4 minute read

Glór na nGael – Rith 2018 Marcas Mac Ruairí

Marcas Mac Ruairí Bainisteoir Forbartha, Glór na nGael

Glór na nGael – Rith 2018

Ghlac idir shean agus óg páirt i Rith 2018. Thug siad faoin dúshlán le spleodar, dathanna, ceol agus rannta.

Cuireadh tús leis an ollrith náisiúnta ag clubtheach CLG Naomh Éanna i nGleann Ghormlaithe i gContae Aontroma maidin Dé Domhnaigh 11 Márta. Mhair an t-éacht seacht lá gur chríochnaigh sé Lá Fhéile Pádraig i Lios Tuathail, Contae Chiarraí.

Chuaigh an rith sealaíochta, an cúigiú ceann d’imeacht leathbhliantúil, trí dhá chontae dhéag. Ghlac 10,000 duine páirt sa chéad Rith i 2010 agus ó shin amach tá líon na rannpháirtithe ag méadú gan stad. Ghlac breis agus 40,000 duine páirt i 2016.

Iompraíonn na reathaithe bata ina mbíonn teachtaireacht dóchais ó Uachtarán na hÉireann i bhfolach. Cuirtear an teachtaireacht isteach sa bhata ag tús an Reatha agus cuirtear í ó dhuine go duine, ó chiliméadar go ciliméadar go léitear amach í ag an gclabhsúr.

Tar éis dúinn dul fríd an Lorgan i gContae Ard Mhacha, chuir Máirtín Ó Gormlaithe scéal chugam. Is múinteoir é a ghlac páirt lena chuid daltaí. Ar sé: “B’fh iú go mór an rith a dhéanamh de bhrí gur léirigh sé do dhaltaí scoile Lios Mór nach ábhar scoile amháin í an Ghaeilge, ach gur teanga í a bhfuil pobal láidir, misniúil, spreagtha, tiomanta aici a ghin spreagadh agus grá i measc na ndaltaí scoile.”

Nuair a bhí an Rith ag dul fríd Chontae Bhaile Átha Cliath, thiontaigh páiste amháin agus d’amharc sé suas ar dhuine de na maoir ag rith taobh leis. Bhí éiginnteacht ar a aghaidh. Ar chóir dó miongháire a dhéanamh nó bheith dáiríre? Bhí rud tábhachtach le rá aige. Labhair sé: “Seo an lá is fearr de mo shaol! Seo an rud is fearr a tharla dom riamh!” Rinne sé mionghaire sular scairt sé amach: “Rith! Rith! Rith!”

Rith aintín le nia s’aici agus é seacht mbliana d’aois, buachaill óg a ba é nach ritheann go minic. Shíl sí go rachaidís ciliméadar linn ach dhiúltaigh a nia an grúpa reathaithe a fh ágáil go raibh cúig chiliméadar den bhóthar curtha taobh thiar de.

Rith Gaelscoil Lios Tuathail an ciliméadar deireanach linn i mbliana, isteach go lár an bhaile. Agus ceann scríbe bainte amach againn, bhí an tráchtaire spóirt agus duine de na Gaeil is aitheanta ar chlár an domhain, Mícheál Ó Muircheartaigh ag fanacht le fáilte romhainn. Labhair sé ar thábhacht na Gaeilge dúinn mar chine agus d’iarr sé ar Sharah Ní Mhathúna, dalta de chuid na Gaelscoile, a raibh le rá ag Uachtarán

‘Seo an lá is fearr de mo shaol! Seo an rud is fearr a tharla dom riamh!’

na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, ina theachtaireacht dóchais a léamh amach dóibh siúd a bhí bailithe sa chearnóg.

Chuimhnigh focail an Uachtaráin ar athbheochan na Gaeilge agus mhínigh sé éacht an Reatha sa chomhthéacs sin:

“Deirtear go mbíonn intinn shláintiúil sa chorp folláin. Mens sana in corpore sano. Bhí sé riamh i gceist go mbeadh baint ag an nGaeilge le sláinte na tíre, sláinte agus folláine intinne agus meoin sa chéad áit, ach sláinte a rachadh chun sochair an phobail i gcoitinne ar gach slí. Bhain an Ghaeilge leis an athbheochan ghinearálta spride a thug ardú meanman don náisiún ag tús na hAoise seo caite.

“Tá comóradh speisialta á dhéanamh againn uirthi i rith Bhliain na Gaeilge. Agus beidh feidhm ag an nGaeilge fós san athbheochan spride agus misnigh is gá a bheith againn sna blianta amach romhainn.

“Chuaigh an Ghaeilge amach ar fud na tíre ag tabhairt eolais agus féinmheasa do na daoine i mblianta tosaigh na hathbheochana. Feicimse cosúlachtaí idir an teachtaireacht a scaip siad an t-am sin agus an gaisce taistil seo inar ghluais daoine le Gaeilge den scoth, nó le Gaeilge mheirgeach, nó le Gaeilge a bhí leathdhearmadta, nó iad siúd nach raibh acu ach an cúpla focal féin ó Bhéal Feirste go hUíbh Ráthach agus na céadta áit idir eatarthu ar fud an oileáin seo ag taispeáint agus ag léiriú go bhfuil beatha agus tiomáint agus brí sa teanga in ainneoin chora crua na staire.”

Le linn Rith 2018 chonaic lucht a eagraithe fírinne fh ocail an Uachtaráin. Méadaíonn an Rith luach na Gaeilge do na daoine óga.

Baineann sé le spraoi, comhluadar, craic agus greann. Agus gan amhras tarlaíonn rud éigin spioradálta don reathaí, é nó í ag bogadh ar aon chéim le daoine eile mar is aon chorp amháin iad le chéile. Faightear fuinneamh agus láidreacht chroí as.

Foclóirín: meirgeach = rusty; cora crua = tarlúintí dúshlánacha, deacra.

This article is from: