleach Deloitte, foilsithe i 2016, go bhfuil fóin chliste (nó rochtain orthu)

25/04/2018 15:21


© Zynatis / Shutterstock

7

‘Is mian leis an Phápa aitheantas a thabhairt do thairbhe an domhain dhigitigh.’

ag nócha faoin chéad de dhaoine san aoisghrúpa 18-75 i bPoblacht na hÉireann, nó thart ar thrí mhilliún duine. De réir an taighde seo bíonn daoine ag seiceáil ar a gcuid fón cliste caoga seacht n-uaire in aghaidh an lae ar meán. Tá sé ráite ag an Phápa Proinsias go bhfuil freagracht ag usáideoirí an Idirlín chun grá na gcomharsan a léiriú. Caithfear meas a bheith againn do dhínit an duine lena gcasann muid ar líne, an duine gan fheiceáil ach atá réadach, dar leis an Phápa. Tá Pronsias ag iarraidh go dtéimis i ngleic leis an domhan digiteach mar lucht leanúna Chríost. Is féidir le Críostaithe na gréasáin shóisialta a úsáid i slí dhearfach ag cloí le prionsabail dea-chleachtais um ríomhshábháilteacht, agus ag tabhairt meas ar na húsáideoirí agus na peirspictíochtaí éagsúla a bhíonn acu. Is féidir le Críostaithe na gréasáin shóisialta a úsáid ar bhonn soiscéalaíochta chomh maith. Tá teachtaireacht dhearfach ag an

gcreideamh Críostaí, teachtaireacht ghrámhar, thrócaireach agus dhóchasach, agus is féidir le Críostaithe an soiscéal a scaipeadh trí na gréasáin shóisialta. Tugann an tIdirlíon, agus na gréasáin shóisialta go háirithe, deis dúinn áthas an tsóiscéil a fhógairt. Is áis iontach iad chun dul i dteagmháil le daoine cibé áit ina bhfuil siad, i lár an ghnáthshaoil. Is mian leis an Phápa aitheantas a thabhairt do thairbhe an domhain dhigitigh. Tá sé ráite aige gur féidir linn an tIdirlíon a úsáid chun sochaí shláintiúil a chruthú, atá oscailte do chomhroinnt tuairimí, agus sa tslí sin gur féidir linn a bheith inár saoránaigh níos fearr. Sa domhan briste polaraithe atá inniu ann, molann an Pápa cumarsáid a bheith againn lenár gcomharsain le trócaire. Sa tslí seo is féidir le gach éinne mar leanaí Dé, dlúthchumann sláintiúil agus bráithreachas a chruthú dá chéile – bráithre agus siúracha san aon teaghlach daonna amháin.

INTINN UILÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ AN MHEITHIMH, 2018 Go n-oibreodh gréasáin shóisialta i dtreo na cuimsitheachta sin a mbíonn meas aici ar dhaoine eile cé go mbíonn easaontas ann eatarthu. Foclóirín: a rochtain = a aimsiú; fóin chliste = smartphones; aipeanna = apps, feidhmchláir; polarú = polarisation; gréasáin shóisialta = social networks; cibearbhulaíocht = cyber-bullying.

Timire Summer 2018.indd 7

25/04/2018 15:21


8

Máirtín Mac Gabhann Oifigeach Tionscadal Pobal, Glór na Móna Príomhbhuaiteoir Chomórtas Ghlór na nGael 2017

Ag Cothú an Phobail in Am an Ghátair Onóir mhór a bhí ann do chách i nGlór na Móna, nuair a bhain muid duais an Timire amach ag oíche mhór Ghlór na nGael ar na mallaibh, de thairbhe na hoibre carthanachta a thit amach linn le bliain anuas. I measc na dtionscadal carthanachta a chuir muid le chéile le breis agus bliain anuas bhí Bricfeasta Pobail Saor & Gaelach mar aon le Dinnéar Nollag Saor & Gaelach. Ghlac muid na céimeanna beaga seo le deoch agus le bricfeasta te a thabhairt amach do dhuine ar bith a bhí á n-iarraidh. Mothaíonn muid go gcruthaíonn seo dearfacht agus dlúthpháirtíocht i measc an phobail, a léiríonn nach bhfuil cead de dhíth le bheith flaithiúil. Ba mhian linn dóchas, bród agus muinín a chothú inár bpobal le Bricfeasta Pobail Saor agus Gaelach. Bíonn muid amuigh ar na sráideanna ar an Aoine dheireanach de gach mí agus buaileann muid le chéile idir 7:45 agus 9:15 agus cuireann muid fáilte roimh aon chuidiú agus tacaíocht. Tá súil againn go dtabharfaidh seo misneach do dhaoine eile togra bricfeasta saor a dhéanamh ag an am chéanna lenár gceann féin, thart fá Bhéal Feirste agus níos faide i gcéin. Déanann daoine áitiúla plé linn agus iad ag baint taitnimh as tae/caife agus bricfeasta ag barr na Carraige Báine.

Timire Summer 2018.indd 8

Is léir ó dhearfacht agus ó bhuíochas an phobail gur togra fiúntach é seo a théann i bhfeidhm ar dhaoine. Fuarthas an spreagadh chun seo a dhéanamh agus duine óg dár gcuid a bhí ag léamh leabhar faoi na Pantair Dhubha agus a gcumainn bhricfeasta cháiliúla (an togra ba mhó a chuir Slándáil Náisiúnta Mheiriceá i mbaol, de réir J. Edgar Hoover); agus thug sin misneach dúinn. Cuireadh iontas nach beag orainn nuair a fuair muid amach go bhfuil 13 bhanc bia ann i mBéal Feirste i mbliana, i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste na dífhostaíochta. Is drochléiriú é seo ar an tsochaí agus orthusan atá i gcumhacht. Fuair muid amach go bhfuil pionós airgid á ghearradh ar na mílte atá tinn, faoi mhíchumas, agus dífhostaithe ag oifigí slándála sóisialta gach mí, cé go bhfuil poist gann de bhrí teipe ar pholasaí an rialtais. Is ionsaí iad na pionóis airgid ar mhuintir iarthar Bhéal Feirste atá ag cruthú náire forleathan agus cultúr ciúnais. Tá gnáthdhaoine i gcruachás, san fhaopach agus leo féin. Chuaigh muid céim amháin níos faide arís i ndiaidh dúinn rath an tionscadail seo a mheas agus chinn muid Dinnéar Nollag Saor agus Gaelach a dhéanamh ar 25 Nollaig 2017. Chuir muid plean le chéile an dinnéar a dhéanamh i nGael-Ionad

25/04/2018 15:21


‘Fuarthas spreagadh ó na Pantair Dhubha agus a gcumainn bhricfeasta cháiliúla – a chuir slándáil náisiúnta Mheiriceá i mbaol, de réir J. Edgar Hoover.’

© Paddy Furlong

9

An tAth. Frainc Mac Brádaigh SJ, An tOll. Máire Ní Annracháin, an t-údar, Pól Ó Gallchóir Mhic Goill, ach bhí deacrachtaí againn daoine a aimsiú agus bhí léisc ar dhaoine a ainm a chur chun tosaigh le teacht agus bia saor a ghlacadh. Mar thoradh air sin, bheartaigh muid go nglacfadh muidne bia chuig tithe daoine, agus diaidh ar ndiaidh thosaigh na hainmneacha ag teacht isteach. Sa deireadh, ghlac muid beagnach daichead dinnéar Nollag chuig an phobal ar Lá Nollag Mór. Is beag aitheantas ná poiblíocht atá de

Timire Summer 2018.indd 9

dhíth orainn leis an chineál oibre seo a chomhlíonadh agus déanann muid é ar son ár bpobail agus ní don aitheantas. Is mór an tábhacht dúinn go bhfuil an obair idir lámha, chan an té a dhéanann é. Má tá suim ag daoine an cineál oibre seo a thosú ina gceantar féin, níl mórán i gceist i bhfírinne, ach is féidir teagmháil a dhéanamh linn ar oifig@glornamona. com nó mairtin@glornamona.com le haghaidh tuilleadh eolais.

25/04/2018 15:21


10

+Fiontán Ó Monacháin Easpag Chill Dalua

Ag Guí ar son Sagart Is maith leis an bPápa Proinsias sagairt a spreagadh. Is minic leis freisin, cosúil le hAthair Spioradálta ar bith, dúshlán a chaitheamh amach len iad a ghríosadh le saothrú níos déine i bhfíonghort an Tiarna. An t-am seo bliana leis an samhradh linn tá sé de nós ag go leor sagart dul ar chúrsaí spioradálta ag iarraidh dlúthchaidreamh leis an Tiarna a threisiú agus cairdeas lena gcomhshagairt a athnuachan agus a dhaingniú. Cuimhníonn muid orthu ar fad inár bpaidreacha! Go bhfaighe siad faoiseamh, compord, misneach agus sásamh ón Tiarna leanacht lena gcuid oibre. Is dúshlán mór i saol agus atmaisféar an lae inniu in Éirinn gairmeacha úra a mhealladh isteach sna sagairt nó sa bheatha rialta. Tá rabharta de thaoide inár n-aghaidh ach tá sé tábhachtach gan misneach a chailliúint agus a bheith foighdeach. Scríobh cara liom, múinteoir Gaeilge i gColáiste Iarfhlatha i dTuaim dán roinnt blianta ó shin a chuireann feoil ar na smaointe seo: Meileann muilte Dé go mall ach Meileann siad go mion. Mílaois is mílaois aríst a mheil muilte Dé Teachtairí groíúla le hanamacha spreagúla.

Timire Summer 2018.indd 10

Casadh an rotha is scaipeadh scéil Chríost Creideamh a ghaois i gcéin is i gcóngar. Tá meitheal de dhíth do rothaí an mhuilinn, Tríú mílaois, maidí an rotha ceal cúnaimh. Sín chugam Do lámha is glac leis an uain Muilte Dé a chasadh is d’anam a shásamh. Meileann muidne na muilte go mall ach go mion Meil linn, a chara cléibh. An chéad bhliain a labhair an Pápa nua ar Dheardaoin Mhandála, lá speisialta do shagairt, mhol sé do shagairt go mbeadh ‘boladh (thréadach) na gcaorach uathu’! Ina chéad thréadlitir nó Aitheasc Aspalta ‘Gairdeas an tSoiscéil – Evangelli Gaudium’ mhol sé do shagairt a bheith amuigh i measc na ndaoine, a bheith gealgháireach, guí dháiríre a dhéanamh, an Soiscéal a chraobhscaoileadh le dúthracht agus díograis, gan a bheith ag sodar i ndiaidh shaibhreas agus ardmholadh an tsaoil seo agus sonas agus sólás an tSoiscéil a roinnt le chuile dhuine faoina chúram. Caighdeán ard aige! Caighdeán Íosa, na nAspal agus na gcéad deisceabail. Is iomaí dúshlán agus deacracht a bhíonn ag sagairt sa saol atá inniu ann,

25/04/2018 15:22


go háirithe nuair atá líon na ngairmeacha ag laghdú agus an mheánaois ag dul in airde chuile bhliain. Tá ualach na hoibre ag méadú chuile bhliain le rialacha agus dlíthe nua, airgeadas, páipéarachas, riarachán, cosaint sonraí, cosaint leanaí: dlíthe agus rialacha nua ar chuile thaobh. Amanta bíonn sagairt ag gearán go bhfuil siad ‘dóite amach’. Is minic nach mbíonn dóthain ama acu obair cheart thréadach a dhéanamh. D’fhéadfadh siad a bheith gruama faoi seo ó am go chéile agus is furasta é seo a thuiscint go maith. Má thógann muid sampla Íosa sa Soiscéal, feiceann muid gur cuma cé chomh cruógach is a bhí sé – thóg sé am dó féin dul go háit chiúin uaigneach le guí a dhéanamh agus athnuachan a dhéanamh ar a Spiorad tré dhianchaidreamh lena Athair. Nuair a bhí Íosa ag cur comhairle ar na hAspail mhol sé dóibh misean a dhéanamh ní leo féin, go haonaránach, ach a bheith ag obair mar fhoireann … ag dul amach ina mbeirteanna is ina mbeirteanna …. Tá sé tábhachtach go mbeadh am agus deiseanna ag sagairt bheith i dteannta a chéile, éisteacht lena chéile, spreagadh agus tacaíocht a thabhairt dá chéile, guí le chéile a dhéanamh, chomh maith le dúshláin a chaitheamh ag a chéile. Ar an iomlán, i mo thuairimse tar éis

11

© Artit Fongfung / Shutterstock

‘Tá rabharta de thaoide inár n-aghaidh ach tá sé tábhachtach gan misneach a chailliúint.’

castáil le chuile shagart i nDeoise Chill Dalua leo féin faoi dhó – airím go bhfuil siad ar cheann de na grúpaí is sona dá bhfuil ann. Tuigeann siad gur pribhléid thar barr ar fad freastal ar Íosa Críost mar Alter Christus agus freastal ar an bpobal atá faoina gcúram, agus tá formhór acu fíorshásta é sin a dhéanamh. Téann briathra Lacordaire go smior nuair a deir sé faoin sagart: Le bheith i do chónaí i measc an domhain, Gan dúil a bheith agat i bpléisiúr an tsaoil seo; Le bheith i do bhall de chuile theallach, Ag an am céanna gan a bheith claonta i dtreo clainne ar bith; A bheith ag fulaingt in éindí le daoine; Feiceáil tré rúndiamhra; Gortuithe a leigheas; Filleadh ón chine daonna ag Dia; Maithiúnas agus dóchas a bhreith leat; Do chroí a bheith ar lasadh le carthanacht; Croí cré-umha ar son na geanmnaíochta; A bheith i do mhúinteoir agus pardún a thabhairt; Le sólás agus beannachtaí a thabhairt i gconaí; A Dhia, a leithéid de shaol; Agus is leatsa é, A shagairt d’Íosa Chríost. (‘An Sagart’ – Lacordaire)

INTINN SHOISCÉALAÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ IÚIL, 2018 Go bhfaighe sagairt, a mbíonn tuirse agus uaigneas orthu agus iad i mbun oibre tréadaí, go bhfaighe siad cabhair agus compord ina gcuid dlúthchaidreamh leis an Tiarna agus ina gcairdeas lena gcomhshagairt. Foclóirín: faoiseamh = sólás; gealgháireacht = dea-ghiúmar; ag sodar = ag rith i ndiaidh; craobhscaoileadh = fógairt; Alter Christus = Críost eile; gruama = a bheith thíos.

Timire Summer 2018.indd 11

25/04/2018 15:22


12

An tAth. Seosamh Ó Mealláin SJ 1913–2018 A Athair Frainc a chara, “Ba den chineáltas uait é an litir úd a chuir tu chugam go háirithe ó scríobh tu ar an 8adh lá de Bhealtaine é. Fíor buídheach mé.” Sin mar a thosaigh an tAth. Seosamh an chéad litir chugam ar an 21 Bealtaine 2015. Faraoir nár casadh orm riamh é ach sríobh muid chuig a chéile roinnt cupla uair ó shin. Mar a deireann muintir Uí Mhealláin agus Uí Ici ins an ráiteas uathu tráth a bháis: “I gcaitheamh a shaoil, ba chumarsáidí thar cionn é an tAth. Seosamh agus ba scríbhneoir frasach litreacha é go díreach cosúil lena athair … níor theip riamh air freagra a sheoladh ar litir ó aon duine. Ba chuma cén duine a scríobh chuige gheobhaidís freagra smaointeach ar ais” agus b’amhlaidh liomsa é. Fuair muid ceithre litir uaidh agus bhí ríméad ar gach duine againn san oifig seo nuair a thagadh litir uaidh. Is taisce luachmhar againn iad. Ní fearr a dhéanfadh muid ná cuid mhór de ráiteas a theaghlaigh a chur i gcló anseo in ómós don Athair Seosamh: "Ar son agus thar ceann Mhuintir Uí Mhealláin agus Uí Icí. Ba mhór an díol brón go pearsanta dúinn scéala a fháil ó Hong Kong maidin seo na Cásca go bhfuair an

Timire Summer 2018.indd 12

tAth. Seosamh Ó Mealláin SJ bás, agus sinn díreach ar tí cothrom 102ú bliain Éirí Amach na Cásca a chomóradh. Thuigeamar i gcónaí go raibh an lá seo gar do theacht ach ina dhiaidh sin féin bhain sé stangadh asainn a fháil amach go bhfuil an tAth. Seosamh imithe faoi dhéin a luach saothair sna flaithis. Nach tochtmhar an ní é gur ar an lá seo a tháinig a bheatha thalmhaí chun críche, agus is breá mar a chaith sé a shaol. Aireoimid uainn é. Solas na bhflaitheas dó agus ar dheis Dé go raibh a anam dílis." Rugadh Seosamh Micheál Ó Mealláin i Meán Fómhair 1913. Ba eisean an mac ab óige a bhí ag Agnes Hickey agus Micheál Ó Mealláin. B’iníon í a mháthair le Joseph Hickey, Fíníneach a díbríodh thar loch amach mar gheall ar a pháirt in Éirí Amach na bhFíníní in 1867, agus ba ghariníon í le John Francis Nugent a bhí ina bhall de na hÉireannaigh Aontaithe agus arbh clódóir agus foilsitheoir as an gCorr Chríochach, i gContae Thír Eoghain é. Rugadh Agnes i Learpholl le linn na díbeartha. Ní raibh Seosamh ach ina bhuachaill beag óg nuair a cuireadh chun báis i bPríosún Chill Mhaighneann i 1916 a athair, Micheál Ó Mealláin, Ceannfort agus Ceann Foirne Arm Cathartha na hÉireann. Ba é an tAth. Seosamh Ó Mealláin SJ an

25/04/2018 15:22


13

ball beo deiridh sa nasc leis an tréimhse sin dár stair. Fuair a dheartháireacha, Séamas agus an tAth. Seán, a dheirfiúracha, an tSiúr Agnes agus Maura Phillips, bás roimhe. Sheirbheáil sé le cois seachtó bliain mar mhisinéir agus mar oide ar mhórthír na Síne agus i Hong Kong in éineacht le comhluadar na nÍosánach ansin. Oirníodh sa bhliain 1946 é agus dhá bhliain ina dhiaidh sin seoladh chuig Misean na nÍosánach sa tSín é. D’oibrigh sé gan stad gan staonadh ar mhaithe leis na daoine ansiúd. B’ansa leis an comhluadar sin agus b’ansa leosan eisean agus is ansiúd a chuirfear i gcré na cille é. Bhí páirt shuntasach aige sa bhforbairt leanúnach a rinneadh i Scoil agus i gColáiste Wah Yan i Hong Kong agus i Kowloon, agus amhail le mórchuid oidí, ba mhinic a labhair sé go bródúil ar dhaltaí a hoileadh sa choláiste. Ba fear an-spioradálta agus umhal é an tAth. Seosamh. Bhí creideamh domhain Críostaí aige agus dianghrá dá chomhdhaoine. Ba ar mhodh praiticiúil a chleachtaigh sé a chreideamh agus ceartas sóisialta agus cothromaíochta mar bhonn daingean leis, ar an dul céanna lena athair a shaothraigh mar ghníomhaí ceardchumainn ar son ceartais sóisialta agus cearta lucht oibre agus a

Timire Summer 2018.indd 13

thug a bheatha ar son na cúise sin. Mhair an tAth. Seosamh go dtí an 104. Bheadh a thuismitheoirí Micheál agus Agnes bródúil as ar chuir a mac i gcrích agus an dóigh ar chaith sé a shaol. Bhí a chumas Gaeilge dochreidte ag cur san áireamh go raibh sé imithe as Éirinn ó 1948. Scríobh sé as Gaeilge – sa seanchló i gcónaí agus b’údar ríméid dó Gaeilge a labhairt le haon duine as Éirinn a thug cuairt air; fíor-Ghael gan dabht. B’údar bróid don Ath. Seosamh Ó Mealláin SJ gur tugadh Saoirse Cathrach Bhaile Átha Cliath dó le linn imeachtaí Chomóradh Céad Bliain 1916. Ba in onóir dá sheirbhís i leith an oideachais é sin agus dá cheangal teaghlaigh le hÉirí Amach 1916. Ar cheann dá ghníomhartha oifigiúla deiridh bhí an mórshaothar staire a chuir sé ar fáil i gcuimhne ar a athair, an Ceannfort Micheál Ó Mealláin. Foilsíodh an scríbhinn seo anuraidh mar a gcuirtear i láthair léargais agus fíricí nua maidir le taifead na cúirte míleata a cuireadh ar a athair. Tá an doiciméad seo ar fáil in aircíovlanna Mhúsaem Phríosún Chill Mhaighneann agus Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Ba é mian an Ath. Seosamh go mbeadh dul amach ag staraithe ar an saothar seo.

25/04/2018 15:22


14

Katie McGreal

Anna Heussaff faoi agallamh ag Katie McGreal Tá leabhar nua amuigh ag an scríbhneoir Anna Heussaff do léitheoirí óga. Sárú is teideal dó agus seo an tríú leabhar i sraith do léitheoirí óga atá scríofa ag Anna do dhaoine idir 11 bliain d’aois agus 15 bliana d’aois. Chuir muid aithne ar na carachtair Evan, Síofra agus Rio sna leabhair Hóng agus Vortex agus tá siad ar ais os ár gcomhair ag réiteach fadhbanna móra an tsaoil arís. Sa leabhar seo tá an triúr acu ag imirt cluiche ríomhaireachta ar uaireadóir cliste agus tríd an gcluiche sin tá orthu an domhan a shábháil! Tá cúpla téama ag Anna sa leabhar seo, téamaí nua-aimseartha ar nós truailliú plaisteach agus athrú aeráide. ‘Caithfidh tú cinnte a dhéanamh nach mbíonn an t-ábhar ró-nua-aimseartha ionas nach rachaidh sé as dáta go sciobtha,’ a deir Anna. Seo an darna sraith de leabhair atá scríofa ag Anna. Tá trí leabhar sa tsraith bhleachtaireachta do dhaoine fásta scríofa aici – Buille Marfach, Bás Tobann agus Scáil an Phríosúin. ‘Sílim go bhfuil easpa sraitheanna leabhar ann do dhaoine óga agus do dhaoine fásta sa Ghaeilge,’ a deir sí. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas í Anna agus tá sí ag scríobh i nGaeilge ó 2002. Ba mhaith léi a bheith ag scríobh dhá thrian

Timire Summer 2018.indd 14

dá cuid ama ach faoi láthair ní éiríonn léi sin a dhéanamh. ‘Caithfidh mé rudaí eile a dhéanamh le hairgead a thuilleamh,’ a deir sí. ‘Faighim roinnt airgid ón scríobh ach tá orm ranganna a mhúineadh, ceardlanna scoile a dhéanamh agus tabhairt faoi thionscadail thaighde freisin.’ Chríochnaigh sí Sárú i mí na Samhna seo caite agus chuir sí tús le taighde don chéad úrscéal eile cheana féin. Úrscéal bleachtaireachta eile a bheidh ann agus beidh sé dírithe ar dhaoine fásta. Tá Anna ag iarraidh go mbeidh foréigean baile mar cheann de na téamaí sa leabhar agus mar sin tá sí i mbun taighde ar an ábhar sin faoi láthair. Creideann Anna nach bhfuil go leor cainte ann faoi fhoréigean baile agus ba mhaith léi go mbeidh sé i mbéal an phobail níos mó. Chuir Anna leagan Béarla den leabhar Buille Marfach i gcló mar bhí comhlacht Béarla ag iarraidh an leabhar a dhíol. Bhí uirthi ainm cleite a úsáid mar bhí an comhlacht ag iarraidh é a dhíol in Sasana agus Meiriceá agus ní ainm Éireannach go leor é Heussaff. Roghnaigh sí an t-ainm Anna Sweeney agus Deadly Intent is teideal don leabhar i mBéarla. ‘Tá iomaíocht ghéar ann in earnáil na leabhar Béarla,’ a deir Anna. ‘D’fhoghlaim

25/04/2018 15:22


15

‘Fuair mé amach le déanaí go bhfuil roinnt de mo chuid leabhar ar fáil sna leabharlanna freisin.’ mé neart as an eispéireas agus bhí sé suimiúil an t-aistriúchán a dhéanamh mé féin.’ Níor bhain Deadly Intent aon liostaí de dhíolachán ard amach ach níl díomá ar Anna go ndearna sí é. Fuair sí neart moltaí ón leabhar ó na léitheoirí freisin, rud atá i gcónaí deas. D’éirigh go hiontach le leabhair Anna sna comórtais liteartha go dtí seo. Fuair gach úrscéal, ach amháin Sárú (go fóill) an chéad duais sna comórtais

Timire Summer 2018.indd 15

Oireachtais. Bhain an leabhar ón tsraith do léitheoirí óga Duais Speisialta na Moltóirí i gcomórtas Leabhair Pháistí Éireann. Tá leabhar amháin eile, taobh amuigh de na sraitheanna sin, scríofa ag Anna. Úrscéal d’fhoghlaimeoirí fásta, Cúpla Focal. Tá leabhair Anna ar fáil ó shuíomh na bhfoilsitheoirí, Cló Iar Chonnacht www. cic.ie agus Cois Life www.coislife.ie agus sna siopaí leabhar Gaeilge.

25/04/2018 15:22


16

Trevor Ó Clochartaigh

In Ainm an Athar! Nach aisteach an mac é an saol. Nuair a théann muid ar scoil bíonn orainn scrúduithe stáit a dhéanamh chun muid a ullmhú don saol oibre. Téann roinnt mhaith ag an tríú leibhéal le tuilleadh cáilíochtaí a bhaint amach i dtreo ár rogha gairme. Bíonn oiliúint leanúnach ar siúl againn le cinntiú go bhfuil muid oilte chun carr a thiomáint, ríomhaire a úsáid, aire chuí a thabhairt do dhaoine agus go leor eile. Ach, is ar éigean a thugtar traenáil ar bith dúinn maidir leis an bpósadh agus clann a thógáil in ainneoin chomh casta, dúshlanach agus deacair is atá sé le déanamh sa lá atá inniu ann. Anois, ná tóg suas mícheart mé. Tá sé d’ádh ormsa a bheith pósta go sásta le bean iontach agus cúigear clainne agam a bhfuil grá mo chroí is m’anama agam dóibh. Ach, scaití chuirfidís as do chiall thú. Agus tá mé cinnte go mbíonn an tionchar céanna agamsa orthu sin. Má chaitheann tú sa mullach air sin go bhfuil tú ag iarraidh do chlann a thógáil sa gcreideamh Caitliceach, bhuel, tá scéal fada an anró ceart ansin agat! Ach, foighid ort. Cabhair Dé chugainn. Tá comhairle nua ag teacht ón bPápa Prionsias i bhfoirm Bhliain na dTeaghlach agus an treoir atá eisithe aige in ‘Amoris Laetitia’. Is géar a theastaíonn sé uaim. Is mór an jab snámh in aghaidh eas

Timire Summer 2018.indd 16

an ábharachais. Níl sé éasca scéal Íosa a chur chun cinn leis na gasúir, nuair atá an saol mór amuigh ansin dár mbá le bolscaireacht Dhaidí na Nollag agus Choinín na Cásca. Is deacair an chlann ar fad a fháil ag an Aifreann le chéile fiú, idir leanaí óga ag clamhsán go bhfuil sé leadránach agus déagóirí ag rá nach gcreideann siad i nDia níos mó. Níor ullmhaigh scrúdú na hArdteistiméireachta, ná mo chéim thráchtála do na géarchéimeanna Domhnaigh seo mé! Déanaim iarracht an maide mór a úsaid scaití le brú a chur orthu, úsáidim breabaireacht in amanna eile agus roinnt Domhnaigh eile tugaim suas mo chás agus bainim sásamh as leathuair a chloig asam féin sa séipéal. Ar peaca atá ansin? Dar ndóigh, tá sé seo ar fad ag tarlú nuair atá mórcheisteanna os comhair phobal na hEaglaise in Éirinn. Maidir leis an Ochtú Leasú ar an mBunreacht, ó thaobh Ról na mBan san Eaglais, athruithe móra sochaí ó thaobh comhdhéanamh teaghlaigh, ganntanas sagart, aitheantas do Chaitlicigh aeracha agus eile. Fágann seo muid ar fad mar Chríostaithe le ceisteanna móra maidir le cén chaoi is fearr dúinne ár gcreideamh a chleachtadh i bparóistí atá ag athrú

25/04/2018 15:22


‘Is furasta a rá gur ar an stát atá an dualgas dlíthe a chur i bhfeidhm lenár saol a rialú.’

go tapaidh. Is furasta a rá gur ar an stát atá an dualgas dlíthe a chur i bhfeidhm lenár saol a rialú, ach creidim féin go láidir go dtiteann an fhreagracht orainn féin mar Chaitlicigh ár gcreideamh féin a chleachtadh ins an gcaoi a chaitheann muid ár saol. Is freagracht throm atá ansin. Is maith an rud dá bhrí sin go bhfuil fócas faoi leith i mbliana ag an bPápa ar ról na dTeaghlach san Eaglais. Tá mé ag súil go mór leis an bplé ar fad faoi sin. Ach, measaim go gcaithfidh institiúid na hEaglaise ceannródaíocht a ghlacadh agus athrú, de réir mar atá riachtanais na cosmhuintire ag athrú. Bhí fáilte ag Íosa roimh chuile dhuine. Ní bhraithim go n-airíonn gach Caitliceach

© Rawpixel.com / Shutterstock

17

an fháilte chéanna sa lá atá inniu ann. Áirím anseo, daoine colscartha, ógánaithe, lánúin mheasctha ó thaobh creidimh agus mar sin de. Teastaíonn eaglais lán de bhrí, de ghrá, d’fhuinneamh, de charthanacht agus de mhisneach uainn. Caithfidh sé a bheith mar thaca agamsa is mé ag iarraidh an creideamh a roinnt le mo chlann. Caithfidh muidne a bheith muiníneach go gcloistear muid agus mar chúiteamh, ár gcroí agus anam a thabhairt di freisin. Tá gá le brí agus misneach inár bparóistí. Ní beag an dúshlán atá roimh an Phápa. Ach, tá Dia láidir, máthair mhaith aige agus braithim go dtuigeann Prionsias an dúshlán – agus an tábhacht dá réir a ghabhann leis. Tá mé ag súil go mór leis!

INTINN UILÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ LÚNASA, 2018 Cinntí móra eacnamaithe agus polaiteoirí, go gcosnóidís an teaghlach mar cheann de sheoda an chine dhaonna. Foclóirín: scaití = anois is arís; sa mullach air sin = anuas/de bhreis air sin; carthanacht = charity.

Timire Summer 2018.indd 17

25/04/2018 15:22


Timire Summer 2018.indd 18

25/04/2018 15:23


19

Scannáin

Hacksaw Ridge Léirmheas le: hAileen Mhic Cionna Eisithe: 2017 | Stiúrthóir: Mel Gibson Genre: Beathaisnéis, stair, cogadh, reiligiún Fad: 139 nóiméad Is i gCath Okinawa sa tSeapáin i 1945 a shábháil Desmond Doss (1919-2006) saol seachtó cúig fear sa Dara Cogadh Domhanda. Ba é Doss an t-aon saighdiúir Meiriceánach le linn an chatha gan airm a chaitheamh agus nár scaoil oiread is urchar amháin. Léiríonn an scannán an fhrithchosúlacht lárnach: cé gur chreid Doss ar thaobh amháin go raibh an ceart aige páirt a ghlacadh sa chogadh, ar an taobh eile bhí sé i gcoinne daoine eile a mharú. Ba é Doss an chéad agóidí coinsiasach ar bhronn an tUachtarán Truman an Bonn Onóir air i 1945 de bharr a chuid gaiscí ar pháirc an chatha. Cuireann an tranglam a bhíonn ar siúl ag tús an scannáin seo an radharc oscailte de scannán Spielberg ‘Saving Private Ryan’ i gcuimhne dúinn. Ní féidir é a shéanadh – is ifreann é an cogadh. Tríd an aisteoir Andrew Garfield cuirimid aithne ar an saighdiúir laochta Doss agus a thrócaire Chríostúil don chine daonna i rith an chogaidh. Nuair a bhí sé óg d’fhulaing sé faoi bhochtanas agus faoi athair a bhíodh ólta agus foréigneach. Agus é ina dhéagóir, d’éirigh le Doss cead a fháil a thír a chosaint mar

Timire Summer 2018.indd 19

oibrí leighis ar an líne thosaigh, le Bíobla in ionad gunna ina lámh aige. ‘Stay true to what you believe in,’ a dúirt sé. Bhíodh na saighdiúirí eile á ionsaí agus ag spochadh as de bharr a chreidimh agus toisc gur dhiúltaigh sé arm a iompar. Ba mhinic go raibh ar an trúpa fanacht ar Doss toisc go raibh sé fós ag guí. ‘We are waiting for Private Doss to finish praying for us.’ Ainmníodh an scannán ‘Hacksaw Ridge’ i gcuimhne ar an gcloch ghainmheach 400 troigh in airde in Okinawa, áit a rinne Doss éacht mhíorúilteach in aon oíche amháin. Fiú i ndiaidh do na Meiriceánaigh cúlú ag deireadh an lae, d’fhan sé féin ag barr na haille chun aire a thabhairt do na daoine gortaithe a bhí fágtha taobh thiar – saighdiúirí Seapánacha ina measc. Lán le grásta Dé agus crógacht, d’iompair sé iad ar a dhroim chomh fada leis an aill agus lig sé síos iad le leaba iompair agus rópaí a chuir sé féin le chéile ag úsáid snaidhm a d’fhoghlaim sé nuair a bhí sé ina pháiste. D’ullmhaigh an t-aisteoir Andrew Garfield é féin dá ról sa scannán seo tríd am a chaitheamh in áit dhúchais Doss agus ag léamh aon alt foilsithe faoi. An toradh ná léiriú dáiríre agus croíúil d’fhear óg leochaileach, díograiseach cróga a thaispeáin grá dá chomharsa.

25/04/2018 15:23


20

Sorcha Ní Dhubháin

An Damhsa Táim im chónaí i Milan faoi láthair. Má théann tú thar lear bíonn tú ag cuimhneamh ar d’áit dhúchais. Má bhíonn tú sa bhaile ní féidir leat éalú ón áit tapaidh a dhóthain. Bhí mé ag smaoineamh ar rud a dúirt fear céile mo chara liom. Mhair an bheirt seo san Astráil ar feadh na mblianta. Bhí sé i gcónaí ag tagairt d’albam de chuid na Stereophonics: ‘You gotta go there to come back’. An bhrí a bhaineann leis seo ná go gcaithfidh tú d’áit a fhágaint chun na buntáistí a bhaineann leis a fheiscint. Peirspicíocht a fháil, is dócha. Nó an é nuair nach bhfuil tú ag maireachtaint ann, go gcuireann tú ort do chuid spéaclaí rómásúla? Táim tar éis an tír a fhágaint. An é go bhfuil an pictiúr i m’aigne míchruinn toisc an spás, am agus farraige atá eadrainn? Is amhrán é ‘An baile tá lámh léi siúd’ a bhíonn ag plé le duine ag fágaint Chorca Dhuibhne. In san amhrán deireann an scríbhneoir: ‘Mar ní thiteann ann sneachta ná báisteach, Ar an mbaile tá láimh le siúd’. N’fheadar cén scéal a bhí ag an duine a scrígh an t-amhrán seo! B’fhéidir, bhíodar tar éis tréimhse a chaitheamh thar lear, mar ní shin mar atá i gCorca Dhuibhne. B’fhéidir go raibh íomhá idéalach acu faoin áit. Gaoth nimhneach i gCiarraí Thiar, rachadh sé tríd do chorp ar nós scian! Bíonn an

Timire Summer 2018.indd 20

bháisteach i gcónaí ag titim ann! Agus mé ag scríobh anois, tá sé ag cur báistí! Ar an dtaobh eile, chím leis, na nithe a dhéanann siad níos fearr san Iodáil ná sa bhaile. Gné dhearfach amháin ná: an aimsir. Fanann sé tirim i Milan. An mbíonn sé fuar? (Tá sé lonnaithe thuas in aice leis na hAlpa.) Bíonn. Fós, ní fhaigheann sé an oiread báistí agus gaoithe a thiteann is a shéideann in Éirinn. Uimhir a dó ar an liosta ná: bia. Is saghas creidimh eile é an bia san Iodáil. Tugtar an-chuid ómóis do bhia agus béiltí. Ní chíonn tú riamh duine ag siúl síos an tsráid le ‘mug for life’ lán do chaife acu. Is masla a bheadh ann don chaife do na hIodálaigh. Ar aon nós ní bheidís ag ól caife chomh mór groí san. Níl siad imithe chomh fiáin leis an oiread bia a itheann siad, ná mar atáimid sa bhaile. Táimid ag imeacht i dtreo Mheiriceá ó thaobh an méid bia a itear ag aon am amháin in Éirinn. Go ginearálta tá siad fíor-thanaí anseo i Milan. Is fíorannamh a chífeá duine ramhar. Gné eile a bhaineann leis an gcathair seo ná go bhfuilid an-thógtha suas le cúrsaí íomhá. Ní haon ionadh; seo an tír a thug: Armani, Gucci, Dolce and Gabbana agus Valentino, don domhan. Fiú i gcomhthéacs Iodálaigh, is cathair í Milan atá dúghafa le híomhá. É sin ráite, mar atá ráite agam tá caidreamh fíorshláintiúil

25/04/2018 15:23


21

‘Tá malartú eolais le fáil ó thréimhse a chaitheamh thar lear. Na gnéithe maithe ón dá chultúr, tógfaidh mé liom iad.’

© Boris Stroujko / Shutterstock

Ardeaglais Milan, Duomo di Milano, an Iodáil acu le bia; baineann siad taitneamh as bia úr. Bíonn béim ar chaighdeán in ionad cainníochta. Tá saghas speisialtacht féin ag gach cuid den tír ó thaobh bia nó comhábhar. Ní itheann siad an oiread san bia próiseáilte. Bíonn sé deacair i roinnt ollmhargaí táirgí ó thíortha eile a fháil. Bíonn tús áite tugtha do tháirgí Iodáileacha dúchasacha. Caithfear meas a bheith agat air sin. B’fhéidir ná beidh tú ábalta lámh a chuir ar curry paste glas ón Téalainn, ach beidh pasáiste iomlán san ollmhargadh de shaghasanna pasta difriúla, nó ola olóige. Níl aon dabht ach gur dream daoine bródúla iad. Ó thaobh mo dhúthaigh féin, braithim uaim an spás, saoirseacht agus ciúnas atá go flúirseach i gCorca Dhuibhne. Má threisíonn tréimhse thar lear an cion atá agat do d’áit dúchais; nach rud maith é

Timire Summer 2018.indd 21

sin? Is maith liom an saghas damhsa siar agus aniar atá ar siúl agam faoi láthair. Na gnéithe maithe ón dá chultúr, tógfaidh mé liom iad. Tá malartú eolais le fáil ó thréimhse a chaitheamh thar lear. Nuair a bhuailim le duine nua anseo san Iodáil, ceann de na chéad cheisteanna a chuirtear orm ná cad as duit. Nuair a insím dóibh, i gcónaí cuirtear fáilte chroíúil roimh an bhfreagra gur Éireannach mé. Bím i gcónaí bródúil chun eolas a roinnt leo faoi cén saghas áit í Éire agus Co. Chiarraí. Is ceantar álainn Ciarraí Thiar, agus pé taisteal a dhéanaim fanfaidh an fhíric seo go buan im chroí. Titeann sneachta agus báisteach uaireanta i gCorca Dhuibhne, ach ar na laethanta a thagann an ghrian amach, bíonn sé ar nós neimhe.

25/04/2018 15:23


Timire Summer 2018.indd 22

25/04/2018 15:23


23

Alan Hilliard Sagart i nDeoise Bhaile Átha Cliath agus Séiplíneach in Institiúid Teicneolaíochta BhÁC

An Imirce agus an Teaghlach Tráth dár thug an Pápa imircigh ar cuairt chuig an Vatacáin, ba theaghlaigh a bhí i gceist. Ba mhór an bheannacht do gach aon imirceach acu an beart simplí seo mar sa chéad áit bhí todhchaí á bronnadh ag an bPápa ar gach duine ar leith acu, agus sa dara háit bhí todhchaí i bhfochair a chéile á bronnadh aige orthu. Ní bhíonn a dhíol céanna den ádh ar an-chuid díobh siúd a theitheann as a dtíortha dúchais. Bíonn ar a lán acu fanacht i dteannta i gcampaí imirceach gan a fhios acu cá bhfuil a dteaghlaigh ná cén bhail atá orthu. Baineann cuid acu stádas teifigh amach i dtír éigin eile ach is in éagmais a dteaghlach a fhaigheann siad é. Bhí an t-ádh ar Mohamed Sharbaji a bhí tráth ina Mhéara ar chathair Aleppo gur cuireadh fáilte roimhe i gCeanada ach ina dhiaidh sin féin tá a lán dá chlann mhac agus dá mhuintir sáinnithe i Damascus, san Éigipt agus san Libia. Is móide gurb é seo anois an gnáthrud sa saol, an norm níos mó agus níos mó. De bharr na himirce scartar, scriostar agus tarraingítear teaghlaigh as a chéile. Feicim é seo i gcás mo chuid mac léinn idirnáisiúnta – tá siad d’uireasa na ndaoine úd a sheasfadh leo go buan. Iad siúd nach bhfuil in éineacht leo feasta, is iadsan na daoine céanna a bheadh mar chrann taca ag na mic léinn sin agus a

Timire Summer 2018.indd 23

chuirfeadh ar gcúl aon scáth nó eagla a bhuailfeadh iad agus a chuirfeadh misneach iontu nuair ba ghá ach tá siad scartha agus i bhfad i gcéin óna chéile anois. Tá a lán daoine de chuid na hEaglaise sa tír seo ag éirí tógtha de bharr Cruinniú Domhanda na dTeaghlach a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath i mí Lúnasa 2018. An tsamhail áirithe den teaghlach atá á cur chun cinn ag croílár na n-imeachtaí seo, is samhail í atá bunaithe ar theaghlach atá seasmhach agus gur féidir le baill an teaghlaigh sin suí, súgradh agus guí i bhfochair a chéile. Ach táthar ag streachailt freisin d’fhonn go mbeidh tréith uileghabhálach sa gcaint ar an gcruinniú agus tá an lucht ceannaireachta ag féachaint le hiad siúd atá lasmuigh de mhúnla an teaghlaigh núicléach a chur san áireamh. Go deimhin tá athruithe reachtaíochta a rinneadh le roinnt blianta i ndiaidh an-chuid comhráite a tharraingt maidir le struchtúir éagsúla na dteaghlach i sochaí an lae inniu. Is eol d’imircigh go maith an dóigh ina mbíonn an ‘teaghlach’ ar díobh iad faoi chaibidil agus á ath-shainmhíniú de shíor. Chuir mé aithne ar bhuachaillí agus ar chailíní nach raibh ach sna déaga ach iad mar athair agus mar mháthair ag a ndeartháireacha agus a ndeirfiúracha óga cheana féin.

25/04/2018 15:23


© Fishman64 / Shutterstock

24

‘Tharraing athruithe reachtaíochta le roinnt blianta an-chuid comhráite maidir le struchtúir éagsúla na dteaghlach i sochaí an lae inniu.’ Tá cásanna ann ina dtógann daoine páistí de chúram orthu féin gan cheist agus a chaitheann leo mar a bheadh a gclann féin ann i ndiaidh tuismitheoir dá gcuid nó b’fhéidir beirt acu a fheiceáil á scaoileadh marbh, á bhfuadach nó á bhfágáil ag saothrú an bháis. Uaireanta is é an mian bunúsach chun teacht slán is cúis le teaghlach a bhunú. De bharr polasaithe imirce atá ar an bhfód, is fíor a rá gur ionsaí níos mó agus níos mó atá á dhéanamh ar theaghlaigh seachas tacú leo. San am atá caite, agus uaireanta ba mar thoradh díreach ar idirbheartaíocht na hEaglaise é, thug lucht déanta polasaí tacaíocht d’athaontú teaghlaigh. Ní móide gur amhlaidh an cás ar na saolta seo. Anchuid de na himircigh úd a thaistealaíonn thar an Mheánmhuir sa lá atá inniu ann,

Timire Summer 2018.indd 24

is mian leo bogadh ar aghaidh go dtí an Ghearmáin nó go dtí an tSualainn de bhrí gur i gceann de na tíortha sin atá a dteaghlaigh lonnaithe; agus cá háit eile arbh áil leo a dhul? Faoi mar a rinne a lán imirceach de chuid na tíre seo san am atá caite, téann siad chuig pé áit a bhfaighidh siad fáilte nó ‘tús’ maith. Is trua é ach feictear go fiú go bhfuil an claonadh ag dul i dtreis i Stáit Aontaithe Mheiriceá, tuismitheoirí nach bhfuil doiciméid acu a dhíbirt gan beann ar stádas a bpáistí ná ar an ngá atá ag a bpáistí le tuismitheoirí. Tá an-chuid Éireannach ina measc siúd a dhéanann coimircí cúirte dá bpáistí ionas go bhféadfadh duine éigin eile aire a thabhairt dóibh dá mba i ndán is go ndíbreofaí iad féin. Ritheann an mhian seasamh le chéile an-domhain sa duine ach go háirithe

25/04/2018 15:23


25 ag uair na géarchéime. An mhian sin a bhíonn ag aithreacha agus ag máithreacha deiseanna a chruthú dá gclann, fágann sé go gcuireann siad suas le fulaingt dho-áirithe na héagmaise ar a son siúd ar grá leo iad. Airíonn siad uathu an baile lena ló ach ní orthu féin a smaoiníonn siad ach orthu siúd amháin atá de chúram orthu. Is iomaí duine ina measc siúd a chuaigh ar deoraíocht as an tír seo san am atá caite a rinne an t-uafás íobairtí ar son go mbeadh ar a gcumas airgead a sheoladh abhaile. An beart simplí sin a rinne an Pápa Proinsias, ba dhúshlán é faoin gcuid sin de lucht déanta polasaithe a bhfuil

institiúid bhunúsach ár sochaí á hionsaí acu. Ar fhilleadh dó ón nGréig in éineacht leis na teaghlaigh ar thug sé tearmann dóibh, labhair sé leis an slua i gCearnóg Pheadair á rá: ‘An lánúin dhúnta, an teaghlach dúnta, an grúpa dhúnta, an paróiste dúnta, an tír dúnta, is uainne a eascraíonn siad sin; níl baint ar bith acu le Dia.’ An sainmhíniú a dhéanfaí ar theaghlach Críostaí an lae inniu, b’fhéidir gur mó ná a líon agus a chineál a bheadh i gceist – b’fhéidir gurb éard a bheadh mar bhunús leis, é a bheith ina theaghlach atá dúnta nó oscailte i leith an tSoiscéil, agus i leith an ghairdis agus an ghrá atá ina chroílár.

Foclóirín: i bhfochair = i gcuideachta; bail = staid, caoi, cuma; samhail = siombal; géarchéim = éigeandáil.

