4 minute read

In Ainm an Athar! Trevor Ó Clochartaigh

Trevor Ó Clochartaigh

In Ainm an Athar!

Nach aisteach an mac é an saol. Nuair a théann muid ar scoil bíonn orainn scrúduithe stáit a dhéanamh chun muid a ullmhú don saol oibre. Téann roinnt mhaith ag an tríú leibhéal le tuilleadh cáilíochtaí a bhaint amach i dtreo ár rogha gairme. Bíonn oiliúint leanúnach ar siúl againn le cinntiú go bhfuil muid oilte chun carr a thiomáint, ríomhaire a úsáid, aire chuí a thabhairt do dhaoine agus go leor eile. Ach, is ar éigean a thugtar traenáil ar bith dúinn maidir leis an bpósadh agus clann a thógáil in ainneoin chomh casta, dúshlanach agus deacair is atá sé le déanamh sa lá atá inniu ann.

Anois, ná tóg suas mícheart mé. Tá sé d’ádh ormsa a bheith pósta go sásta le bean iontach agus cúigear clainne agam a bhfuil grá mo chroí is m’anama agam dóibh. Ach, scaití chuirfi dís as do chiall thú. Agus tá mé cinnte go mbíonn an tionchar céanna agamsa orthu sin.

Má chaitheann tú sa mullach air sin go bhfuil tú ag iarraidh do chlann a thógáil sa gcreideamh Caitliceach, bhuel, tá scéal fada an anró ceart ansin agat! Ach, foighid ort. Cabhair Dé chugainn. Tá comhairle nua ag teacht ón bPápa Prionsias i bhfoirm Bhliain na dTeaghlach agus an treoir atá eisithe aige in ‘Amoris Laetitia’. Is géar a theastaíonn sé uaim.

Is mór an jab snámh in aghaidh eas an ábharachais. Níl sé éasca scéal Íosa a chur chun cinn leis na gasúir, nuair atá an saol mór amuigh ansin dár mbá le bolscaireacht Dhaidí na Nollag agus Choinín na Cásca. Is deacair an chlann ar fad a fh áil ag an Aifreann le chéile fi ú, idir leanaí óga ag clamhsán go bhfuil sé leadránach agus déagóirí ag rá nach gcreideann siad i nDia níos mó. Níor ullmhaigh scrúdú na hArdteistiméireachta, ná mo chéim thráchtála do na géarchéimeanna Domhnaigh seo mé! Déanaim iarracht an maide mór a úsaid scaití le brú a chur orthu, úsáidim breabaireacht in amanna eile agus roinnt Domhnaigh eile tugaim suas mo chás agus bainim sásamh as leathuair a chloig asam féin sa séipéal. Ar peaca atá ansin?

Dar ndóigh, tá sé seo ar fad ag tarlú nuair atá mórcheisteanna os comhair phobal na hEaglaise in Éirinn. Maidir leis an Ochtú Leasú ar an mBunreacht, ó thaobh Ról na mBan san Eaglais, athruithe móra sochaí ó thaobh comhdhéanamh teaghlaigh, ganntanas sagart, aitheantas do Chaitlicigh aeracha agus eile.

Fágann seo muid ar fad mar Chríostaithe le ceisteanna móra maidir le cén chaoi is fearr dúinne ár gcreideamh a chleachtadh i bparóistí atá ag athrú

‘Is furasta a rá gur ar an stát atá an dualgas dlíthe a chur i bhfeidhm lenár saol a rialú.’

© Rawpixel.com / Shutterstock

go tapaidh. Is furasta a rá gur ar an stát atá an dualgas dlíthe a chur i bhfeidhm lenár saol a rialú, ach creidim féin go láidir go dtiteann an fh reagracht orainn féin mar Chaitlicigh ár gcreideamh féin a chleachtadh ins an gcaoi a chaitheann muid ár saol. Is freagracht throm atá ansin.

Is maith an rud dá bhrí sin go bhfuil fócas faoi leith i mbliana ag an bPápa ar ról na dTeaghlach san Eaglais. Tá mé ag súil go mór leis an bplé ar fad faoi sin. Ach, measaim go gcaithfi dh institiúid na hEaglaise ceannródaíocht a ghlacadh agus athrú, de réir mar atá riachtanais na cosmhuintire ag athrú.

Bhí fáilte ag Íosa roimh chuile dhuine. Ní bhraithim go n-airíonn gach Caitliceach

an fh áilte chéanna sa lá atá inniu ann. Áirím anseo, daoine colscartha, ógánaithe, lánúin mheasctha ó thaobh creidimh agus mar sin de. Teastaíonn eaglais lán de bhrí, de ghrá, d’fh uinneamh, de charthanacht agus de mhisneach uainn. Caithfi dh sé a bheith mar thaca agamsa is mé ag iarraidh an creideamh a roinnt le mo chlann. Caithfi dh muidne a bheith muiníneach go gcloistear muid agus mar chúiteamh, ár gcroí agus anam a thabhairt di freisin. Tá gá le brí agus misneach inár bparóistí. Ní beag an dúshlán atá roimh an Phápa. Ach, tá Dia láidir, máthair mhaith aige agus braithim go dtuigeann Prionsias an dúshlán – agus an tábhacht dá réir a ghabhann leis. Tá mé ag súil go mór leis!

INTINN UILÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ LÚNASA, 2018 Cinntí móra eacnamaithe agus polaiteoirí, go gcosnóidís an teaghlach mar cheann de sheoda an chine dhaonna.

Foclóirín: scaití = anois is arís; sa mullach air sin = anuas/de bhreis air sin; carthanacht = charity.

This article is from: