16
Trevor Ó Clochartaigh
In Ainm an Athar! Nach aisteach an mac é an saol. Nuair a théann muid ar scoil bíonn orainn scrúduithe stáit a dhéanamh chun muid a ullmhú don saol oibre. Téann roinnt mhaith ag an tríú leibhéal le tuilleadh cáilíochtaí a bhaint amach i dtreo ár rogha gairme. Bíonn oiliúint leanúnach ar siúl againn le cinntiú go bhfuil muid oilte chun carr a thiomáint, ríomhaire a úsáid, aire chuí a thabhairt do dhaoine agus go leor eile. Ach, is ar éigean a thugtar traenáil ar bith dúinn maidir leis an bpósadh agus clann a thógáil in ainneoin chomh casta, dúshlanach agus deacair is atá sé le déanamh sa lá atá inniu ann. Anois, ná tóg suas mícheart mé. Tá sé d’ádh ormsa a bheith pósta go sásta le bean iontach agus cúigear clainne agam a bhfuil grá mo chroí is m’anama agam dóibh. Ach, scaití chuirfidís as do chiall thú. Agus tá mé cinnte go mbíonn an tionchar céanna agamsa orthu sin. Má chaitheann tú sa mullach air sin go bhfuil tú ag iarraidh do chlann a thógáil sa gcreideamh Caitliceach, bhuel, tá scéal fada an anró ceart ansin agat! Ach, foighid ort. Cabhair Dé chugainn. Tá comhairle nua ag teacht ón bPápa Prionsias i bhfoirm Bhliain na dTeaghlach agus an treoir atá eisithe aige in ‘Amoris Laetitia’. Is géar a theastaíonn sé uaim. Is mór an jab snámh in aghaidh eas
Timire Summer 2018.indd 16
an ábharachais. Níl sé éasca scéal Íosa a chur chun cinn leis na gasúir, nuair atá an saol mór amuigh ansin dár mbá le bolscaireacht Dhaidí na Nollag agus Choinín na Cásca. Is deacair an chlann ar fad a fháil ag an Aifreann le chéile fiú, idir leanaí óga ag clamhsán go bhfuil sé leadránach agus déagóirí ag rá nach gcreideann siad i nDia níos mó. Níor ullmhaigh scrúdú na hArdteistiméireachta, ná mo chéim thráchtála do na géarchéimeanna Domhnaigh seo mé! Déanaim iarracht an maide mór a úsaid scaití le brú a chur orthu, úsáidim breabaireacht in amanna eile agus roinnt Domhnaigh eile tugaim suas mo chás agus bainim sásamh as leathuair a chloig asam féin sa séipéal. Ar peaca atá ansin? Dar ndóigh, tá sé seo ar fad ag tarlú nuair atá mórcheisteanna os comhair phobal na hEaglaise in Éirinn. Maidir leis an Ochtú Leasú ar an mBunreacht, ó thaobh Ról na mBan san Eaglais, athruithe móra sochaí ó thaobh comhdhéanamh teaghlaigh, ganntanas sagart, aitheantas do Chaitlicigh aeracha agus eile. Fágann seo muid ar fad mar Chríostaithe le ceisteanna móra maidir le cén chaoi is fearr dúinne ár gcreideamh a chleachtadh i bparóistí atá ag athrú
25/04/2018 15:22