€8 Ar fáil anois: www.timire.ie Timire Summer 2018.indd 25

25/04/2018 15:23


26

Bláthanna H C A U H C L I A S O L R Q N

N Í N I Ó N Q E C W L F K H T

S E A S M A I N L Í K S C N M

L U S A N C H R O M C H I N N

W W P I V C Q L F D E A B M G

J C N X T D Ó J T N S P Z A A

M M M Í K G H A I A L I X R I

G U A Q L Z T É I U S L M T R

I O I G Q R R H S L R I M S D

R A E B N G I N A I W Ú E A É

O W W T A Ó A A C L C I H E I

G V T N I G I E G E G T Y L N

O T S H I O L L R R Q F P I E

W U M L W P L I I Ó A K U E A

L A E M M J R F G A S M T F W

FEILEASTRAM

LUS NA GILE

RÓS

GAIRDÉINE

LUS NA GRÉINE

SAILCHUACH

HIASAINT

LÍOLÓG

SEASMAIN

LILE

MAGNÓILIA

TIÚILIP

LOITEOG

MARGAIRLÍN

LUS AN CHROMCHINN

NÓINÍN

Timire Summer 2018.indd 26

25/04/2018 15:23


Timire Summer 2018.indd 27

25/04/2018 15:23


28

Sorcha Pollak Údar New to the Parish New Island Books, 2018

Tearmann an Oideachais sa tSúdáin Theas I Feabhra na bliana 2006, thuirling an tSiúr Orla Treacy ó eitleán sa tSúdáin agus í réidh le scoil chónaithe do chailíní a bhunú i réigiún iargúlta i nDeisceart na tíre. Tugadh le fios di go raibh an tionscadal idir lámha cheana féin agus bhí dearbhú tugtha aici dá tuismitheoirí go mbeadh sí ar ais sa bhaile in Éirinn faoi dheireadh na bliana. Mar sin féin, nuair a bhain an bhean rialta in aois a 33 bliain suíomh na scoile díreach taobh amuigh de bhaile Rumbek amach ní bhfuair sí roimpi ach blár folamh gan foirgintí. “Dúradh linn gan bheith buartha, go mbeadh gach rud réidh faoi Cháisc. Bhí dhá bhliain caite sula raibh an foirgneamh sa riocht go bhféadfaimis tosú i gceart agus is ansin a fuair muid amach go raibh muid in ainm is bunscoil agus clinic a oscailt don phobal áitiúil chomh maith céanna.” Lena chois sin, bhí dúshlán eile roimh an tSr. Treacy, is é sin a chur ina luí ar theaghlaigh sa chomharsanacht a gcuid iníonacha a chlárú ar mheánscoil i dtír nach mbíonn ach an tríú cuid de na cailíní cláraithe sna bunscoileanna. Ní chríochnaíonn ach 7% díobh sin oideachas bunscoile agus ní bhaineann ach 2% acu an mheánscoil amach. Beagán faoi bhun 1% a bhaineann ceann cúrsa amach sa mheánscoil.

Timire Summer 2018.indd 28

Bíonn níos mó ná leath na gcailíní sa tSúdáin Theas pósta sula mbíonn siad ocht mbliana déag d’aois, agus 17 faoin gcéad díobh sula mbíonn siad cúig bliana déag. “Más rud é go mbíonn cónaí ort i suíomh cultúir áit a mbíonn níos mó measa ar an phósadh ná ar an scoil, bíonn sé an-deacair an mheon intinne sin a athrú. Póstar cailíní ar mhaithe le spré eallaigh, rud a fhágann go smaoiníonn an teaghlach orthu mar mhaoin. Baineann cailíní chomh maith leis an teaghlach sínte agus ní lena máthair agus lena n-athair amháin.” SÍNIÚ COMHAONTAITHE Shocraigh siúracha Loreto gur cheart go síneodh aithreacha comhaontú leis an scoil ag geallúint go ligfidís dá gcuid iníonacha a gcúrsa oideachais scoile a chríochnú. Ainneoin sin, is minic a thagadh baill teaghlaigh ar nós uncailí chuig geata na scoile ag iarraidh go scaoilfí saor a gcuid neachtanna, ar déagóirí iad, lena bpósadh. “Cuireadh bagairt orainn as béal gunna, maslaíodh muid, agus iliomad deacrachtaí eile cionnas gur bean í agus gur cheart go ndéanfaí íobairt di ar mhaithe leis an choitiantacht. Is scoil chónaithe í go teicniúil ach tugaimse

25/04/2018 15:24


© Paul Jeffery/ Misean Cara

29

‘Cuireadh bagairt orainn as béal gunna cionnas gur bean í agus gur cheart go ndéanfaí íobairt di ar mhaithe leis an choitiantacht.’

tearmann do mhná uirthi mar go mbíonn tú de shíor ag iarraidh na cailíní seo a chosaint ar phósadh éigeantais.” Nuair a shocraigh an tSr Treacy dul sna mná rialta i dtús báire, níor smaoinigh sí riamh go mbeadh sí ina príomhoide scoile i stát in Oirthear na hAfraice atá réabtha as a chéile ag cogadh. Déanta na fírinne, nuair a d’inis sí dá cairde agus dá cuid siblíní faoina cinneadh dul i seirbhís na heaglaise, dúirt siad léi go raibh sí as a meabhair. “Bhuail an smaoineamh mé féin fosta go raibh mé as mo mheabhair. Tuigeadh dom féin nach raibh sé faiseanta ná an-mheasúil dul sna mná rialta ag an am. Labhair mé le duine de mo chuid deartháireacha agus d’iarr sé orm an domhan a thaisteal agus ansin breithiúnas a thabhairt orm féin.” Chuir an tSr Treacy a cinneadh ar leataobh go fóill agus thosaigh ag staidéar in Institiúid Mater Dei le bheith ina múinteoir reiligiúin. I samhradh na

Timire Summer 2018.indd 29

bliana i ndiadh di an coláiste a fhágáil, chaith sí seal ag obair i Kolkata. “Chuir an seal sin athrú cinnte ar mo shaol. Bhí cuid mhór ocrais agus bochtanais i Kolkata i dtús na 90aidí agus chuaigh sin i bhfeidhm orm. Bhí mé i ndiaidh glacadh le post ag teagasc reiligiúin le Bráithre na Toirbhearta i gcathair Chorcaí agus chaith mé dhá bhliain ag obair ansin ach in aois 23 ba léir dom nach sin an saol a bhí uaim agus chuaigh mé isteach i siúracha Loreto.” MISEAN NUA Níor smaoinigh an tSr Treacy riamh a ghabháil ag obair thar sáile go dtí gur thug sí cuairt athuair ar Kolkata ocht mbliana ina dhiaidh sin. Fuair sí amach go raibh siúracha Loreto na hÉireann ag bunú misean nua sa tSúdáin i ndiaidh Comhaontú Cuimsitheach Síochána 2005 sa tír sin. Creideadh go dtiocfadh tréimhse shíochána agus sheasmhachta de bharr an Chomhaontaithe i ndiaidh

25/04/2018 15:24


© Paul Jeffery/ Misean Cara

30

choimhlint chogaidh na mblianta fada. “Bhí an mothú ann go raibh rudaí móra ag tarlú i ndeisceart na Súdáine. Bhuail triúr againn chun bealaigh amach ansin i bhFeabhra 2008. Tá mé i mo chónaí le daoine a chaitheann a saol cuid mhaith ar na himill: beatha agus bás, ocras agus éadóchas. Caitheann siad gach uile lá ar an imeall. Ansin féin faigheann tú spléachadh beag ar ghrá agus ar dhóchas gach uile lá." Tá deich mbliana caite agus tá an mheánscoil chónaithe, an bhunscoil agus an clinic faoina stiúir ag an tSr Treacy i gcónaí. Bhí na deich mbliana atá caite dian. Sa bhliain 2011 fuair an tSúdáin Theas a neamhspleáchas ón tSúdáin. Ach arís eile i 2013 bhris cogadh cathartha amach sa tír nua, rud a chuir iachall ar 200,000 duine teicheadh as a gcuid tithe agus rinneadh díláithriú ar dhá mhilliún eile. Is deacracht ollmhór an t-ocras agus an gorta sa tír seo ina maireann 12 mhilliún duine. “Nuair a cuireadh an bhunscoil ar bun níor ghnách linn bia a thabhairt do na páistí, ach le dhá bhliain anuas tá sé faighte amach againn go bhfuil gorta mór ann agus tugann muid bia do na páistí

uilig. Bíonn orainn cúram sláinte a chur ar fáil mar nach acmhainn do go leor acu cógais a cheannach agus níl teacht acu ar chóir leighis.” Cé go bhfuil sí ag ceiliúradh chomóradh an ndeich mbliana, tá an scoil ag streachailt níos mó ná riamh ó thaobh airgeadais de. Mar sin féin, tá an tSr Treacy dóchasach faoina bhfuil i ndán don scoil amach anseo agus faoi oideachas na gcailíní i gceantar Rumbek. I ndiaidh corradh le fiche bliain bheith caite aici ina bean rialta, tá an tSr Treacy dóchasach fosta go ndearna sí an cinneadh ceart a ghabháil isteach i siúracha Loreto. “I rith do shaoil bíonn tú in amhras cad é mar a bheadh dá ndéanfá seo siúd agus eile. Ní saol foirfe saol mná rialta agus amanna bím ag rá liom cad é faoi Dhia a rinne mé? Ach ní dóigh liom go mbíonn aon chaidreamh foirfe agus is cinnte gur aimsigh mé suaimhneas mór intinne ionam féin. Ní bhím róbhuartha faoin am atá romhainn agus tá mé sona sásta sa ról a roghnaigh mé.” Le caoinchead ón Irish Times agus buíochas le Dónall P. Ó Baoill, a d’aistrigh.

Foclóirín: blár = talamh fhairsing, machaire; ceann cúrsa = ceann scríbe, sprioc; díláithriú = díbirt, aslonnú le lámh láidir.

Timire Summer 2018.indd 30

25/04/2018 15:24


31

Timire Summer 2018.indd 31

25/04/2018 15:24


32

Im Leabharlann Dom Léirmheas le Mairéad Ní Bhuachalla

Seal i Láthair Dé

An tSiúr Eibhlín Ní Challanáin FS 2016 Praghas €10 Leabhar den scoth is ea Seal i Láthair Dé agus táimid go mór faoi chomaoin ag an tSiúr Eibhlín Ní Challanáin a chnuasaigh an t-ábhar atá ann agus a rinne cur i láthair air i slí atá suimiúil agus tarraingteach. Tá réimse leathan ábhar ann idir ábhar atá fréamhaithe sa spioradáltacht Cheilteach agus chleachtaithe, iomainn agus paidreacha a bhaineann leis an Eaglais i gcoitinne. Tá an t-ábhar roinnte de réir mhíonna na bliana agus de réir mhórfhéilte na hEaglaise: an Aidbhint, an Nollaig, an Carghas, an Cháisc agus an Chincís. Tá cur síos ar bheatha na naomh is mó le rá san Eaglais agus ar ghnásanna a bhaineann le ceiliúradh a bhféilte.

Timire Summer 2018.indd 32

Foinse shárluachmhar is ea an cnuasach seo do dhaoine go mbeadh suim acu sa spioradáltacht Cheilteach. Tá cleachtais, achainíocha, paidreacha, agus ráitis ann a léiríonn an creideamh agus an meon a bhí ag ár sinsir agus an friotal saibhir, snasta a labhair siad. Fíorthragóid a bheadh ann dá gcaillfí na seoda uaisle seo. Ní bheadh na glúnta atá le teacht buíoch dínn. Bheadh an t-ábhar atá sa leabhar seo an-úsáideach do mhúinteoirí bunscoile agus meánscoile, do shéiplínigh, do shagairt a bheadh ag ullmhú seanmóra le haghaidh cheiliúradh an Aifrinn i nGaeilge, nó a bheadh ag scríobh smaoineamh seachtaine i nuachtlitir an pharóiste. Déantar tagairt do “Thrócaire”, feachtas an Charghais, agus do Lá Cumarsáide Domhanda, an Domhnach roimh Dhomhnach Cincíse a bhunaigh an Pápa Pól VI sa bhliain 1967 mar chomóradh bliantúil. Luaitear Bliain an Chreidimh a d’fhógair an Pápa Benedict XVI sa bhliain 2012 agus Lá don Bheatha i mí Dheireadh Fómhair, an lá atá tiomnaithe ag an Eaglais Chaitliceach chun dínit na beatha daonna ón ghiniúint go dtí bás nádúrtha a cheiliúradh. Bhí éileamh chomh mór sin ar an tseoid luachmhar seo gur díoladh gan mhoill an 300 cóip a foilsíodh le déanaí, agus dá thoradh sin tá athfhoilsiú á dhéanamh ar Seal i Lathair Dé.

25/04/2018 15:24


33

www.tearmann.com

Tugann Tearmann deis do dhaoine idir óg agus aosta machnamh a dhéanamh agus guí os comhair an ríomhaire nó leis an bhfón soghluaiste. Is acmhainn thábhachtach é d’aos labhartha na Gaeilge agus úsáideann an-chuid daoine ar fud na tíre agus thar lear an suíomh seo dá bpaidir laethúil. Tá Intinn an Phápa ar fáil ar an suíomh seo chomh maith. Ar Lá Fhéile Pádraig bhí Tearmann ag céiliúradh 19 bliain ar líne. Scaipimis an scéal faoi na hacmhainní saibhre atá le fáil ann.

Tomhas an Timire: 192

1

2

3

4

5

6

7

9

8

Leid: Sloinne an Phápa Tóg litir as gach focal chun an freagra a fháil ÁBHAR EILIFINT AIRGINTÍN GAIRDÍNÍ OSTIA BRÓG LIGURIA INTINN BOBBIO DUAIS: Dearbhán €20 nó ceithre leabhar a roghnú as catalóg FS ar Timire.ie (ach nóta a chur chugainn le d’iontráil) Foclóirín: xxx = xxx;

Scríobh TOMHAS ar chlúdach do litreach, agus seol do réiteach, mar aon le d’ainm agus seoladh chuig An Timire, 37 Sráid Líosain Íocht., Baile Átha Cliath 2, roimh 16 IÚIL, 2018 Tomhais 191: Freagra: FÍRÉIN Buaiteoir: Áine Uí Dhomhnaill, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe.

Timire Summer 2018.indd 33

25/04/2018 15:24


© Marcin Kadziolka / Shutterstock.com

34

Nóivéine an Chroí Naofa leis an bPápa Proinsias Lean Conair an Chroí Nóivéine bunaithe at mhisin Aspalacht na hUrnaí ar son mhórdhúshláin na Cruinne is na hEaglaise.

Timire Summer 2018.indd 34

25/04/2018 15:24


35

An Chéad Lá I dtús báire bhí Grá. “Ghráigh mé thú le grá síoraí, ar an ábhar sin is dochaite mo ghean ort.” (Irimia 31:3) Is é an focal tosaigh, agus is buaine sa saol seo againne ná grá síoraí an Athar. “Is é Dia an Grá”(1 Eoin 4:8). Ní thig leis an Athair gan sinn a ghráú. Sin is bunús dár saol. Trín a ghrá a chuirtear tús lenár saol, is trín a ghrá a chothaítear é agus glacfaidh an grá sin chuige féin sinn lá is faide anonn. Aithnimis a ghrá agus beidh deis againn an grá a chúiteamh leis. Paidir na Nóivéine: A Íosa, a Aonmhic, trí idirghuí do Mháthar naofa, cuirimid le do naomhthoil gnóthaí uile an lae seo, gach ní, gach saothar dá gcaithimid a dhéanamh, is iarraimid ort éisteacht lenár n-achainaí inniu. An Dara Lá An croí daonna, corrach, bocht, dealbh, ag cuardach. “A Dhia, mo Dhia thú, is tú a iarraim, tá iata tharta ar m’anam chugat, ní théann lagadh ar mo cholainn ach ag tnúth leat amhail talamh tur tirim gan uisce.” (Salm 63:2) Sa nóivéine seo cuirtear conair chreidimh, urnaí agus bheatha os ár gcomhair atá i ngátar spioradálta agus ar mian linn Íosa Críost a ghlacadh isteach inár gcroí. Aithníonn muid ár laige, le nach mbeidh laige ár gcroí ná laige spioraid ina constaic orainn, ach ar an gcuidiú is treise againn chun dul i dteagmháil le Dia atá báúil leis an duine bocht. Tá domhain-tnúthán do chroí ríthábhachtach mar threoraí duit. Iarr ar Íosa a bhfuil uait i do chroí istigh a lorg ón ár nAthair. Críochnaigh le Paidir na Nóivéine.

Timire Summer 2018.indd 35

An Tríú Lá Táimid inár gcónaí i saol éidreorach, ar leathchois. “Rinne mo phobalsa coir dhúbalta: thréig siad mise, foinse an uisce bheo, agus thochail siad dabhcha dóibh féin, dabhcha pollta nach gcoinníonn uisce.” (Irimia 2:13) Tá saol na linne seo gonta ag contrárthachtaí pianmhara a tharraingíonn bás agus fulaingt. Is minic a phlúchtar idir bheatha agus ghrá trí fhoiréigean agus leithleachas. Tá conairí an Tiarna tréigthe againn go minic, maille lena phlean grámhar don chine daonna. “Tá ríocht Dé i ngar dúinn, déanaimis aithrí is creidimis i ndeascéal a ghrá.” Críochnaigh le Paidir na Nóivéine. An Ceathrú Lá Cuireann an tAthair a Mhac uaidh a shlánú an domhain “Féach an nuacht atá á cur i gcrích agam, tá sí ag gobadh amach, nach léir daoibh é?” (Íseáia 43:19) Nílimid tréigthe ag an Athair sa saol seo. Tá a ghrá dúinn seanráite linn aige, agus ar bhealaigh éagsúla, trí na fáithe, agus anois, sna saolta seo, labhair Sé linn trína Mhac Íosa, an Críost (cf Eabhraigh 1:1). Ina theannta san cuirtear ar ár súile dhúinn Spiorad Dé ag feidhmiú sa saol, ag giniúint rud úr, fiú i measc léin agus deacrachtaí. Tabhair chun cuimhne amanna agus eachtraí a d’ardaigh do chroí, a thug léas dóchais duit, nó imeacht a thugann a chuimhne suaimhneas croí duit. Aithnigh is gabh buíochas. Críochnaigh le Paidir na Nóivéine. An Cúigiú Lá Tugann Íosa a chairde orainn “Ná bíodh eagla ort, óir tá tú fuascailte agam; (ghlaoigh mé ort i d’ainm, agus is liomsa thú) …mar is luachmhar thú i mo

25/04/2018 15:24


36

shúile, is mór liom thú agus is mór é mo chion ort.” (Íseáia 43: 1 agus 4) Tugann Íosa Críost a chairde orainn agus tugann Sé cuireadh dhúinn cumann dlúth grá a cheangal Leis. Tugann ár gcairdeas le Críost orainn an saol a fheiceáil lena shúilesean. Beimid ar aonintinn Leis cibé acu faoi lúcháir nó ag fulaingt Dó. Tabharfaidh sin orainn ár saol agus ár saothar a thairiscint Dó ar mhaithe lenár gcomhdhaoine. Críochnaigh le Paidir na Nóivéine. An Séú Lá Maireann Críost ionainn. An lá sin aithneoidh sibh go bhfuilimse i m’Athair agus go bhfuil sibhse ionamsa, agus mise ionaibh. (Eoin 14:20) I ngeall ar a ghrá gan teorainn dúinn, is mian le Dia cónaí inár gcroíthe. Bímidne ag tnúth leis chomh maith, iarraimid é le croí umhal, agus a fhios againn nach n-éireoidh linn choíche é a bhaint amach as ár stuaim féin. Tagann Críost chugainn san Eocairist a dhéanamh a Chroí féin dár gcroí! Críochnaigh le Paidir na Nóivéine. An Seachtú Lá Ofráilimid ár mbeatha in éineacht Leissean. Deirimse … gur mó a chaith an bhaintreach bhocht seo isteach ná mar a chaith aon duine eile dár chaith ann … chaith sise isteach as a huireasa a raibh aici go léir, a cuid den saol. (Marcas 12:43 – 44) Ag druidim níos dlúithe le Críost tugann sé sin orainn ár saol a chaitheamh ar son daoine eile, faoi mar a rinne Seisean. Faighimid amach go bhfuil ár saol fóinteach do dhaoine in ainneoin ár laige agus ár lochtanna. Nuair is léir dúinn go bhfuil cion Aige orainn, gur roghnaigh Sé sinn agus go gcónaíonn Sé ionainn

Timire Summer 2018.indd 36

uaislíonn sin muid, líonann le buíochas agus cuireann ar ár gcumas freagairt don raidhse maitheasa bronnta orainn trínár saol féin a ofráil mar a rinne Muire Nazareth. Críochnaigh le Paidir na Nóivéine. An tOchtú Lá Misean Trua agus Taise Tá spiorad an Tiarna ionam … de bhrí go ndearna an Tiarna mé a choisreacan chun dea-scéala a bhreith liom chuig na dearóile, chun cóir leighis a chur ar chroíthe brúite. (Íseáia 61:1) Is mian le Dia, Athair Íosa agus ár nAthair, a thaise a chur in iúl don saol trínne agus ionainne, a chairde. Tugtar cuireadh dhúinn ár gcuid féin a dhéanamh d’amharc grámhar an Athar ar an gcine daonna agus gníomhú le Croí Íosa Críost. Sa Nóivéine seo tagaimid le chéile le pobail ó chultúir agus ó thraidisiúin chreidimh éagsúla, daoine atá faoi réir an Spioraid agus ag oibriú le fulaingt na muintire is mó atá faoi anás a mhaolú. Críochnaigh le Paidir na Nóivéine. An Naoú Lá Líonra Domhanda Urnaí “Mar gheall ar Shíón ní fhanfaidh mé socair ... go lasfaidh a fíréantacht mar an maidneachan is mar lóchrann ag lonrú.” … Sibhse a mheabhraíonn ár gcás don Tiarna, ná tugaigí sos dósan ach an oiread nó go gcuire sé Iarúsailéim ar bun ina duan molta dó go deo ar talamh. (Íseáia 62:1,6,7) Tá muid ag glacadh páírt i Líonra Domhanda Urnaí san nóivéine seo in éineacht leis an bPápa Proinsias. Leanaimis orainn ag urnaí ar son intinní míosúla an Phápa. Tá fíor-dhúshlán sna hintinní seo don chine daonna agus don Eaglais araon.

