40
Marcas Mac Ruairí Bainisteoir Forbartha, Glór na nGael
Glór na nGael – Rith 2018 Ghlac idir shean agus óg páirt i Rith 2018. Thug siad faoin dúshlán le spleodar, dathanna, ceol agus rannta. Cuireadh tús leis an ollrith náisiúnta ag clubtheach CLG Naomh Éanna i nGleann Ghormlaithe i gContae Aontroma maidin Dé Domhnaigh 11 Márta. Mhair an t-éacht seacht lá gur chríochnaigh sé Lá Fhéile Pádraig i Lios Tuathail, Contae Chiarraí. Chuaigh an rith sealaíochta, an cúigiú ceann d’imeacht leathbhliantúil, trí dhá chontae dhéag. Ghlac 10,000 duine páirt sa chéad Rith i 2010 agus ó shin amach tá líon na rannpháirtithe ag méadú gan stad. Ghlac breis agus 40,000 duine páirt i 2016. Iompraíonn na reathaithe bata ina mbíonn teachtaireacht dóchais ó Uachtarán na hÉireann i bhfolach. Cuirtear an teachtaireacht isteach sa bhata ag tús an Reatha agus cuirtear í ó dhuine go duine, ó chiliméadar go ciliméadar go léitear amach í ag an gclabhsúr. Tar éis dúinn dul fríd an Lorgan i gContae Ard Mhacha, chuir Máirtín Ó Gormlaithe scéal chugam. Is múinteoir é a ghlac páirt lena chuid daltaí. Ar sé: “B’fhiú go mór an rith a dhéanamh de bhrí gur léirigh sé do dhaltaí scoile Lios Mór nach ábhar scoile amháin í an Ghaeilge, ach gur teanga í a bhfuil pobal
Timire Summer 2018.indd 40
láidir, misniúil, spreagtha, tiomanta aici a ghin spreagadh agus grá i measc na ndaltaí scoile.” Nuair a bhí an Rith ag dul fríd Chontae Bhaile Átha Cliath, thiontaigh páiste amháin agus d’amharc sé suas ar dhuine de na maoir ag rith taobh leis. Bhí éiginnteacht ar a aghaidh. Ar chóir dó miongháire a dhéanamh nó bheith dáiríre? Bhí rud tábhachtach le rá aige. Labhair sé: “Seo an lá is fearr de mo shaol! Seo an rud is fearr a tharla dom riamh!” Rinne sé mionghaire sular scairt sé amach: “Rith! Rith! Rith!” Rith aintín le nia s’aici agus é seacht mbliana d’aois, buachaill óg a ba é nach ritheann go minic. Shíl sí go rachaidís ciliméadar linn ach dhiúltaigh a nia an grúpa reathaithe a fhágáil go raibh cúig chiliméadar den bhóthar curtha taobh thiar de. Rith Gaelscoil Lios Tuathail an ciliméadar deireanach linn i mbliana, isteach go lár an bhaile. Agus ceann scríbe bainte amach againn, bhí an tráchtaire spóirt agus duine de na Gaeil is aitheanta ar chlár an domhain, Mícheál Ó Muircheartaigh ag fanacht le fáilte romhainn. Labhair sé ar thábhacht na Gaeilge dúinn mar chine agus d’iarr sé ar Sharah Ní Mhathúna, dalta de chuid na Gaelscoile, a raibh le rá ag Uachtarán
25/04/2018 15:25