1 minute read

Cúinne na bhFilí Aodán Ó Duibh

Cúinne na bhFilí

#DIA

Nua-aois na teicneolaíochta. Teachtaireachtaí chugainn ar iompú boise. Fógraí ar Twitter, Inbox lán de ríomhphoist, Na tarluithe is deireanaí ar Facebook. Iad uilig ar an scáileán romhat, Ar d’iPhone, ar d’iPad is ar do Tháibléad. Dá ghasta iad, tá teachtaireacht níos gasta ann. An phaidir umhal chun Dé. Cloiste aige roimh a ráite, Freagartha aige roimh a déanta. Ná bí buartha faoi ghléas, faoi chód Wi-Fi, Ná faoi ghlacadh comhartha. Ní féidir dul as raon a ghrá!

AYLAN KURDI

Síothlú Siriaigh óig. Macán maoth tugtha do mhuir. Tréigthe go tostach ar an trá thall. A bhéal faoi go suaimhneach soineanta. Deoir as gach ribe dá t-léine dhearg. Mairbhe do choirp in aghaidh bhriseadh an tsáile anois. Ní raibh neart ag do cholainn trí bliana don fh arraige. Neamhthrócaire na dtonn i do thimpeall. Sníomhann sé mo chroí. Samhlaítear dom gur dá neamhthoil a lig do mháthair óna hucht thú. Í féin agus Galip sna fl aithis romhat. An domhan mór ina dhúiseacht anois a Aylan, le borrchaoineadh d’athar.

Aodán Ó Duibh

This article is from: