An Timire - Samhradh 2018

Page 47

47

CURAÍ SICÍN Síle Ní Chearbhaill

Taitníonn curaí sicín go mór liom ach is minic a dhéantar é leis an iomarca uachtair agus saille. Tá an t-oideas seo íseal ar saill ach an-bhlasta. MODH: 1. Nigh agus gearr na glasraí. 2. Téigh an ola ar an bhfriochtán. Sautée an t-oinniún agus an ghairleog ar feadh 3 nóiméad. Cuir an sicín leis agus frioch ar feadh 5 nóiméad. 3. Cuir na glasraí leis an sicín agus frioch ar feadh 3 nóiméad. 4. Cuir an púdar curaí nó na spíosraí leis an sicín agus na glasraí agus frioch ar feadh 2 nóiméad chun an blas a fhorbairt. 5. Doirt isteach na trátaí agus an stoc. Suanbhruith ar feadh 20 nóiméad leis an anlann a ramhrú. 6. Riar le rís, arán naan agus iógart nádúrtha.

© Margouillat Photo / Shutterstock

COMHÁBHAIR: 1 tsp ola glasraí 3 ionga gairleoige brúite 2 oinniún 1 piobar dearg 1 piobar glas 4 bhrollach sicín 400g trátaí stánaithe 200ml stoc sicín 2 tbsp púdar curaí (nó déan do cheann féin le 1 spúnóg tuirmiric, 1 tsp sillí, ½ tsp cúimín, ½ lus an choire, ½ tsp síolta finéil, ½ tsp cainéal) Rís nó arán naan le riaradh Iógart nádúrtha le riaradh

Timire Summer 2018.indd 47

25/04/2018 15:26


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.