45
Cúinne na bhFilí
#DIA Nua-aois na teicneolaíochta. Teachtaireachtaí chugainn ar iompú boise. Fógraí ar Twitter, Inbox lán de ríomhphoist, Na tarluithe is deireanaí ar Facebook. Iad uilig ar an scáileán romhat, Ar d’iPhone, ar d’iPad is ar do Tháibléad. Dá ghasta iad, tá teachtaireacht níos gasta ann. An phaidir umhal chun Dé. Cloiste aige roimh a ráite, Freagartha aige roimh a déanta. Ná bí buartha faoi ghléas, faoi chód Wi-Fi, Ná faoi ghlacadh comhartha. Ní féidir dul as raon a ghrá!
AYLAN KURDI Síothlú Siriaigh óig. Macán maoth tugtha do mhuir. Tréigthe go tostach ar an trá thall. A bhéal faoi go suaimhneach soineanta. Deoir as gach ribe dá t-léine dhearg. Mairbhe do choirp in aghaidh bhriseadh an tsáile anois. Ní raibh neart ag do cholainn trí bliana don fharraige. Neamhthrócaire na dtonn i do thimpeall. Sníomhann sé mo chroí. Samhlaítear dom gur dá neamhthoil a lig do mháthair óna hucht thú. Í féin agus Galip sna flaithis romhat. An domhan mór ina dhúiseacht anois a Aylan, le borrchaoineadh d’athar. Aodán Ó Duibh
Timire Autumn 2018.indd 45
25/07/2018 15:24