25/04/2018 15:24


Timire Summer 2018.indd 37

25/04/2018 15:24


38

Cathal de Paor

Éire agus an Bheilg: Ceangail Chultúrtha agus Oideachais Is iomaí colún nuachta atá á líonadh na laethanta seo le tuairimíocht ar na himpleachtaí a bhainfidh le himeacht na Ríochta Aontaithe ó Aontas na hEorpa. Cúram casta a bheidh san idirbheartaíocht dúinne in Éirinn, mar tá an méid sin den saol ar an dá oileán seo chomh fite fuaite. Agus téann na ceangail siar i bhfad agus mairfidh siad i bhfad. Ach más ea, is fiú cuimhneamh chomh maith ar na ceangail idir Éire agus an tír atá i gceartlár na hEorpa, ar an dtaobh eile, mar atá, an Bheilg. Níl eadrainn ach uair go leith nó mar sin de thuras ar eitleán sa lá atá inniu ann – fiú má tá aga moille i gceist idir am Greenwich agus Lár na hEorpa. Déanann na mílte Éireannacha an turas sall is anall go rialta – gnó, tráchtáil, rialtas, siamsaíocht, laethanta saoire agus araile. Ach taispeánann an stair dúinn gur iomaí nasc a bhí idir an dá thír ag dul siar i bhfad – sular thuirling aon eitleán ar rúidbhealach. Is é an ceangal Ceilteach an ceangal is sia siar a thagann chun cuimhne. Ar shlí, nárbh iad na Ceiltigh a thóg an chéad Eoraip, agus iad scaipthe fud fad na mórroinne roimh theacht na Rómhánach? Agus mé féin sa Bheilg tamall ó shin, bhí deis agam cuairt a thabhairt ar an músaem, Musée des Celtes i Libramont

Timire Summer 2018.indd 38

i gceantar Ardennes i ndeisceart na tíre. Tugann an taispeántas léiriú iontach ar oidhreacht Cheilteach na hEorpa sa taobh sin tíre, na nósanna beatha agus an cultúr a chleacht siad. I measc grúpaí eile, ba iad na Belgae a lonnaigh san áit sin ina bhfuil an Bheilg suite anois. Glactar leis go raibh an ceart ag an scoláire T.F. O’Rahilly ina leabhar Early Irish History and Mythology nuair a d’áitigh sé go raibh treibheanna Ceilteacha in Éirinn a bhí síolraithe ó na Belgae – mar shampla, Érainn – agus go raibh gaol idir na Belgae agus na Fir Bolg, an dream sin a thit le Tuatha Dé Danann i gCath Magh Tuireadh. Maireann an oidhreacht chultúrtha seo i mBeilg an lae inniu i slite difriúla mar is léir ó leithéidí an chumainn léannta, Société Belge d’Etudes Celtiques. Gluaiseacht eile a chuir leis an teagmháil idir an dá thír i gcúrsaí cultúrtha agus oideachais ab ea saothrú na manach Éireannach sa Bheilg i ré na Luath-Chríostaíochta. Fad is a bhí an Impire Rómhánach ag dul i léig, bhí cultúr liteartha faoi bhláth in Éirinn na Naomh agus na nOllamh. Go deimhin féin, bhí sé le rá ag Robert Schuman, duine de bhunaitheoirí Aontas na hEorpa san 1950í gurbh é Colambanus, an Naomh-Phátrún a bhí acu féin mar gur

25/04/2018 15:24


‘Chuir Pádraig Mac Piarais spéis mhór san oideachas dátheangach sa Bheilg agus thug turas ann in 1905.’ tógáil na hEorpa a bhí ar siúl aigesean chomh maith i bhfad siar. Sampla den ghluaiseacht ab ea an turas a thug an bheirt deartháireacha, Naomh Foillan (Feuillen) agus Naomh Ultan chun na Beilge thart ar 650. Agus iad ag obair mar mhúinteoirí do mhná rialta i gclochar i Nivelle, Brabant, bhunaigh siad mainistir i mbaile in aice láimhe, Fosses-la-Ville, i ndeoise Liѐge, an Vallúin. Maireann an oidhreacht sin i slí neamhghnách inniu, sa mhéid is gur i mbaile beag áitiúil, Le Roeulx a bunaíodh grúdlann ar a dtugtar Brasserie St Feuillien in 1873, agus atá fós ag feidhmiú. Rinneadh athneartú ar an gceangal idir an dá thír níos déanaí, tráth ar bunaíodh coláistí Éireannacha ar fud na hEorpa le linn réimse na banríona Éilís chun oideachas a chur ar Chaitlicigh. Mar shampla, i Lobháin na Beilge a bhunaigh Flaithrí Ó Maolchonaire ceann díobh seo in 1607, agus is ansin a chaith Iarlaí Thír Eoghan agus Thír Chonaill an geimhreadh tar éis dóibh teitheadh ó Éirinn ar a slí chun na Róimhe an bhliain chéanna. In 1983 a chuir na Proinsiasaigh an coláiste ar fáil mar ionad cultúrtha agus tá an Leuven Institute for Ireland in Europe lonnaithe ann ó shin. Is féidir trácht chomh maith ar an spéis

© Pixelbliss / Shutterstock

39

a léirigh Éireannaigh áirithe i gcóras oideachais na Beilge níos déanaí. Mar shampla, chuir Pádraig Mac Piarais spéis mhór san oideachas dátheangach sa Bheilg agus thug turas ann in 1905. Tharraing sé ar an taithí sin sna hailt a scríobh sé sa Chlaidheamh Soluis idir 1905 agus 1907, atá curtha le chéile ag Séamus Ó Buachalla sa leabhar An Piarsach sa Bheilg (1998). Bhí gluaiseachtaí armtha ann chomh maith, ina measc, na Géanna Fiáine a lonnaigh i bhFlóndras sa seachtú haois déag. D’fhill reisimintí Éireannacha ar an dtaobh sin tíre don chéad chogadh domhanda, agus tá trácht ar an iliomad cathanna ina raibh siad páirteach, Messines ina measc, a thosaigh ar 7 Meitheamh 1917 agus a ndearnadh comóradh le déanaí air. Ag filleadh ar an mBreatimeacht lenar thosaíomar, pé ar bith faoina bhfuil i ndán do bhallraíocht an Aontais agus don Aontas féin, cuireann an gearrchuntas seo in iúl na ceangail stairiúla, chultúrtha agus mhuinteartha, a théann i bhfad siar, idir Éire agus an Bheilg. Is fiú smaoineamh ar na ceangail seo go rialta mar tugann siad brí agus bunús don aontas atá chomh tábhachtach sin i saol an lae inniu.

Foclóirín: idirbheartaíocht = comhchainteanna; an Vallúin = Wallonia; grúdlann = brewery; Breatimeacht = Brexit.

Timire Summer 2018.indd 39

25/04/2018 15:25


40

Marcas Mac Ruairí Bainisteoir Forbartha, Glór na nGael

Glór na nGael – Rith 2018 Ghlac idir shean agus óg páirt i Rith 2018. Thug siad faoin dúshlán le spleodar, dathanna, ceol agus rannta. Cuireadh tús leis an ollrith náisiúnta ag clubtheach CLG Naomh Éanna i nGleann Ghormlaithe i gContae Aontroma maidin Dé Domhnaigh 11 Márta. Mhair an t-éacht seacht lá gur chríochnaigh sé Lá Fhéile Pádraig i Lios Tuathail, Contae Chiarraí. Chuaigh an rith sealaíochta, an cúigiú ceann d’imeacht leathbhliantúil, trí dhá chontae dhéag. Ghlac 10,000 duine páirt sa chéad Rith i 2010 agus ó shin amach tá líon na rannpháirtithe ag méadú gan stad. Ghlac breis agus 40,000 duine páirt i 2016. Iompraíonn na reathaithe bata ina mbíonn teachtaireacht dóchais ó Uachtarán na hÉireann i bhfolach. Cuirtear an teachtaireacht isteach sa bhata ag tús an Reatha agus cuirtear í ó dhuine go duine, ó chiliméadar go ciliméadar go léitear amach í ag an gclabhsúr. Tar éis dúinn dul fríd an Lorgan i gContae Ard Mhacha, chuir Máirtín Ó Gormlaithe scéal chugam. Is múinteoir é a ghlac páirt lena chuid daltaí. Ar sé: “B’fhiú go mór an rith a dhéanamh de bhrí gur léirigh sé do dhaltaí scoile Lios Mór nach ábhar scoile amháin í an Ghaeilge, ach gur teanga í a bhfuil pobal

Timire Summer 2018.indd 40

láidir, misniúil, spreagtha, tiomanta aici a ghin spreagadh agus grá i measc na ndaltaí scoile.” Nuair a bhí an Rith ag dul fríd Chontae Bhaile Átha Cliath, thiontaigh páiste amháin agus d’amharc sé suas ar dhuine de na maoir ag rith taobh leis. Bhí éiginnteacht ar a aghaidh. Ar chóir dó miongháire a dhéanamh nó bheith dáiríre? Bhí rud tábhachtach le rá aige. Labhair sé: “Seo an lá is fearr de mo shaol! Seo an rud is fearr a tharla dom riamh!” Rinne sé mionghaire sular scairt sé amach: “Rith! Rith! Rith!” Rith aintín le nia s’aici agus é seacht mbliana d’aois, buachaill óg a ba é nach ritheann go minic. Shíl sí go rachaidís ciliméadar linn ach dhiúltaigh a nia an grúpa reathaithe a fhágáil go raibh cúig chiliméadar den bhóthar curtha taobh thiar de. Rith Gaelscoil Lios Tuathail an ciliméadar deireanach linn i mbliana, isteach go lár an bhaile. Agus ceann scríbe bainte amach againn, bhí an tráchtaire spóirt agus duine de na Gaeil is aitheanta ar chlár an domhain, Mícheál Ó Muircheartaigh ag fanacht le fáilte romhainn. Labhair sé ar thábhacht na Gaeilge dúinn mar chine agus d’iarr sé ar Sharah Ní Mhathúna, dalta de chuid na Gaelscoile, a raibh le rá ag Uachtarán

25/04/2018 15:25


41

‘Seo an lá is fearr de mo shaol! Seo an rud is fearr a tharla dom riamh!’ na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, ina theachtaireacht dóchais a léamh amach dóibh siúd a bhí bailithe sa chearnóg. Chuimhnigh focail an Uachtaráin ar athbheochan na Gaeilge agus mhínigh sé éacht an Reatha sa chomhthéacs sin: “Deirtear go mbíonn intinn shláintiúil sa chorp folláin. Mens sana in corpore sano. Bhí sé riamh i gceist go mbeadh baint ag an nGaeilge le sláinte na tíre, sláinte agus folláine intinne agus meoin sa chéad áit, ach sláinte a rachadh chun sochair an phobail i gcoitinne ar gach slí. Bhain an Ghaeilge leis an athbheochan ghinearálta spride a thug ardú meanman don náisiún ag tús na hAoise seo caite. “Tá comóradh speisialta á dhéanamh againn uirthi i rith Bhliain na Gaeilge. Agus beidh feidhm ag an nGaeilge fós san athbheochan spride agus misnigh is gá a bheith againn sna blianta amach romhainn. “Chuaigh an Ghaeilge amach ar fud na tíre ag tabhairt eolais agus féinmheasa

do na daoine i mblianta tosaigh na hathbheochana. Feicimse cosúlachtaí idir an teachtaireacht a scaip siad an t-am sin agus an gaisce taistil seo inar ghluais daoine le Gaeilge den scoth, nó le Gaeilge mheirgeach, nó le Gaeilge a bhí leathdhearmadta, nó iad siúd nach raibh acu ach an cúpla focal féin ó Bhéal Feirste go hUíbh Ráthach agus na céadta áit idir eatarthu ar fud an oileáin seo ag taispeáint agus ag léiriú go bhfuil beatha agus tiomáint agus brí sa teanga in ainneoin chora crua na staire.” Le linn Rith 2018 chonaic lucht a eagraithe fírinne fhocail an Uachtaráin. Méadaíonn an Rith luach na Gaeilge do na daoine óga. Baineann sé le spraoi, comhluadar, craic agus greann. Agus gan amhras tarlaíonn rud éigin spioradálta don reathaí, é nó í ag bogadh ar aon chéim le daoine eile mar is aon chorp amháin iad le chéile. Faightear fuinneamh agus láidreacht chroí as.

Foclóirín: meirgeach = rusty; cora crua = tarlúintí dúshlánacha, deacra.

