4 minute read

An tOideachas: Conair an Dóchais Joe Hayes

An tAthair Joe Hayes SJ, Sagart Paróiste i Luimneach

An tOideachas: Conair an Dóchais

Bhí Evelyn ag faire ar a cairde agus iad ag ullmhú le haghaidh bronnadh teastais ceann cúrsa scoile. An gliondar a bhain le feistis nua chomh maith b’fh éidir le haird na mbuachaillí a mhealladh. Chaith siad go léir a dtréimhse scoile le chéile agus anois dhéanfaí a n-aird a phromhadh agus iad idir bhuachaillí agus chailíní ag dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile dá n-aistear ar thóir ar a bhfíseanna a lorg agus iad á gcur i gcrích.

Bhraith Evelyn mar a bheadh dorchadas ar a croí. Thuig sí nach mar a chéile a bhí sí. Cé gur cheil sí an eagla a chuir an difríocht sin uirthi le gníomhaíocht, le haislingeacht agus le cairdeas, b’eol di í féin a bheith difriúil. D’iompair sí laistigh di féin an víreas uafásach sin a fuair sí mar oidhreacht trí fh uil a máthar, a cailleadh go luath i ndiaidh a breithe. Ní amháin go mba dhílleachta í; ba dhílleachta í a raibh víreas á iompar aici istigh i gceartlár a cuid fola, víreas a d’fh éadfaí a smachtú, ach víreas a chuirfeadh srian mór ar raon a cuid roghanna. Le linn na mblianta rinne an tSiúr iarracht cúinsí a teacht ar an saol a insint di, ach bhí an oiread sin ceisteanna ann nach bhféadfadh an tSiúr fi ú amhain a fh reagairt. Cérbh é a hathair agus cá raibh sé?

Ag machnamh di ar bhraistint an aonaránachais a bhí uirthi agus í i measc a cairde gníomhacha agus cainteacha smaoinigh sí ar conas mar a d’oibrigh an tSiúr agus a comh-Shiúracha mar aon leis na cúramóirí chomh crua sin d’fh onn teaghlach a chur ar fáil di ag an dílleachtlann: a chineálta, a chúramaí a bhí siad bíodh go bhféadfaidís a bheith docht freisin agus teaghlach nua á sholáthar di, braistint na sábháilteachta agus cúram an bhaile. Saol sona a bhí ann i measc a comhdhílleachtaí, iad ag cuidiú lena chéile chun trioblóidí a chéile a iompar, iad ag imirt cleasa ar a chéile agus iad in iomaíocht chun aird na Siúrach a mhealladh.

De réir mar a d’fh oghlaim Evelyn conas bealach a dhéanamh trí dhomhan na ndaoine fásta, d’fh oghlaim sí freisin an chumhacht a bhain lena hintinn féin. Bhí sí cliste agus ba ghearr go raibh an chéad áit ina rang sa bhunscoil bainte amach aici. Bíodh go raibh meas ag a comhscoláirí ar a clisteacht, spreag sí éad agus formad freisin. Ach go luath ina saol thuig Evelyn gurbh í sin a conair go dtí “an tír tairngire”. Níorbh fh ada sa mheánscoil di nuair ab eol di go raibh fi os roimh ré ar a stádas “HIV” agus caitheadh léi mar a bheadh díbeartach. Fuair an phian agus an gortú a bhain leis an diúltú an lámh in uachtar ar an dúil

‘Is ábhar dóchais é scéal Evelyn.'

Numi (11) agus Feyi Makinwa (3), Baile Brigín, ag Lá na hAfraice 2018 i bPáirc an Fhionnuisce © Marc O'Sullivan

a bhí aici i saol sona geal. Mar a rinne sí go minic roimhe sin, chuir an tSiúr a ladar isteach sa scéal. Bhain sí Evelyn amach as an scoil agus chuardaigh scoil bheag phríobháideach a bheadh in ann í a chosaint ar an tráma a bhain le bheith caite ar bhealach difriúil ag daoine eile. Ach bhí ceist na dtáillí scoile ann. Chuala fear gnó a fuair cabhair agus é ina dhílleachta é féin faoin gcruachás. Gan bualadh go fi ú le hEvelyn gheall sé go dtabharfadh sé na táillí arda scoile di go dtí go mbeadh a hoideachas dara leibhéal curtha i gcrích aici. Go dílis agus go dúthrachtach sheas sé lena ghealltanas.

Is ábhar dóchais é scéal Evelyn. Baineann sé leis an gcomhoibriú iontach

daonna a léiríonn chomh minic sin croí Dé é féin. Imríonn misinéirí Críostaí agus pobail áitiúla Chríostaí ról suntasach anois agus iad i gcomhpháirtíocht le rialtais chun an t-aistear sin a dhéanamh níos éifeachtaí. Tá feabhas tagtha ar cháilíocht an oideachais. Na luacha a chuirtear in iúl trí fh iontar an oideachais, baintear leas astu go minic d’fh onn cion tairbhe a thabhairt do dhea-bhail na sochaí. Ní féidir éifeachtacht an oideachasóra atá éifeachtach, coinsiasach agus trócaireach a mheas faoina luach agus muid uile ag leanúint den chomhoibriú iontach domhanda a léiríonn croí Dé é féin agus atá i gceartlár intinn an Phápa Proinsias.

INTINN UILÍOCH AN PHÁPA DO MHÍ MHEÁN FÓMHAIR, 2018 Go mbeadh fáil ag daoine óga san Afraic ar oideachas agus ar obair ina dtíortha féin.

Foclóirín: a phromhadh = a thástáil; cúinsí = dálaí, circumstances; fi ontar = enterprise

This article is from: