23
Alan Hilliard Sagart i nDeoise Bhaile Ătha Cliath agus SĂ©iplĂneach in InstitiĂșid TeicneolaĂochta BhĂC
An Imirce agus an Teaghlach TrĂĄth dĂĄr thug an PĂĄpa imircigh ar cuairt chuig an VatacĂĄin, ba theaghlaigh a bhĂ i gceist. Ba mhĂłr an bheannacht do gach aon imirceach acu an beart simplĂ seo mar sa chĂ©ad ĂĄit bhĂ todhchaĂ ĂĄ bronnadh ag an bPĂĄpa ar gach duine ar leith acu, agus sa dara hĂĄit bhĂ todhchaĂ i bhfochair a chĂ©ile ĂĄ bronnadh aige orthu. NĂ bhĂonn a dhĂol cĂ©anna den ĂĄdh ar an-chuid dĂobh siĂșd a theitheann as a dtĂortha dĂșchais. BĂonn ar a lĂĄn acu fanacht i dteannta i gcampaĂ imirceach gan a fhios acu cĂĄ bhfuil a dteaghlaigh nĂĄ cĂ©n bhail atĂĄ orthu. Baineann cuid acu stĂĄdas teiïŹgh amach i dtĂr Ă©igin eile ach is in Ă©agmais a dteaghlach a fhaigheann siad Ă©. BhĂ an t-ĂĄdh ar Mohamed Sharbaji a bhĂ trĂĄth ina MhĂ©ara ar chathair Aleppo gur cuireadh fĂĄilte roimhe i gCeanada ach ina dhiaidh sin fĂ©in tĂĄ a lĂĄn dĂĄ chlann mhac agus dĂĄ mhuintir sĂĄinnithe i Damascus, san Ăigipt agus san Libia. Is mĂłide gurb Ă© seo anois an gnĂĄthrud sa saol, an norm nĂos mĂł agus nĂos mĂł. De bharr na himirce scartar, scriostar agus tarraingĂtear teaghlaigh as a chĂ©ile. Feicim Ă© seo i gcĂĄs mo chuid mac lĂ©inn idirnĂĄisiĂșnta â tĂĄ siad dâuireasa na ndaoine Ășd a sheasfadh leo go buan. Iad siĂșd nach bhfuil in Ă©ineacht leo feasta, is iadsan na daoine cĂ©anna a bheadh mar chrann taca ag na mic lĂ©inn sin agus a
Timire Summer 2018.indd 23
chuirfeadh ar gcĂșl aon scĂĄth nĂł eagla a bhuailfeadh iad agus a chuirfeadh misneach iontu nuair ba ghĂĄ ach tĂĄ siad scartha agus i bhfad i gcĂ©in Ăłna chĂ©ile anois. TĂĄ a lĂĄn daoine de chuid na hEaglaise sa tĂr seo ag Ă©irĂ tĂłgtha de bharr CruinniĂș Domhanda na dTeaghlach a bheidh ar siĂșl i mBaile Ătha Cliath i mĂ LĂșnasa 2018. An tsamhail ĂĄirithe den teaghlach atĂĄ ĂĄ cur chun cinn ag croĂlĂĄr na n-imeachtaĂ seo, is samhail Ă atĂĄ bunaithe ar theaghlach atĂĄ seasmhach agus gur fĂ©idir le baill an teaghlaigh sin suĂ, sĂșgradh agus guĂ i bhfochair a chĂ©ile. Ach tĂĄthar ag streachailt freisin dâfhonn go mbeidh trĂ©ith uileghabhĂĄlach sa gcaint ar an gcruinniĂș agus tĂĄ an lucht ceannaireachta ag fĂ©achaint le hiad siĂșd atĂĄ lasmuigh de mhĂșnla an teaghlaigh nĂșiclĂ©ach a chur san ĂĄireamh. Go deimhin tĂĄ athruithe reachtaĂochta a rinneadh le roinnt blianta i ndiaidh an-chuid comhrĂĄite a tharraingt maidir le struchtĂșir Ă©agsĂșla na dteaghlach i sochaĂ an lae inniu. Is eol dâimircigh go maith an dĂłigh ina mbĂonn an âteaghlachâ ar dĂobh iad faoi chaibidil agus ĂĄ ath-shainmhĂniĂș de shĂor. Chuir mĂ© aithne ar bhuachaillĂ agus ar chailĂnĂ nach raibh ach sna dĂ©aga ach iad mar athair agus mar mhĂĄthair ag a ndearthĂĄireacha agus a ndeirïŹĂșracha Ăłga cheana fĂ©in.
25/04/2018 15:23