Timire Summer 2018.indd 41

25/04/2018 15:25


42

Dónal Ó Cnáimhsí

Gairdíní na Seapáine Tá stíl ar leith ag baint le dearadh agus leagan amach ghairdíní traidisiúnta na Seapáine. Tá bunús fealsúnach ar chúl na stíle simplí garraíodóireachta seo, ina bhfuil an bhéim ar aithris a dhéanamh ar ghnéithe áirithe den tírdhreach nádúrtha. Baintear úsáid as crainn a bhfuil rian na haimsire orthu, a stoc agus a gcuid craobhacha casta. De ghnáth an mhailp, an tsail nó an crann silíní a bhíonn in úsáid. Baintear úsáid as clocha clúdaithe le crotal agus caonach, le tírdhreach ársa a chur in iúl. Stíl atá deartha, ní ag lámh duine ach ag síorghluaiseacht aimsire agus ama. Go minic bíonn lochán ciúin iontu, nó eas bheag chun go mbeidh bogcheol an uisce le cloistéail. Ní bhaintear úsáid as ceapa bláthanna nó línte díreacha, nó gné ar bith fhoirmeálta. Bíonn cuaranna le sonrú mar atá go nádúrtha i dtaobh tíre. Uaireanta bíonn cosán casta corrach a bhfuil sé deacair siúl air, lenár dturas corraithe féin tríd an tsaol seo a chur in iúl. Tógann na dearthóirí is fearr inspioráid as saothar dearthóirí ársa ag bhí ag na huaisle fadó nó ag na manaigh sna teampaill. Is gairdíní machnamhacha iad seo, ina mealltar daoine le suí go ciúin agus a n-intinn a ghlanadh ó bhuarthaí an

Timire Summer 2018.indd 42

tsaoil. Mealltar daoine lena súile a dhíriú ar ghnéithe agus ar leagan amach an ghairdín, leagan amach a chuireann in iúl nach bhfuil an cine daonna anseo ach tamall gearr agus mar sin gan an t-am a chur amú ar mhiondeacrachtaí an tsaoil nó ar charnadh maoine. Bhí meas go traidisiúnta ag muintir na Seapáine ar bhláthanna, agus d’úsaidtí móitíf an bhlátha go minic ar éadach nó i ngnéithe den ailtireacht. Sa scéal Genji ón aonú haois déag, déanann an laoch, an Prionsa Genji, gairdíní difriúla a dhearadh timpeall a pháláis ag brath ar shéasúir na bliana, Gairdín an Earraigh, le plandaí a bhláthíonn go luath, na silíní, asalea agus ‘lerria’. I nGairdín an tSamhraidh, bheadh rósanna agus toranna ‘Deutzia’ agus crainn oráistí agus plumaí. I nGairdín an Fhómhair is é dáth aoibhinn na gcrann a bheadh le sonrú agus an mhailp agus an cadsura chun tosaigh agus i nGairdín an Gheimhridh, bheadh línte de chrainn phéine chun a n-áilleacht a thaispeáint faoi bhrat sneachta. Ón séú haois déag ar aghaidh, tháinig dearcadh lom machnamhach na mBúdach Zen chun tosaigh agus bhí tionchar an-mhór aige ar dhearadh gairdíní. Mheas siadsan go raibh bláthanna fánach. B’fhearr leosan plandaí síorghlasa agus

25/04/2018 15:25


43 © riganmc / Shutterstock

‘Ní bhaintear úsáid as gnáthbhláthanna, mar go mbaineann siad le gáirsiúlacht agus daoine aineolacha.’ crainn, áille mharthanach seachas áille neamhbhuan nó ghearrshaolach. Is é adhradh an tírdhreacha nádúrtha a bhí tábhachtach dóibhsean. D’imigh na criosantamaim agus na piaine as na gairdíní, d’úsáidtí as seo amach iad mar mhaisiúcháin sna tithe agus dá bharr seo tá an-mheas ar an ealaín ike-bana, a bhaineann le cóiriú bláthanna. D’fhorbair stíl faoi leith thar na blianta atá aitheanta sa lá atá inniu ann mar stíl An Ghairdín Sheapánaigh. Tá an stíl seo bunaithe ar an ghairdín is iomráití sa tSeapáin, Gairdín Theampall Ise in Kyoto. As an ghairdín seo a thig an focal Seapánach do ghairdín, niwa, nó spás beannaithe. Tá rialacha diana ag baint le dearadh gairdín mar seo, agus caithfear cloí go beacht leo le go mbeidh an gairdín aitheanta mar shampla de Ghairdín Seapánach. Ní cheadaítear ach plandaí áirithe agus bíonn an coibhneas agus an scála leagtha amach go cúramach. Cé go ndéanann siad aithris ar an tírdhreach nádúrtha, ní ligtear dá bplandaí fás go nádúrtha. Bíonn an-smacht ag an dearthóir agus an garraíodóir ar gach aon ghné den ghairdín. Ní bhaintear úsáid

as gnáthbhláthanna, mar go mbaineann siad le gáirsiúlacht agus daoine aineolacha. Cuirtear an-smaoineamh isteach i ngach planda a úsáidtear agus sa spás lena gcur. Déantar plandaí a lomadh go crua chun cuma faoi leith a chur orthu. Bíonn siad lomtha go cruinn chun cuma cloiche a chur orthu nó chun rian na haimsire agus imeacht ama a léiriú. As an stíl seo d’fhorbair stíl eile níos loma agus níos smachtaithe fós, sin Gairdín Pharthais, nó an Shima. An fhealsúnacht atá i gceist go bhfuil Parthas le fáil i dtrí oileán mara i bhfad i gcéin, Horai, Hojo agus Eishu. Oileáin bheannaithe iad seo agus tá teoiric faoi leith ag baint lena gcur i láthair sa ghairdín. Ins an ghairdín seo úsáidtear spás ina bhfuil gairbhéal agus déantar é a rácáil go cúramach chun farraige a chur in iúl. Déantar trí chloch mhóra clúdaithe le caonach a shuí isteach ann go cúramach agus an spás ceart eatarthu, leis na hoileáin mhara mhistéaracha a chur in iúl. Is é an fhealsúnacht atá i gceist go bhfuil spiorad an Bhúda le fáil i ngach aon rud agus go gcaithfidh an duine a mhachnamh a dhéanamh le heagna agus tuigbheáil a fháil.

Foclóirín: an mhailp = maple; an tsail = willow (sally); an crann silíní = cherry tree; crotal = lichen; caonach = moss; corrach = míchothrom; cuaranna = cuair; buarthaí = buairimh; carnadh = cnuasach, bailiú; toranna = toir; piaine = peony; coibhneas = proportions.

Timire Summer 2018.indd 43

25/04/2018 15:25


Saor gach Céadaoin leis an LE FÁIL I MÍR NA GLUAISTEÁNAÍOCHTA (MOTOR SECTION)

Timire Summer 2018.indd 44

25/04/2018 15:25


Fionnachtain phearsanta ar an Camino de Santiago

€12

€10 Shiúil Liam Ó Muirthile an Camino Francés as a chéile ó Saint-Jean-Piedde-Port go Santiago de Compostela i bhfómhar na bliana 2015. Leis féin a bhí sé agus a phaca ar a dhroim, ag fanacht sna tithe aíochta oilithreachta ar a thuras 770 km. Fionnachtain phearsanta ar an Camino de Santiago. Cuntas próis é Oilithreach Pinn ina roinneann Ó Muirthile linn a chuid smaointe féin ar an oilithreacht. Breacann sé an tírdhreach dúinn agus tráchtann sé ar na daoine a casadh air. Dánta i gceithre theanga sa traidisiún midheamhna agus machnaimh atá in Camino de Santiago: Dánta, poems, poemas.

Ar fáil sna siopaí leabhar agus ó www.coislife.ie nó cuir glaoch orainn ar 01 219 0223. Cois Life, 204 DMG House, Deansgrange Business Park, Gráinseach an Déin, Co. Bhaile Átha Cliath. Fón +353 1 219 0223. ÁIS (Mórdhíoltóirí), Unit 3, Dunshaughlin Business Park, Dún Seachlainn, Co. na Mí. Fón +353 1 6616522 www.gaeilge.ie

www.facebook.com/coislife

Timire Summer 2018.indd 45

@CoisLife

25/04/2018 15:25


46 1

6

2

3

4

5

7 8

9

10 11

12

14

15

crosfhocal TRASNA 1. iasc fionnuisce [5] 3. farraige mhór [6] 6. mall [7] 8. díriú, fios an bhealaigh [6] 9. seal [6] 11. miotal geal [7] 14. buidéal beag biotáille [6] 15. ar bhlas an tsiúcra [5]

13

Duais €20 le buachaint

ANUAS 1. uabhar [4] 2. doiligh, deacair [4] 3. ar bheagán airgid [5] 4. feithid le sciatháin [7] 5. oíche inné [5] 7. lus a dhónn an craiceann [7] 9. l/3 [5] 10. cipín solais [5] 12. tréimhse a bhíonn rí i gceannas [4] 13. seans [4]

FREAGRAÍ CHROSFHOCAL AN EARRAIGH: TRASNA 1. cearc 3. Albain 6. banríon 8. nuacht 9. coicís 11. fothram 14. siosúr 15. turas ANUAS 1. crúb 2. claí 3. anonn 4. brocach 5. neart 7. rachmas 9. crios 10. sféar 12. toit 13. meas SCRÍOBH ‘CROSFHOCAL’ AR CHLÚDACH DO LITREACH, AGUS SEOL FREAGRAÍ, MAR AON LE d’AINM AGUS SEOLADH CHUIG: AN TIMIRE, 37 SRÁID LÍOSAIN, BAILE ÁTHA CLIATH 2, ROIMH 20 IÚIL, 2018 BUAITEOIR AN CHOMÓRTAIS DHEIREANAIGH: Laoise Mhic Niocaill, Gaillimh

Timire Summer 2018.indd 46

25/04/2018 15:25


47

CURAÍ SICÍN Síle Ní Chearbhaill

Taitníonn curaí sicín go mór liom ach is minic a dhéantar é leis an iomarca uachtair agus saille. Tá an t-oideas seo íseal ar saill ach an-bhlasta. MODH: 1. Nigh agus gearr na glasraí. 2. Téigh an ola ar an bhfriochtán. Sautée an t-oinniún agus an ghairleog ar feadh 3 nóiméad. Cuir an sicín leis agus frioch ar feadh 5 nóiméad. 3. Cuir na glasraí leis an sicín agus frioch ar feadh 3 nóiméad. 4. Cuir an púdar curaí nó na spíosraí leis an sicín agus na glasraí agus frioch ar feadh 2 nóiméad chun an blas a fhorbairt. 5. Doirt isteach na trátaí agus an stoc. Suanbhruith ar feadh 20 nóiméad leis an anlann a ramhrú. 6. Riar le rís, arán naan agus iógart nádúrtha.

© Margouillat Photo / Shutterstock

COMHÁBHAIR: 1 tsp ola glasraí 3 ionga gairleoige brúite 2 oinniún 1 piobar dearg 1 piobar glas 4 bhrollach sicín 400g trátaí stánaithe 200ml stoc sicín 2 tbsp púdar curaí (nó déan do cheann féin le 1 spúnóg tuirmiric, 1 tsp sillí, ½ tsp cúimín, ½ lus an choire, ½ tsp síolta finéil, ½ tsp cainéal) Rís nó arán naan le riaradh Iógart nádúrtha le riaradh

Timire Summer 2018.indd 47

25/04/2018 15:26


© Patryk Kosmider / Shutterstock

An Ofráil Laethúil

A Athair ró-ghrámhair, tugaim suas duit gach a bhfuil romham inniu, gach smaoineamh, focal is gníomh, gach áthas is brón. Ofrálaim duit iad i bpáirt le Críost san Aifreann, ar intinn Chroí Íosa agus ar intinní an Phápa, mar atá ... (féach thíos) ... agus ar m’intinní féin. Deonaigh dom, trí spreagadh an Spioraid Naoimh agus le cabhair ó Chroí Mhuire gan Smál, an lá seo a chaitheamh ag freastal ortsa agus ar dhaoine eile. Amen.

Meitheamh

Uilíoch: Gréasáin shóisialta Go n-oibreodh gréasáin shóisialta i dtreo na cuimsitheachta sin a mbíonn meas aici ar dhaoine eile cé go mbíonn easaontas ann eatarthu.

Iúil

Soiscéalaíoch: Sagairt agus an Mhinistreacht Tréadach acu Go bhfaighe sagairt, a mbíonn tuirse agus uaigneas orthu agus iad i mbun obair thréadach, go bhfaighe siad cabhair agus compord ina gcuid dlúithe leis an Tiarna agus ina gcairdeas lena gcomhshagairt.

Lúnasa

Uilíoch: Seoid na dTeaghlach Cinntí móra eacnamaithe agus polaiteoirí, go gcosnóidís an teaghlach mar cheann de sheoda an chine dhaonna.

Timire an Chroí Ró-naofa

Timire Summer 2018.indd 48

25/04/2018 15:26


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.